Tá mé buíoch den Cheann Comhairle as seans a fháil an t-ábhar seo a ardú. Timpeall 20 bliain ó shin chuir duine ón Cheathrú Rua sampla den uisce isteach go dtí Comhairle Chontae na Gaillimhe le haghaidh ainilíse.
Sé mhí i ndiaidh sin fuair sé freagra i mBéarla go raibh an t-uisce "potable". Sin an caighdeán is ísle i leith uisce is féidir a úsáid. Suas le scór bliain i ndiaidh sin – inné – tháinig níos mó ná 50 duine suas go Teach Laighean. Chuir siad turas 320 míle orthu chun aird a tharraingt ar an ndrochchaoi atá fós ar chóras uisce agus séarachais na Ceathrú Rua.
Tá sé glactha ag Comhairle Chontae na Gaillimhe i bPlean Forbartha an Chontae agus tá sé glactha ag Údarás na Gaeltachta go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an Cheathrú Rua mar ionad a bhfuil cumas forbartha ann. Is féidir iar rachtaí a dhéanamh an ceantar a phleanáil i gceart. Tá daonra mór ann agus tagann na mílte cuairteoirí ann, go háirithe sa samhradh. Baineann a lán acu sin le cúrsaí Gaeilge – daltaí ina measc. Tá siad san ag brath ar an chóras uisce. Tá gnáthmhuintir na háite ag brath ar an chóras uisce ach ag an bpointe seo is é an t-aon rogha atá acu ná uisce a cheannach nó dul soir chomh fada le Ros a'Mhíl chun uisce glan a fháil leis na nithe is bunúsaí a chríochnú.
Chomh maith leis sin, rud eile atá tábhachtach, níl aon phlean ann chun feabhas bunúsach a dhéanamh ar an cheist go dtí an bhliain 2007. Níl sé luaite sa phlean séarachais don Ghaeltacht 2000 – 2006. Chomh maith leis sin níl ach leasú gearr-thréimhseach á ofráil do mhuintir na h-áite. Mar is gnách d'fhógair an tAire Stáit Éamon Ó Cuív inné – agus d'fhógair sé an rud ceanann céanna arís is arís eile – go mbeadh £190m punt ar fáil. D'fhógair sé é sin cúpla mí ó shin ach rinne sé arís é inné. Ní bheidh aon tairbhe le fáil ag muintir na Ceathrú Rua as sin i ndáiríre mar is straitéis ghearr-thréimhseach é. An rud atá tábhachtach ná córas ceart a chur in áit. In a dhiaidh sin, rud eile atá tábhachtach, b'fhéidir, ná go mbeadh scéimeanna ar gach taobh den Cheathrú Rua, cuid acu ceadaithe ag an bpointe seo. Ach tá muintir na Ceathrú Rua agus na limistéar mór thimpeall fágtha ar láimh.
Ag an bpointe seo níl aon rud éilithe ag mo chomhleacaithe eile ach go socrófaí cruinniú eatorra féin agus an tAire Comhshaoil. An cheist atá agam ná má tharlaíonn sé go mbeidh an cruinniú seo ann an bhfuil sé ar intinn ag an Roinn iarraidh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe an plean atá acu go dtí 2006 a athrú i dtreo is gur féidir leis an chomhairle chontae airgead a chaitheamh ar an scéim nua i rith an tréimhse sin? An bhfuil aon athrú ag teacht ar sin? Chomh maith leis sin an mbeidh an t-airgead atá riachtanach ar fáil chun scéim cheart a chur in áit?
Mar a dúirt mé i dtosach is 20 bliain ó shin a rinneadh iarracht aird Chomhairle Chontae na Gaillimhe a dhíriú ar chomh dona is atá an scéal. Tar éis scór bliain ba chóir nach mbeadh ar mhuintir na Ceathrú Rua fanacht go ceann deich mbliana eile chun go mbeadh an rud is bunúsaí ar fad – sé sin uisce glan – a bheith acu dóibh féin agus do na cuairteoirí a thagann i rith an tsamhraidh agus i rith na bliana ar fad. I ndáiríre, is áit í ina bhailíonn gnáthmhuintir na Gaeilge gach deireadh seachtaine. Tá tábhacht agus práinn ag baint leis an cheist seo.