Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 1 May 2001

Vol. 535 No. 1

Written Answers - Aitheantas ar Gaelscoil.

Michael D. Higgins

Ceist:

591 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain atá sé ar intinn ag a Roinn aitheantas a thabhairt do Ghaelscoil Larflatha, Tuaim, Condae na Gaillimhe agus cabhrú leo foirgneamh buan a chur ar fáil. [11343/01]

Bronnadh aitheantas sealadach ar Ghaelscoil Iarfhlatha, Tuaim, i mí Meán Fómhair 1997.

De gnáth, bíonn mo Roinn sásta aitheantas buan a bhronnadh ar scoil nua nuair a léirítear go bhfuil fás suntasach in ann di agus nuair a bítear sásta go bhfuil an scoil á stiúriú de réir rialacha mo Roinne.

Déanfar ceist aitheantas buan do Ghaelscoil Iarfhlatha a scrúdú sa rannóg pleanála de mo Roinn ach iarratas ina leith sin a fháil ó bhord bainistíochta na scoile.
Barr
Roinn