Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 22 May 2001

Vol. 536 No. 5

Written Answers. - Daltaí Gaelscoileanna.

Dinny McGinley

Ceist:

393 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta cén uimhir daltaí atá riachtanach le aitheantas a thabhairt do Ghaelscoil. [15055/01]

Dinny McGinley

Ceist:

394 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta cé mhéad Gaelscoil atá ag feidhmiú sa tír faoi láthair agus cén uimhir iomlán daltaí atá ag freastal ar na Gaelscoileanna. [15056/01]

Aire Oideachais agus Eolaíochta (Micheál Ó hUadaigh)

Tógfaidh mé Ceisteanna 393 agus 394 le chéile.

Tá sé beartaithe agam Ceisteanna Uimhir 393 agus 394 a thógaint le chéile. Rinne an Comisiúin um Chóiríocht Scoileanna athbhreithniú i 1998 ar na coinníollacha aitheantais do scoileanna náisiúnta, gaelscoileanna ina measc. De thoradh na h-aithbhreithnithe sin, d'íoslaíodh uimhir na ndaltaí atá riachtanach le haghaidh aitheantais. Ní mór do scoil anois 17 páiste ar a laghad a bheith cláraithe i rang na naíonán sóisearach i dtreo is go dtabharfaí aitheantas phromhaidh di. Ina theannta sin, caithfí a bheith sásta go mbeadh 51 páistí ag freastal ar an scoil i ndiaidh trí bliana di a bheith ag feidhmiú. Roimhe seo, dob'é 20 páiste an t-íosuimhir riachtanach le h-aghaidh aitheantais. I láthair na h-uaire, tá 112 gaelscoil ag feidhmiú sa Stáit agus tá tuairim is 20,000 páistí ag freastal ar na scoileanna sin. Tá iarratais le h-aghaidh ceithre gaelscoil nua á bhreithniú sa Rannóg Pleanála dem' Roinn faoi láthair, freisin.
Barr
Roinn