Trevor Sargent
Ceist:39 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén fáth go bhfuil moill fós ar achtú Bhille na Gaeilge. [6874/02]
Vol. 549 No. 4
39 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén fáth go bhfuil moill fós ar achtú Bhille na Gaeilge. [6874/02]
I dtosach, ba mhaith liom aird an Teachta a dhíriú ar mo fhreagra ar cheist thosaíochta Uimhir 11 inniu. Ina theannta sin, ní miste dom a chur i gcuimhne don Teachta go raibh agus go bhfuil clár reachtaíochta an-trom os comhair an Rialtais le tamall anuas agus gurb é seo ba chúis le moill bheag a bheith le foilsiú an Bhille.