Fergus O'Dowd
Ceist:54 D'fhiafraigh Mr. O'Dowd den Aire Oideachais agus Eolaíochta an ndéanfaidh sé ráiteas faoi chúrsaí oideachais tríú leibhéal trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. [8393/03]
Vol. 565 No. 2
54 D'fhiafraigh Mr. O'Dowd den Aire Oideachais agus Eolaíochta an ndéanfaidh sé ráiteas faoi chúrsaí oideachais tríú leibhéal trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. [8393/03]
Sa bhliain 1999, chuaigh Ollscoil na hÉireann Gaillimh chun cainte leis na hollscoileanna eile a bhfuil ceantar Gaeltachta ina n-abhantrach ar mhaithe le moltaí a dhéanamh maidir le forbairt an oideachais tríú leibhéal sa Ghaeltacht.
I ndiaidh sin, bunaíodh grúpa oibre idir-ollscoile, idir Ollscoil na hÉireann Gaillimh, Ollscoil na hÉireann Corcaigh, Ollscoil na hÉireann Má Nuad agus Ollscoil na Ríona Béal Feirste, le tuairimí na nollscoileanna a fháil agus stráitéis chomtháite forbartha a aontú. Chuir an grúpa an straitéis forbartha faoi bhráid mo Roinne agus dá bharr bunaíodh grúpa oibre idirgníomhaireachta le hionadaithe ó mo Roinn, An Roinn Gnóthaí Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta, An Údarás um Ard-Oideachais agus Údarás na Gaeltachta chun í a mheas. Cuireadh an straitéis forbartha thuas ar láithreán gréasáin an Udárás um Ard-Oideachais agus thug an grúpa oibre idirgníomhaireachta cuireadh do na hinstitiuidí tríú leibhéil, gairmscoileanna, scoileanna lán-Gaelacha agus Foras na Gaeilge a gcuid tuairimí faoin straitéis a nochtadh. Ceapadh comhairleoir chun cabhair a thabhairt don ghrúpa agus tá dréacht-thuarascáil an chomhairleora, atá bunaithe ar na haighneachtaí atá faighte, á mheas ag an ngrúpa anois.