Official Languages Bill 2002 [ Seanad ] : Report and Final Stages.

I move amendment No. 1:

In page 8, line 16, after "STATE" to insert "WITHOUT PREJUDICE TO THE STATUS OF THE IRISH LANGUAGE AS THE NATIONAL LANGUAGE AND AS THE FIRST OFFICIAL LANGUAGE AND WITHOUT PREJUDICE TO RIGHTS UNDER THE CONSTITUTION TO USE THE IRISH LANGUAGE".

Tá a lán daoine báúil don Bhille seo agus tá siad dóchasach faoin obair atá déanta. Tá siad amhrasach, áfach, faoi stádas na Gaeilge, go háirithe ó thaobh an Bhunreachta de. Tá litir scríofa acu do gach Ball den Oireachtas. Scríobh Pádraig Breandán Ó Laighin an litir agus chuir daoine mór le rá ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta a n-ainm léi – Páidí Mhárthain Mac Gearailt, an Dr. Tómás Mac Siomóin, Áine Nic Gearailt, Nuala Ní Dhomhnaill, Collette Ní Mhoitleigh, Gearóid Ó Cléirigh, Risteard Ó Glaisne, Pádraig Ó hEalaí, Pádraig Ó Snodaigh agus Liam Prút. Baineann a scríobh sé leis an Bhunreacht agus na ceartaí atá ann agus sa Bhille – ceapann siad nach bhfuil na cearta sin láidir go leor ó thaobh na Gaeilge de. Deir siad:

Creidimid go ndéanfadh achtú Bhille na dTeangacha Oifigiúla 2002 dochar dár gceart le sinsearacht agus dá gcearta faoin mBunreacht. Dhiúltaigh an Rialtas glacadh le leasuithe a bhainfidh an dochar dár gcearta amach as an Bhille.

Faoi láthair tá ceart ag gach saoránach cumarsáid a dhéanamh leis an Stát sa phríomhtheanga oifigiúil agus tá dualgas ar an Stát an Ghaeilge a úsáid chun gach críoch oifigiúil. Faoi Airteagal 8º3 de Bhunreacht na hÉireann, áfach, tá ceart ag an Stát socrú a dhéanamh le dlí d'fhonn ceachtar den dá theanga oifigiúla "a bheith ina haonteanga le haghaidh aon ghnó nó gnóthaí oifigiúla ar fud an Stáit ar fad nó in aon chuid de.". Ó bunaíodh an Stát go dtí seo, níor ritheadh aon Acht a cheadódh an Béarla a bheith in aonteanga oifigiúla le haghaidh gnóthaí oifigiúla. Má ghlactar leis an mBille seo, beidh ceart dlíthiúil ag an Stát seirbhísí áirithe a chur ar fáil trí mheán an Bhéarla amháin mar aonteanga, do mhuintir na Gaeltachta agus do lucht labhartha na Gaeilge. Beidh feidhm bhunreachtúil, faoi Airteagal 8º3 a thabhairt do chleachtais atá forleathan i measc na bhforas Stáit cheana féin.

Is mithid dúinn a chur i gcuimhne don Rialtas nach ar mhaithe le héalú ó dhualgais bhunreachtúla maidir leis an nGaeilge a cuireadh an mhír cheadaitheach isteach i mBunreacht ShaorStát Éireann sa bhliain 1922. Cuireadh ann í le tabhairt le fios d'Aontachtaithe an tuaiscirt go bhféadfaí ceart dlíthiúil a thabhairt dóibh, i dtír aontaithe, gnóthaí a dhéanamh trí mheán an Bhéarla amháin i gceantair áirithe, dá mba mhian leo é.

Tuigeann na daoine a scríobh an litir seo go gcaithfear freastal ar phobal an Bhéarla freisin.

Tacaím leis an leasú. Tá seo i gceist i leasuithe Uimh. 49, 50, 52 agus 53 fosta – a bheith cinnte nach bhféadfaí an Bille seo a úsáid leis an Bhéarla a chur chun cinn nó ar mhaithe le Béarla amháin a bheith in aon chuid den Stát chóras. Sin céim siar.

Mar a luaigh an Teachta O'Dowd, tá daoine buartha gur seo an chéad uair ó bunaíodh an Stát go bhfuil Acht chun a bheith rite a cheadódh don Bhéarla a bheith ina aonteanga oifigiúil le haghaidh gnóthaí oifigiúla. Is trua é go bhfuil a leithéid luaite in Acht atá ag iarraidh úsáid na Gaeilge a chur chun cinn. Níl aon ghá go luafar é agus chuideodh sé leis an Bhille dá nglacfaí leis an leasú ag an Teachta O'Dowd agus na cinn atá luaite agam mar tá siad ag iarraidh an chuid sin den Acht a athrú a thabharfadh cead don Stát chóras gnó a dhéanamh go huile is go hiomlán i mBéarla.

Tuigim an rud a dúirt an tAire nuair a luadh seo cheana go bhfuil nithe praicticiúla ann – comhlacht ag obair thar lear mar shampla – ach in ainneoin sin, níl muid ag rá gur chóir go mbeadh an Ghaeilge go huile is go hiomlán sa Stát chóras – b'fhearr liom sin ach ní sin atá á lorg agam – ach go mbeadh ar a laghad dualgas ar na comhlachtaí poiblí seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil ar ais nó ar éigean ina chuid ghnó.

Tá leasú maith ag an Teachta O'Dowd agus is cóir glacadh leis mar ní dhéanfaidh sé dochar don Bhille. Cuirfidh sé leis mar déanfaidh sé cinnte go dtuigeann gach duine sa Stát chóras nach féidir leo an chuid sin den Bhunreacht nó den Acht a úsáid ar mhaithe le Béarla amháin go deo.

Aontaím leis an Aire gurbh é seo ceann de na gníomharthaí is fearr ó thaobh na teanga de. Dá mbeadh na Teachtaí anseo nó an tAire inár nAire Gaeilge nó Gaeltachta, dhéanfaimis cinnte nach n-úsáidfear an Bille an dóigh sin ach bhí Airí eile ann a raibh an gnó orthu an Ghaeilge a chur chun cinn agus an Ghaeltacht a leathnú agus a chaomhnú agus níor tharla sé. Sin an fáth go bhfuilimid ag teacht ar ais go dtí an pointe seo agus ag déileáil le Bille a dhéanann iarracht tús a chur le cearta a thabhairt do Ghaeilgeoirí agus dóibh siúd atá ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt, a fhoghlaim nó a úsáid ar aon bhealach.

D'fhéadfadh sé tarlú, amach anseo, go ndéanfadh Aire Gaeltachta nó Aire Airgeadais iarracht éalú ón ndualgas seo, ar bhonn amháin nó ar bhonn eile. D'fhéadfadh Aire Airgeadais a rá, mar shampla, go gcosnódh sé an iomarca airgid gnó a dhéanamh tré mheán na Gaeilge agus an Bhéarla. Má ghlactar leis na leasaithe seo ní bhéadh aon Aire, aon Rialtas nó aon chuid den Stát chóras in ann a rá go bhfuil sé ceadaithe gnó a dhéanamh i mBéarla amháin.

Bhí cuspóir agus aidhm amháin ag Airteagal 8º3 den Bhunreacht. Tá an t-Aire ag úsáid an airteagail céanna chun rud eile a dhéanamh. Ní féidir le reachtaíocht cearta bunreachtúla a shárú. An míneoidh an t-Aire dúinn cad í an chomhairle a fuair sé i dtaobh na bpointí atá sa litir seo. Scríodh an litir ag daoine a bhfuil an-mheas acu ar an nGaeilge agus a bhfuil baint mhór acu le gluaiseacht na Gaeilge. Má tá imní agus eagla orthu mar gheall ar an mBille tá sé tábhachtach go mbeadh míniú cruinn díreach againn agus go ndéarfadh an t-Aire linn an bhfuil aon rud sa litir seo gur cheart dúinn, mar Bhaill den Oireachtas, a bheith imníoch ina thaobh.

An freagra simplí ar an gceist, níl. Ní fhéadfadh Bille a rithimid sa Teach seo aon cheart bhunreachtúil a bhaint de dhuine. Dá mbainfeadh, bheadh sé míbhunreachtúil. Tuigeann na Teachtaí nach féidir linne dlithe a achtú atá in aghaidh an Bhunreachta. Mar sin, is féidir glacadh leis gurb í an chomhairle dlí láidir atá faighte agam, go dtagann an Bille seo go hiomlán leis an mBunreacht. Chomh maith leis sin, ní dhéanfadh sé de réir an Bhunreachta é focal a chur isteach dá mbeadh sé in aghaidh an Bhunreachta agus ní dhéanfadh sé in aghaidh an Bhunreachta é focal a fhágáil amach dá mbeadh sé bunreachtúil. Agus, tá sé bunreachtúil.

Maidir leis an dara cheist atá ardaithe, tá iontas orm go bhfuil bun-mhíthuiscint fós ann tar éis an méid plé atá déanta ar an mBille seo. Is é fíric an tsaoil anois nach bhfuil gach seirbhís den Stát, sa gciall leathan atá curtha againn ar sheirbhísi agus ar chomhluchtaí poiblí, ar fáil trí mheán na Gaeilge. Déan iarracht, mar shampla, dul isteach in ollscoil agus cúrsa leighis nó ailtireachta a dhéanamh trí Ghaeilge. Téigh isteach in ospidéal agus déan éileamh go mbeidh gach duine a bhéas ag plé leat maidir le malairt duáin, mar shampla, sásta Gaeilge a labhairt leat. Gheofá amach nach bhfuil na seirbhísí sin le fáil tré mheán na Gaeilge. Níl an Bille seo cosúil le ceann Cheanada. Tá gach uile sheirbhís de chuid an Stáit ann. Caithimid glacadh leis nach bhfuil na seirbhísí ar fáil, is cuma céard a cheapann daoine. Muna dtosóimid ag an bpointe sin ní dhéanfaimid aon dul chun cinn. Tá a fhios againn nach bhfuiltear in ann cáin bóthair, fiú amháin, a fháil go héasca in mBaile Átha Cliath, i nGaillimh nó san nGaeltacht féin.

