Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 5 Dec 2023

Vol. 1047 No. 1

Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Media Sector

Imelda Munster

Ceist:

50. Deputy Imelda Munster asked the Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media if she can outline the Government’s options, or if relevant, plans, regarding long-term funding for public service media, the licence fee; if she can outline any discussions that have taken place between herself and other relevant Ministers regarding same; and if she will make a statement on the matter. [53582/23]

This question relates to the Government's options, if any, and the plans regarding the long-term funding for public service media. Could the Minister outline the discussions that have been taking place between her and other relevant Ministers regarding this issue?

Public service media is a cornerstone of a healthy society and democracy. It educates, informs and entertains, and research shows that it enhances social, political and cultural citizenship and promotes social cohesion.

For this reason, the Future of Media Commission was tasked with making recommendations on sustainable public funding and other support to ensure media in Ireland remains viable, independent and capable of delivering public service aims.

The commission noted three main funding models; a TV licence, a universal charge or direct exchequer funding. While the commission recommended the latter, Government decided to establish a technical working group to examine options for the reform and enhancement of the current system. The working group submitted its report to me at the end of March 2023. While discussions with senior relevant Cabinet colleagues have been ongoing on the matter, the subsequent events at RTÉ meant that a final decision has been paused until the expert advisory committees that Government appointed to carry out the reviews into RTÉ have completed their work. Their reports are expected in February 2024.

While it would not be appropriate for me to discuss the details of the technical working group report until Government has completed its consideration of it, it is imperative we deliver a secure and sustainable source of funding. All options need to be considered, both those put forward by the technical working group and the Future of Media Commission's original recommendation. Our considerations will also need to take account of the recent decline in TV licence receipts and the continuing shift in media consumption patterns.

While previous Governments have not addressed this issue, this Government is determined to bring forward real change. I, as the Minister of State with responsibility, am committed to reform of the licence fee within the life span of this Government. As the Taoiseach has stated, this is needed to deliver effective reform and secure funding for public service media. Successive Governments have failed on this issue. It is my intention that legislation to underpin this issue will be prepared next year.

A future funding model must not only put RTÉ on a more sustainable footing but must also support other public service media providers and content producers to continue to provide high-quality public service content for the benefit of our entire society. In the meantime, it remains of vital importance that people continue to purchase their TV licence, which funds free-to-air, quality public service content for audiences in Ireland, including through the sound and vision scheme, which is open to all broadcasters.

The technical working group and the expert working group, which may be one and the same, reported earlier this year in March, as the Minister said. Afterwards, the debacle happened in RTÉ. Considering that most of the points were already presented in the report from the Future of Media Commission, there did not seem to be a reason a technical working group was needed to decide on which of the options the Future of Media Commission made.

When will we see a decision made by Government on the three options recommended by the Future of Media Commission? I believe it recommended the third option. When is a decision going to be taken now that the debacle in RTÉ has settled down to some degree? We already know what the TV licence income should be and it is up to Revenue to chase those who have not paid.

The technical working group was established last year and began work in September. It looked at enhancement and reform of the TV licence model. High-level discussions on the report had commenced before the summer, but the decision was paused in light of the controversy. I have said on many occasions since then, and earlier in my initial response, that for too long, Irish Governments have failed to address the question of how to fund public service broadcasting. All options remain on the table. I am determined that this Government will be the one that makes the decision. We are waiting for the reports of the two expert advisory committees. Unlike the other reports on RTÉ, these are the ones we have commissioned that will have actual recommendations with them. After we see the recommendations, I am hopeful we can make a decision as swiftly as possible. I will be seeking the co-operation of all Members of the House to help us grasp this nettle and fund public service media, because we certainly need it. It can be seen how much we depend on reliable sources of information.

The question here is when. There are three reports, one which the Minister has already received and two other reports she has mentioned, which need to be delivered to her for her to make a decision. When does she expect that delivery and, after that, when will a recommendation come to this House regarding the future funding of the public service content the Minister mentioned and the public broadcaster, RTÉ? What action will be taken now to encourage those who dropped off, as it were, paying their TV licence to pay the outstanding licence fee?

The two reports of the expert advisory committees are due in February. As I said, it is only the decision that has been paused. The discussions on the funding model continue. I hope to move as swiftly as possible. I am serious about doing this in the lifetime of this Government, so we cannot be waiting months and months after the expert advisory committees report back. Whatever model is decided will need legislation. My intention is to move swiftly after I receive the reports. Until then, as I said, what we have at the moment is the TV licence model. I encourage everyone to pay for this, not only because it is the law of the land but also because of what it supports, which is good quality public service content.

