Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 23 Oct 2002

Vol. 556 No. 1

Priority Questions. - Bóithre Gaeltachta.

Fergus O'Dowd

Ceist:

42 D'fhiafraigh Mr. O'Dowd den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an féidir leis léiriú a thabairt ar na coinníollacha atá riachtanach le haghaidh deontas bóthair áise a fháil; an bhfuil se sásta gur comhlíonadh gach ceann acu i mbliana nuair a fógraíodh deontais bóithre áise i gContaetha Mhaigh Eo agus i Dhún na nGall i Mí na Bealtaine; cad é an moladh a bhí ag oifigigh na Roinne ar na bóithre seo; an raibh bóithre nach raibh ar aon liosta ar chor ar bith ina measc; agus an bhfuil sé chun aon athrú a dhéanamh ar na rialacha seo. [19378/02]

Roimh tús Tráth na gCeist, cuirim fáilte roimh na Teachtaí nua don chéad seisiún Thráth na gCeist a bhaineann leis an Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta nua. Tá deontais ar fáil ó mo Roinnse faoi Scéim na mBóithre Áise chun bóithre comhairle contae a dheisiú agus chun bóithre áise agus bóithre portaigh a dheisiú. I gcás bóithre áise nach dtagann faoi aicmiú bóithre contae, caithfidh na bóithre seo a bheith ag freastal ar áit chónaithe amháin agus ar úinéir talún amháin ar a laghad.

Déantar scrúdú ar na hiarratais a chuirtear chuig an Roinn bunaithe ar an gcrítéir seo a leanas: neart na Gaeilge sa cheantar; luach airgid; riachtanas na hoibre; tosaíocht go h-áiteanna ar deineadh obair shásúil iontu cheana; cothromaíocht i dtearmaí tíreolais. Bíonn an Roinn sásta freisin cásanna a mheas a bhaineann le daoine le cúramaí speisialta.

Déanann stiúrthóir áitúil na Roinne na bóithre go bhfuil iarratais faighte ina leith a scrúdú agus cuirtear liosta bóithre chuig an Roinn sna Forbacha le moltaí an stiúrthóra. Déanann rannóg feabhsúcháin na Roinne cur faoi bhráid don Aire de réir na coinníollacha agus na critéir atá luaite agam thuas. Ansin déanann an tAire cinneadh faoi na bóithre a bheidh le déanamh faoin scéim. Cuirtear na páipéirí ar ais chuig an rannóg feabhsúcháin le scéal oifigúil a chur chuig an comhairle contae cuí le sonraí faoin deontas. Maidir le bóithre Mhaigh Eo agus Dún na nGall is féidir liom a rá go raibh gach bóthar a ceadaíodh i mbliana incháilithe faoin scéim.

D'ordaigh an tAire Coughlan ag an am, dhá lá roimh an toghchan ginearálta, liosta bóithre nach raibh cáilithe ansin agus nach raibh an t-eolas go léir molta ag oibrigh na Roinne. Bhí bóithre ina measc nach raibh ar liosta ab. An bhfuil an tAire sásta anois go raibh an ceart ag an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an gníomh a dhéanamh ansin? Bhí an galar toghcháin uirthi; an bhfuil sé creidiúnach gur féidir bóithre a liostáil cosúil leo sin nach bhfhuil ar aon liosta eile?

Mar a mhínigh mé go poiblí cheana, níor ceadaíodh na bóithre a fograíodh cúpla lá roimh an toghchán. Sin mar a sheasann an scéal agus sin an chaoi a tháinig mé isteach sa scéal. Nuair a tháinig mé isteach, tháinig na státseirbhísí chugam, tógadh an cheist liom agus iarradh orm na bóithre go Maigh Eo agus go Tír Chonaill a cheadú, rud a rinne mé. Dúradh liom, agus tá sé ar thaifead na Roinne, nach raibh aon bóithre ceadaithe bunaithe ar na preasráití sin. Caithfidh mé glacadh leis an rud a deirtear liom ag na státseirbhísí – nach raibh na bóithre sin ceadaithe.

An bhfuil an tAire sásta leis an gníomh a rinne an tAire a chuaigh roimhe? An raibh sé sin ceart nó mícheart?

Ní ceist domsa í sin.

Is ceist don Aire í. Eisean an tAire. Ní raibh sé sásta leis an liosta. Mar sin, an raibh sé sásta leis an rud a rinne an tAire, Máire Ní Chochlain? An raibh sé dleathach nó an dóigh leis an Aire gur rud maith é bóithre a chur ar liosta nach bhfuil ceadaithe?

Níor ceadaíodh na bóithre.

Cad é tuairim an Aire air sin?

Gan bóithre a bheith ceadaithe?

