Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

JOINT COMMITTEE ON ARTS, SPORT, TOURISM, COMMUNITY, RURAL AND GAELTACHT AFFAIRS díospóireacht -
Wednesday, 18 Jun 2008

Dréacht Rialacháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003: Plé leis an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.

Before I take the opportunity of thanking the Minister, ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil córas aistriúcháin ar fáil inniu agus go mbeidh córas aistriúchán ar fáil as seo amach ag na cruinnithe den comhchoiste seo. A translation facility is available and will be at all future meetings.

A Aire, tá brón agam moille a chur ort, but ba mhaith liom fáilte a chur romhatsa agus do na hoifigigh atá leat, labhairt ar na dréacht rialacháin faoi alt a 9 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá sé socruithe againne, a Aire agus tá súil againn go mbeidh tú sásta leis seo, tar éis an méid atá le rá agatsa, go mbeidh plé ginearálta againn inniu agus go mbeimid ábalta na leasuithe a fuaireamar inniu a phlé ar an dara lá den mhí seo chugainn, sé sin coicís ón lá inniu. Tá súil agam go bhfuil tusa sásta leis sin agus má tá, ar aghaidh leat.

Go raibh míle maith agat, a Chathaoirligh. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leat as ucht do cheapadh mar Chathaoirleach ar an gcoiste seo. Tá mé cinnte go ndéanfaidh tú, mar a deirtear i dTír Chonaill "jab ar dóigh". Tá mé ag tnúth le bheith ar ais anseo go minic ag plé cúrsaí forbartha tuaithe, Gaeltachta, oileáin agus pobail.

Go mórmhór inniu, fáiltím roimh an deis plé a dhéanamh arís leis an gcomhchoiste ar dhréachtadh na rialiacháin atá le déanamh agam faoi alt 9(1) d'Acht na dTeagacha Oifigiúla 2003. Táthar den tuairim le píosa fada go raibh tábhacht ag baint le comhchomhairliú a ghlacadh agus a dhéanamh cinnte de, nach mbeadh éinne in ann a rá go dtáinig na rudaí seo isteach gan dóthain plé.

Baineann na dréacht rialacháin seo le húsáid na Gaeilge amháin, nó na Gaeilge agus an Bhéarla le chéile i bhfógairtí béil réamh-thaifeadta, ar stáiseanóireacht agus ar chomharthaíocht ag comhlachtaí poiblí. D'fhoilsíodh na dréacht rialacháin seo i dtosach, Meán Fhómhair na bliana 2006. Ó shin bhí an deis agam mionphlé a dhéanamh orthu leis an gcoiste agus glac an Dáil agus an Seanaid araon leo.

Ag éirí as an bplé a déanadh leis an gcoiste, mheas mé go mbeadh sé féilliúnach deis eile a thabhairt do na comhlachtaí poiblí uilig, a gcuid tuairimí a nochtadh maidir leis na dréacht rialacháin. Dá réir sin scríobh an Roinn chuig na comhlachtaí poiblí uilig ag tús 2007, leis an deis sin a thabhairt dóibh.

Ag éirí as an bpróiséas sin, tá roinnt leasuithe á mholadh agam ar na dréacht rialacháin seachas mar a ghlac an Dáil agus an Seanad leo ag deireadh na bliana 2006. Is iad seo a leanas na príomh leasuithe atá a mholadh. Tá díolúine faoi na rialacháin á mholadh i gcás comharthaí lena mbaineann na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair (Feidhm Ginearálta) 2007, IR 299 de 2007. Tá foráil shonrach á mholadh a dheimhníonn nach mbaineann na forálacha faoi, le fógartí taifeadta béil (Rialachán 4) le fógraí nó teachtaireachtaí as an oifig a fhágann fostaí aonair. Sé sin, go minic nuair a bhíonn duine as láthair, deirtear: "Tá mé imithe ar saoire; beidh mé ar ais Déardaoin seo chugainn." Is fógra taifid é sin ach ní bheidh sé sin san áireamh sna rialacha. Beidh cead ag duine: "I will be out of the office until next week, please ring such and such a number," a fhágáil mar ní rud buan atá ann.