Leagfaidh an Bille seo síos, de réir an dlí, riaracháin agus pleananna, bun-leibhéal seirbhíse. Sin an tús. De réir na comhairle atá faighte agam ón Ard Aighne, caithfear glacadh leis sin mar bhun shraith ach caithfidh an ghluaiseacht a bheith i dtreo na Gaeilge ina dhiaidh sin amach. Is é sin le rá go bhfuil ceart ag an Aire aontú le leibhéal áirid seirbhíse trí Ghaeilge ag an tús. Ar ndóigh, ní ghlacaim leis an leibhéal atá ann anois ach ní bheidh mé ag éileamh go mbeidh gach rud, thar oíche, ar fáil trí mheán na Gaeilge ar gach uile bhealach. Tá rudaí áirid a bhéas ar fáil do gach uile dhuine go bunúsach, mar shampla comhfhreagras.

Is an áit a éiríonn an fhadhb, na seirbhísí idir-phearsanra. Is é a deir an Bille, ná go gcaithfidh sé sin a bheith mar bhunshraith na scéimeanna. Níl aon cheist go mbeidh Aire ag iarraidh cúlú air mar ní bheidh cead aige é sin a dhéanamh. Tá sé sin soiléir má léitear alt 10(b). Tar éis a rá go mbeidh seirbhísí áirid i mBéarla amháin caithfidh comhlucht a rá cad a dhéanfaidh sé chun na seirbhísí sin a chur ar fáil trí Ghaeilge amach anseo. Ansin deir alt 10(3) gur féidir leis an Aire, “le toil an Aire Airgeadais, a ordú do chomhlacht poiblí, i ndáil leis na seirbhísí sin dá chuid a sheachadtar trí mheán an Bhéarla amháin, plean a tharraingt suas chun na seirbhísí sin a sheachadadh trí mheán na Gaeilge”.

Caithfimid a bheith praiticiúil agus réasúnta. Níl ach fíor-bheagán seirbhísí atá le fáil trí Ghaeilge. Táimid ag leagan síos bun-shraith nua atá i bhfad níos fearr ná an ceann atá ann. Tógfar ó sin go mbeidh an constitutional imperative, mar a deirtear i mBéarla, á chomhlíonadh. Níl aon bhunús leis an imní atá á scaipeadh imeasc an phobail gur féidir dul siar ón bpointe tosaigh sin.

Dá dtógfaí an cur chuige ciallmhar, stuama, céimithe seo 70 bliain ó shin b'fhearr i bhfad a bheadh stádas na Gaeilge inniu thar mar atá sé. Bheadh sé bunaithe ar spriocanna a d'fhéadfaí a bhaint amach agus ar sheirbhísí a d'fhéadfaí a chur ar fáil. Tuigimid na hargóintí ar fad a deineadh leis na blianta. Ar tháinig ann don tríú Dáil i gceart, an bhfuil an dara Dáil fós ann nó ar scaradh i gceart í? Ach ag deireadh glacaimid uile, nó glacann formhór an phobail, go bhfuilimid imithe ó sin agus go bhfuil an Dáil áirithe seo dlisteanach. An rud céanna leis an nGaeilge. Glacaim leis go bhfuil sé deacair, i bprionsabal, géilleadh don fhíric nach bhfuil gach seirbhís, idir ollscoileanna, ospidéil agus eile, le fáil trí Ghaeilge i bhfógraíocht, i gcomhfhreagras nó ar leibhéal pearsanta. Sin an ídéal atá ann ach má táimid ag iarradh dul go dtí an ídéal sin caithfimid tosú ar bhonn réalaíoch agus ceart.

Ar mhaithe le todhchaí na Gaeilge, tá mise sásta a bheith praiticiúil agus réalaíoch agus a bheith cinnte nach féidir dul siar. Tá sé scríofa san mBille, agus deirtear freisin, go bhfuil brú bunreachtúil tugtha i mbreithiúnas Hardiman, gur ar aghaidh a chaithfimid a dhul. Ar na cúisí sin ar fad, agus ar an chúis nach mbeadh aon fheidhm leis na focail atá á moladh a chur isteach sa mBille, ní bheidh mé ag glacadh leo.

Níl aon dabht ach go bhfuil pointí maithe ar an dá thaobh den gceist. Tá sé soiléir, áfach, ón litir agus ó bheith ag caint le daoine, go bhfuil béim an-mhór ar Bhunreacht na hÉireann ó thaobh na Gaeilge de. Ní thuigeann siad cén fáth nach bhfuil an tAire sásta glacadh leis na focail seo mar cuidíonn siad leis an mBunreacht. Tuigim go bhfuil argóint ann ach tá mé ag caint faoin dtuairim láidir atá ag na daoine seo gur chóir go nglacfar leis an leasú.

Notwithstanding what the Minister said, I want to press this amendment on the basis that a significant number of people strongly believe this will add to rather than take from the Bill. They believe it will add to the strength that is already in the Bunreacht. If this is not in the Bill, they believe the position of Irish in the Consitution will be reduced.

Tá míthuiscint anseo idir an Aire agus na daoine atá ag iarraidh a dhéanamh cinnte nuair a rithfear an Bille seo go mbeidh an ceart is mó is féidir ag an Ghaeilge agus ag lucht na Gaeilge.

Luaigh sé alt (11)(b) –“na bearta a bheartaíonn an comhlacht a ghlacadh chun a chinntiú go ndéanfar aon seirbhísí eile nach soláthríonn an comhlacht trí mheán na Gaeilge a sholáthar amhlaidh”. Tig le comhlact a rá nach bhfuil sé ag déanamh aon bheart agus an ceart aige mar, faoi alt 14(1), “aon scéim déanta le toiliú cheann an chomlachta phoiblí lena mbaineann” agus, in alt 11(3), is “le toiliú an Aire Airgeadais go bhféadfaidh – ní déanfaidh – an tAire a ordú do chomhlacht poiblí, i ndáil leis na seirbhísí sin dá chuid a sheachadtar trí mheán an Bhéarla amháin, plean a tharraingt suas chun na seirbhísí sin a sheachadadh trí mheán na Gaeilge chomh maith”.

Níl sin láidir go leor domsa mar Ghaeilgeoir a lig an Stát seo orm ó rugadh mé i dtaobh seirbhísí Gaeilge. Ba chóir go mbeadh an Bille dearfach agus go mbeadh "déanfaidh" in alt 11(3) nó nglanfaí "i mBéarla amhain" as an Acht.

Tá leasuithe eile ag déileáil le toil cheann an chomhlachta poiblí agus toil an Aire Airgeadais. Tá Airí ann nach bhfuil báúil leis an Ghaeilge agus a dhéanfaidh aon rud le déanamh cinnte nach n-éireoidh le a leithéid d'Acht. Ní gá ach féachaint ar na leasuithe a diúltaíodh toisc go mbeadh muirear ionchasacht ar ioncam i gceist iontu. Sin seafóid. Tá a leithéid i gceist sa Bhille ar fad agus níl muid ach ag iarraidh cur leis agus is trua go bhfuil leasuithe rialaithe as ord dá bharr sin.

Cuireann sé isteach go mór orm go bhfuil seans ann go bhfuil rudaí ag baint leis an Bhille a bheidh os comhair na cúirte. Dá bhrí sin, caithfidh gach rud ó thaobh na reachtaíochta de agus ó thaobh an Bhunreachta de bheith soiléir agus cruinn. Tá an tAire a rá go bhfuil "belt and braces approach" sa leasú ach más rud é go nglacfaidh sé leis, cé nach síleann sé go bhfuil gá leis, tá seans ann nach mbeidh cásanna os comhair na cúirte.

Nuair a bhíonn daoine amhrasach faoi reachtaíocht, tá an chontúirt ann go mbeidh cás cúirte ann agus airgead caillte gur féidir a chaitheadh ar rudaí níos fiúntasaí ar son na Gaeilge. Seo hiad daoine a thugann tacaíocht mór don Ghaeilge agus tá siad thar a bheith imníoch faoin Bhille. Nuair a bheidh an Bille seo rite, tá seans ann go mbeidh siad ar mheon an rud ar fad a thabhairt os comhair na cúirte, rud nach mbeadh maith le duine ar bith. Níl seo simplí mar tá daoine an-bhuartha agus más féidir linn an buarthacht sin a réitiú, sin obair mhaith.

Nuair a thosaigh mé an obair seo, bhí a fhios agam go dtiocfaimis go dtí an pointe seo. Bhí a fhios agam go raibh daoine fós a chreid go raibh gach seirbhís ar fáil ón Stát i nGaeilge, ainneoin gur léir nach mar sin atá sé ó lá go lá. Tá daoine ann a chreideann go bhféadfaidh Acht a rith a dhéanfadh chuile sheirbhís – chuile leachtóir ollscoile agus chuile sheirbhíseach poiblí ag labhairt na Gaeilge chuile lá – a chur ar fáil agus gan ach 70,000 daoine fásta sa tír a labhrann Gaeilge go laethiúil. Tá níos mó ná 4 milliún daoine clúdaithe faoin mBille seo. Bhí a fhios agam go mbeadh an fhadhb seo ann agus dúirt mé liom féin go bhfuil sé aghaidh a thabhairt uirthi.

Má tá sé míbhunreachtúil, ní dhéanfaidh sé bunreachtúil é trína a rá, "tá sé bunreachtúil". Níl aon fheidhm leis na focail atá molta. Má tá sé bunreachtúil, tá sé bunreachtúil agus ní dhéanfaidh sé aon difir na focail a chur isteach ach oiread. Creidim go cinnte go bhfuil an Bille bunreachtúil.

Luaigh an Teachta Ó Snodaigh alt 11(1)(b). Ní amháin go gcaithfidh ceann an chomhlachta a toiliú ach caithfidh an tAire toiliú. Ní féidir leis an Aire toiliú ar neamhní mar bhearta le seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge. Níl aon bhunús leis an argóint.

Maidir le toiliú an Aire Airgeadais, tá gach rud ar aon bhealach ag brath ar an Rialtas mar níl ach Rialtas amháin ann. Tá 15 bhall sa Rialtas agus Rialtas amháin agus mar sin ní féidir le héinne airgead an Stáit a chaitheamh gan toiliú an Aire Airgeadais. Sin an fáth nach féidir leis an bhFreasúra costas a chur ar an Stát de réir Buanordaithe an Tí seo. Is argóint chiorclach sin agus nuair a bheidh na Teachtaí thall ar an taobh seo beimid ag déanamh an rud céanna.

