Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 18 Feb 2003

Vol. 561 No. 4

Written Answers. - Léibhéalta Fostaíocht.

Dinny McGinley

Ceist:

465 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an líon post a cailleadh i ngach tionscal i nGaeltacht Dhún na nGall ó 1/1/02 go dáta. [4508/03]

Sa tréimhse ó dheireadh na bliana 2001 go deireadh na bliana 2002 bhí glanlaghdú 351 post i dtionscail a bunaíodh le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta i nGaeltacht Dhún na nGall. Cailleadh 639 post san iomlán ach tá an glanfhigiúr laghdaithe go 351 mar gheall ar chruthú 288 post nua i dtionscail a fuair tacaíocht ón Údarás.

Léirítear sa táblá thíos liosta de na comhlachtaí inar cailleadh níos mó ná 5 phost sa tréimhse seo:

Ainm

Seoladh

Gnó

Laghdú

Ruibéar Mótair Teo.

Doirí Beaga

Earraí Rubair

130

SMTC Teo.

Doirí Beaga

Trealamh Teileachumarsaide

62

Gairméidí Caomhnaithe Teo.

An Fál Carrach

Éadaigh Slándála

49

BMR Teo.

Doirí Beaga

Trealamh Leighis

47

Gairméidí Caomhnaithe Teo.

Doirí Beaga

Éadaigh Slándála

33

C.C. Iascairí Ailt an Chorráin

Ailt an Chorráin

Próiseáil Éisc

32

MDR Leictreonach Teo.

Doirí Beaga

Táirgí Leictreonach

27

Earraí Pacála Idirnáisiúnta Teo.

Doirí Beaga

Earraí Plaisteacha

21

Plátaí Leathán Miotail Teo.

Doirí Beaga

Táirgí Miotail

17

Comhlacht Mhic Nuadhait

Na Dúnaibh

Fíodóireacht Ollna

11

Nuvotem Teo.

Croithlí

Gléasra Leictreach

9

Donal Mac Monagail & a Mhic

An Charraig

Cairéalacht

8

Bradán Próiseáil Teo.

Cionn Droma

Próiseáil Éisc

8

Pádhraig Ó Dochartaigh

Gaoth Dobhair

Táirgí Adhmaid

8

Gael Chniotáil Teo.

Doirí Beaga

Tionscal Cniotála

8

Feidhlim Mac a' Ghoill

An Charraig

Tinteáin

7

Anderson Mink Farms Ltd.

Ard an Rátha

Saothrú Fionnaidh

6

Bradán Fanad Teo.

Cionn Droma

Saothrú Éisc – Bradán

6

Earagail Éisc Teo.

An Charraig

Próiseáil Éisc

6

Togra Dhún Lúiche Teo.

Gaoth Dobhair

Turasóireacht

6

Anuas air seo bhí laghdú de 138 post in 81 miontionscal eile ina raibh an laghdú fostaíochta ag an leibhéal cuig phost nó níos lú.
Barr
Roinn