Tá formhór mór na dátaí a bhí luaite san bun-dréacht tugtha suas chun dáta anois ag cur san áireamh go bhfuil níos mó ná bliain go leith imithe ó fhoilsíodh ar dtús iad. Mar a fhéachann an coiste, níl fógraí clúdaithe sna rialacháin ag an bpointe seo. Fillfear ar chúrsaí fógraíochta arís go luath, le cúnamh Dé, nuair a bheidh na rialacháin seo déanta. Is fiú a lua, gur déanadh roinnt moltaí eile mar chuid den phróiseas comhairliúcháin ach gur cinneadh gan glacadh leo ar fáthanna éagsúla. Is cinnte go mbeidh deis againn iad seo a phlé ar ball.

Tá dhá bun phrionsabal mar bhonn do na rialacháin dréachta. Is é an chéad cheann ná go mbeidh rogha idir úsáid na Gaeilge nó na Gaeilge agus an Bhéarla ar chomharthaíocht agus ar stáiseanóireacht. Is é an dara ceann ná go gcaithfidh an Ghaeilge a bheith ar a laghad chomh feiceálach leis an dtéacs Béarla ar aon chomhartha stáiseanóireacht ina n-úsáidfear an dá theanga oifigiúla. Feictear go minic stáiseanóireacht ar chomhlachtaí Stáit agus tá an rud i mBéarla i gcló mór agus go minic chaithfí micreascóp a fháil chun an rud i nGaeilge a léamh. Beidh deireadh le sin.

Is rialacháin thar a bheith tábhachtach iad seo ó thaobh chur chun cinn agus cosaint na Gaeilge agus táim sásta go dtacaíonn an pobail i gcoitinne go láidir leis na prionsabail ar a bhfuil siad bunaithe. Ag an am céanna, tá cur chuige ciallmhar, réalaíoch ag baint leis na rialacháin go mór mhór ó thaobh costais dhe. Tá cur chuige fadtéarmach ann i gcur i bhfeidhm na rialacháin agus tabharfar na hathruithe isteach ar bhonn costais imeallaigh nó malartaithe. Sé sin le rá, má tá an comhartha thuas, tá faoiseamh fada ann. Má tá comhartha nua ag dul suas ár ndóigh, níl mórán costas breise é a dhéanamh go dátheangach.

Tá deis ag an gcoiste anois dul tríd na míreanna éagsúla agus aon cheist a phlé ceann ar cheann. Beidh fáilte roimh aon tuairimí nó moltaí atá ag na baill. Tá áthas orm go bhfuilimid ag tabhairt an próiseas seo chun críche. Ag an am céanna, sílim go bhfuíll an-chiall leis an gcoicís seo romhainn go mbeidh deis ag na comhaltaí na moltaí agus na leasuithe atá á dhéanamh agam a scrúdú agus teacht ar ais agus aon mholtaí atá acu ina leith a dhéanamh. Dá mbeimid ag iarraidh an gnó ar fad a dhéanamh inniu go bhféadfadh daoine a rá nach raibh dóthain ama acu machnamh ar a bhfuil i gceist agus ar na leasuithe atá déanta. Tuigtear dúinn go bhfuil cóip de na páipéir scapaithe ar an gcoiste agus tá súil againn go bhfuil siad soiléir. Déanadh an-obair ag iarraidh an rud a dhéanamh chomh soiléir agus is féidir.

Go raibh maith agat, a Aire. Tabharfar deis anois don Teachta McGinley.

