Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 23 Oct 2002

Vol. 556 No. 1

Priority Questions. - Tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta.

Brian O'Shea

Ceist:

44 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil an scrúdú a cuireadh ar bun ina Roinn ar na moltaí i dtuarascáil Choimisiún na Gaeltachta críochnaithe; cén plean atá aige na moltaí a chur i gcrích; agus an ndéanfaidh se ráiteas ina leith. [19377/02]

Tá anailís ar thuarascáil Choimisiún na Gaeltachta ar siúl ag mo Roinn faoi láthair. Chomh maith leis sin, tá coiste bunaithe agam le comhairle a chur orm maidir leis na beartais a bhfuil gá leo le feidhm phraiticiúil a thabhairt do na moltaí atá déanta sa tuarascáil sin. Tá iarrtha ar an gcoiste moltaí a dhéanamh faoi phleananna gníomhaíochta le spriocanna inseachadta a dfhéadfaí a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht i ndáil le sealbhú agus buanú na Gaeilge chomh maith leis na himpleachtaí airgid maidir le pé plean nó gníomh a mholann siad a mheas chomh fada agus is féidir. Tá sé mar aidhm agam athruithe suntasacha a chur i gcrích maidir le forbairt na Gaeltachta agus na Gaeilge araon le linn mo thréimhse mar Aire. Chuige sin tá sé i gceist agam na beartais agus na pleananna gníomhaíochta a mholann an coiste a chur i bhfeidhm chomh fada agus is féidir, de réir mar a bheidh obair an choiste ag dul ar aghaidh.

De réir an mhéid atá ráite, nach bhfuil an ceart agam a rá nach bhfuil aon cinneadh déanta ag an Aire go fóill agus go bhfuil sé ag léamh na tuarascála an t-am go léir? Níl sé ag insint dom cé chomh fada agus a thógfaidh sé chun an scrúdú seo a chríochnú. An bhfuil glactha aige leis na moltaí atá sa tuarascáil? Tá an scéal go huafásach sna Gaeltachtaí. Má bhaintear feidhm as na critéir a bhí ann i 1926, nuair a bhí sé ag teastáil go mbeadh 80% den daonra i gceantar ag labhairt Gaeilge chun go nglaofaidh Gaeltacht air, níl ach 9% na Gaeltachtaí anois a thig teacht suas go dtí an critéir sin. Tá an scéal go huafásach. Tá an Rialtas ag caint ach níl faic ag tarlú. An inseoidh an tAire dúinn go mbeidh an scrúdú críochnaithe roimh an Nollag, go mbeidh cinneadh déanta ag an Roinn agus go rachaidh an tAire os comhair an Rialtais le pleananna gníomhachta?

Ba mhaith liom an cheist staitistiúil a fhreagairt. Nuair a bhíodh ag déanamh meas ar an nGaeltacht sna 1920í suas go dtí na 1950í, baineadh feidhm as an daonáireamh agus an cheist a bhí ann ná "An bhfuil Gaeilge agat?". Ní raibh aon ceist faoi úsáid na Gaeilge. Mar sin, dá mbainfaí sin mar cheist don lá inniu, bheadh an tír iomlán ina breac-Ghaeltacht, mar deir beagáinín dhá thrian den phobal go bhfuil siad in ann Gaeilge a labhairt. Tá daoine anois ag cur an cheist "An bhfuil an Ghaeilge agat—

An bhfuil an tAire ag rá go bhfuil rudaí ag dul ar fheabhas?

Tá mé ag caint ar cheist staitisiúil. Tá daoine ag cur an cheist "An bhfuil Gaeilge agat?" i gcomhthéacs na Gaeltachta i gcomparáid leis an gceist a cuireadh san daonáireamh deireanach i 1996, agus arís i 2002, "An labhrann tú an Ghaeilge go laethúil?" Tá líon i bhfad níos mó daoine a deir go bhfuil Gaeilge acu, fiú sa Ghaeltacht, ná mar atá a deir go labhrann siad go laethúil í. Caithfimid bheith cúramach faoin mhíchomparáid staitisticí atá ar bun. Tá speis faoi láthair agam san ábhar mar rinne mé anailís ar na figiúirí agus go deimhin féin, chaith m'athair na blianta fada ag dul tríd agus é ina shaineolaí ar an gceist seo le linn a thréimhse féin. Eisean ba mhó a rinne obair ar staid na Gaeltachta.

Dúradh liom i nGaeltacht na Rinne go dúradh i 1926 nach raibh cúig theaglach ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Tá i bhfad níos mó ná sin ag labhairt na Gaeilge go laethúil inniu so ní dhrochscéal uile atá ann.