Earnáil na Meán

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

51. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an ábhar buartha é go bhfuil deireadh ré tagtha an mhí seo ar cheann eile den bheagán irisí clóite as Gaeilge agus gur de thoradh ar "síorlaghdú ar an tacaíocht stáit don iris" ba chúis leis de réir a riarthóra; cén gníomh a ghlacfaidh sí chun tabhairt faoin ngéarchéim seo in irisí Gaeilge; an bhfuil sé i gceist aici gníomhú de réir na moltaí atá i dtuarascáil Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge a seoladh ag Oireachtas na Samhna faoi Earnáil Scríbhneoireachta, Foilsitheoireachta agus Léitheoireachta na Gaeilge [53618/23]

An ábhar buartha é go bhfuil deireadh ré tagtha le hiris clóite Ghaeilge amháin eile de thoradh síorlaghduithe ar an tacaíocht Stáit don iris sin, Feasta? Is é sin an fáth ar thug eagarthóir agus lucht bainistíochta Feasta.

Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Snodaigh. Cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil d'fhoilseacháin agus d'irisí Gaeilge, idir clóite agus ar líne, i gcomhréir lena fheidhm reachtúil chun úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh ar bhonn uile-oileáin. Tuigtear dom go ndearna bord an fhorais an cheist seo a mheas roinnt uaireanta le deich mbliana anuas agus gur tógadh sainchinntí ina leith bunaithe ar a straitéis pobal léitheoireachta Gaeilge inmharthana a chothú agus an luach is fearr ar airgead a chinntiú trí ábhar léitheoireachta a chur ar fáil saor in aisce ar líne.

Chuige sin, tá trí scéim ar leith á reáchtáil ag Foras na Gaeilge faoi láthair le tacaíocht a chur ar fáil do na meáin scríofa i nGaeilge. Cuirfear suas le €2.5 milliún ar fáil thar thréimhse chúig bliana faoi na conarthaí foilseacháin seo a leanas mar thoradh ar chóras tairisceana poiblí: an nuachtán ar líne, Tuairisc.ie; an iris Ghaeilge, Comhar; agus an iris stílmhaireachtála, Nós.ie. Maidir le maoiniú a chur ar fáil d’irisí ar leith, is ceist fheidhmiúcháin í sin d'Fhoras na Gaeilge. Tuigtear dom gur tháinig deireadh thart ar naoi mbliana ó shin leis an maoiniú a bhíodh á chur ar fáil don iris áirithe atá faoi chaibidil ag an Teachta sa chás áirithe seo.

Maidir le cúrsaí foilsitheoireachta, gabhaim buíochas leis an Teachta agus leis an gcomhchoiste as an tuarascáil chuimsitheach ar earnáil scríbhneoireachta, foilsitheoireachta agus léitheoireachta na Gaeilge a chur i dtoll a chéile. Cuireann mo Roinn maoiniú imfhálaithe de €1.061 milliún in aghaidh na bliana ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge faoina bhfeidhmítear roinnt scéimeanna agus tionscadail tacaíochta. Críochnóidh mé an freagra go luath.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Tá an ceart aige maidir leis an maoiniú do Feasta. Is ceann de na cinntí a glacadh nuair a rinneadh laghdú blianta ó shin ar an maoiniú a thug Foras na Gaeilge d'irisí agus do nuachtáin dhifriúla é sin. Thar na blianta, tá a lán irisí agus nuachtáin imithe ar shlí na fírinne i mbealach amháin nó i mbealach eile. Táim ag caint faoi , Foinse, Gaelscéal, Anois, Ar Aghaidh Linn, An tUltach, Deirdre agus a lán eile nach iad. Bhí roinnt acu dírithe ar dhreamanna áirithe ach anois níl ach dhá iris foilsithe i nGaeilge. Is ceann amháin acu Comhar, a luaigh an tAire Stáit. Tá sé sin ag fáil laghduithe ar an méid a bhíodh sé ag fáil ó Fhoras na Gaeilge. Ní fhaigheann an ceann eile, An Timire, aon mhaoiniú.

Go bhfios dom, níor lorg sé maoiniú. Tá géarchéim ann ó thaobh foilsitheoireacht na Gaeilge de. An bhfuil an tAire Stáit sásta níos mó a dhéanamh chun a chinntiú go mbeadh tacaíocht ann d'fhoilsitheoirí agus d'irisí amach anseo?

Aithnítear go bhfuil dúshláin roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge faoi láthair. Cuireadh €300,000 breise ar fáil do chlár na leabhar Gaeilge mar chuid de bhuiséad 2023 dá bharr. D'fhógair mé €300,000 breise d'Fhoras na Gaeilge ag tús na bliana seo chomh maith chun tacú leis an earnáil foilsitheoireachta. Leanfaidh mo Roinn agus Foras na Gaeilge ag breathnú ar roghanna agus deiseanna chun tacú tuilleadh le foilsitheoirí na Gaeilge san am atá amach romhainn mar atá déanta go dtí seo.

