Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill 2010 [Seanad]: Second Stage

Tairgim: "Go léifear an Bille an Dara hUair anois."

Tá áthas orm an deis seo a thapú chun an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2010 a thabhairt faoi bhráid Dháil Éireann inniu. Is Bille an-ghairid é seo a bhfuil sé de chuspóir aige an tréimhse ama incheadaithe is faide idir toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a mhéadú ó chúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith. Tá glactha leis an mBille seo ag gach céim i Seanad Éireann cheana féin.

Eascraíonn an leasú seo as cinneadh atá déanta ag an Rialtas na toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a chur siar ar feadh tréimhse áirithe. De réir na reachtaíochta faoina bhfeidhmíonn an t-údarás i láthair na huaire, ní mór na toghcháin a reáchtáil taobh istigh de thréimhsí nach giorra ná ceithre bliana agus nach faide ná cúig bliana go leith ó dháta na dtoghchán deiridh. Reáchtáladh toghcháin deiridh an údaráis ar 2 Aibreán 2005 agus ba chóir, dá bhrí sin, an chéad toghchán eile a reáchtáil roimh 1 Deireadh Fómhair 2010. Níl aon fhoráil sa reachtaíocht chun na toghcháin a chur siar.

I láthair na huaire, tá leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr Údarás na Gaeltachta sa todhchaí á meas i gcomhthéacs na moltaí atá sa dréacht-straitéis 20-bliain don Ghaeilge. Tá an dréacht-straitéis á scrúdú ag an Chomhchoiste um Ghnóthaí Ealaíon, Spóirt, Turasóireachta, Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta faoi láthair. Nuair a bheidh a chuid oibre curtha i gcrích ag an gcomhchoiste — agus tuigtear dom go bhfuil sé beagnach curtha i gcrích — cuirfear an dréachtstraitéis ar ais faoi mo bhráid. Déanfar moltaí éagsúla an chomhchoiste a bhriethniú go cúramach sula gcuirfear faoi bhráid an Rialtais ina dhiaidh sin iad. Mar a thuigfidh an Teach, ní féidir liom amscála cruinn a thabhairt don phróiseas seo, ach tá mé dóchasach go mbeidh dul chun cinn suntasach déanta ina leith sa chéad chúpla mí eile amach romhainn.

Mar a rinne mé sa Seanad coicís ó shin, ba mhaith liom an deis seo a thapú le mo bhuíochas a chur in iúl do bhaill an chomhchoiste as an méid oibre atá á dhéanamh acu ar an dréachtstraitéis. Is mór agam go bhfuilimid, mar Bhaill den Oireachtas, ag déileáil leis an dréachtstraitéis ar bhonn tras-pháirtí. Léiríonn an cur chuige seo go soiléir nach mbaineann ár dteanga náisiúnta le haon dream nó páirtí ar leith ach gur gné an-tábhachtach í dár bhféiniúlacht agus dár n-oidhreacht choitianta. Tá súil agam go mbeimid in ann leanúint ar aghaidh leis an gcomhoibriú tairbheach seo chun toradh fónta a bhaint amach ar mhaithe le leas na teanga agus leas phobal na tire araon.

Ag eascairt ó mholtaí éagsúla atá sa dréachtstraitéis i dtaobh Údarás na Gaeltachta, meastar go mbeidh gá le leasú níos cuimsithí a dhéanamh ar reachtaíocht an údaráis a thógfaidh tréimhse áirithe ama lena chur i gcrích. Tá gach cosúlacht ann go mbeidh reachtaíocht le tionscnamh chomh maith le teorainneacha nua a shainiú do na limistéir Ghaeltachta. Sa chomhthéacs seo tá sé inmholta agus cuí dáta na dtoghchán a chur siar chun deis a thabhairt an próiseas seo a chríochnú.

Go hachomair, is é an leasú atá molta sa Bhille seo ná alt 28(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 a leasú ionas go mbeidh síneadh curtha leis an tréimhse is faide idir thoghcháin don Údarás ó chúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith. Le hachtú an Bhille seo, is é 30 Meán Fómhair 2012 an dáta deiridh i gcomhair toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a reáchtáil.

Agus an Bille seo á thionscnamh agam, is fiú tagairt a dhéanamh don chomhthéacs ghinearálta ina bhfuil Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú faoi láthair. Bunaíodh Údarás na Gaeltachta i 1980 faoin Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 agus tá sé á mhaoiniú ag an Rialtas ó shin i leith chun forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta a chur chun cinn. Tá sé mar mhóraidhm ag an Údarás an Ghaeilge a chothú mar theanga phobail sa Ghaeltacht. Chun a chuid aidhmeanna a chur i gcrích tacaíonn an t-údarás le réimse de scéimeanna tairgiúla fostaíochta a dhíríonn ar leas a bhaint as acmhainní áitiúla, ar scileanna agus ar chumais fhiontraíochta a fhorbairt, ar infheistíocht shoghluaiste a mhealladh agus ar an fhorbairt phobail a threisiú. Tacaíonn an t-údarás freisin le réimse leathan de thionscnaimh theanga, chultúrtha agus oideachais.

Tá 20 comhalta ar bhord an údaráis, 17 acu tofa go daonlathach ag toghthóirí na Gaeltachta agus triúr eile, an cathaoirleach san áireamh, a cheapann an tAire. Tá foireann de thart ar 100 duine fostaithe ag an údarás, a bhfuil gréasáin d'oifigí réigiúnacha aige sna ceantair Ghaeltachta éagsúla chun a chuid dualgas reachtúla a chur i bhfeidhm. Ag deireadh na bliana 2009, bhí os cionn 8,000 duine fostaithe i gcliant-chuideachtaí a fuair tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta. Léiríonn an t-athbhreithniú ar Údarás na Gaeltachta atá déanta mar chuid den Annual Business Survey of Economic Impact don tréimhse 2000 go 2008 gur baineadh torthaí mar seo a leanas amach d'eacnamaíocht na Gaeltactha trí ghníomhaíochtaí forbartha tionscail an údaráis: sa bhliain 2008, bhí díolacháin de luach €834 ag cliaint-chuideachtaí an údaráis a ghlac páirt sa suirbhé; bhí 6,500 duine fostaithe sna comhlachtaí seo; b'fhiú €400 milliún onnmhairithe na gcuideachtaí seo in 2008. Tháinig méadú mór ar an líon daoine a bhí ag obair san earnáil taighde agus forbairt idir 2005 agus 2008. Faoin mbliain 2008, bhí 300 fostaithe ag comhlachtaí san earnáil seo.