Tá brú ar an nGaeltacht agus seo a dhéanfaidh mé. Nuair a fuair mé tuarascáil Coimisiún na Gaeltachta, coimisiún a dheachaigh mise chuig an Rialtas lena bhunú, fuair mé go raibh 19 molta thar a bheith ginearálta ann agus thosaigh mé ag tógail cinnithe láithreach maidir leis na moltaí ginearálta a bhí sa tuarascáil. Ní thuarascáil sonrach é má léitear í. Tá na himreoirí móra Gaeltachta tugtha timpeall ar an mbord agus caithfimid, cruinniú ar chruinniú, ábhar ar ábhar, cinnithe a dhéanamh. Beidh cuid de na cinnithe sin go mbeimid in ann a chur i bhfeidhm gan dhul ar ais chuid an Rialtas agus déanfar sin láithreach. Beidh cinnithe eile go gcaithfidh mé dhul chuig an gcoiste eadar-rannach nó comhoibriú Ranna Stáit eile a fháil ach arís ní bheidh orm dhul ar ais go dtí an Rialtas agus déanfar sin láithreach. Ansin beidh cinnithe go mbeidh airgead agus cinnithe Rialtais ag teastáil lena n-aghaidh agus tiocfaidh mé de réir mar is gá ag an Rialtas ar lorg na gcinnithe sin. In ionad fanacht leis an aon lá amháin leis an rud a chur i ngníomh tá siad á gcur ón lá seo amach.

Beidh an chéad cruinniú eile den choiste ar bun ag Oireachtas na Gaeilge ag deireadh na míosa seo. Tá clár maith oibre leagtha amach don chruinniú sin agus beimid ag díriú ar sheirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil d'aois óg na Gaeltachta mar sin eochar na ceiste don todhchaí.

Tá an t-Aire ag rá go mbeidh sé ag tabhairt faoin tuarascáil seo go mall agus nach mbeidh faic déanta faoi, i ndáiríre, is saol an Rialtais seo. Tá sé ag rá go mbeidh sé ag caint le seo agus siúd agus go mbeidh coiste curtha ar bun aige sa Roinn. Ach i ndeireadh na dála, an mbeidh cinneadh ar bith ag teacht as seo?

Tabharfaidh mé léargas den rud atá i gceist. Is é mo bharúil gur cheart go mbeadh naíolanna, nó creches Gaeilge, ar fáil sna gaeltachtaí. Tá scéimeanna airgid ann le haghaidh sin cheana ach níl na struchtúir cearta ann le déanamh cinnte go bhfuil siad ar fáil do na gaeltachtaí éagsúla ar fad. Ba cheart go mbeadh naíscolaíocht, bunscolaíocht agus mar sin de, ar fáil sna gaeltachtaí.

An chéad lá eile caithfimid an cruinniú ar fad ag plé leis an ngné sin den obair – cén chaoi a chinnteofar go bhfuil an córas oideachais agus an córas cúraim tré mheán na Gaeilge ar fáil ins na gaeltachtaí ar fad. Beimid ag plé na ceiste sin. Beidh Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus an Roinn Oideachais agus Eolaíochta páirteach sa choiste agus oibreoimid amach cén chaoi a fheidhmeoimid na mianta sin. I gcuid mhaith cásanna tá na struchtúir leath-ann ach níl siad ag obair go héifeachtach. Tá airgead le fáil tríd an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionnanais agus Athchóirithe Dlí agus beimid ag díriú an airgid sin. Bheinn ag súil go bhfeicfear toradh na hoibre sin ar an dtaobh seo den Nollaig.

Beidh rudaí áirithe eile á scrúdú, mar shampla, an gcuinneofar scéim labhairt na Gaeilge nó an gcuirfear scéim nua ina háit? Tá ceist mhór agam-sa, cén mhaith scéim labhairt na Gaeilge do ghasúr cúig bliana d'aois. Déanann tuismitheoir cinneadh, go mórmhór máthair, nuair a beirtear páiste cén teanga a labhartar.

Tógfaimid é píosa ar phíosa agus déanfaimid cinnidh mar sin. Réiteoimid plean gníomhaíochta agus gabhfaimid ar aghaidh. Tógfaimid an chéad rud eile ag an gcéad cruinniú eile ar an gclár agus déanfaimid rud faoi, clubanna óige agus rudaí seo ar fad. Déanfaimid cinnidh de réir mar a thiocfaidh rudaí ar an gclár, seachas fanacht go dtí go mbeidh gach rud pléite chun rud ar bith a dhéanamh.

Barr
Roinn