Dá mbeadh The Irish Times, Irish Independent agus Irish Examiner ag imeacht ón saol ag an am céanna, bheadh géarchéim i measc léitheoirí an Bhéarla. B'fhéidir go mbeadh siad ag brath ar The Sun, The Star nó rud éigin dá leithéid. Tá géarchéim ann nuair a imíonn na hirisí agus na nuachtáin ar fad a bhí ann do lucht na Gaeilge seachas iris amháin atá ag streachailt ar aghaidh. Bhuel, tá dhá iris ann ach tá ceann amháin dírithe ar chúrsaí eaglasta. Tá ceist dháiríre anseo ní hamháin ó thaobh na foilsitheoireachta. Luaigh an tAire Stáit an tuairisc a d'fhoilsigh muid. Tá súil againn go mbeidh duine éigin ón Roinn in ann teacht os ár gcomhair chun déileáil leis seo mar ní ceist Ghaeilge amháin é sin; tá na healaíona i gceist chomh maith mar tá scríbhneoireacht na Gaeilge chomh hársa sin gur seoid agus cuid dár n-oidhreacht í. Muna bhfuil irisí nó nuachtáin ann do scríbhneoirí, bheadh sé sin níos deacra. Arís, aithním an €300,000 a luaigh an tAire Stáit ach tá i bhfad Éireann níos mó ag teastáil chun déileáil le ceist na foilsitheoireachta reatha, is é sin, na hirisí agus nuachtáin a bhí i gceist agam sa cheist.

Gabhaim buíochas arís leis an Teachta Ó Snodaigh as an méid atá ráite aige maidir le buiséad 2024. Tuigim agus tuigeann an Teach go léir gur obair neamhspleách í an obair atá déanta agus atá le déanamh ag Foras na Gaeilge. Oibríonn sé ar bhonn uile-oileán. Tuigtear cé chomh deacair is atá sé de bharr eachtraí sa Tuaisceart. Tá muidne i Roinn na Gaeltachta ag déanamh ár ndíchill agus ag obair le Foras na Gaeilge. Tá an-mhéid déanta ag an bhforas go dtí seo ar scéimeanna difriúla, scéimeanna nuachtán, scéimeanna Idirlín agus scéimeanna leabhar san áireamh. I mo thuairimse, tá sé ag déanamh an-dul chun cinn maidir leis an ábhar sin ach tuigim an cheist a cuireadh os mo chomhair. B'fhéidir go mbeidh seans ag an Teachta an méid sin a phlé le Foras na Gaeilge agus é ag déanamh a chuid oibre neamhspleách ón Rialtas.

Acht na dTeangacha Oifigiúla

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

52. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar tháinig na forálacha d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 maidir le cosaintí don síneadh fada i bhfeidhm ar an 31 Deireadh Fómhair 2023 mar a gheall Aire Stáit na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [53616/23]

Déileálann an cheist seo leis na forálacha d’Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, maidir le cosaintí don síneadh fada. Ar tháinig siad i bhfeidhm ar an 31 Deireadh Fómhair i mbliana mar a gheall an tAire Stáit dúinn roimhe seo?

Gabhaim buíochas arís leis an Teachta. Is ceist an-chasta í an cheist seo . Ó achtaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021, tá mo Roinn i mbun oibre chun feidhm a thabhairt d'ailt agus d'fhorálacha uile an Achta ar bhonn céimiúil. Tá go leor nithe suntasacha tagtha chun cinn de thoradh an Achta cheana féin, eadhon bunú an choiste chomhairligh um sheirbhísí Gaeilge agus aontú conradh taighde i leith ullmhú an phlean náisiúnta. Anuas air sin, tá teacht i bhfeidhm alt 10A den Acht leasaithe, a chuireann dualgais bhreise ar chomhlachtaí poiblí ó thaobh fógraíocht a dhéanamh trí Ghaeilge agus sna meáin Ghaeilge, rud atá tar éis cur go mór le feiceálacht na teanga ar gach ardán meán atá in úsáid trasna na hearnála poiblí.

Táthar ag obair i dtreo feidhm a thabhairt anois d'alt 4 agus d'alt 5 den Acht roimh dheireadh na bliana seo. Baineann na hailt go díreach le dualgais chomhlachtaí poiblí atá faoi scáth an Achta ó thaobh: postálacha sna meáin shóisialta a fhreagairt sa teanga oifigiúil ina bhfaightear iad; ainmneacha, seoltaí agus teidil i nGaeilge a úsáid agus a thaifead i gceart, lena n-áirítear an síneadh fada agus cur in oiriúint córais TFC agus eile le glacadh lena leithéid; leagan amach foirmeacha oifigiúla; lógónna; ainmneacha comhlachtaí poiblí reachtúla nuabhunaithe a bheith i nGaeilge amháin; agus seirbhísí a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu atá curtha ar fáil ag tríú páirtí.

