Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 17 Dec 2003

Vol. 577 No. 4

Written Answers. - Teangacha Oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

128 D'fhiafraigh Aengus Ó Snodaigh den Aire Gnóthaí Eachtracha ag éirí as freagra an Aire ar Cheist Dála Uimh. 175 ar an 2 Nollaig 2003, an bhfuil rún ag an Aire agus ag an Rialtas féachaint chuige go n-ainmneofaí an Ghaeilge i measc na dteangacha oifigiúla a luaitear i rialacháin 1/1958 ar aon dul leis na teangacha eile a thabharfar san áireamh ar an 1 Bealtaine, 2004 mar shampla Eastóinis, Laitvis, Liotuáinis, Polainnis, Seicis, Slóvaicis, Ungáiris, Slóivéinis agus Máltais, a bhfuil thart fá 380,000 cainteoirí aici ar nós na Gaeilge. [31550/03]

I propose to take Questions Nos. 128 and 129 together.

Tá stádas "teanga chonartha" ag an nGaeilge san Aontas Eorpach. Tá an scéal amhlaidh de bhrí go bhfuil na conarthaí as Gaeilge agus go bhfuil an Ghaeilge mar cheann de na teangacha ina bhfuil an téacs údarach. Foilsítear gach conradh i nGaeilge, mar aon leis na teangacha eile, agus tá an stádas céanna ag an téacs inti is atá ag na teangacha eile.

Ag an am céanna, níl an Ghaeilge ar cheann de na teangacha oifigiúla de réir forálacha Airteagail 1 de Rialachán 1/1958. Mar a dúirt mé, agus mé ag tabhairt freagra ar cheist ar 2 Nollaig, ní bheidh athrú ar an scéal le fairsingiú an Aontais ar 1 Bhealtaine 2004.

Mar a dúirt mé cheana freisin, bímid i gcónaí ag iarraidh deise chuí a fháil leis an teanga a chur chun cinn san AE. Mar shampla, faoi na rialacháin úra atá faoi chaibidil i láthair na huaire, beidh an Ghaeilge i measc na dteangacha go bhféadfadh oifigigh a thaispeáint go bhfuil siad ábalta oibriú inti agus iad ag iarraidh a gcéad ardú céime a fháil tar éis dóibh dul isteach san AE.

Agus an scéal amhlaidh, creidim go dtuigtear go mbíonn an Rialtas i gcónaí ag iarraidh breith ar an bhfaill leis an teanga a chur chun tosaigh san AE.

Barr
Roinn