Is eagras forbartha réigiúnach é an t-údarás a bhfuil ról tábhachtach á chomhlíonadh aige maidir le polasaí an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

Cuimsíonn an reachtaíocht faoina bhfeidhmíonn Údarás na Gaeltachta na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta 1979 go 1999. Is fiú dhá cheann díobh sin a lua ach go háirithe, An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1999 a mheádaigh an tréimhse idir thoghcháin ó chúig bliana go dtí cúig bliana agus sé mhí agus a léiríonn an fasach atá ann don chur chuige atá i gceist leis an mBille seo, agus An tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999 a chuir athruithe substaintiúla i bhfeidhm ar struchtúr Údarás na Gaeltachta tríd an líon comhaltaí a mhéadú ó 13 go 20.

Tá sé tráthúil ag an phointe seo léargas a thabhairt ar pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta. Ainneoin na géadta bliain d'aistriú teanga ó Ghaeilge go Béarla, tá an Ghaeilge á labhairt go fóill mar theanga bheo pobail i roinnt áiteanna a d'fhan ina nGaeltacht. Chomh maith leis seo, tá cuid mhaith daoine lasmuigh den Ghaeltacht ag úsáid na Gaeilge go laethúil. Tá bláthú tagtha ar litríocht agus ar chineálacha eile ealaíon trí mheán na Gaeilge le 100 bliain anuas sa chaoi is gur teanga iomlán nua-aimseartha Eorpach í an Ghaeilge anois.

Tá sé mar aidhmeanna polasaí ag an Rialtas úsáid na Gaeilge a mhéadú mar theanga an phobail ar bhonn céimniúil agus a chinntiú go bhfuil an oiread saoránach agus is féidir dátheangach i nGaeilge agus i mBéarla. Tá na spriocanna seo a leanas ábharthach don bpolasaí seo: cur leis an méid teaghlach ar fud na tíre a bhaineann úsáid as an nGaeilge mar theanga cumarsáide laethúil; tacaíocht teanga a sholáthar don Ghaeltacht mar phobal labhartha Gaeilge; cinntiú chomh fada agus is féidir go mbeidh rogha teanga idir an Ghaeilge agus an Béarla ag an saoránach i ndioscúrsa poiblí agus i seirbhísí poiblí agus de réir a chéile go ndéanfaidh níos mó daoine ar fud an Stáit cinneadh a ngnó a dhéanamh trí mheán na Gaeilge; agus cinntiú go mbeidh an Ghaeilge níos infheicthe sa tsochaí againn mar theanga labhartha ag saoránaigh mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí agus i litríocht.

Treisíonn an Rialtas go mbaineann tábhacht faoi leith leis an nGaeilge do mhuintir, do shochaí agus do chultúr na hÉireann. Mar theanga labhartha pobail, tá fíorthábhacht léi, ní hamháin chun féiniúlacht mhuintir na hÉireann a chur in iúl ach mar chuid shainiúil den oidhreacht chultúrtha dhomhanda.

Ba mhaith liom anois léargas a thabhairt ar an gcineál smaointeoireachta atá sa dréachtstraitéís maidir le hÚdarás na Gaeltachta chun go dtuigfear na hathruithe a d'fhéadfadh a bheith i gceist don eagraíocht sa todhchaí. Ní miste dom a threisiú arís go mbeidh na hathruithe a dhéanfar ag brath ar mholtaí an chomhchoiste agus faomhadh an Rialtais a bheith faighte. Maidir leis an bpríomhghníomhaireacht feidhmithe a bheidh freagrach as an straitéis a sheachadadh, tá sé molta go ndéanfaí athstruchtúrú bunúsach ar Údarás na Gaeltachta go gníomhaireacht Ghaeilge nua náisiúnta, Údarás na Gaeilge, a mbeidh freagrachtaí air maidir le cúrsaí Gaeilge ar fud an Stáit, chomh maith le cuid mhaith de na feidhmeanna atá aige faoi láthair a choinneáil. Beidh reachtaíocht le réiteach chun an eagraíocht nua a chur ar bhonn reachtúil. Bíodh is go leanfadh feidhmiú beartas agus pleananna áirithe Gaeltachta mar fhreagracht ar mo Roinn, d'fhéadfadh sí, áfach, feidhmeanna a tharmligean mar is cuí chuig Údarás na Gaeilge.

Ní miste a lua freisin go leanfaidh Foras na Gaeilge ag seachadadh a fhreagrachtaí reachtúla maidir leis an nGaeilge. Áireofar orthu sin tabhairt faoi thionscadail thacúla agus deontais a thabhairt do chuideachtaí agus do ghrúpaí le tacú leis an teanga mar is cuí, forbairt a dhéanamh ar théarmaíochtaí agus ar fhoclóirí, tacú le hoideachas trí mheán na Gaeilge agus le teagasc na Gaeilge ar an oileán agus éascú agus spreagadh a dhéanamh tríd is tríd ar úsáid na teanga sa saol poiblí agus sa saol príobháideach. Agus é ag comhlíonadh a dhualgais go hiomlán, ba mhaith liom a threisiú go bhfuil sé i gceist go bhfanfaidh Foras na Gaeilge mar phríomhghné den struchúr tacaíochta don teanga sa dá chuid den oileán, Thuaidh agus Theas.

Ina ráiteas i leith na Gaeilge 2006, dhearbhaigh an Rialtas a bheartas maidir leis an Ghaeltacht a neartú mar phobal ina labhraítear Gaeilge agus daingníodh tacaíocht an Rialtais don Ghaeilge. Tá trí chuspóir a thagraíonn don Ghaeltacht sa ráiteas: tabharfar spreagadh agus tacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht agus lasmuigh di an Ghaeilge a thabhairt don chéad ghlúin eile mar theanga teaghlaigh agus, chuige sin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge; tabharfar tacaíocht ar leith don Ghaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge; agus leanfar le treisiú na hoibre atá ar bun ag An Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus ag na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí a thagann faoina scáth, ar nós Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta, chun an Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta agus chun í a chaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht.