An bhfuil an tAire sásta gur comhlíonadh gach ceann acu agus an bhfuil sé sásta leis an gníomh a rinne an tAire a chuaigh roimhe?

An bhféadfadh an Teachta soiléiriú don Teach cén gníomh a cheapann sé a rinne an Teachta Ní Chochlain, a bhí sa Roinn ag an am?

Nach bhfuil sé fíor go raibh an toghchán le tarlú taobh istigh de dhá lá agus gur cheap gach duine a bhí luaite ar an liosta go raibh na bóithre sin ceadaithe? Deir an tAire anois nach raibh siad ceadaithe.

De réir mar a thuigim, cheap an t-Aire go raibh siad ceadaithe ach is é taiféad na Roinne – agus caithfimid oibriú dá réir agus sin an fáth go bhfuil ormsa na bóithre a cheadú – nach raibh aon bóthar ar bith i Mhaigh Eo—

Ach céard faoi na bóithre a bhí ar liosta A? Thóg an t-Aire bóithre faoi leith as an liosta sin agus chuir sí bóithre eile, nach raibh ar liosta ar bith, isteach. Bhí bóthar amháin i gCondae Mhaigh Eo nach raibh teach air, fiú amháin. Ní hé sin an slí ceart do Aire Rialtais a bheith ag obair. Níl mé sásta le freagra an Aire ar chor ar bith.

B'fhéidir go bhféadfainn soiléiriú a thabhairt don Teachta. Ar 25 Aibreáin 2002, cuireadh liosta de bhóithre áise ar aghaidh chuig an Aire, an Teachta Ní Chochláin, ón rannóg feabhsúcháin. Rinne leasaithe ar liosta Dhún na nGall, cuireadh bóithre nua leis agus níor ceadaíodh gach bóthar a bhí molta. Táthar sásta go raibh gach bóthar a ceadaíodh ag an am sin in-cháilithe don scéim. Sin an chéad liosta a ceadaíodh do Thír Chonaill agus tá an Roinn ag rá gur ceadaíodh iad sin agus go raibh gach bóthar in-cháilithe.

Tá me ag ceapadh go bhfuil an Teachta ag tagairt—

Nach bhfuil sé fíor go bhfuil cuid de na bóithre sin nach bhfuil tithe orthu? Tá ceann amháin i gCondae Mhaigh Eo nach bhfuil teach ar bith air.

Tá mé ag caint faoi Thír Chonaill ar an gcéad dul síos. Tiocfaidh mé go dtí Maigh Eo má fhaighim seans agus muna rithfimid as am mar go bhfuil an Teachta ag cur isteach orm.

Ansin ar 15 Bealtaine, dhá lá roimh an toghcháin, fógraíodh bóithre eile ach níor ceadaíodh iad.

Bóithre nach raibh cáilithe?

Níor ceadaíodh na bóithre sin agus níl siad ceadaithe ó shin. Fógraíodh iad. I gcás péire de na bóithre sin, fuarthas amach go raibh ceann acu ina bhóthar chomhairle chondae agus go bhfuil teach ar an dara cheann. Ach níl an Roinn sásta go bhfuil buan chónaithe sa teach agus ar an ábhar sin, níl mé á cheadú.

Maidir le bóithre Mhaigh Eo, tá an scéal beagáinín difriúil. Fógraíodh liosta ar 10 Bealtaine ach arís, níor ceadaíodh na bóithre sin. Nuair a tháinig mé isteach sa Roinn fuair mé taiféad ón rannóg ag rá nach bhfuil bóthar ar bith, idir bhóithre a bhí molta ag an stiúrthóir agus iad a bhí fógraithe ag an Aire, ceadaithe i mbliana.

Ag éirí as sin, cheadaigh mise na bóithre a bhí incháilithe, ó tharla go raibh scéal tugtha go poiblí go mbeidís ceadaithe – agus glacaim leis gur mi-thuiscint atá ansin.

Arís, tá dhá bhóthar nár cheadaigh mé. I gcás chinn amháin, tá gach seans go bhfuil sé cáilithe ach caithfidh mé breathnú ar an mbóthar mar deirtear gur ath-ghiorra atá ann agus caithfear tuilleadh scrúdú a dhéanamh air. Tá an Roinn ag scrúdú na ceiste sin. I gcás an bhóthair dheiridh, níl teach ar an mbóthar, ní raibh sé ceadaithe agus ní cheadófar é. Fuair mé faisnéis an lá faoi dheireadh go bhfuil teach á thógáil ar an mbóthar ach is é rial na scéime nach gceadaítear deontas ar bhóthar nach bhfuil teach air.

Níor ceadaíodh aon bhóthar ar 10 Bealtaine nó ar 15 Bealtaine.

Ciste pholaitiúil is ea scéim na bóithre áise. Níl mé sásta le freagra an Aire in aon chor.

Barr
Roinn