Olwyn Enright
Ceist:147 D'fhiafraigh Ms Enright den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta an bhfuil sé sásta Scéim Labhairt na Gaeilge a leathnú amach taobh amuigh den Ghaeltacht go dtí na tithe Gaeilge eile atá ar fud na tíre agus cathain a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar éifeacht na scéime críochnaithe. [217845/03]