Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 25 Mar 2003

Vol. 563 No. 4

Written Answers - Gaelscoil Phort Láirge.

Brian O'Shea

Ceist:

312 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain a thosóidh tógáil de bharr an fheachtais chun cur leis an bhfoirgneamh scoile ag Gaelscoil Phort Láirge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [7946/03]

Tá an clár caipitil 2003 anois foilsithe agus tá mionsonraí iomlán maidir le tionscadail aonair le fáil ar láithreán gréasáin mo Roinne ag www.education.ie. De bharr an leithroinnt buiséid bhí sé dodhéanta aon tionscadal breise a áireamh i 2003. Cinnfidh leithroinnt buiséid do 2004 agus blianta ina dhiaidh an ráta dul chun cinn ar thionscadail scoileanna atá faoi láthair sa chéim phleanála ailtireachta nach bhféadfaí a áireamh i gclár tógála na bliana seo agus an líon tionscadal nua a ndéanfar údarú orthu chun tús a chur leis an bpleanáil ailtireachta.

Barr
Roinn