Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 21 Oct 2003

Vol. 572 No. 6

Written Answers. - Pleananna na Teanga Pobail.

Denis Naughten

Ceist:

109 D'fhiafraigh Mr. Naughten den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta aige chun pleananna teanga pobail don Ghaeltacht a chur le chéile agus a chur i bhfeidhm. [24165/03]

Ba mhaith liom a threisiú ar dtús nach í mo Roinnse a bheidh ag ullmhú ná ag feidhmiú pleananna teanga den chineál atá luaite ag an Teachta ach pobail na Gaeltachta iad féin le cúnamh cuí ó mo Roinn. Tá sé tábhachtach go mbeidh na pobail Ghaeltachta lánpháirteach i bhforbairt comhtháite a gceantar féin agus caithfidh buanú na Gaeilge a bheith comhshnaidhmithe le gach gné den fhorbairt sin. Tá gá le cur chuige comhaontaithe le go mbeidh gnáth-ghréasáin shóisialta agus chaidrimh an phobail sa Ghaeltacht ag tarlú trí mheán na Gaeilge.

Sa chomhthéacs sin, tá straitéis á plé idir mo Roinnse agus Údarás na Gaeltachta le go gcuirfear tacaíocht ar fáil do phobail éagsúla Ghaeltachta d'fhonn iad a chumasú chun próiseas pleanála teanga a fheidhmiú. Tá sé i gceist go mbeidh spriocana buanaithe agus sealbhaithe Gaeilge le baint amach i measc gach aoisghrúpa agus sa réimse iomlán gníomhaíochtaí i saol an phobail sa Ghaeltacht. Tá súil agam go gcuirfear tús leis an straitéis ar bhonn píolótach go luath i 2004.

Barr
Roinn