Tá clár caipitil 2003 foilsithe agus tá na mionsonraí iomlána a bhaineann le gach tionscadal ar leith le fáil ar láithreán gréasáin mo Roinne ag http://www.education.ie.
Tá tionscadal halla corpoideachais i bPobalscoil Ghaoth Dobhair, Dún na nGall sna céimeanna luatha den phleanáil ailtireachta (ceadúnas réamhphleanála). Agus aird á thabhairt ar an leibheál tiomantais airgeadais nach mór a chomhlíonadh ó thionscadail atá á dtógáil cheana féin, ní bheidh mo Roinn ábalta le linn na bliana pleanáil ailtireachta a cheadú do thionscadail mhóra bhreise, lena n-áirítear an tionscadal i nGaoth Dobhair, chun leanúint ar aghaidh ón gcéim údaraithe reatha.
Tá sé, dá bhrí sin, dodhéanta ag an bpointe seo a thabhairt le fios cén uair a údarófar cead leanúint den tógáil don tionscadal áirithe seo. Breithneofar é, áfach, i gcomhthéacs an chláir chaipitil do 2004.