Michael D. Higgins
Ceist:41 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cén plean atá aige maidir le tionscnamh mór pleanála teanga ag leibhéal an phobail sa Ghaeltacht, bunaithe ar na proifílí áitiúla teanga agus sóisialacha sna ceantair éagsúla Ghaeltachta, ag baint úsáid as na hacmhainní saineolacha taighde agus buanaithe teanga atá ar fáil ó Institiúid Teangeolaíochta Éireann agus ó choláistí tríú leibhéal áirithe a chur ar bun; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [28571/03]