Moltar sa staidéar cuimsitheach teangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 gur chóir gurb é an phríomhfhócas straitéiseach ó thaobh beartas teanga sa Ghaeltacht ná tacaíocht a thabhairt do ghlúnta tuismitheoirí óga Gaeltachta amach anseo agus a chur ar a gcumas a gcuid leanaí a thógáil le Gaeilge. Dearbhaíonn an staidéar ach go háirithe an tábhacht a bhaineann leis an méid cainteoirí gníomhacha Gaeilge atá i limistéir Ghaeltachta a chaomhnú agus cur leis an líon sin. Sa chomhthéacs seo, aithníonn an dréachtstraitéis go mbeidh gá le córas éifeachtach pleanála teanga ag leibhéal an phobail agus samhlaítear go mbeidh ról tábhachtach ag Údarás na Gaeilge i mbeachtú agus i bhfeidhmiú an chórais sin.

Tá sé molta sa dréachtstraitéis go mbeadh sé cuí go ndéanfaí cineál nua ‘Gaeltacht gréasáin' a aithint. Tabharfaidh an chatagóir nua sin deis do spriocthionscnaimh phleanála teanga forbairt a dhéanamh ar phobail/ghréasáin teanga nua lasmuigh den Ghaeltacht. I bpobail uirbeacha, a bhfuil mais chriticiúil bhunúsach tacaíochta pobail agus Stáit iontu don Ghaeilge, nithe mar shaoráidí cúraim leanaí trí Ghaeilge, Gaelscoileanna, oideachas dara leibhéal trí Ghaeilge, clubanna óige Gaeilge agus seirbhísí eile a bheidh ann. Bainfidh critéir shonracha a fhorbrófar don chatagóir sin le dearcthaí poiblí, cumas teanga, soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge agus an toil a bheith rannpháirteach go gníomhach i dtionscnaimh Ghaeilge. Tabharfaidh mo Roinnse agus Údarás na Gaeilge tacaíocht do na pleananna teanga sin.

Is fiú tagairt a dhéanamh freisin do chuid de na cúraimí a shamhlaítear a bheidh ag Údarás na Gaeilge chun gníomhaíochtaí eacnamaíochta Gaeilge-lárnaithe a spreagadh ar bhonn náisiúnta. Tá i gceist go mbunófaí sraith tionscnamh le fiontraíocht agus gníomhaíocht eacnamaíochta a spreagadh i measc an phobail a labhraíonn Gaeilge ar bhonn cuideachta, earnála nó áitiúil. Bheadh an cur chuige le cur i bhfeidhm, mar shampla, trí spreagadh agus tacaíocht a thabhairt don gheilleagar teanga atá in ann na seirbhísí riachtanacha a sholáthar don Stát agus don AE i réimsí mar aistriú, ateangaireacht, múineadh teangacha, foilsiúchán, comhchomhairle teanga, bainistiú tionscadal. D'áireofaí ar na bearta tacaíocht do ghnólachtaí ag tosú amach, seirbhísí meantóireachta, forbairt táirgí, comhairle faoi mhargú agus chur chun cinn, agus seirbhísí forbartha bainistíochta.

Dhéanfadh Údarás na Gaeilge éascú freisin do chruthu chumann tráchtála don Ghaeltacht agus do ghnóthaí eile trí Ghaeilge. Dhéanfadh an cumann seo tuiscint a chothú i measc an phobail gnó faoin nasc atá idir an teanga agus forbairt eacnamaíochta, lena n-áirítear, mar shampla, an nasc idir leas eacnamaíochta limistéir Ghaeltachta agus stádas na teanga iontu sin, chomh maith le gné na teanga ó thaobh rathúlacht comhlachtaí aonair a bhaineann úsáid éifeachtach as an nGaeilge. Is léir ón méid seo mar sin féin go bhféadfadh athruithe substaintiúla ar struchtúr agus ar chúraimí Údarás na Gaeltachta a bheith i gceist.

Tá leasuithe maidir le cumhachtaí, feidhmeanna agus struchtúr Údarás na Gaeltachta á meas faoi láthair i gcomhthéacs na moltaí atá sa dréachtstraitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá an dréachtstraitéis á scrúdú ag an chomhchoiste Oireachtais faoi láthair. Tuigim go mbeidh sí le cur faoi mo bhráid go luath. Fáiltím roimhe sin agus gabhaim buíochas arís as an obair dhíograiseach agus fhiúntach atá curtha i gcrích ag an gcomhchoiste. Ach an dréachtstraitéis a bheith faofa ag an Rialtas, cuirfear tús le próiseas chun leasuithe substaintiúla a dhéanamh ar an reachtaíocht faoina bhfeidhmíonn Údarás na Gaeltachta chun moltaí éagsúla na straitéise i dtaca leis an údarás a chur i gcrích.

Sa chomhthéacs seo, measaim go bhfuil sé inmholta agus cuí gan toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a reáchtáil faoi láthair chun deis a thabhairt an próiseas atá sonraithe thuas a chur i gcrich. Go hachomair, is é an leasú atáthar ag moladh sa Bhille atá os comhair an Tí inniu ná alt 28(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 a leasú ionas go mbeidh síneadh curtha leis an tréimhse is faide idir toghcháin don Údarás ó chúig bliana go leith go dtí seacht mbliana go leith.

Molaim an Bille seo don Teach.

I wish to share my time with Deputy McGinley.

Tá áthas orm deis a bheith agam cúpla focal a rá faoin mBille seo. Tuigim go bhfuil Údarás na Gaeltachta an-tábhachtach do na ceantair Ghaeltachta. Seo an chéad deis cainte dom ó cheapadh mar urlabhraí mé. Tuigim tábhacht na Gaeilge agus na Gaeltachta. Tá me ag súil le cuairt a thabhairt ar na Gaeltachtaí go léir i rith an tsamhraidh go mbualfaidh mé leis na daoine agus na coistí iontu le héisteacht lena gcuid tuairimí agus pleananna agus, freisin, feabhas a chur ar mo chuid Ghaeilge.

I look forward to working with the Minister and his Department in this important brief.

Fine Gael has already opposed this Bill in Seanad Éireann on the basis that the Gaeltacht is suffering more than other regions with high levels of unemployment, a poor transport network, insufficient access to broadband and so on. The Government is delaying the process under the guise of considering the future structure of Údarás na Gaeltachta and its preparation of a strategy for the Irish language. In reality, it is merely putting off another election.

We believe it is anti-democratic to deny people in the Gaeltacht an opportunity to elect representatives to the body charged with steering the Gaeltacht regions out of this economic crisis. Under existing legislation, the next election is due to be held by 1 October 2010. The Bill denies people in the Gaeltacht the right to participate in this election.