Iarrann daoine cad é bhí i gceist in Airteagal 8º3 den Bhunreacht. Bhí trí rud i gceist. Tá ceist an Tuaiscirt dearfa. Creidim go raibh sé i gceist gur cheart seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge amháin ar fud na tíre nó san nGaeltacht. Níl éinne tar éis tagairt a dhéanamh don cheart a bhéas againn anois seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge amháin agus gan aon cheart ag éinne a rá go bhfuil ceart aige na seribhísí seo a fháil trí Bhéarla. Is é an tríú rud a bhí i gceist ná gur thuig lucht scríofa an Bhunreachta nach mbeadh sé praiticiúil dá mba rud é go raibh duine in ann cás cúirte a thógáil agus gach uile sheirbhís den Stát, go díreach agus go hindireach, a éileamh trí mheán na Gaeilge. Thuigeadar an sáinn ina bhfuilimse. Is é sin go gcaithfidh mé géilleadh don phraiticiúlacht má táimid chun dul chun cinn a dhéanamh.

Feicim cosúlacht idir seo agus an Tuaisceart. Mar shampla, ba mhaith le Fianna Fáil, le Fine Gael, le Pairtí an Lucht Oibre agus le Sinn Féin Éire a bheith aontaithe, saor, neamhspleách agus poblachtach. Ach bhíomar sásta comh-ghéilleadh a dhéanamh chun dul chun cinn a dhéanamh. Rinne Sinn Féin, Fine Gael, an Lucht Oibre agus muid féin é. Ar mhaithe le dul chun cinn bhí orainn rudaí áirithe a ghéilleadh. Macasamhail atá i gceist leis an mBille seo. Muna bhfuilimid sásta an comhghéilleadh sin a dhéanamh ar mhaithe le dul chun cinn, ní leas na Gaeilge atáimid ag déanamh.

Is cuma cé chomh mór le rá is atá daoine. Tá ceart acu-san a dtuairim a bheith acu agus tá ceart agam mo thuarim féin a bheith agam. Bíodh daoine mór le rá nó gan a bheith mór le rá, agus creidim go bhfuil gach duine mór le rá, tá dul amú orthu sa gcás seo mar a chreidim, i gcúrsaí polaitíochta, go bhfuil dul amú ar an dream a chreideann go mba cheart dul ar ais go dtí an dara Dáil.

Measaim go bhfuil an scéal pléite go maith againn agus tuigimid go léir na hargóintí ar an dá thaobh. Is iad focail na leasaithe:

Gan dochar do stádas na Gaeilge mar an teanga náisiúnta agus mar an phríomhtheanga oifigiúil agus gan dochar do chearta faoin mBunreachta an Ghaeilge a úsáid.

Níl sé sin ag brú na Gaeilge ar éinne. Tugann sé ceart do gach taobh ach tugann sé áit speisialta don teanga Gaeilge. Sin atá sa Bhunreacht agus sin atá ag teastáil ón leasú seo. Níl aon duine nach gcreideann go bhfuil an Rialtas agus an t-Aire féin macánta agus go mór i bhfábhar na Gaeilge. Tá sin soiléir. Ach ba chóir go mbeadh na focail seo san Acht. Thabharfadh an leasú seo gach cead do dhuine ar bith Béarla nó Gaeilge a lab hairt ach thabharfadh sé áit speisialta don Ghaeilge. Ba chóir go gcoimeádfar an áit speisialta sin san Acht. Ní dhéanann na focail seo ach an Bunreacht a neartú.

Tuigim nach bhfuil an t-Aire ag iarraidh cearta a bhaint de Ghaeilgeoirí. Molaim an leasú chun an Bunreacht a neartú.

Amendment put and declared lost.

Amendments Nos. 2, 5, 6, 60 and 63 are related. Amendment No. 6 is an alternative to amendment No. 5. All may be discussed together, by agreement.

I move amendment No. 2:

In page 8, lines 18 and 19, to delete "THE OFFICE OF THE OFFICIAL LANGUAGES COMMISSIONER" and substitute "OIFIG CHOIMISINÉIR NA dTEANGACHA OIFIGIÚLA.

Is leasaithe teicniúla iad seo atá riachtanach de thoradh leasaithe a rinneadh ar Chéim an Choiste sa Dáil, ag deimhniú gur i nGaeilge amháin a bhéas teideal oifig choimisinéir na dteangacha oifigiúla agus go dtabharfar an coimisinéir teanga ar an gcoimisinéir. Rinneadh an leasú sin ag an am chun go mbeadh teideal níos simplí agus níos éasca ag an gcoimisinéir, go háirid i gcomhthéacs dul i bhfeidhm ar an bpobal.

An coimisinéir teanga a bhéas ar an gcoimisinéir, mar atá á thabhairt cheana go coitianta air. Oifig choimisinéir na dteangacha oifigiúla a bhéas ar an oifig.

Tá súil agam go bhféadfaí glacadh leis na leasaithe seo gan díospóireacht.

Mise a mhol leasú a 6. Mar a dúirt mé ar Chéim an Choiste, is í an chomhairle dlí a fuair mé gur coimisinéir agus nach oifig atá i gceist agus nach bhfuil sé seo ceart ó thaobh dlí.

Tá leasú a 6 neamh-iomlán ó tharla go mbeadh roinnt leasaithe eile riachtanach chun feidhm a thabhairt don leasú atá á mholadh ag an Teachta. Mar shampla, tá tagairt do oifig choimisinéir na dteangacha oifigiúla sa Teideal Fada agus sa Dara Sceideal. Bheadh leasaithe cuí riachtanach chun cinntiú go mbeadh brí leanúnach le forálacha an Bhille ó thaobh na hoifige de.

Tá comhairle faighte agam go bhfuil an méid atá déanta agamsa iomlán ach nach bhfuil an méid atá molta i leasú a 6 iomlán ar chor ar bith.

Ní fheicim conas a chiallaíonn "coimisinéir""oifig". Duine is ea coimisinéir agus foirgneamh is ea oifig. Ó thaobh dlí de agus ó thaobh ghnáth chiall de, ní fhéadfaí sainmhíniú mar seo a chur san mBille.

Tá míthuiscint ar an Teachta. The Office of President does not mean the President's office. Is í an chomhairle a fuair mé go bhfuil an leagan atá i mo leasaithe iomlán ceart ach nach bhfuil leasú a 6 ceart. Glacaim leis an gcomhairle sin.

I gcás oifigí eile deirtear Oifig an Ard Aighne agus Oifig an Ard Reachtaire. Dá mba rud é go raibh sé mícheart san mBille seo tá sé mícheart i go leor Achtanna eile, rud nach bhfuil.

Tá an t-Aire ag rá go bhfuilimid ag caint ar phost agus ní ar fhoirgneamh. Ar an dtaobh eile de, má bhíonn an focal "coimisinéir" san Acht coimisinéir na dteangacha oifigiúla atá i gceist. Is féidir a rá go bhfuil an leagan céanna i reachtaíocht eile ach, i ndeireadh na Dála, b'fhearr gnáth chiall a thabhairt isteach sa scéal nuair a bhíonn sainmhínithe á chur isteach i reachtaíocht.

Níl mé sásta ach glacaim leis go bhfuair an t-Aire comhairle agus ní bheidh mé ag brú an leasaithe.

Amendment agreed to.

Amendments Nos. 3 and 4 are out of order.

Amendments Nos. 3 and 4 not moved.

I move amendment No. 5:

In page 10, lines 2 and 3, to delete "the Office of the Official Languages Commissioner" and substitute "Oifig Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla".

Amendment agreed to.
Amendment No. 6 not moved.

Amendments Nos. 7 and 8 are related and may be discussed together.

I move amendment No. 7:

In page 10, line 5, after "includes" to insert "a body exercising functions of a quasi-judicial nature or".

Tá an leasú sothuigthe. Tá sainmhíniú ar "chúirt" i gceist. De réir an chomhairle a fuair me, ní clúdaíonn an sainmhíniú seo rudaí cosúil leis an Bhinse Achomhairc Fostaithe. Deir sé sa Bhille go bhfolaíonn "cúirt" binse arna bhunú faoi na hAchtanna um Binsí Fiosrúcháin (Fianaise) 1921 go 1998. Tá mé buartha nach mbeadh eagraíochtaí Stáit cosúil leis an Bhinse Achomhairc Fostaithe clúdaithe.

Tá an leasú s'agam mar an gcéanna.

Chuaigh muid ar ais agus scrúdaigh muid an cheist seo arís mar a gheall mé. Mar a thug mé le fios ag an am, de réir an chomhairle dlí atá fós faighte agam, tá an míniú léiriú ar "chúirt" sa Bhille an-leathan ar fad sa méid is nach bhfuil sé uileghabhálach. Níl ráite sa míniú ach go bhfuil binsí fiosrúcháin nach luaitear de ghnáth i gcomhthéacs cúirte san áireamh. Níl cosc curtha ar bhinsí nó ar chomhlachtaí den tsort atá i gceist ag na Teachtaí. Mura go dteastódh uaim go mbeadh na binsí clúdaithe, ní chuirfinn isteach faoi leith iad. Tá gach rud atá ag cur imní ar na Teachtaí clúdaithe ann agus ní féidir liom ach dhul de réir chomhairle dlí mar ní saineolaí dlí mise.

Más rud é go bhfuil an chomhairle seo faighte ag an Aire ón Ard Aighne, glacfaidh mé leis.

Amendment, by leave, withdrawn.
Amendments Nos. 8 and 9 not moved.

I move amendment No. 10:

In page 12, line 4, after "Constitution" to insert "and any other language recognised for the time being as an official language for any purpose in the State".

Is iad na teangacha oifigiúla an Ghaeilge, ós í an teanga náisiúnta agus an príomhtheanga oifigiúil í, agus an Béarla, ós teanga oifigiúil eile í, mar a shonraítear in Airteagal 8 den Bhunreacht. Ba mhaith liom a chur leis sin "agus aon teanga eile a aithnítear de thuras na huaire mar theanga oifigiúil chun aon chríche sa Stát.".

Nuair a phlé muid an leasú seo ar Chéim an Choiste, dúirt mé go bhfuil an tír anois ilchultúrtha agus go bhfuil, mar shampla, 50,000 Sínigh anseo. Iad siúd atá ina saoránach, ba cheart go mbeadh siad ar chomhchéim le héinne eile sa tír ó thaobh cearta teanga de.