Cé gur luadh dáta eatramhach - an 31 Deireadh Fómhair 2023 - i leith seo roimhe seo, beidh tréimhse ghearr eile ann anois sula mbeidh feidhm á tabhairt do na forálacha seo. Críochnóidh mé an freagra i gceann tamaillín.

Ní mise a roghnaigh an dáta - an 31 Deireadh Fómhair- i mbliana. Is é an tAire Stáit a roghnaigh é mar thug sé domsa i bhfreagra é níos luaithe i mbliana. Dá réir, bhí sórt geallúint tugtha aige go mbeidh na forálacha seo i bhfeidhm. Bhí daoine ag tnúth le hailt 4 agus 5 ach go háirithe, ailt a dhéileálann leis an dualgas atá ar chomhlachtaí Stáit taifead ceart a dhéanamh ar ainmneacha agus seoltaí. Tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag féachaint ar na cearta nua atá ann de réir na hAchta agus ag iarraidh feachtas a dhéanamh a léireodh na cearta nua sin. Anois, ní féidir leis é sin a dhéanamh mar níl an dá cheart sin tagtha i bhfeidhm. Luaigh an tAire Stáit tréimhse ghearr eile. Cad é an tréimhse ghearr sin? An bhfuil trí mhí, sé mhí, cúig bliana nó deich mbliana i gceist?

Tuigim nach bhfuil an Teachta ag gearán. Ar an ábhar sin, cé gur luadh dáta eatramhach den 31 Deireadh Fómhair 2023 i leith seo roimhe seo, beidh tréimhse ghearr eile ann anois sula mbeidh feidhm á tabhairt do na forálacha seo. Cuireadh na comhlachtaí poiblí uile ar an eolas faoi seo trí chomhfhreagras a seoladh chucu ar an 27 Deireadh Fómhair 2023, cé gur léir gur eisíodh roinnt alt míchruinn sna meáin faoi seo ó shin. Táthar ag súil le dul i dteagmháil leis na comhlachtaí poiblí arís sna seachtainí gearra amach romhainn le iad a chur ar an eolas faoin dáta tosach feidhme nua agus é deimhnithe.

Anuas air seo, tá beartaithe ag mo Roinn feidhm a thabhairt ar an lá céanna d'ailt 12, 13 agus 14 den Acht, a bhaineann le bunú an choiste logainmneacha. Arís, críochnóidh mé an freagra i gceann tamaillín.

Tuigfidh an tAire Stáit an frustrachas atá ann toisc go raibh geallúint ann. Nuair a bhíomar ag déileáil leis an reachtaíocht seo ag Céim an Choiste agus ag an Tuarascáil, bhíomar ag iarraidh go mbeadh an reachtaíocht níos déine ó thaobh na ndátaí difriúla ar a mbeidh na forálacha ag teacht i bhfeidhm. Bíonn eagla agus frustrachas ar dhaoine nuair a bhogann na dátaí seo píosa ar phíosa. Bheadh sé go deas dá mbeadh an tAire Stáit in ann a fhógairt go bhfuil dáta nua ann agus go bhfuil an Stát seo, sa deireadh thiar thall, chun cosaint a thabhairt d'ainmneacha agus seoltaí daoine. Is é sin atá i gceist. I mbeagnach gach uile thír eile ar domhan, is féidir d'ainm a bheith cláraithe i gceart agus bíonn comhlachtaí stáit sásta an t-aitheantas sin a thabhairt. Is é sin atá i gceist leis an Acht. Ní cóir go mbeadh aon mhoill eile i gceist le haon cheann de na forálacha nach bhfuil i bhfeidhm go dtí seo.

Tuigim go bhfuil an freagra seo casta ach tá sé an-tábhachtach dom, mar Aire Stáit, an freagra cruinn a chur os comhair na Dála. Chríochnaigh mé ar an gcoiste logainmneacha. Agus é beartaithe feidhm a thabhairt do na forálacha uile seo roimh dheireadh na bliana, ciallóidh sé sin go mbeidh feidhm tugtha d'fhorálacha substainteacha uile an Achta bliain chun cinn ar an sprioc atá leagtha síos ina leith. Is é sin an rud is tábhachtaí domsa. Bheadh an méid den Acht sin curtha i bhfeidhm roimh dheireadh na bliana seo. Is é sin an rud is tábhachtaí domsa.

Barr
Roinn