There are plans under the Government's 20-year strategy for the Irish language to change the structure of Údarás na Gaeltachta. The organisation was reviewed in 2006 and recommendations were made in the comprehensive study on the use of Irish in the Gaeltacht, also in 2006. The 20-year strategy suggests that the organisation be placed on a statutory footing as a national language agency under new legislation, but this is not expected to be published for some time.

As Deputies know, there are 20 members of the board, 17 elected by the community and three others appointed by the Minister. The Bill actually increases the maximum interval between elections to the board from five years and six months to seven years and six months. This is undemocratic, and we will be opposing the Bill.

Cuirim fáilte roimh gach deis a bhíonn againn cúrsaí Údarás na Gaeltachta agus cúrsaí Gaeltachta a phlé sa Dáil mar ní ró-mhinic a bhíonn seans againn sin a dhéanamh.

Cosúil le mo chomhghleacaí, ní féidir liom fáilte a chur roimh an mBille seo, áfach, mar le blianta bhí Bille Údarás na Gaeltachta geallta. Bhí sé ar chlár an Rialtais le trí nó ceithre bliana agus is minic a chuireamar ceist sa Teach maidir le cén uair a bheadh An Bille um Údarás na Gaeltachta os comhair an Tí. Bhí fanacht fada orainn. Anois, tá Bille againn, ach ní hé seo an Bille a bhí geallta, an Bille a rabhamar ag fanacht leis a bhí chun breis cumhachtaí agus freagrachtaí a thabhairt agus sainmhíniú eile a thabhairt ar Údarás na Gaeltachta. Bhí muid ag fanacht le blianta, ach anois is é an Bille atá againn ná An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 2010. Is Bille an-ghairid é agus níl ach fáth amháin gur tugadh isteach é, is é sin ionas gur féidir leis an Rialtas an toghchán atá dlite ó mhí Aibreán seo caite a sheacaint agus é a chur siar bliain, dhá bhliain nó trí bliana. Is cuma cad a déarfaidh an tAire nó an Rialtas, níl sin daonlathach. Tá siad ag teitheadh ón daonlathas.

An buntáiste mór atá ag Údarás na Gaeltachta ná go bhfuil bunús daonlathach leis an údarás. Bhí Gaeltarra Éireann againn sar a raibh Údarás na Gaeltachta againn. Rinne Gaeltarra obair mhaith ar fud na tíre agus na Gaeltachta, ach i 1979-80 tháinig Údarás na Gaeltachta agus thug sé deis do mhuintir na Gaeltachta a gcuid baill a thoghadh go daonlathach. Toghadh baill as an Tuaisceart, an iarthar, an deisceart agus fiú as Contae na Mí agus bhíodar go léir san údarás go daonlathach. Bhí tuiscint acu ar a gceantair féin agus ar na deacrachtaí atá ag muintir na Gaeltachta agus ar na féidireachtaí atá sna Gaeltachtaí. Tá jab an-mhaith déanta acu ó chuireadh ar bun iad. Mar dhuine atá i mo chónaí sa Ghaeltacht agus go bhfuil oifig de chuid Údaráis na Gaeltachta in aice liom, is féidir liom a rá nach mbeadh an oiread daoine atá ag obair sna Gaeltachtaí inniu ach amháin go raibh Údarás na Gaeltachta ann le blianta anuas ag gníomhú go héifeachtach, ag tabhairt fostaíochta isteach chomh maith le obair, monarchain, tionscail agus araile. Is cinnte nach mbeadh oiread daoine sa Ghaeltacht agus Gaeilge sna ceantair Gaeltachta ach amháin an obair iontach atá déanta ag an údarás le blianta anuas.

Le cúpla bliain anuas, níl an t-údarás ag fáil cothrom na féinne. Tá na ciorruithe agus an géarchéim airgid ag cur isteach go mór ar an údarás agus is beag tionscnamh atá á cheadú ag an údarás mar nach bhfuil na hacmhainní ná an t-airgead aige leis na deontais ná tacaíocht a thabhairt do fhiontair úra sa Ghaeltacht. Deacracht eile a fheicim leis an údarás le tamall anuas ná go bhfuil feidhmeannaigh sinsearacha ag fágáil an údaráis. Tá siad ag dul amach ar phinsean, tá a seal rite agus na blianta curtha isteach acu agus níl éinne á gcur isteach ina n-áít. Sílim nach bhfuil ach 100 ar fhoireann an údaráis anois. Roimhe seo, bhí 120 nó 130 ann. Is daoine tábhachtacha iad na daoine atá ag fágáil. Feidhmeannaigh sinsearacha iad a bhfuil taithí agus eolas acu ar mhealladh tionscal isteach ón iasacht agus ar chuidiú a thabhairt. Is cinnte gur easnamh mór é sin ar an údarás i láthair na huaire. Is cuma mar gheall ar an mBille seo. Cuirfidh an Rialtas tríd é mar tá tromlach ag an Rialtas. Ní bheidh aon toghchán ann ar feadh dhá nó trí bliana agus is olc an rud é sin. Ba mhaith liom mar sin féin iarradh ar an Aire — is Aire úr é a thuigeann an Ghaeltacht agus a bhfuil meas aige ar a chuid oibre agus ar an Roinn — díriú isteach ar an bhfadhb sin, sé sin, nuair a fhágann duine sinsearach an t-údarás, go mbeidh duine éigin eile ann lena áit a ghlacadh agus an obair atá á dhéanamh leis na blianta anuas a choinneáil ag dul ar aghaidh.

Tá seo go léir ceangailte leis an straitéis 20 bliain. Níl aon rud ag tarlú anois agus aon cheist a chuirimid sa Dáil, tá an straitéis 20 bliain ag dul sa bhealach. Nílimid ábalta plean de chineál ar bith eile a dhéanamh ná nílimid ábalta treoir de chineál eile a thógaint mar go bhfuil an straitéis ansin. Cuirim fáilte roimh an straitéis, ach ní chóir úsáid a bhaint as an straitéis fá choinne an toghchán a chur siar. Níl sin ceart agus tá sé i gcoinne an daonlathais.

