Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 8 Nov 2001

Vol. 543 No. 4

Ceisteanna–Questions. Priority Questions. - Bille Teanga.

Dinny McGinley

Ceist:

1 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén staid ag a bhfuil an Bille Teanga faoi láthair agus cén uair a mbeidh sé ag teacht os comhair na Dála. [27242/01]

Glacadh leis an scéim ghinearálta den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla ag cruinniú an 12 Meitheamh 2001 den Rialtas agus tá iarrtha ar Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas an Bille a dhréachtú.

I bpreasráiteas a d'éisigh Seirbhísí Eolais an Rialtais ar 28 Meán Fómhair 2001 bhí an Bille seo i measc na mBillí go rabhthas ag súil leis go bhfoilseofaí iad go luath sa bhliain 2002.

Tá gach dícheall á dhéanamh agam chun go bhfoilseofar an Bille go luath in earrach na hathbhliana.

Táim buíoch den Aire as an bhfreagra sin. De réir cosúlachta tá sé ar intinn ag an Rialtas an Bille a fhoilsiú roimh dheireadh na bliana seo nó ag tús na bliana seo chugainn. Cén fáth gur ghlac sé chomh fada leis seo an Bille a thabhairt go dtí an pointe seo? Tá an Bille geallta le ceithre bliana. Tá a fhios agam nach bhfuil an tAire Stáit sa Roinn ach le níos lú ná bliain agus níl mé ag cur an mhilleáin uilig uirthi.

An bhfuil deacrachtaí ag an Roinn leis na Ranna eile nó cén fáth gur ghlac sé chomh fada sin? An measann an tAire Stáit í féin go mbeidh an Bille ina reachtaíocht – sé sin an mbeidh sé pléite agus ina Acht roimh an chéad toghchán eile?

Ní raibh deacracht ar bith ó Roinn ar bith eile agus bhí go leor tacaíocht ón Rialtas féin agus ó na Ranna éagsúla don Bhille. É sin ráite, bhí sé mar aidhm ag an iar Aire Stáit Éamon Ó Cuív agus ag an Aire í féin go mbeadh an Bille seo againn chomh luath agus a bhí siad ábalta. Bhí orthu, áfach, athbhreithniú a dhéanamh ar chúpla rudaí sul ar mhol siad é don Rialtas. Ag an am céanna níl sé ceadaithe ag an Rialtas ach le cúpla mí agus tá mise ag déanamh gach iarracht go bhfoilseofar é go luath.

Tá deacrachtaí ag Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte mar tá brú milltineach orthu bhun Billí eile a fhoilsiú. É sin ráite bhí cruinniu ar maidin agam leis an Ard Aighne faoi dtaobh de, ag cur brú air chun go mbeadh an Bille os bhur gcomhair go luath.

Tá sé mar aidhm agamsa, ní amháin go bhfoilseofar é ag tús na bliana ach go mbeidh sé sínithe ag an Uachtarán roimh an chéad toghchán eile. Caithfimid fanacht ar feadh cúpla mí don toghchán fosta.

Beimid ag fanacht go foighdeach leis sin. An bhfuil aon mheastachán ag an Rialtas nó ag an Roinn Airgeadais cé mhéid a chosnóidh se an Bille a chur i bhfeidhm nuair a bheidh sé ina reacht? An mbeidh an Bille chomh láidir agus chomh cuimsitheach leis an mBille Teanga atá acu, mar shampla, i gCeanada nó sa Bhreatain Bheag. An bhfuil comhráití ar siúl idir an Roinn agus na daoine i gCeanada nó sa Bhreatain Bheag? Tá a fhios ag an Teachta O'Shea cad tá i gceist agam. Bhíomar ansin agus tá Bille Teanga an-éifeachtach i gCeanada. An bhfuil aon cheacht le foghlaim uathu? Sílim go bhfuil ceachtanna le foghlaim. Tá súil agam go bhfuil an tAire ag baint úsáid as an taithí atá ag muintir Cheanada nó ag muintir na Breataine Bige.

An focal is tábhachtaí a d'úsáid an Teachta ná an focal "éifeachtach." Is Bille cuimsitheach a bheidh i gceist. Tá sé mar aidhm agam fosta go mbeidh sé éifeachtach agus sin an fáth go bhfuilimid ag caint ar choimisinéar a cheapadh. Roimhe seo bhí cruinnithe ag an Aire Stáit Éamon Ó Cuív le go leor daoine mar gheall ar an mBille Teanga atá sa Bhreatain Bheag, ar an rud atá ag dul ar aghaidh in Albain agus ar an mBille i gCeanada. Chas oifigigh na Roinne leo fosta. B'fhéidir nach mbeidh an Bille chomh cuimsitheach is atá an Bille i gCeanada ach seo an chéad Bhille Teanga againn anseo. Sa Bhreatain Bheag bhí Bille amháin agus rinne siad athbhreithniú air agus tá Bille úr acu anois. Beidh an Bille anseo cosúil leis an mBille úr a foilsíodh sa Bhreatain Bheag. Ní bheidh gach duine sásta leis mar tá gach taobh ar gach rud. I mo thuairimse beidh sé éifeachtach. Rudaí praiticiúla atá mise ag caint faoi. Beimid i dteangbháil i gcónaí leis na daoine eile a bhfuil Billí Teanga acu agus tá súil agamsa go mbeidh an rud céanna le feiceáil sa tír seo is atá acu sa Bhreatain Bheag maidir le húsáid na teanga mar tá sár-obair déanta acu san.

Má chuidíonn an Bille Teanga leis an teanga a úsáid níos mó ar fud na tíre beidh mé thar a bheith sásta.

Barr
Roinn