Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 20 Nov 2002

Vol. 557 No. 5

Written Answers. - Íocaíochtaí Deontais.

Dinny McGinley

Ceist:

230 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh deontais do chéidh na nDúnaibh (i nDún na nGall); cad é costas measta na hoibre; agus an bhfuil sé ar intinn aige an deontas a cheadú. [23003/02]

Tá iarratas déanta ag Comhairle Condae Dhún na nGall ar chúnamh airgid ó mo Roinnse chun oibreacha feabhsúcháin a chur i gcrích ar an gcéibh seo. Tá costas measta €10 million luaite leis na hoibreacha sin. Os rud é nach dtagann an tionscadal seo faoi na critéir atá leagtha síos agam le haghaidh Céibheanna Stráteiseacha sa Ghaeltacht níl sé ar mo chumas é a mhaoiniú.

Dinny McGinley

Ceist:

231 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil deontas ceadaithe le haghaidh Chéidh an Bhun Bhig i nDún na nGall; an méid atá i gceist; an obair atá le déanamh; agus cén uair a chuirfear tús leis an obair. [23004/02]

Tá an t-iarratas seo á mheas ag mo Roinnse agus ag an Roinn Airgeadais faoi láthair. Beidh cinneadh déanta sa chás go luath.

Barr
Roinn