Tá Údarás na Gaeltachta ar bun ó 1980, 30 bliain. Bhíomar ag súil le Bille níos mó ná seo, ach caithimid déileáil leis an mBille atá againn. Mar a dúirt mé, thug an t-údaras tionscail isteach sna ceantair Ghaeltachta ar fad agus rinne sé a dhícheall. I mo cheantar féin, tá suas le 1,000 duine ag obair i nGaeltacht Thír Chonaill agus sa pháirc ghnó i nGaoth Dobhair. Tá áisleann agus naíonraí á chur ar bun acu agus mar sin de agus tá tacaíocht do sin go léir ag teacht ón údarás. Is maith an rud é sin. Más féidir liom a bheith beagáinín paróisteach, tá tionscal i nGaoth Dobhair i láthair na huaire, Bia Ghaoth Dobhair-Largo Foods, a bhfuil deacrachtaí beaga aige. Feicim an tAire ag croitheadh a cheann agus tuigim go dtuigeann go bhfuil deacracht ansin maidir le pá agus gearradh pá agus mar sin. Is tionscal an-tábhachtach é sin agus tá cúpla céad duine ag obair ann. Tá sé mar "anchor industry" ar an eastát agus níor mhaith liom go dtarlódh aon rud dó. Tá a fhios agam go bhfuil comhráite ag dul ar aghaidh i láthair na huaire idir na hoibrithe, na ceardchumainn agus an bhainistíocht agus tá súil agam go dtiocfaidh siad ar chomhréiteach sa dóigh gur féidir leis na poist atá ansin a chosaint agus a chaomhnú. Tá an t-údarás i ndiaidh cead a thabhairt don tionscal sin tuilleadh fostaithe — 40 — a thabhairt isteach. Caithfimid an deis sin a thapú, mar tá gach post a chuirtear ar fáil an-thábhachtach ar fad.

Mhol MaCárthaigh i dtuairisc an Bhoird Snip go mbainfí feidhm fiontraíochta de Údarás na Gaeltachta agus mhol sé an fheidm sin a thabhairt don IDA nó do dhream éigin eile mar Fhiontar Éireann. Dá dtarlódh sin, ba bhuille mór a bheadh ann d'Údarás na Gaeltachta. Ba bhuille mór é dá gcaillfeadh sé an deis a bheith freagrach as feidhm fiontraíochta sin, mar sin an rud, ór a rinne an t-údarás ó chuireadh ar bun é. Bhí sé ábalta na poist a thabhairt isteach. Má déantar é sin, ní bheidh fágtha ag an údarás ach feidhm chultúrtha, feidhm teanga agus feidhm shóisialta. Tá siadsan uilig iontach tábhachtach, ach níl aon mhaitheas leis an údarás muna bhfuil fiontraíocht, fostaíocht agus obair aige fá choinne na daoine atá ina gcónaí ansin a choinneáil. Ní bheidh aon teanga muna bhfuil daoine ann agus ní bheidh aon daoine muna bhfuil obair ann. An dream is fearr a thuigeann an dóigh is fearr le obair a thabhairt isteach sa Ghaeltacht anois ná Údarás na Gaeltachta. Níl buntáiste ar bith ag Údarás na Gaeltachta ar Fhiontar Éireann. Tá siad ar na coinníollacha céanna agus tá an modh céanna deontas acu agus mar sin de, ach tá eolas ag an údarás thar na blianta — eolas an-chruinn — ar na ceantair ina bhfuil sé ag gníomhú.

Níl a fhios agam cén dearcadh atá ag na daoine atá ar bhord Údarás na Gaeltachta ar an mBille seo. Nuair a cuirtear siar toghchán, is dóigh go mbraitheann do dhearcadh ar má thoghtar tú. Dá mbeadh Bille á thabhairt isteach fá choinne cur leis an Dáil, b'fhéidir go mbeinn féin ag tabhairt tacaíochta don Aire. Tá an bord ann anois le os cionn cúig bliana. Bhí an toghchán deireanach againn in Aibreán 2005. Seo 2010 agus tá an bord ag dul ar aghaidh go dtí 2012. Bhí sé de nós againn é sin a dhéanamh cheana leis na húdaráis áitiúla. Nuair a bhí an chomhairle contae ann cúig bliana, d'fhéadfadh an toghchán a chur siar go dtí an séú nó an seachtú bliain. Ach tá deireadh leis sin. Tugadh isteach reachtaíocht agus níl sin ceadaithe a thuilleadh. Is mór an trua é nach mbaineann an rud céanna le Údarás na Gaeltachta. Dá mbeadh toghchán ann agus dá mbeadh mandate úr ag na baill, cuirfeadh sin fuinneamh úr isteach i mbord an údaráis agus cuideodh sin go mór leis an Ghaeltacht.

Cuirim fáilte roimh an deis a bheith agam cúpla focal a rá faoin Ghaeltacht. Is mór an trua é gur Bille beag mar seo atá sa Bhille seo, ag cur siar an toghchán agus ag teitheadh ón daonlathas. Níl a fhios agam cén uair a bheidh Bille ceart ag teacht isteach, Bille a thabharfaidh sainmhíniú ar na cumhachtaí agus na freagraíochtaí a bheidh ag an údarás. Is é an eagla atá orm faoi reachtaíocht úr, gur údarás na Gaeilge a bheidh ann. Níl sin de dhíth orainn.

Tá Údarás na Gaeltachta de dhíth orainn sna blianta atá amach romhainn. Má tá cúraimí eile ann dó ar fud na tíre, tá sin maith go leor ach má thugtar cúraimí Gaeilge dó, an gcuirfidh sin isteach ar Fhoras na Gaeilge, an mbeidh dúbláil i gceist? Tá na ceisteanna sin le freagair.

Seo an chéad Bhille a thug an tAire isteach agus tá súil agam nuair a bheidh sé ag tabhairt isteach an chéad Bhille eile, go mbeidh Bille tábhachtach ann, Bille a bheidh ag tabhairt téagair agus cumhachta agus freagrachtaí don údarás. Má dhéanann sé sin, beidh tacaíocht le fáil aige uainne. Níl sé ag déanamh sin inniu agus sin an fáth go mbeimid ag vótáil i gcoinne an Bhille.

Cuirim fáilte roimh an Teachta Frank Feighan, a ceapadh mar urlabhraí nua d'Fhine Gael ar chúrsaí Gaeltachta. Tá súil agam go n-éireoidh leis go breá sa phost nua.

