Damien English
Ceist:124 D'fhiafraigh Mr. English den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoi mholtaí Choimisiún na Gaeltachta agus cathain a bheidh sé ag cur na moltaí sin chun cinn. [217834/03]
Vol. 569 No. 4
124 D'fhiafraigh Mr. English den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an ndéanfaidh sé ráiteas faoi mholtaí Choimisiún na Gaeltachta agus cathain a bheidh sé ag cur na moltaí sin chun cinn. [217834/03]
Tuigfidh an Teachta, ar ndóigh, gurb é achtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2002 ceann de na príomh-mholtaí i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta agus tá súil agam go mbeidh an Bille seo curtha tríd an Oireachtas roimh dheireadh an tseisiúin reatha. Beidh tionchar an-mhór ag an reachtaíocht seo ar go leor de na saincheisteanna atá ardaithe sa Tuarascáil.
Beidh a fhios ag an Teachta freisin gur bhunaigh mé Coiste Comhairleach i mí Dheireadh Fómhair 2002 le comhairle a chur orm maidir leis na gníomhaíochtaí a theastaíonn chun feidhm phraiticiúil, mar is cuí, a thabhairt do na moltaí éagsúla atá sa Tuarascáil.
I measc ábhar agus tionscadal atá á gcur chun cinn nó pléite go dtí seo tá: staidéar cuimsitheach teangeolaíoch a thionscnamh maidir le húsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. Beidh an staidéar seo mar bhunús chun forbairt theangeolaíoch na Gaeltachta mar cheantar labhartha Gaeilge a threisiú agus mar bhunús chun athbhreithniú a dhéanamh ar na limistéir oifigiúla Ghaeltachta. Tá tairiscintí I gcomhar an staidéir seo iarrtha agus táthar ag súil go mbeidh tús curtha leis faoin bhFómhar; plean gníomhaíochta le cur ina luí ar thuismitheoirí, go háirithe iad siúd le páistí óga na buntáistí a bhaineann le húsáid na Gaeilge mar phríomhtheanga teaghlaigh sa Ghaeltacht. Táthar ag súil go mbeidh moltaí sonracha i ndáil leis an bplean ullmhaithe go luath; aighneacht maidir le gnéithe criticiúla a mbíonn tionchar acu ar úsáid na Gaeilge sa chóras bunoideachais agus iarbhunoideachais sa Ghaeltacht; tionchar teangeolaíoch pholasaí pleanála sa Ghaeltacht; moltaí i ndáil le hathstruchtúrú an chórais réamhscolaíochta sa Ghaeltacht; moltaí maidir le struchtúr nua deagrais óige sa Ghaeltacht; agus athbhreithniú scéimeanna a bhfuil tionchar suntasach acu maidir le cur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht, eadhon, scéim Labhairt na Gaeilge agus Scéim na gCúntóirí Teanga.