Bronnadh aitheantas sealadach ar Ghaelscoil Bhrian Bóroimhe i Sord Cholm Chille, Contae Átha Cliath, i Mí Meán Fómhair, 1999. De gnáth, bíonn mo Roinn sásta aitheantas buan a bhronnadh ar scoil nuair a léirítear go bhfuil fás suntasach in ann di, nuair a bhítear sásta go bhfuil an scoil á stiúriú de réir Rialacha mo Roinne agus go bhfuil cóiríocht sealadach na scoile sásúil. Fuarthas iarratas i leith aitheantas buan do Ghaelscoil Bhrian Boróimhe i mo Roinn le déanaí. Tá an t-iarratas seo á scrúdú sa Rannóg Pleanála i dtaca le tuairisc sa chás ón gCigire Ceanntair. Cuirfear cinneadh mo Roinne maidir leis an iarratas seo chuig Bord Bainistíochta na scoile chomh luath agus is féidir.