Bille gairid é an Bille seo, níl ann ach dhá alt. Baineann an dara halt leis an ghearrtheideal agus leis an chomhlua. Ba mhaith liom, áfach, go dtabharfadh an tAire sainmhíniú ar alt 1. San alt sin, leasaítear alt 28(1) den Acht um Údarás na Gaeltachta 1979 trí"seacht mbliana agus sé mhí" a chur in ionad "cúig bliana agus sé mhí". Níl aon tagairt don "sé mhí" sin in alt 28(1) den Acht 1979. Cuireadh isteach na focail "agus sé mhí" mar leasú in Acht Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1999. Pointe teicniúil é sin ach ba mhaith liom míniú a fháil ón Aire maidir leis.

Ní bheidh Páirtí an Lucht Oibre ag cur i gcoinne an Bhille anocht — níl ciall leis sin ag an am seo — agus ní bheimid, ach oiread, ag iarraidh an Bhille a leasú. Tá an milleán ar an Rialtas go bhfuilimid sa chruachás seo agus go bhfuil air an Bille seo a thabhairt isteach mar ní fiú bord nua a chur in ionad don seal a bheadh i gceist.

Tá Fianna Fáil i gcumhacht anois ó 1997 agus fós níl an straitéis 20 bliain don Ghaeilge in áit. Tá an straitéis seo tábhachtach ó thaobh chaomhnú agus fhorbairt na Gaeilge ar fud na tíre. Caithfidh an straitéis a bheith praiticiúil le spriocanna gur féidir a bhaint amach. Beidh an comhchoiste ag cur a chuid oibre os comhair na Dála agus tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeidh díospóireacht sa Dáil faoin obair sin. Má fheicimid ar an méid a tharla cheana, ní raibh díospóireacht faoin straitéis go dtí seo, cé go raibh díospóireachtaí ag an chomhchoiste, go ndearna an comhchoiste a chuid oibre agus gur eisigh sé tuarascáil eile. Níl aon eolas ag an bpobal i gcoitinne ar an obair seo. Caitheadh €750 milliún ar an nGaeilge agus caithfear cur in iúl don bpobal cad díreach atá ar siúl. Níl eolas ar bith ag formhór na ndaoine faoin straitéis. Mura ghlacann an pobal i gcoitinne úinéireacht ar an teanga, ní bhainfear an tairbhe is fearr as an straitéis nuair a chuirfear i bheidhm í.

Tá seoid againn, an teanga, ach caithfimid cur in iúl do dhaoine atá i bhfabhar na Gaeilge chun gur féidir an tacaíocht sin a neartú. Níl go leor daoine ag déanamh iarrachta ar bith an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid mar níl duine ar bith ag cur ina luí orthu gur ceart sin a dhéanamh. Mionlach ar fud na tíre agus cuid de na Teachtaí istigh anseo, tuigeann siad go bhfuil dréachtstraitéis ann ach níl a fhios ag formhór an phobail. Ar thaobh amháin, íocann an pobal an cháin lena gcuirtear seirbhísí ar fáil don tír ach ní mór dóibh bheith ar an eolas faoi cad tá ar siúl. Theip ar an Rialtas go dtí seo an t-eolas a chur os comhair an phobail.

Má labhraímid Gaeilge istigh anseo, is beag tuairisc a chítear sna nuachtáin nó ar an teilifís ina thaobh. Seans go bhfuil suim agThe Irish Times agus na meáin Ghaeilge, ach seachas sin, is beag suim atá ag na meáin ghinearálta. Tá sé tábhachtach, mar sin, go mbeidh díospóireacht dátheangach againn ar an dréachtstraitéis go gcuirfear an scéal os comhair an phobail. Tá dualgas orainn mar pholaiteoirí agus mar Bhaill den Teach, agus ar na meáin fosta, an scéal faoin dréachtstraitéis a phoibliú chun go mbeidh díospóireacht ar fud na tíre.

Is gá go mbeidh cúram na straitéise i Roinn an Taoisigh. Tá comhordú ag teastáil agus níl aon Roinn Stáit eile gur féidir an comhordú sin a dhéanamh. Bíonn an Taoiseach sa Dáil dhá lá sa tseachtain nuair a bhíonn an Dáil ina suí chun freagraí a thabhairt. Deirtear linn go bhfuil dhá phríomhaidhm ag Fianna Fáil: an tír a athaontú agus an Ghaeilge a athbheochan. Tagann an Taoiseach isteach agus freagraíonn sé ceisteanna ar na Sé Chontae ach ní fhreagraíonn sé ceisteanna i leith na Gaeilge. Beidh sin i bhfad níos tábhachtaí nuair a bheidh an straitéis ann.

Tá sé riachtanach go mbeidh díospóireacht sa Dáil gach bliain, ar an chéad lá don Teach bheith ar ais, ina gcuirfear spriocanna don bhliain atá le teacht agus ina bhfeicfear ar ais ar an bhliain atá caite agus na spriocanna a bhí ann don bhliain sin. Ar chuireadh i bhfeidhm na spriocanna sin? An ceart tabhairt futhu ar shlí eile? Ba cheart go mbeadh a fhios ag an bpobal go bhfuil straitéis á chur in áit, agus go bhfuil ómós sa Teach seo don teanga. Chun an fhírinne a rá, is fíor-annamh a labhartar an Ghaeilge sa Teach seo. Is féidir é sin a athrú. Tá an-iarracht á dhéanamh ag Baill den Teach seo a chuid Gaeilge a fhoghlaim agus a fheabhsú. Níl aon rud níos tábhachtaí ná an dea-shampla. Iarraim ar an Aire déanamh deimhin de go mbeidh díospóireacht cheart againn ar an dréachtstraitéis. Tá sé sásta athruithe a dhéanamh ar an dréachtstraitéis agus na moltaí is fearr a thagann ón chomhchoiste a chur i bhfeidhm. Ba chóir go mbeadh seans ag gach Ball den Teach seo moltaí a dhéanamh, agus go n-eisteódh an t-Aire leis na moltaí sin. Mar a dúirt sé, ní le haon phairtí an Ghaeilge. Is linn go léir í.

Is trua é go bhfuil orainn déileáil leis an mBille seo anocht. Ní cheart go mbeimid san áit sin. Mar a dúirt mé cheana, níl sé ciallmhar aon rud eile a dhéanamh um an dtaca seo. Tá Fianna Fáil sa Rialtas ó 1997. Chun an fhírinne a rá, is beag an dul chun cinn atá déanta, ó 1997 i leith, ó thaobh úsáid na Gaeilge de.