Labhair mé fosta faoin litir a fuair mé ó Chumann Daoine Bodhartha na hÉireann ar Irish sign language agus gur ceart go mbeadh sin aitheanta mar theanga dúchais. Mar a bhí scríofa sa litir, tá 50,000 daoine sa tír ag baint úsáid as Irish sign language. Tá aitheantas oifigiúil do theanga chomharthaíochta i bhFionnlainn, san Phortaingéil, i bPoblacht na Seice agus sa Ghréig. Bhí dhá rún a ghlaoigh ar stáit san AE go mbeadh aitheantas ann do theanga chomharthaíochta i mbunreachta na mballstáit os comhair Parlaimint na hEorpa, ceann i 1988 agus ceann eile 1999, agus glacadh leo.

Níor tháinig an teanga seo ón Bhéarla. D'fhorbair sé faoina stuaim féin agus tá cuid mhór daoine sa tír a úsáideann an teanga sin gan aon teanga eile acu. Ní thuigim conas nach féidir leis an Aire glacadh leis an leasú. Bhí an tír thar a bheith áthasach faoi na Special Olympics. Seo seans don Aire rud éigin a thabhairt do na daoine seo a dhéanfadh maitheas dóibh agus a chuideodh lena saol. Ní fheicim aon rud i gcoinne sin má fheicimid ar an gceist seo ar bhonn cothrom.

Labhair mé faoi Ulster Scots agus dúirt an Teachta Ó Snodaigh gur canúint agus nach teanga í. Ba mhaith liom tuairim an Aire a chloisteáil faoi sin.

Dá nglacfadh an tAire leis an leasú seo, nó dá dtabharfadh sé a leasú féin isteach, bheadh cearta teanga ag daoine bodhartha as seo amach. Tá aitheantas faighte ag daoine bodhartha i dtiortha eile agus glacadh leis an dá rún i bParlaimint na hEorpa agus tá muid in ann a dhéanamh anseo.

I am pleased to have the opportunity to make a small contribution on the Report Stage of this Bill. On Second Stage, I mentioned an issue that is related to amendment No. 10. This was more specifically outlined in amendment No. 9, which was ruled out of order because of a charge to the Exchequer. We would make a mistake to ignore the existence of Irish sign language. This is an opportunity to recognise that as a language in itself. It is a language that has been in existence for long enough to receive proper recognition.

We are looking at a languages equality Bill that offers official recognition to Irish as a first language and English as a second. However, we cannot ignore a language and a form of communication that is unique to Ireland and used by a large number of Irish people. For those people concerned, it is their first language. They are Irish citizens and the language they use as their first language should be recognised in this legislation.

It is regrettable that the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs has not shared my view point on this issue. I understand that offering Irish sign language official recognition might have a financial consequence on the Exchequer. We cannot change what is in the Constitution without a referendum. I was looking for a wording in the legislation that would say Dáil Éireann officially recognises the existence of Irish sign as a language used by some on this island as a first language. I was not calling for a referendum for this to be included in the Constitution. If the Minister and his Department wanted to accommodate my concerns, they could have done so without a significant charge – there may have been some small charge – on the Exchequer.

The Minister clearly indicated he will not accept my line of thought. However, I hope he will give some thought to recognition to what is an Irish language and mode of communication. It is a first language for a large number of people on this island who do not have the luxury of speech or hearing and rely on Irish sign language. They are as Irish as the rest of us here and their first language should be recognised and respected by this House.

Aontaím go mór leis an méid atá ráite ag na Teachtaí Coveney agus O'Shea faoin gcuid seo den mBille. Tá sé soiléir, ní hamháin gur teanga í ach gurb í an t-aon teanga í gur féidir leis na daoine seo a úsáid. Sin rud an-bhunúsach ar fad. Tuigim nach féidir leis an Aire freagra a thabhairt ar an gceist seo inniu, ach tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh an t-Aire agus an Rialtas sásta smaoineamh ar an gceist seo agus teacht ar ais go dtí an Dáil sa chéad seisiún eile. Bheadh ar an Aire labhairt le hAirí eile, particularly with the Minister of State with responsibility for people with disabilities.

This is the only language these people have. They cannot communicate in any other way. It is such a fundamental human rights issue for them and a basic principle nowadays, that it should be facilitated in legislation.

I ran a conference some years ago for 150 people. One lady attending asked if we had a sign language provision for somebody with her. She maintained that was her right, yet we could not provide that service. I learned about this issue from that incident. People must assert their rights. I ask the Minister for Community, Gaeltacht and Rural Affairs to reflect on the views that have been expressed here, to go to the Government and return in the autumn with a proposal on the matter.

I wish to make a correction. I referred to this as the languages equality Bill when it is in fact the Official Languages Bill. Equality, admittedly, is a word in the title in brackets. The Bill is about the recognition of official languages in the State. I am not proposing that all languages used by people on this island receive recognition from this House or in the Constitution as official languages of Ireland. I am referring to a uniquely Irish language and mode of communication which has grown and evolved over decades.

Is é an teideal atá ar an mBille, Bille na dTeangacha Oifigiúla. Níl ach dhá theanga oifigiúil sa Stát seo agus ní bheidh, go ndéanfar athrú ar an mBunreacht. Is iad an Ghaeilge agus an Béarla. Ar ndóigh, tugtar aitheantas do go leor teangacha sa tír seo ar bhealaí éagsúla, do theifigh agus do dhaoine a rugadh agus a tógadh sa tír seo. Tá sé tábhachtach go ndéanfaimid é sin.

Tá seanfhocal sa Ghaeilge: Is é an bóthar mór an t-athghiorra. In other words: The high road is the short cut. Má tá daoine ag iarraidh go mbeidh stádas theanga oifigiúla ag an teanga comharthaíochta is é an bealach le tabhairt faoi ná an cheist seo a chur faoi bhráid an choiste a dhéanann scrúdú ar an mBunreacht, í a phlé ansin agus teacht ar ais le moladh a chuirfear faoi bhráid an phobail i reifreann. Má déantar teanga oifigiúil di beidh orainn an reachtaíocht seo a leasú dá réir.

Idir an dá linn, tá sé tábhachtach go dtabharfaimid aitheantas don teanga comharthaíochta. Bhí duine liom aréir a bhain úsáid as an teanga sin le labhairt liom. Pléifidh mé an cheist seo le mo chomhghleacaí, an t-Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí le gur féidir leis é a thógáil san áireamh nuair a bheidh Bille á thabhairt chun cinn ó thaobh seirbhísí a bheith ar fáil agus ó thaobh na ceiste praiticiúla a d'ardaigh an Teachta O'Dowd, ach ní seo an áit le tosú.

Má tá na Teachtaí dáiríre faoin gceist ba cheart í a chur faoi bhráid an choiste atá ag scrúdú an Bhunreachta.

Fáiltím roimh an dea-mhéin a léirigh an t-Aire dos na daoine a bhfuilimid ag caint fúthu. Tá 50,000 duine sa tír seo úsaideann ISL agus 5,000 a úsáideann an teanga seo gach lá. Níor fhreagair an t-Aire an cheist a chuir mé maidir le Ulster Scots. Ba mhaith liom an freagra sin a fháil uaidh.

Beidh mé ag brú an leasaithe seo. Fáiltím roimh gealladh an Aire go rachaidh sé chun cainte leis an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ar an gceist seo. Molaim an t-Aire i dtaobh an dul chun cinn sin. Beidh mé ag cur an leasaithe seo ach fáiltím an méid a dúirt an tAire go rachaidh sé i mbun cainte leis an Aire Dlí agus Cirt, Comhionnas agus Athchóirithe Dlí ar an gceist seo.

An raibh an tAire ag caint faoi Bhille do dhaoine le míchumas?

Is ceist bhunreachtúil é stádas oifigiúil. Beidh mé ag labhairt leis an Aire faoi seirbhísí do dhaoine le míchumas agus cearta ó thaobh seirbhísí laethiúla a bheith ar fáil do dhaoine a bhaineann úsáid as an teanga chomharthaíochta.

Níl an tAire chun seo a chur sa Bhunreacht?

Má theastaíonn ón Theachta teanga oifigiúil a dhéanamh dó, sé an t-aon bhóthar ná an Bunreacht mar sin an áit a luaitear na teangacha oifigiúla. Má theastaíonn uaidh go gcuirfidh bunsheirbhísí ar fáil dóibh siúd óna bhfuil seirbhísí sa teanga sin ag teastáil, is tríd reachtaíocht eile a dhéanfar é, Billí míchumais agus oideachais mar shampla. Tá dhá cheist ann agus tá dhá bhealach le tabhairt faoi. An t-aon bhealach amháin gan tabhairt faoi ná an bealach anseo.

Ó thaobh Ulster Scots de, ní saineolaí teanga mé agus ní fhéadfainn an Teachta a fhreagairt. Ach cuirim an cheist seo: an canúint de chuid na Gaeilge é Gaidhlig na hAlbain nó an teanga as féin é? Fágfaidh mé sin aige chun smaoineamh air.

Amendment put and declared lost.
Amendment No. 11 not moved.

I move amendment No. 12:

In page 12, lines 37 and 38, to delete ", with the consent of the Minister for Finance".

Seo ceist faoi toil an Aire Airgeadais. Ní gá go mbeadh seo fríd an Bhille. Tá sé luaite in alt 3, áit a deir sé:

Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire agus aon Aire eile den Rialtas ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Sin cead, ní toil, agus tá difir mór ann. Is cóir go scriosfar na tairgairtí don Aire Airgeadais.

Tá sé aisteach go bhfuil ceann amháin de na leasuithe seo faoi toil an Aire Airgeadais rialta as ord ag an Cheann Comhairle ar bhonn go bhfuil muirear ionchasach ar ioncam i gceist agus níl na cinn eile. Tuigim gur cleachtais Dála sin ach, le bheith réalaíoch faoi, ní féidir leis an bhFreasúra riamh airgead a tharraingt as Ciste an Stáit. Ba chóir go mbeadh na leasuithe seo ceadaithe agus go mbeimis in ann déileáil leo ar bhonn parlaiminte. Má ghlacann an Rialtas leo, é a bheidh ag glacadh go mbeidh ar Chiste an Stáit íoc as, ní sinne mar ní féidir linn. Sin an fáth go bhfuil muid ar an dtaobh seo den Teach. Bíonn an argóint sin seafóideach.

Tá súil agam go leasfar an córas anseo sa dóigh is gur féidir linn déileáil le leasaithe atá réalaíoch. Níl mé ach ag iarraidh go scriosfar "toil an Aire Airgeadais". Cad chuige nach bhfuil "toil an Rialtais" ann? Tá sé scríofa cheana go bhfuil gach uile costas a thagann as an Acht seo ag teacht le cead an Aire Airgeadais. Tá "toil" difriúil. Níl a fhios agam cad é meon an Aire Airgeadais faoin Ghaeilge ach d'fhéadfaí go mbeadh Rialtas ann agus Aire Airgeadais ann gan bá ar bith i leith na Gaeilge aige. Tá mé ar lorg go mbainfí "toil an Aire Airgeadais" as an Bhille agus go mbeimis in ann brath ar Aire Ghaeilge a bheidh ag brú go ndéanfar na rialacháin seo gan bheith ag brath ar toil an Aire Airgeadais.

