Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 17 Dec 2002

Vol. 559 No. 5

Written Answers. - Bille Teanga.

Enda Kenny

Ceist:

386 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas mar gheall ar an moill atá ar an mBille Teanga; an dáta a thosnófar an plé arís ar an mBille seo san Oireachtas agus admháil go mbeidh buntuiscint na reachtaíochta seo bunaithe ar chearta an duine faoin mBunreacht in ionad ar bhonn scéime faoi mar atá sa chéad dréacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [26369/02]

Mar is eol don Teachta, cuireadh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Comhionannas), 2002, faoi bhráid an tSeanaid ar 24 Aibreán 2002 agus críochnaíodh an díospóireacht maidir leis an Dara Céim den Bhille sular scoir an Teach sin. Cuireadh an Bille ar ais ar chlár oibre an tSeanaid i mí Dheireadh Fómhair. Tá súil agam go gcríochnófar comhráití atá ar siúl faoi láthair idir Oifig an Ard-Aighne agus mo Roinnse go han-luath maidir le leasuithe áirithe atá le déanamh ar an mBille mar aon le moltaí áirithe a fuair mé le déanaí ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta nach mbeadh sé cuí níos mó a rá ag an bpointe seo faoi ábhar na leasuithe. Ach na comhráití sin a bheith críochnaithe, tá súil agam go mbeifear réidh chun tosú gan mhoill ar Chéim an Choiste den Bhille sa tSeanad.

Barr
Roinn