Trevor Sargent
Ceist:153 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a thabharfaidh sé foirgneamh nua agus halla spóirt do Choláiste Íosagáin ar Bhóthar Stigh Lorgan mar tá brú mór spáis sa mheánscoil seo le fada agus roinnt mhaith airgid bailithe ag daltaí go deonach chuig an obair mhór atá de dhíth. [14873/02]