Tá a fhios agam go ndéarfaidh an tAire gur foirm focail atá i gceist agus go bhfuil Rialtas i gceist. Má tá sin i gceist, ba chóir é a scríobh sa mBille. Bunrud atá an Rialtas ag rá ná gur chóir go mbeadh dlíthe simplí. Má tá cíall le rud atá ann, ba cheart go scríofaí é agus gan é a chur i bhfolach i bhfocal eile.

Impím ar an Aire glacadh leis seo sa dóigh is nach mbeidh orainn géilleadh do rud amháin nó rud eile toisc gur seo an rud atá os ár gcomhair agus go gcaithimid glacadh leis mar gur seo an rud is fearr.

Seo cosúil le Comhaontú Aoine an Chéasta. Ghlac muid leis ach rinne muid iarracht go dtí an noiméid deireanach é a athrú ionnas go mbeadh an rud is fearr é leis an méid is mó ónár dtaobh. Nuair a bhí an Rialtas ag gabháil do Chomhaontú Aoine an Chéasta bhí sé ar lorg rudaí go dtí an noiméid deireannach. Sin an fáth go bhfuil mé ag cur na leasuithe seo go dtí an noiméid deireannach – beimid in ann a rá go ndéarna muid iarracht meon an Rialtais a athrú ar an gceist seo agus go mbainfí amach "le toil an Aire Airgeadais" mar tá sé clúdaithe cheana agus tugann sé treo mícheart don chuid eile den Bhille.

Tá sé coitianta i measc an phobail an tuairim seo go bhféadfadh ar bhealach éigin Rialtas a roghnú sa gcaoi is go mbeidh Airí a dhéanfaidh go leor rudaí i nganfhios don Aire Airgeadais. Dá ndéanfaí sin, ní Rialtas a bheadh ann ach 15 rialtais agus ní shin an leagan amach bunreachtúil atá againn. Mar sin, bíodh sé scríofa nó ná bíodh, ní féidir le hAirí costas a tharraingt gan an sparanaí a aontú leis.

Deir an Teachta Ó Snodaigh gur ceart cur isteach go gcaithfidh mé toil an Rialtais a fháil. Má dhéanaim sin, chuile uair a bheidh mé ag iarraidh rialachán a dhéanamh, caithfidh mé meanram oifigiúil a chur faoi bhráid an Rialtais agus a chead a fháil. Tá sé i bhfad níos fusa go praicticiúil cead an Aire Airgeadais a fháil mar níl aon mheanram mór Rialtas i gceist. Dá mba rud é go raibh coimhlint idir bheirt Aire – an tAire Airgeadais agus an An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta – agus nach raibh siad in ann é a réitiú, tá an ceart ag na hAirí dhul chuig an Rialtas agus a rá nach bhfuil siad in ann an cheist a réitiú eatarthu agus chaithfeadh an Rialtas treoir a thabhairt. Sa ghnáthobair laethúil, is fusa i bhfad an fhoirm "le toil an Aire Airgeadais" seachas a bheith ag caint faoi dhul chuig an Rialtas faoi chuile rialachán faoin mBille seo.

Bíodh sé ann nó ná bíodh sé ann, ní athraíonn sé an fhírinne – nach féidir costas a tharraingt gan an tAire Airgeadais a bheith san áireamh agus sin a fáth atá sé sa mBille. Is fusa go meicniúil fosta cead an Aire Airgeadais a fháil ná go gcaithfidh meanram Rialtais iomlán a réitiú faoin chuile rialachán. Ar an mbonn sin, d'iarrfainn ar an Teachta an leasú a tharraingt siar.

Níl mé chun é a tharraing siar. Tá difríocht mhór idir chead agus toil an Aire Airgeadais. Chun cead a thabhairt ní gá dó ach meamram a shíniú. Is ionann na focail Béarla sanction agus consent. Ní gá don fhocal a bheith ann. Deirtear cheana san mBille gur gá don Rialtas glacadh leis, ó thaobh airgid de, gurb é an t-Aire Airgeadais a shineoidh an meamram. Ní bhaineann toil leis sin.

Deir an t-Aire nach féidir le hAire déanamh mar is mian leis. B'fhiú dó é sin a rá leis an Teachta McDowell, a bhíonn ag fógairt Billí nua agus caiteachas Rialtais gach lá ar an raidió agus gan cuma ar an scéal go bhfuil eolas ag an Rialtas fúthu nuair a chuirimid ceist ar an Taoiseach an lá dar gcionn. Tarlaíonn rudaí mar sin—

Tarlaíonn sé agus tá sé tarlaithe ón uair a tháinig mise isteach sa Dáil. Tá an t-Aire Dlí agus Cirt, Comhionnanais agus Athchóirithe Dlí tar éis a lán rudaí a fhógairt ins na meáin nach raibh i bplean reachtaíochta an Rialtais agus nach raibh eolas ag an Taoiseach nó ag an Tánaiste fúthu.

Táimid ag iarraidh déanamh cinnte nach mbeidh Aire amháin in ann bac nó moill ar chur ar rialacháin nó ar scéimeanna an Bhille seo chun an Ghaeilge agus cearta Ghaeilgeoirí a gcur chun cinn.

I leith caiteachais, tá sé scríofa in alt 3 go bhfuil an Rialtas ar fad i gceist agus go gceadóidh an t-Aire é. Ciallaíonn sé sin go mbeidh treoir á thabhairt ag an Rialtas don Aire Airgeadais. Sa chás seo tá cinneadh idir dhá Aire, Aire na Gaeltachta – nó b'fhéidir Aire na Gaeilge amach anseo – agus an t-Aire Airgeadais, i gceist.

An bhfuil an t-Aire sásta glacadh le ceann ar bith de leasaithe an Fhreasúra atá ar an gclár?

Tá an t-am imithe anois.

Go praiticiúil, ní fheicim aon difríocht idir toil an Aire agus cead an Aire. Ní bheidh Aire amháin in ann seasamh san mbealach. Ach caithfear coinneáil leis an tuairim go bhfeidhmíonn an Rialtas mar aonad. Níl aon bunús bunreachtúil leis an smaoineamh seo atá ag dul thart go bhféadfadh na hAirí bob a bhualadh ar a chéile agus dul ar aghaidh lena rudaí féin. Deirtear go soiléir san mBunreacht go bhfuil gach Aire freagrach as gníomhaire agus gnóithí gach Aire eile. Tá sin sonraithe san mBunreacht. Mar sin, is cineál argóint gan mórán bunús atá anseo.

Dá dtarlódh sé go raibh beirt Aire nach raibh ag teacht ar aon réiteach, agus go hiondúil ní tharlaíonn sé sin, is féidir breithiúnas an Rialtais a fháil air sin. Caithfidh gach Aire glacadh le breithiúnas an Rialtais.

Tá sé i bhfad níos áisiúla, ó lá go lá, gur cead an Aire Airgeadais a bheadh i gceist, seachas a bheith ag dul chuig an Rialtas. Éinne go bhfuil plé aige le cúrsaí Rialtais tuigfidh sé an méid ullmhúcháin a caithfear a dhéanamh ar mheamram an Rialtais le hais dul ag an Aire Airgeadais le haghaidh ceadú.

Question, "That the words proposed to be deleted stand", put and declared carried.
Amendment declared lost.

I move amendment No. 13:

In page 14, line 26, after "with" to insert "the Commissioner and".

Baineann an leasú seo le rialacháin agus ceapaim gur fearr dom fo-alt 4(1)(c)a léamh i dtús báire:

más rud é, le linn na chéad 3 bliana d'fheidhm an Achta seo maidir le comhlacht poiblí a shonraítear ibhfomhír (3), (4)(5) de mhír 1 den Chéad Sceideal, go n-éireoidh aon deacracht i ndáil leis an Acht seo a thabhairt i ngníomh a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gcomhlacht sin, aon ní a dhéanamh le rialacháin ar dealraitheach gur gá nó gur fóirsteanach é chun an tAcht seo a thabhairt i ngníomh a mhéid atá feidhm aige maidir leis an gcomhlacht sin agus féadfar, le rialacháin faoin mír seo, a mhéid amháin is dealraitheach gur gá é chun na rialacháin a thabhairt in éifeacht, foráil den Acht seo a mhodhnú má tá an modhnú i gcomhréir le críocha, prionsabail agus meon an Achta seo,

Séard atá i gceist leis an leasú seo ná go mbeadh lámh ag an gcoimisinéir sa scéal. Teastaíonn uainn fo-mhír (4) a aistriú ar an tslí seo. I gcás ina mbeartaíonn an t-Aire rialacháin a dhéanamh faoin bhfo-alt 4(1)(c), atá léite agam, sula ndéanfaidh sé nó sí amhlaidh, molaim go rachadh sé nó sí i gcomhairle leis an gcoimisinéir agus le cibé Aire eile (más ann) den Rialtas is cuí leis an Aire ag féachaint d'feidhmeanna an Aire eile sin den Rialtas i ndáil leis na rialacháin atá beartaithe.

Má tharlaíonn sé go mbeidh an t-Aire ag déanamh athraithe ar na rialacháin, molaimid go rachadh sé i gcomhairle leis an gcoimisinéir. Níl aon duine eile a mbeadh taithí chomh leathan aige ar na rialacháin agus a bheadh ag an gcoimisinéir agus é ina phost ar feadh tamaill. Níl aon chiall leis an gcoimisinéir a fhágáil as an scéal nuair a bhíonn an t-Aire i mbun athrú a dhéanamh ar na rialacháin.

