Bunaíodh Coláiste Raithín, Bré sa bhliain 1991, le h-aitheantas sealadach ó mo Roinn. Faoi láthair tá an scoil lonnaithe san iar-ghairmscoil agus tá cóiríocht ar chíos freisin ag an scoil i mbunscoil Naomh Aindriú.
Bronnadh aitheantas buan ar Coláiste Raithín sa bhliain 1995. Ina dhiaidh sin ceadaíodh don choiste ghairmoideachais suíomh oiriúnach le h-aghaidh foirgnimh buain don scoil a aimsiú. Tuigtear dom go bhfuil an coiste ag gníomhú dá réir agus go gcuirfear tairscint dearfach faoi bhráid mo Roinne in am tráth.
I láthair na h-uaire freisin, tá athbhreithniú á dhéanamh sa rannóg pleanála de mo Roinn, ar uimhir na ndaltaí a meastar a freastalóidh ar Choláiste Raithín sa bhfad téarma. Déanfar riachtainisí cóiríochta na scoile a mheas ar bhonn na h-uimhreach sin.