Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 9 Dec 2003

Vol. 576 No. 5

Written Answers. - Deisiúchán Bhóithre.

Dinny McGinley

Ceist:

437 D'fhiafraigh An tUasal McGinley den Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta cé mhéid airgid a chuir a Roinn ar fáil le haghaidh deisiúchán ar bhóithre portaigh i bparóiste Chill Chártha ó 1 Eanar 2000 go dáta, cad iad na bóithre a deisíodh, cé mhéid airgid a caitheadh ar gach bóthar, an conraitheoir, céarbh é i ngach cás a ghlac freagracht as an obair agus cé leis ar íocadh an deontas i ngach cás. [29780/03]

Ceadaíodh deontais iomlán de €15,753 do Mheitheal Forbartha na Gaeltachta – MFG – i leith trí bhóthar i bparóiste Chill Chartha ó 1 Eanáir 2000 go dáta. Ghlac MFG freagracht as na hoibreacha agus as conraitheoirí a fhostú chun an obair a dhéanamh. Is le MFG a íoctar na deontais sna cásanna seo. Tá sonraí maidir leis na bóithre agus na conraitheoirí leis seo. Ní miste a nótáil gur píosaí éagsúla den bhóthar céanna atá i gceist ag 2 agus 3.

Bóthar

Bliain

Costas

Conraitheoir

1. Seosaimh Ó BeirnAn ChróibhAn Charraig

2001

3,174

Séamus Ó BaoillAn ChróibhAn Charraig

2. Séamus Ó CailínCill Chartha

2001

5,079

Oilibhéar Ó BeirnClocharAn Charraig

3. Séamus Ó CailínCill Chartha

2003

7,500

Obair fós le déanamh

Barr
Roinn