John Deasy
Ceist:113 D'fhiafraigh Mr. Deasy den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus faoi Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht. [217853/03]
Vol. 569 No. 4
113 D'fhiafraigh Mr. Deasy den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus faoi Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht. [217853/03]
Chun a fhiafraí den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoin bPlean Forbartha Náisiúnta agus faoi Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht.
Sa bhliain 2000 cuireadh breis airgid ar fáil don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileáin (mar a bhí ag an am) do réimeas an Phlean Forbartha Náisiúnta, d'fhonn feabhas a chur ar bhóithre néamhnáisiúnta na Gaeltachta. Mar thoradh air sin, tosaíodh ar phlean seacht mbliana a raibh sé mar chuspóir aige féachaint chuige go mbeadh bóthar maith ag dul isteach chuig gach ceantar Gaeltachta roimh 2007.
Déantar an soláthar airgid in aghaidh na bliana a roinnt de réir daonra na gcontaetha éagsúla, i gcomhairle leis na hÚdaráis Áitiúla cuí, agus is mar a leanas a bhí an caiteachas sa tréimhse 2000-02:
Togra |
2000 |
2001 |
2002 |
€ |
€ |
€ |
|
BMW: Bóithre |
5,298,615 |
5,895,007 |
5,679,971 |
S&E: Bóithre |
1,650,659 |
2,475,988 |
1,799,361 |
Iomlán |
6,949,274 |
8,370,995 |
7,479,332 |
BMW: Athnuachan Baile |
362,797 |
134,553 |
524,502 |
S&E: Athnuachan Baile |
42,917 |
221,916 |
36,672 |
Iomlán Bliana |
405,714 |
356,469 |
561,174 |