Tá bun loighice leis an moladh atá ann. Tá sé cosúil lena rá linn dul i gcomhairle leis na breithiúna agus muid ag déanamh dlithe agus iarraidh orthu, ina dhiaidh sin, breithiúnas a thabhairt orthu. Ar ndóigh, bhéadh an breitheamh beagáinín páirteach faoin gcomhairle a thabharfadh sé. Mar an gcéanna leis an gcoimisinéir. Caithfidh an coimisinéir a bheith neamhspleách agus feicthe a bheith neamhspleách. Thiocfadh sé salach ar an neamhspleáchas sin dá mbeadh sé ag tabhairt comhairle d'Aire maidir le rialacháin a bheadh ar intinn ag an Aire a dhéanamh. Tá, mar shampla, cead ag an gcoimisinéir tráchtaireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an Achta ó am go ham, faoi alt 29. Bhéadh fadhb ann, nó cosúlacht faidhbe ann, dá mbéadh duine ag déanamh tráchtaireacta neamhspleácha ar rud a raibh sé tar éis comhairle phearsanta a thabhairt faoi roimhe sin. Mar sin, is fearr i bhfad nach mbeadh aon bhaint ag an gcoimisinéir le hobair na polaitíochta ná nach mbeadh aon bhaint ag polaiteoirí le breithiúnas an choimisinéara agus iad a choinneáil scartha. Dírim an Teachta ar bhun-phrionsabail an scarúint idir an té a thugann an breithiúnas agus a dhéanann tráchtaireacht neamhspleách ar rud agus na polaiteoirí.

Iarraim ar an Teachta an leasú a tharraingt siar.

Bhí mé ag éisteacht leis an meid a duirt an tAire. Ní féidir comparáid dhíreach a dhéanamh idir breitheamh agus an córas polaitíochta agus an coimisinéir agus an córas céanna. Tá sé ar aigne agam sa leasú an saghas comhairle a bheadh i gceist nó smaointe an choimisinéara a fháil ar an rud. Ní bheadh aon lámh ag an gcoimisinéir sa chinneadh deireannach ach bheadh a chuid tuairimí an-thábhachtach.

Glacaim leis an scaradh a chuir an tAire os ár gcomhair agus tá sé tábhachtach go mbeadh an coimisinéir neamhspleách ar gach slí ach is ceart a thógáil isteach san áireamh nuair a bheadh aistriú a dhéanamh ar na rialacháin go mbeadh an t-eolas atá aige faighte. Níl aon cheist ann go gcuirfí isteach ar a phost in aon slí. Cén deacair a bheadh ann tuairimí an choimisinéara a fháil?

Níl an rud atá molta infheidhmithe. Tharraingeodh sé go leor deac rachtaí praiticiúla amach. Dá gcuirfeadh an coimisinéir comhairle agus dá nglacfaí leis, dá bhfaigheadh sé amach nach raibh an rud ag feidhmiú chaithfeadh sé teachtaireacht a eisint a rá nach bhfuil feidhm leis agus é tar éis comhairle a thabhairt. Ar mhaithe leis an gcoimisinéir, is fearr é a choinneáil ar thaobh amháin agus gan bheith ag imirt ar an dá fhoireann ag an am céanna. Mar sin, d'iarrfainn ar an Teachta géilleadh don phointe atá mé a dhéanamh.

Níl mé sásta fá sin ach ní chuirfidh mé an leasú.

Amendment, by leave, withdrawn.

Acting Chairman

Tá leasuithe Uimh. 15 agus 16 gaolmhar le leasú Uimh. 14 agus glacfar maraon iad.

Tuigim an pointe leis na leasuithe ach rinne muid na leasuithe sin an lá faoi dheireadh. Tá siad déanta cheana. Rinne mé leasú ar Chéim an Choiste a fhreagraíonn sin.

An fhadhb is mó atá againn inniu ná go bhfuil gantannas ama againn le pointí an-thábhachtach ar fad a phlé. Tá mé sásta leis an freagra a fuair mé nuair a pléadh na leasuithe.

Amendments Nos. 14 to 16, inclusive, not moved.

I move amendment No. 17:

In page 16, lines 8 and 9, to delete "direct speech may be reported therein in the language in which it is spoken" and substitute "contributions (whether oral or in writing) in either of the official languages by persons may be published therein solely in that language".

Phlé muid seo cheana. Má freagraítear ceist i scríbhinn, ní bheidh gá í a aistriú sa Tuairisc Oifigiúil agus ní bheidh difir idir sin agus ceist bhéil a fhreagairt. Tá an leasú seo a mholadh ar chomhairle an Dréachtóra Pharlaiminte le soiléiriú breise a dhéanamh ar bhrí na forála seo. Ní raibh i gceist agam riamh go mbeadh ceisteanna Dála scríofa agus a leithéid aistrithe go Gaeilge nó go Béarla. Tuigim go bhfuil na focail "caint dhíreach" débhríoch ó thaobh an dlí de agus is leasú é seo a chinnteoidh go mbeidh rud ar bith a chuireann Teachta isteach ar thaifead an Dála sa teanga sin sa tuairisc.

Chaith muid a lán ama sa choiste ag déileáil le leasuithe – bhí 90 acu ann – ach faoi láthair, níl na "blacks" le fáil ach go dtí leasú Uimh. 9. Chonaic mé sin deich noiméid sular tháinig muid anseo. Ní raibh muid in ann féachaint siar ar cad é a dúradh. Dá mbeinn ar lorg na "blacks" don chuid a dúradh as Béarla sa choiste, bheadh sin le fáil. Sin cé chomh tubaisteach is atá an rud seo. Aontaím leis an Aire ach caithfidh athrú iomlán teacht muna féidir linn teacht ar a laghad an bunrud ionnas go mbeimis in ann déileáil leis nuair atá muid ag cur leasaithe chun cinn ar an mBille.

Ceann de na hiarrachtaí atá sa mBille ná, nuair a deirtear rud, beidh an tseirbhís ar chomhchéim. Dá bhféadfaimis sin a dhaingniú go mór in intinn an phobail, bheadh dul chun cinn déanta. Sin an fáth go bhfuil roinnt rudaí áirithe teoranta ag an tús mar, mar a dúirt an Teachta Ó Snodaigh, tá muid chomh fada taobh thiar, fiú faoi rudaí ar cheart bheith déanta ar chomhleibhéal leis an mBéarla cheana féin. Seo an chéad rud a chaithfimid tabhairt faoi – a rá nuair a deirimid comhuaineach, is comhuaineach atá i gceist. An lá go bhfoilseofar an leagan Béarla, ba cheart go mbeadh an leagan Gaeilge ar fáil.

Amendment agreed to.
Amendments Nos. 18 to 20, inclusive, not moved.

I move amendment No. 21:

In page 16, to delete lines 20 to 23 and substitute the following:

"(3) For the purposes of ensuring that no person is placed at a disadvantage as aforesaid, the court may cause such facilities to be made available, as it considers appropriate, for the simultaneous or consecutive interpretation of proceedings from one official language into the other.".

Tá an leasú seo a mholadh agam ar chomhairle an Dréachtóra Pharlaiminte le soiléiriú breise a dhéanamh ar bhrí na forála áirithe. Tuigim ó na Seirbhísí Cúirte go mbíonn buntáiste ann i gcásanna áirithe aistriúchán comhleanúnach a bheith in úsáid in áit chóras aistriúcháin chomhuainigh.

Faoin leasú seo, fágfar an dischréid ag an mbreitheamh cinneadh a dhéanamh faoin gcóras aistriúcháin. Níl aon dischréid aige gan aistriúcháin a chur ar fáil ach beidh dischréid córas comhuaineach mar atá againn anseo, nó córas leanúnach cosúil leis an cheann a úsáidtear san Eorap, nuair a deir duine trí abairt i dteanga amháin agus aistrítear sin agus ansin trí abairt eile agus aistrítear sin. Sin a dhéantar nuair nach bhfuil uirlisí aistriúcháin ar fáil. Is nós coitianta sa gcoigríoch sin.

Tuigim sin ach tá focail istigh nach raibh ann roimhe seo, "is dóigh léi is cuí", "as is considered appropriate". B'fhéidir nach mbeadh an breitheamh báúil don nGaeilge agus déarfadh sé nach gcuí sin agus ní dhéanfaí é.

Is iad na focail atá san mBille comhuaineach agus comhleanúnach nó, mar a deirtear san mBéarla, consecutive and simultaneous. Níl an tríú rogha ann, gan aistriú ar bith a chur ar fáil. Therefore, "appropriate" means a choice between consecutive and simultaneous, nó idir comhuaineach agus comhleanúnach. Ní féidir leis an mbreitheamh a shocrú nach ndéanfar aistriúcháin ar chor ar bith. That is out.

Amendment agreed to.

Acting Chairman

Pléifear leasaithe a 22 agus 23 le chéile, le cead an Tí.

I move amendment No. 22:

In page 16, line 24, to delete "civil proceedings" and substitute "proceedings (both civil and criminal)".

Níor mhaith liom moill a chur ar an díospoireacht ach ba mhaith liom tuairim an Aire a chlos faoin leasú seo.

Tá mé beagáinín curtha amach faoi thuairisc a chonaic mé ar an bpáipéar nár thug, dar liom, léargas ceart ar na fadhbanna a d'ardaigh mé ar Chéim an Choiste.

Tá roinnt mhaith fadhbanna i gcásanna coiriúla. Níl mórán faidhbe ann ag an dtriail féin ach tarlaíonn siad toisc go dtógtar roinnt cásanna coiriúla ins na céad céimeanna go tobann. D'fhéadfadh sé a bheith deacair i gcás mar sin a dhéanamh cinnte go mbeadh Gaeilge ag duine. Sin an rud a dúirt mé. Ní fheicim fadhb praiticiúil dá laghadh maidir le héisteacht cás trí Ghaeilge nuair a thagann tú go dtí an triail féin, rud a thagann tar éis imeacht ama. Ní shin a bhí ag déanamh imní.

Dá mbeimís ag glacadh leis an leasú seo tharraingeodh sé go leor ceisteanna maidir le triail a chur agus inniúlacht teanga agus mar sin de. D'iarrfainn ar na Teachtaí glacadh leis go mbeidh mé ag leagan amach ins na pleananna go mbeidh seirbhísí cúirte – chomh fada agus atá sé praiticiúil – de bhreis ar an soláthar atá san Acht, á reachtáil i nGaeilge, sa mhéid is go dteastaíonn sé ó dhaoine atá pairteach in imeachtaí cúirte. Tá fadhbanna teicniúla i ngach uile cás coiriúil agus ar gach stad den chas. Bhéadh sárú na bhfadhb níos indéanta agus triail ar bun ná ag na pointí tosaigh.

Tuigim cad atá ráite ag an Aire. Bheadh sé náireach ar fad dá mbeadh daoine ag lorg triail as Gaeilge agus gan aon Ghaeilge acu. Aontaím leis an Aire sa mhéid sin.

