A Leas-Cheann Comhairle, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leat as deis a thabhairt dom an t-ábhar tábhachtach seo a thógáil ar an Athló. Cuirim fáilte roimh an Aire atá sa Teach le freagra a thabhairt agus tá súil agam go mbeidh freagra maith le tabhairt aige.
Mar is eol don Aire, fógraíodh atá seachtain ó shin go bfhuil tionscal atá bunaithe ar eastát tionscail Ghaoth Dóbhair le blianta fada, tionscal nua-aoiseach a chuireann tairgí sláinte ar fáil, – BMR Teoranta – ag druidim na dóirse gan mhoill, go mbeidh 48 oibrithe ligthe chun bealaigh agus go mbeidh an monarcha dúnta go hiomlán. Seo tionscal a raibh cur amach mór agus 100 duine ag obair ann bliain ó shin agus anois beidh na dóirse druidte. Ar ndóigh, níl ansin ach comhartha den rud a tharla ar an eastát tionscail i nGaoth Dóbhair le dhá bhliain nó trí bliana anuas.
An bhfuil a fhios ag an Aire nó an dtuigeann daoine go bhfuil beagnach 800 post caillte ar an eastát seo le trí bliana anuas? Sin figiúirí oifigiúla suas chun dáta, mar a fuaireamar seachtain ó shin iad ó Údarás na Gaeltachta. Is millteanach an buille é sin do aon cheantair ach is cinnte gur buille uafásach é do cheantair Gaeltachta a chlúdaíonn trí pharóistí. Nuair a bhímid ag caint ar eastát tionscail Ghaobth Dóbhair ní bhímid ag caint ar pharóiste Ghaoth ach ar thrí pharóistí, mar is eol don Teachta Ní Chochlain. Bímid ag caint ar Ghaoth Dóbhair, ar na Rossan agus ar Chloch Cheann Fhaola. Clúdaíonn sé an ceantar Gaeltachta sin ar fad agus is uafásach an rud é go bhfuil 800 post imithe ón eastát sin le trí bliana anuas.
Ní híontas ar bith go bhfuil éadóchas agus ísle brí imeasc an phobail ar fad agus go bhfuil siad ag cur ceiste de shíor cad atá chun tarlú dóibh. Tá postanna á gcailleadh agus níl mórán postanna úra ag teacht isteach. Cad atá in ann dóibh ach an bád bán, mar a deirtear i gConamara agus mar a deir an t-Aire féin. Tá súil agam nach dtig sé go dtí an pointe sin.
Cad iad na tionscail atá dúnta. Na blianta ó shin ba í an eastát tionscail i nGaoth Dóbhair an eastát tionscail a ba thábhachtaí ag Údarás na Gaeltachta. Bhí sé mar sheod i gcoróin an údaráis. Bhí beagnach 1,400 duine ag obair ansin ach tá thart faoina leath de sin ag obair ansin anois. Cuimhním ar na monarchana sin. Beidh BMR, a bhfuilimid ag caint faoi anocht, dúnta gan mhoill. Tá Dianorm, a raibh breis agus 100 duine ag obair ann, dúnta agus faoi ghlas, tá RMT dúnta agus faoi ghlas, tá EPI dúnta agus faoi ghlas, tá PLM dúnta agus faoi ghlas agus tá SMTC, a raibh 200 duine ag obair ann, dúnta agus faoi ghlas. Sin cuid des na monarchana. Nuair a shiúilimse timpeall an eastaít san oíche agus nuair a fheicim an áit go léir dorcha cuirim ceist orm féin, cad atá ag tarlú don cheantair Gaeltachta seo?
Tá an géarchéim chomh mór sin gur ullmhaigh an t-údarás plean ghníomhaíochta. Bhí an t-Aire é féin, an Teachta Ní Chochlain agus roinnt Airí eile ansin i mí na Nollag seo caite nuair a cuireadh an plean i láthair an phobail ach is beag a tharla ó shin. An t-aon rud a tharla ná gur dúnadh tuilleadh monarchana.
Tá mé i mo sheasamh anseo anocht gan cruthú ar bith nach mbeidh mé anseo gan mhoill arís ag caoineadh arís go bhfuil monarcha eile ag druidim. Cad mar gheall ar na tionscail atá ar sheachtain trí lá? Tá monarcha snáth Comer ag obair trí lá gach re-sheachtain agus dúnta gach seachtain eile. Tá beagnach 200 duine ag obair ann. Cad atá in ann don tionscail seo? Tá súil agam nach mbeimid ag cailleadh 200 phost eile. Dá gcaillfí iad is cinnte gur buille marfach a bhéas ann don eastát i nGaoth Dóbhair. Cloiseadh tráthnóna inniu go bhfuil Nuvotem, i gCroithlí, a bhfuil 70 duine ag obair ann ag dul ar sheachtain trí lá an tseachtain seo chugainn. Cad é atá ag dul a tharla dos na tuismitheoirí atá ag obair ansin agus nach mbeidh aon fhostaíocht acu?
Tá lúcháir orm go bhfuil an t-Aire anseo agus go bhfuil mo chomhghleacaí, an Teachta Ní Chochlain, anseo fosta. Tá suim mhór aici san eastát agus eolas maith aici air agus tuigeann sí go maith cad atá ar siúl agamsa anseo anocht. Cad é atáimid ag dul a dhéanamh le fostaíocht a thabhairt ar ais go dtí an eastát sin. Níl aon rud eile ann. Níl aon talmhaíocht nó iascaireacht ní turasóireacht i nGaoth Dóbhair. Cad atá in ann don phobal?
Iarraim ar an Aire gach tacaíocht a thabhairt do Údarás na Gaeltachta an plean gníomhaíochta sin a chur i bhfeidhm agus tionscail úra a thabhairt isteach. Tá an Ghaeltacht faoi bhrú agus is cinnte go bhfuil an teanga faoi bhrú.