Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 22 Mar 2001

Vol. 533 No. 2

Written Answers. - Íocaíochtaí Deontais.

Dinny McGinley

Ceist:

122 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh deontais do Chéibh Thrá na mBláthann (Oileán Ghabhla) i nDún na nGall agus an gceadóidh sí deontas don obair. [8448/01]

D'íoc mo Roinn deontas £20,000 le Chomhairle Chontae Dhún na nGall i 1998 chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcríoch ar Chéibh Thrá na mBláthann ar Oileán Ghabhla. Tá iarratas eile ar chúnamh le haghaidh deic coincréide a chur ar an gcéibh seo faighte ón gComhairle Chontae anois agus tá sé á mheas i gcomhthéacs na n-iarratas eile atá faighte ag mo Roinnse agus an méid airgid atá ar fáil dom le caitheamh ar thograí oileánda.

Barr
Roinn