Tá cúirteanna coiriúla agus cúirteanna sibhialta ann. Ní bhíonn baol go leagfaí píonós ar dhuine ins na cúirteanna sibhialta. Ach, i gcúirt choiriúil nuair atá duine i mbaol príosúin, mar shampla, tá sé tábhachtach go mbeadh gach cead ag duine. Níor mhaith liom go mbeadh duine a raibh baint aige le rudaí náireacha in ann triail a chur ar athló nó an dallamullóg a chur ar an Stát. Mar sin féin caithfear cearta an tsaoránaigh a theastaíonn uaidh an Ghaeilge a úsáid a chosaint, más duine macánta é. Conas is féidir an cheist seo a plé? Caithfear an t-aitheantas céanna a thabhairt don Ghaeilge ins na cúirteanna coiriúla agus ní thugann an Bille é sin.

Tá míthuiscint anseo. Má tógtar mise isteach sa chúirt choiriúil i lár na hoíche beidh ar an gcúirt teangaire a chur ar fáil dom agus an cás a éisteacht i mo rogha theanga. An rud nach mbeidh ar an Stát a dhéanamh ná an cás a thógáil i m'aghaidh i nGaeilge. Is é sin, ní gá go mbeadh Gaeilge ag abhchóide an Stáit. Muna mbeadh, d'fhéadfadh an teangaire Béarla abhchóide an Stáit a aistriú go Gaeilge ar mhaithe liomsa. Tá ceart ag an saoránach é féin a chosaint ina rogha theanga agus teangaire a bheith ar fáil chun an teanga eile a thuiscint.

Nílimid ag cur dualgas ar an Stát i gcúirt coiriúil an cás a thógáil i nGaeilge, is é sin, go mbeadh Gaeilge ag an dream a bheadh i mbun an inchúisimh, idir ghardaí, aturnaetha agus eile. Mar is eol don Teachta, tagann cuid des na cásanna seo suas go tobann i lár na hoíche. Go hiondúil, bíonn an chéad éisteacht an-ghearr agus cuirtear an duine siar faoi choinneáil nó amach ar bhannaí.

Beidh cead ag an Stát an cás a thógáil i mBéarla agus teangairí a úsáid ach níl éinne ag cur as don cheart atá ag an té a bheadh sa chúirt Gaeilge a úsáid agus teangaire a bheith ann leis an nGaeilge a aistriú go Béarla agus an Béarla a aistriú go Gaeilge. Ná bíodh aon mí-thuiscint faoi sin.

Do réir mar a thuigim a bhfuil á rá ag an Aire, ní ligfidh an Bille do choirpeach droch úsáid a bhaint as an reachtaireacht seo agus ní chuirfidh sé iacall ar an Stát Gaeilge a úsáid i gcúirt a ghlaotar go tobann, i lár na hoíche b'fhéidir. Ar ndóigh ní tharlódh a leithéid i ngnáth chúirt choiriúil.

Ní tharlódh.

Tá mé sásta leis sin.

Caithfidh mé idirdhealú beag a dhéanamh. Abair gur tógadh duine isteach i lár na hoíche tar éis rud tromchúiseach a dhéanamh, gur éiligh sé cás i nGaeilge, cé nach raibh aon Ghaeilge aige, agus nach raibh Gaeilge ag an aturnae. Bheadh fadhb ann ansin. Sin an rud atáimid ag iarraidh a sheachaint agus ní aon rud eile. Ar ndóigh, maidir leis an triail féin, bhéadh réamhfhógraíocht i gceist. Dá mbeadh Gaeilge ag an té a bheadh tógtha agus ag iarraidh an cás a dhéanamh i nGaeilge dáiríre, caithfí teangaire agus mar sin de a chur ar fáil agus bheadh ceart iomlán aige Gaeilge a úsáid. Ní bhéadh aon fhadhb faoi sin. Ach ní bheadh gá ag aturnae an Stáit Gaeilge a úsáid. Chaithfeadh an teangaire sin a aistriú. Sin an t-aon difríocht amháin atá ann. Ceapaim gur fearr an beagáinín saoirse sin a fhágáil.

Más rud é gur deineadh rud tromchúiseach sa Ghaeltacht bheadh Gaeilge ag an gharda agus ag an aturnae. Tuigim go bhfuil seans mór nach mbeadh Gaeilge ag na daoine sin dá dtarlódh a leithéid sa ghalltacht. Nach féidir an riachtanas a bheith teoranta, cé nach n-aontaím le teorainn i bprionsabail? Nach féidir an riachtanas Gaeilge a threisiú sa Ghaeltacht agus an ceart a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta an Ghaeilge a úsáid ins na cúirteanna ina dhúthaigh féin? Níl aon dabht ach go bhféadfaí teacht ar dhaoine a raibh Gaeilge acu ins na háiteanna sin. Tá sé bunúsach go mbeadh an ceart sin ag muintir na Gaeltachta. Tuigim go bhfuil argóint eile ann i mBaile Átha Cliath agus i measc lucht na Gaeilge ansin. Nach féidir, áfach, cearta a neartú sna ceantair Gaeltachta?

Is léir on mBille go bhfreastálfar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge sa nGaeltacht. Tá rud ann go gcaithfidh an Ghaeilge bheith mar theanga oibre ag oifig Stáit isteach sa nGaeltacht. Mar chuid den chóras pleanála, caithfear déanamh cinnte go mbeidh seirbhísí cúirte ar fáil trí Ghaeilge sa nGaeltacht agus caithfidh, de réir na reachtaíochta seo, déanamh cinnte go ndéanfar freastal ar an nGaeilge sa nGaeltacht i ngach seirbhís Stáit, ní amháin na cúirteanna. Cíallaíonn sin daoine atá in ann a ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Tá sin clúdaithe i gcodanna eile den Bhille.

Is í an fhadhb atá ann, tá níos mó Gaeilgeoirí laethúla taobh amuigh den nGaeltacht anois – tá go leor acu de bhunadh na Gaeltachta – ná mar atá taobh istigh de na limistéirí oifigiúla Gaeltachta. Caithfimid freastal orthu siúd agus a gcearta a chosaint. Is ceart go mbeadh daoine le Gaeilge ag déileáil le cásanna Gaeilge ach d'fhéadfadh éigeandáil a éirí agus níor mhaith liom an doras a dhúnadh ar an éigeandáil áirithe sin. Níl éinne ag cur as de chearta cás a thógáil trí Ghaeilge i gcuile chúirt sa tír agus i gcuile áit sa tír.

Question, "That the words proposed to be deleted stand" put and declared carried.
Amendment declared lost.
Amendment No. 23 not moved.

I move amendment No. 24:

In page 16, line 24, after "body" to insert "(including the head of a public body)".

Seo leasú teicniúil. Fuair mé comhairle go bhfuil an sainmhíniú ar chomhlacht poiblí lochtach. Cíallaíonn sé Roinn Stáit nó eagras. Ní daoine dlíthiúla iad lucht Ranna Stáit agus ní bhíonn siad mar pháirtithe i gcásanna cúirte. Is é ceannaire na Roinne – An tAire – a bhíonn mar pháirtí i gcásanna cúirte agus ba cheart go mbeadh sin soiléir sa reachtaíocht. Ba mhaith liom go léifeadh alt 8(4) "I gcás inar páirtí in imeachtaí sibhialta os comhair na cúirte an Stát nó comhlacht poiblí (lena n-áirítear ceann comhlachta phoiblí).".

Mar a gheall mé le linn na díospóireachta ar Chéim an Choiste, ghlac mé tuilleadh comhairle le hOifig an Dhréachtóra Parlaiminte maidir leis seo. De réir an chomhairle a fuair mé, ní gá leis an leasú sonrach atá molta ag Teachta toisc nach bhfuil difríocht ó thaobh cásanna dlí idir comhlacht poiblí agus a cheann. Glactar go bhfuil ceann comhlachta phoiblí freagrach d'Aire Rialtais nó do bhord Stáit i gcónaí. Bíonn dualgas air feidhmiú i gcomhréir le polasaí an Aire nó an bhoird. Tá dualgas agus freagracht air mar gheall air sin go n-oibreoidh ceann na Roinne Stáit nó an comhlactha poiblí i gceist seachas a chomhairle féin. Níl gá leis an leasú.

Amendment, by leave, withdrawn.

I move amendment No 25:

In page 16, lines 32 to 34, to delete all words from and including "such" in line 32 down to and including "circumstances" in lines 33 and 34 and substitute "the first official language".

Leasú simplí seo. I gcás nach bhfuil réiteach ann idir dhá pháirtí atá os comhair na cúirte, go mbainfear úsáid as an phríomhtheanga oifigiúil mar sin teanga bunúsach don chóras dlí sa tír.

Is fearr an cás a fhágáil mar atá sé. Ní féidir liom glacadh leis an leasú.

Amendment, by leave, withdrawn.

Acting Chairman

Tá leasuithe Uimh. 26 agus 27 gaolmhar agus glacfar le chéile iad.

I move amendment No. 26:

In page 16, line 35, to delete "a person" and substitute "any witness or any party, other than the State or a public body,".

Phlé muid seo cheana agus bhí mé ag iarraidh tuilleadh eolais air.

Leasaíodh é.

Amendment, by leave, withdrawn.
Amendment Nos. 27 and 28 not moved.

Acting Chairman

Tá leasuithe Uimh. 29 agus 30 gaolmhar agus glacfar le chéile iad.

I move amendment No. 29:

In page 18, line 3, to delete "may" and substitute "shall have a duty to".

Baineann seo le comhlachtaí poiblí. Tá i gceist ná go mbeadh an fhoclaíocht dhearfach seachas go mbeadh aon seans ann nach dtarlóidh a leithéid agus sin an fáth atá mé ag iarraidh go n-athrófar "Féadfaidh an Aire" go dtí rud cinnte –"Beidh sé de dhualgas ar an Aire". Ní chaitheamh anuas ar an Aire anseo mar rinne sé an obair seo ach d'fhéadfadh Aire Gaeltachta a bheith i bhfad níos leithsciúla nó gan an méid sin speis aige san obair a bhaineann leis an nGaeilge. Ba mhaith go ndéanfar cinnte go mbeadh dualgas iomlán ann go ndéanfaidh aon Aire as seo amach cad tá leagtha síos san Acht agus go mbeimis cinnte mar Ghaeilgeoirí go bhféadfaimis ar gcearta a éileamh.

