Tá sé molta i dTuarascáil Chranfield – an staidéar cuimsitheach ar fhorbairt aerstráicí oileáin a thionscnaigh mo Roinnse i 2001 – go dtógfaí aerstráice ar Oileán Thoraí. Ba é €2.437 million an costas measta ag an am sin.
Ar iarratas ó mo Roinnse, tá Údarás na Gaeltachta faoi láthair i mbun oibre ar dhearadh agus pleanáil aerstráice ar Oileán Thoraí. Tuigtear dom go bhfuil i gceist ag an údarás iarratas ar chead pleanála i leith an togra seo a dhéanamh go luath. Ach an cead sin a bheith faighte, déanfar cinneadh maidir le forbairt an togra seo i gcomhthéacs an tsoláthair airgid a bheidh ar fáil le caitheamh ar thograí oileánda agus na n-éileamh éagsúil ar an soláthar sin.