Táimse, maraon le hoifigigh mo Roinnse, tar éis casadh leis na Comhairlí Contae ar fad a bhfuil ceantar Gaeltachta faoina gcúram – sé sin na comhairlí contae i nDún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaí, Port Láirge agus an Mhí – maidir le clár oibre a ullmhú don bhliain 2001 agus ina dhiaidh sin ó thaobh feabhsú bóithre straitéiseacha sna Gaeltachtaí éagsúla. Tá oifigigh mo Roinne tar éis bheith i gcomhairle leis na comhairlí contae éagsúla ó shoin le ballchríoch a chur ar na cláir oibreacha sin agus tá súil agam go gcuirfear iad faoi bhráid na Roinne go luath.
Táim dóchasach go mbeidh ar mo chumas sonraí faoi na bóithre stráitéiseacha a chuirfear cúnamh ar fáil ina leith i 2001 a fhógairt go luath san athbhliain.