Dá ndéarfaí "déanfaidh an tAire rialacháin a fhoráil", cén uair a bheadh an gníomh déanta? Nuair a bheadh trí rialacháin déanta nó deich gcinn? Sin fáth go bhfágtar "féadfaidh" ann – mar níl aon teorainn leis an méid rialacháin gur féidir leis an Aire a dhéanamh faoin alt seo agus sin mar ba cheart dó a bheith. Má chuirtear "déanfaidh" isteach, caithfidh an cheist a chur cathain a bheidh sé déanta. Níor mhaith liom go mbeadh srian orm ag déanamh rialacháin sa gcás áirithe seo mar shamhlóinn go mbeadh rialacháin i ndiaidh rialacháin de réir mar a bheadh gá leo. Is rud caighdeánach seo. Aontaím leis an rud atá an Teachta a rá ach an méid smaoinimh a dhéanann sé air, is mó a d'fheicfeadh sé gur srian a bheadh sa bhfocal "déanfaidh". Ach dá mhéad smaoineamh a dhéanann tú air is ea is mó a d'fheicfeá gur srian a bheadh sa bhfocal "déanfaidh" seachas saoirse. Is é a chiallaíonn an focal "féadfaidh" ná nach bhfuil aon teorainn leis an méid rialachán a déanfaí. Cé go mbreathnaíonn sé níos laige tá i bhfad níos mó féidireachtaí ag baint le "féadfaidh" ná "déanfaidh" sa gcás áirithe seo.

Tá an moladh atá i leasú s'agamsa níos láidre ná sin. Aontaím leis an Aire gur féidir míniú mícheart a bhaint as "déanfaidh". Is é atá i gceist agam go mbeidh dualgas ar an Aire. Ní chuireann sin srian ar rud ar bith. Leanfaidh an dualgas sin go deo na ndeor.

Ba chóir an t-athrú a dhéanamh. Tuigim gur seo gnáth cheardaíocht an dréachtóra. Bíonn brí ag na dréachtóirí ar fhocail nach mbíonn ag an ghnáth phobal. Dá bhféadfadh an t-Aire athrú a dhéanamh ar an tsean chóras b'fhéidir, amach anseo, go mbeadh dualgais cearta cruinne leagtha síos gan aon éigcinnteacht mar atá faoi láthair.

Céard a d'athródh sé dá nglacfaimís le foclaíocht an Teachta. Ar an bpointe go mbeadh dhá rialachán déanta bheadh an dualgas a bhí curtha ag an Teachta ar an Aire comhlíonta aige mar bheadh sé tar éis rialacháin a dhéanamh. Tá mise ag glacadh leis go mbeidh i bhfad níos mó ná dhá rialachán déanta faoin bhforáil áirithe seo. Mar sin, ní fheicim gur féidir liom glacadh le moladh an Teachta.

Question, "That the words proposed to be deleted stand", put and declared carried.
Amendment declared lost.
Amendment No. 30 not moved.

Acting Chairman

Tá gaol idir leasaithe a 31, 32 agus 37 agus déanfar iad a phlé le chéile.

I move amendment No. 31:

In page 18, lines 7 and 8, to delete "English and Irish languages" and substitute "Irish and English languages (with both versions given equal billing, but priority may be given to the national language)".

Tá a lán rudaí maithe san mBille seo. Molaim an Aire as ucht éisteacht linn, leis na heagrais Gaeilge agus leis na meáin cumarsáide Gaeilge ar cheist ailt 32. Dúirt baill de Chonradh na Gaeilge liom ar maidin go thosaíodar ag obair ar an mBille seo sa bhliain 1976. Tá muintir na Gaeilge ar fad sásta go bhfuil fás mór tagtha ar labhairt agus stádas na Gaeilge. Níl aon dabht ach go méadóidh an Bille seo seasamh na Gaeilge sa tír. Tá mé sásta leis an mBille, cé nach bhfuil mé sásta amach is amach.

Molaim an módh oibre a bhí againn go léir anseo. Bhíomar ag obair le chéile go polaitiúil agus go praiticiúil. Tá jab maith déanta againn.

Chuir an Bille seo brú uafásach ar oifigigh Thithe an Oireachtais ar an lá deireannach den bhliain agus ní maith an rud é sin. Níl mé ag cur milleáin ar aon duine mar tarlaíonn a leithéid de rud i gcónaí. B'fhearr linn go mbeadh níos mó ama again chun an Bille a phlé ach sin mar atá cúrsaí. Tá mé chomh sásta agus is féidir liom a bheith.

Ní bheidh mé ag cur i gcoinne an Bhille nuair a déanfar vótáil air, cé go bhfuilim amhrasach agus imníoch mar gheall ar alt 32 a bhaint as an Acht. Tá eagla orm go laghdófaí stádas agus gradam an choimisinéara má tabharfar cead do dhaoine dul os comhair na cúirte. Ombudsman de shaghas don Ghaeilge is ea an choimisinéir. Níl cead ag duine dul os comhair na cúirte mar gheall ar chinneadh a dhéanann an Ombudsman. Chomh maith leis sin, de réir alt 31 fanfaidh na dualgais atá ag an Ombudsman go dtí seo faoina bhráid.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtabharfaí gach cabhair don choimisinéir chun gradam agus stádas na hoifige a mhéadú agus a fhorbairt chomh luath agus is féidir. Tá eagla orm go dtógfar cásanna maidir le cinnidh an choimisinéara go luath, agus ní rud maith é sin.

Ní bheidh mé ag vótáil i gcoinne an Bhille, ina iomlán. D'oibrigh an t-Aire féin agus oifigigh na Ranna go crua ar an mBille agus thug na hoifigigh in oifig na mBillí an-chabhair do na Baill i gcónaí. Tá an díospóireacht thart anois agus guím gach dea-ghui ar an Acht ina chur i bhfeidhm. Go ndéana sé maitheas don nGaeilge sa Ghaeltacht agus sa ghalltacht.

Tá mise ag iarraidh déileáil leis an leasú atá os ár gcomhair seachas a bheith ag glacadh leis go bhfuil an díospóireacht thart.

Déanfaidh leasú a 37 cinnte de go dtabharfar tús áite don nGaeilge, ins na limistéir Gaeltachta ach go háirithe. D'iarr mé ar an Aire níos luaithe an mbeadh sé sásta glacadh le haon cheann de leasaithe an Fhreasúra ach ní bhfuair mé freagra ar an gceist sin.

Seo an chuid is tábhachtaí den mBille agus is trua nach bhfuil níos mó ama againn chun déileáil leis na mór cheisteanna a ardaítear ins na leasaithe seo. Is trua, chomh maith, nach raibh an Ceann Comhairle sásta glacadh le roinnt des na leasaithe a cuireadh síos.

Ní thuigeann na comhlachtaí poiblí cad atá ar siúl againn. Fuair mé litir ar ais ó Údarás Réigiúnach Shláinte an Oirthir toisc gur ardaigh mé ceist anseo faoi cheann des na boird sláinte. Dúradh liom sa litir go bhfuil fógraíocht agus stáiseanóireachta an údaráis dhá-theangach. Tá leagan beag bídeach de theideal an údaráis i nGaeilge ar an logo agus an chuid eile go hiomlán i mBéarla. D'ardaigh mé ceist an lá cheana mar gheall ar fhíneálacha parcála agus a leithéid. Dá nglacfadh an t-Aire leis na leasaithe ar an alt seo bheadh rialú déanta aige go han-tapaidh a thabharfadh le fios go mbeidh ar an Stát chóras a chuid foirmeacha, staiseanóireachta agus a leithéid a bheith dhá-theangach. Is trua nach raibh níos mó ama againn chun an cheist thábhachtach seo a phlé agus go mbeidh cead ag dreamanna sa Stát chóras amach anseo roinnt dá gcuid oibre a dhéanamh i mBéarla.

Tá dul chun cinn sa mBille ach tá roinnt céimeanna siar fosta. Tá mé amhrasach faoi seo agus tá sé deacair orm vóta a chaitheamh leis an mBille nó ina choinne. Fuair mé comhairle dlí ar cheithre ócáid inniú ar stádas na teanga faoin mBille agus dúradh liom go bhfuil na hamhrais céanna ag na daoine seo, cé go nglacann siad go bhfuil dul chun cinn ann, agus nach bhfuil siad ag súil go mbeidh sin cruthaithe amach anseo.

Glacadh le go leor de leasuithe an Fhreasúra tríd leasuithe comhionanna a chur síos. Bhí roinnte leasuithe thíos ag an bhFreasúra inniu, ag fáil réidh le alt 32 mar shampla, go raibh a chomhionann de leasuithe thíos agam. D'éist mé leis na moltaí. Faigheann Aire comhairle éagsúla ar phointí; nuair a bhí an Teachta Ó Snodaigh ag labhairt, shíl mé go raibh sé ag dul a rá go bhfuair sé comhairle ar cheithre ócáid agus gur chuir siad ceithre cinn de chomhairle éagsúla air agus ní chuirfeadh sin iontas orm.

Tá muid tar éis leasuithe tábhachtach eile a ghlacadh inniu. Don chéad uair nuair a ghlacfar leis an mBille seo, tá na leaganacha Gaeilge de logainmneacha oifigiúil agus beidh an chéad chruinniú de choimisiún na logainmneacha ann roimh i bhfad.

Gabhaim an-bhuíochas leis an bhFreasúra as ucht na comhoibre iomlán a fuair muid agus sinn ag plé an Bhille. Chuaigh muid fríd go mion ar Chéim an Choiste. Gabhaim buíochas le foireann na Dála, go mór mór foireann aistriúcháin na Dála ara raibh an-bhrú i dtaca leis an Bhille agus atá tar éis éacht a dhéanamh. Gabhaim buíochas fosta le foireann na Roinne atá ag plé an rud seo le sé bhliana agus a rinne éacht é a thabhairt chomh fada seo.

Feicfear amach anseo go ndéanfaidh an Bille seo fíor-dhifríocht d'fhíor-chearta daoine go praicticiúil an Ghaeilge a úsáid. Is chuige sin a tugadh isteach é agus ní ar aon chúis eile. Tá mé iomlán muiníneach as obair an Oireachtais i dtaobh an Bhille seo.

Acting Chairman

As it is now 3.30 p.m. I am required to put the following question in accordance with the order of the Dáil of this day: "That the amendments set down by the Minister for Community, Rural and Gaeltacht Affairs and not disposed of, including those in respect of which recommittal would, in the normal course, be required, are hereby made, that Fourth Stage is hereby completed and the Bill is hereby passed.

Question put and agreed to.