Measaim go bhfuil sé tábhachtach go bhfuilimid ag plé an Bhille seo. Is oth liom go bhfuilimid á phlé — ba chóir go mbeimid ag plé le toghchán Údarás na Gaeltachta, nó le torthaí an toghcháin sin. De réir na reachtaíochta mar atá sí faoi láthair, bhí deis ag an Rialtas an toghchán a eagrú aon uair le breis is bliain anuas. De réir na reachtaíochta sin, tá sé de cheart ag an Rialtas toghchán Údarás na Gaeltachta a eagrú tar éis tréimhse idir ceithre bliana agus cúig bliana go leith. Sa Bhille beag seo, tá an Rialtas ag iarraidh orainn an daonlathas a chur ar ceal, nó ar athló ar aon chaoi, ar feadh dhá bhliain eile. Athraíodh an tréimhse idir na toghcháin roimhe seo i 1999, nuair a rinneadh leasú beag bídeach i reachtaíocht ceanann céanna — an tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) 1999, inar chur an Rialtas sé mhí leis an tréimhse chun a chinntiú go mbainfeadh an toghchán le toghcheantair athruithe an údaráis. Ag an am, ghlac gach éinne leis gur chóir é sin a dhéanamh. Níor chuir éinne ina choinne. Bhí gá leis an athrú toisc nach raibh an Rialtas tar éis reachtaíocht eile — an tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 2) 1999 — a ullmhú. Arís i mbliana, táimid ag déileáil le fadhb an Rialtais, seachas fadhb an Fhreasúra nó fadhb an údaráis. Níl an obair déanta ag an Rialtas chun an t-athrú suntasach maidir le Údarás na Gaeltachta a chur i bhfeidhm.

Tá an Rialtas ag iarraidh orainn iontaoibh a bheith againn as. Tá sé mar phlean ag an Rialtas go mbeidh an phríomhreachtaíocht os ár gcomhair agus rite in am le haghaidh toghchán i gceann dhá bhliain eile. Tá go leor ama fós ann chun toghchán a bheith againn i mbliana, roimh 1 Deireadh Fómhair seo chugainn. Measaim gur féidir linn athrú a dhéanamh a thabharfaidh deis don Rialtas, nuair atá an reachtaíocht mór atá molta críochnaithe sa Teach seo, an túdarás a scoir mar atá sé faoi láthair. Déanfaidh mé an argóint seo arís i gcomhthéacs leasú atá curtha chun cinn agam. Ó thaobh an daonlathais de, measaim nach bhfuil sé ceart go bhfuil an toghchán á chur ar athló. Ba cheart go mbeadh deis ag an bpobal sna ceantair Ghaeltachta a chuid vótaí a chaitheamh. Measaim freisin gur cheart dúinn soiléiriú do na comhaltaí a thoghadh cúig bliain ó shin cén uair a bheidh críoch lena dtréimhsí mar chomhaltaí an údaráis. Tá ualach breise de dhá bhliain á chur ag an reachtaíocht seo orthu. Cuirfidh mé críoch le mo ráiteas ansin. Déanfaidh mé déileáil leis an chuid eile den méid atá le rá agam nuair atá mé ag moladh an leasaithe atá agam.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Aire. Cuirim fáilte roimh an seans cúpla rud a rá faoin reachtaíocht seo. Bhí toghchán an údaráis le tarlú sé mhí i ndiadh na toghchán rialtais áitiúla, ach tá athrú molta sa Bhille seo. Tuigim anois go dtarlóidh an toghchán sa bhliain 2012. Tá an tAire agus an Rialtas ag caint mar gheall ar an straitéis 20 bliain. Bhí díospóireacht againn ag an gcoiste mar gheall ar an straitéis agus ainm an udaráis. Tá daoine ag moladh go n-aithreofaí an t-ainm ó "Údarás na Gaeltachta" go "Údarás na Gaeilge" nó "Údarás na Gaeltachta agus na Gaeilge". Tá sé tábhachtacht, pé ainm a bheidh againn, go mbeidh úsáid na Gaeilge ar ár n-intinn nuair atá an Bille seo agus an túdarás á phlé againn. Dúirt Colm McCarthy ón mbord snip gur cheart críoch a chur leis an údarás agus a chuid freagrachtaí a thabhairt do Enterprise Ireland. Ní dóigh liom go bhfuil sé sin ceart ach an oiread.

It is important to point out that Údarás na Gaeltachta has been concerned in a major way with employment and has done much good work in promoting employment in Gaeltacht areas. This is not the only function carried out by the authority.

I welcome what the Údarás has done with regard to ferry transport. I refer to transport to the Aran Islands in County Galway as well. The Údarás has been involved a good deal in air travel to the islands, which should not be forgotten.

I refer to some other matters often forgotten, for example, the idea of providing child care projects in Gaeltacht areas. The Údarás has been very proactive in securing sites for child care and crèches. Similarly, there are co-operatives in some of the smaller Gaeltachts such as Rath Cairn and Baile Ghib in County Meath.

Another important feature of Údarás na Gaeltachta is the fact that it works very effectively with local authorities. I understand it works with the local authorities in Donegal and Galway especially towards the further development of the Gaeltacht in those counties.

The Údarás record on employment is very good. It is true to say the Údarás has lost very few jobs in Gaeltacht areas. Recently, I met the Minister, Deputy Batt O'Keeffe, in Indrebhán at the opening of a factory.

The Údarás also moves with the times. It was proactive when it became apparent that TG4 would come on stream. The authority was able to make its programmes suitable to people coming to work with TG4. In Belmullet, County Mayo, I understand a great effort was made by Údarás na Gaeltachta to create a building which could facilitate local authority work, including road tax, planning applications and library facilities, and a court house within its regional office. That is a good practical example of an t-údarás and local authorities working together. There have been good stories involving this agency in the areas of fish farming and pharmaceuticals. As a Member representing a non-Gaeltacht area, I have been jealous that an t-údarás has been too good. Sometimes it secured grants for so-called sensitive industries such as light engineering and cement production, which could not be secured for other areas outside the Gaeltacht. I was a member of Galway County Council and I was very much aware of its partnership with an t-údarás. I hope the example of Carraroe library can be replicated in other parts of the country.

The straitéis represents a new departure in the work of an t-údarás, with the body getting involved in universities. There is a budget for education and perhaps the Minister can indicate the allocation when he replies. Questions have been asked about an t-údarás getting involved in education when the priority should be employment and industrial development. I welcome its involvement in the sector, although others have a different view. The question of how Roinn na Gaeltachta features in this issue must also be addressed.

