Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 4 Nov 2003

Vol. 573 No. 3

Written Answers. - Schools Building Projects.

Dinny McGinley

Ceist:

304 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Oideachais agus Eolaíochta an eol dó an drochbhail atá ar Scoil Náisiúnta Ghort an Choirce i nDún na nGall; an bhfuil iarratas ina Roinn ar scoil úr a thógáil, cén staid ag a bhfuil an t-iarratas faoi láthair agus an mbeidh an scoil úr ar chlár oibre an Rialtais do 2004 agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [24903/03]

Is eol dom staid na scoile sa chás seo agus go bhfuil iarratas faighte ón bhórd bainistíochta chun scoil úr a thógáil. Tá an t-iarratas seo á scrúdú sa rannóg pleanála faoi láthair agus chomh luath is atá an scrúdú críochnaithe cuirfear scéala faoi bhreith mo Roinne in iúl d'údaráis bhainistíochta na scoile. Braithfidh ráta chur chun chinn scéimeanna tógála do scoileanna ar leith sa phróiséas pleanála ar chúinsí áirithe. Ina measc siúd, áirítear

–an soláthar cáinaisnéiseach do 2004 agus blianta ina dhiaidh,

–an ráta dul chun chinn scéimeanna tógála i leith scoileanna atá sa phróiséas pleanála cheana féin agus

–an tosaíocht a tugtar do gach scéim tógála do réir na gcritéir a fógraiodh.

Idir an dá linn, ba chóir do scoileanna ar leith, an deontas tiomnaithe a úsáid faoi mar is oiriúnach chun deileál le oibreacha a bhaineann le fadhbanna sláinte agus sábháltachta sa scoil.

Barr
Roinn