Is maith an rud é go bhfuil an díospóireacht seo ar siúl anocht. Tá an t-údarás an-tábhachtach agus tá súil agam go mbeidh sé in ann níos mó post a chur ar fáil. Tá súil agam freisin go n-éireoidh leis an Aire forbairt a dhéanamh sa Ghaeltacht. Tá baill an údaráis ag obair go dian. Anois tá an straitéis 20 bliain ann agus ní mór dúinn obair le chéile ar son na Gaeltachta agus ar son na Gaeilge. Tá níos mó le déanamh ar son tuarasóireachta sa Ghaeltacht. Téann a lán daoine óga chuig na coláistí samhraidh chun an Ghaeilge a fhoghlaim. Uaireanta, téann an chlann iomlán go dtí an Ghaeltacht. Tá comórtas peile na Gaeltachta ag feabhsú, le tuilleadh daoine ag glacadh páirte sa chomórtas sin.

Caithfimid moladh a thabhairt do Raidió na Gaeltachta agus do TG4. Déanann siad cur síos iontach ar nuacht na Gaeltachta agus ar cheol, ar rince agus ar chultúr na háite. Mar fhreagra don Teachta O'Shea, tá úsáid na Gaeilge le cloisteáil sna Gaelscoileanna agus sna scoileanna Gaeltachta.

Níl mé sásta leis an mBille seo ar chor ar bith. Labhair an Teachta Kitt faoi phoist sa Ghaeltacht ach níl a lán jobanna sa Ghaeltacht le ceithre bliana anuas. Principally, however, the Bill is concerned with the Government postponing the election to an t-údarás, not jobs in the Gaeltacht. The Government does not want to call the by-elections or this election. It should hold a general election and the election to an t-údarás on the same day. Even in Gaeltacht areas, where Fianna Fáil was traditionally strong, it is afraid of an election. Naturally it is holding on to power given its majority on an t-údarás and it is afraid of losing many seats, even in a Gaeltacht area.

I congratulate the Minister on his appointment but I appeal to him to hold the election. He should not be afraid of an election. Perhaps the long grass is not as bad as he thinks it might be, although the people are waiting there. Tá súil agam nach mbeidh a lán baill san údarás ag an Rialtas nuair a bheidh an toghchán sin ann.

Tréaslaím leis an Teachta Feighan mar gheall ar an phost nua atá aige. Tá a fhios agam go ndéanfaidh sé sár-jab agus tá súil agam go mbeimid in ann comhoibriú le chéile.

Níl an Rialtas ag iarraidh teitheadh ón gcóras daonlathach. Tá súil agam go mbeidh mé in ann reachtaíocht chuimsitheach nua a thabhairt isteach sa Teach i bhfad níos luaithe ná Deireadh Fómhair 2012. Táimid ag brath go leanófar leis an chomhoibriú atá ann faoi láthair go mbeidh mé in ann an straitéis a thabhairt os comhair an Rialtais chomh tapaidh agus is féidir. Aontaím leis an Teachta O'Shea, bheadh sé an-aisiúil go mbeadh díospóireacht chuimsitheach againn ar an gcéad lá de gach bliain Dála go mbeadh seans againn féachaint siar agus spriocanna a leagan síos don bhliain atá le teacht. Níl an tuarascáil agam fós. Tabharfar don chomhchoiste an tseachtain seo chugainn nó an tseachtain ina dhiaidh sin í agus ní féidir mórán a rá go dtí go bhfeicim í.

B'fhéidir nach bhfuil an ceart agam ach cheap mé go raibh an tuarascáil os comhair an chomhchoiste an tseachtain seo caite.

Bhí sí faoi bhráid fhochoiste an chomhchoiste. Níl sí faighte agam ar aon nós ach tá súil agam go bhfaighidh mé go luath í.

Chuala mé go bhfuil an tuarascáil ag teacht os comhair na Dála roimh i bhfad.

Caithfidh mé an tuarascáil a fháil fós agus, ansin, caithfear í a phlé.

Gabhaim buíochas do na Teachtaí as páirt a ghlacadh sa díospóireacht. Dúradh a lán rudaí faoin dréachtstraitéis. Sin an chuid is fearr den scéal atá a insint againn agus tá sé práinneach go gcuirfear sin i bhfeidhm chomh tapaidh agus is féidir.

Luaigh an Teachta McGinley gníomhaíochtaí an údaráis agus Largo Foods. Cheadaigh an Rialtas don údarás infheistíocht fhiúntach a thabhairt don chuideachta seo coicís ó shin agus tá 40 post le cruthú de thoradh air sin. Tá tograí maithe eile le teacht freisin agus tá súil agam go mbeidh fógraí eile á ndéanamh go luath. Luaigh an Teachta freisin cúrsaí foirne. Tuigeann an Teach go gcaithfidh eagrais feidhmiú de réir na dtreoirlínte atá i bhfeidhm ag an Rialtas agus tá srianta áirithe i bhfeidhm faoi láthair, cé go gcloisim an méid atá le rá aige.

D'iarr an Teachta O'Shea sainmhíniú a thabhairt ar an mBille. Fuair mé comhairle ón Ard Aighne go bhfuil na hAchtanna 1979 agus 1999 le léamh in éineacht a chéile. Luadh na hAchtanna sin ar leathanach 5 den mBille. Tá moltaí an-suimiúla ag an Teachta. Ba mhaith liom iad a phlé leis amach anseo. Rinne mé dearmad rud amháin a rá. Táimid go léir buíoch don Aire, an Teachta Ó Cuív. Rinne sé sár-obair ar son na Gaeilge nuair a bhí sé sa Roinn seo. Ní aontaím nach raibh aon rud a dhéanamh ag an Rialtas seo ar feadh blianta fada. Tá a lán déanta. Má thaistilíonn éinne timpeall na Gaeltachtaí, beidh sé soiléir go bhfuil sár-obair a dhéanamh againn. Tá leathnú agus treisiú tagtha ar an nGaeilge sna gaelscoileanna, mar shampla. Tá fadhbanna ann, ceart go leor, ach tá mórán déanta. Gabhaim buíochas le gach éinne a ghlac páirt sa díospóireacht. Rinne mé dearmad trácht a dhéanamh ar an leasú atá le moladh ag an Teachta Ó Snodaigh, ach is féidir linn é a phlé ar Chéim an Choiste.

Question put and agreed to.