Go raibh maith agat, a Chathaoirligh. Ar dtús, comhghairdeas as ucht do thogha mar Chathaoirleach ar an gcomhchoiste tábhachtach seo agus tá súil agam go n-éireoidh leat na haidhmeanna atá againn a chur i bhfeidhm agus i gcrích ins na cúpla bliain amach romhainn. Tá taithí agat ar chúrsaí Gaeilge agus ar imeachtaí Gaeilge agus sílim go bhfuil tú oiriúnach don phost seo. Geallaim duit go mbeidh mo chomhoibriú fhéin, chomh fada agus a bhaineann sé le cúrsaí Gaeilge, le fáil agat fhéin i gcónaí agus ár ndóigh, nuair a thuilltear é, beidh sé ar fáil ag an tAire chomh maith. Go n-éireoidh go geall leat.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an cinneadh go bhfuil an cruinniú againn anseo inniu, gur féidir linn cúrsaí Gaeilge agus cúrsaí Gaeltachta a phlé in san teanga a labhraítear in san nGaeltacht agus go bhfuil an córas aistriúcháin curtha ar fáil. An uair dheireanach a bhí cruinniú den chineál seo againn bhí orainn gearán a dhéanamh mar nach raibh na háiseanna seo curtha ar fáil. Is cinnte gur céim ar aghaidh é seo ach is céim nár chóir dúinn gearán a dhéanamh aon uair mar gheall air. Ba chóir go mbeadh sé intuigthe nuair atáimid ag plé na rudaí agus na n-ábhair seo go mbeadh muid ábalta iad a phlé inár dteanga fhéin agus gan cur isteach ar aon duine. Más féidir le duine an Ghaeilge a labhairt tá cead aige nó aici é sin a dhéanamh. Más maith le duine an Bhéarla a labhairt, tá saor chead aige nó aici é sin a dhéanamh. Nuair a dhéantar é sin ag leibhéal na hEorpa i bParlaimint na hEorpa, cén fáth nach ndéanfaimid anseo é i bParlaimint nó i seomra coiste dár nOireachtas fhéin? Mar sin cuirim fáilte roimh chomh fada agus a théann sé.

Ní seo an chéad uair a bhí na rialacháin seo á phlé anseo, agus ár ndóigh tá an tAcht curtha tríd anois, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is sin an áit a leagadh síos an dúshlán, an bonn cloch, do pholasaí na teanga agus táimíd ag tógáil na gclocha as sin ó shin. Is cuid thábhachtach de thógáil na rialacháin seo iad a phlé agus oiread agus is féidir dóibh a chur i bhfeidhm.

Tá cúig bliana imithe ó chuireadh tríd an tAcht agus sílim go bhfuil toradh an easpa cur i bhfeidhm go dtí seo i réimsí áirithe le feiceál i rudaí atá ag tarlú taoibh amuigh, mar shampla, i gcúrsaí fógraíochta, a bhí luaite ag an tAire. Sílim go bhfuil sé sin thar a bheith tábhachtach. Bhí sampla iontach againn den easpa dul chun chinn atá déanta mar nach bhfuil fógraíocht ins na rialacháin, b'ea sin an fógra de chuid na Ranna Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ag cuardach daoine le dul isteach ins an Garda Síochána. Bhí an fógra ins na páipéir náisiúnta i mBéarla, i bPollanais agus i Mandrais, teanga na Síne, ach ní raibh sé inár dteanga fhéin. Bhí sé do-chreidte agus dá mbeadh fógraíocht ins na rialacháin seo, is cinnte nach dtarlódh sé sin. Chomh fada agus is eol duinn, tugadh faoi deara sa Roinn go raibh botún agus dearmad déanta agus déanadh iarracht é a chur i gceart. Is maith agus is mithid go raibh sé sin déanta. Níl sin ach sampla amháin.

Ní fheictear dom aon fáth nuair atá bord Stáit, Roinn Stáit nó eagraíocht Stáit ag déanamh fógraíochta thábhachtach mar seo nach mbeadh sé i gcónaí inár dteanga fhéin, is cuma cén teanga eile atá ann agus tá teangacha eile go leor sa tír anois. Dár ndóigh, tá tréimhsiúcháin agus páipéir laethúil agus seachtainúil ag teacht amach inár dteanga fhéin agus ba chóir go mbeadh na fógraí le feiceál ag na daoine a léann iad sin. Tá daoine in san tír, i mo thuairimse, a léann na páipéir Gaeilge agus b'fhéidir gur beag beann atá acu ar na páipéir nach bhfuil go hiomlán i nGaeilge.

Tá sé simplí go leor na rudaí seo a dhéanamh nuair atá ár nintinn déanta suas iad a dhéanamh. Ní deintear na rudaí sin agus ní cuirfear iad i gcrích go dtí go bhfuil siad istigh ins na rialacháin anseo againne. Tá tamaill fada imithe, cúig bliana, agus muid ag plé na nithe seo anseo. Tá coicís eile againn anois agus táim ag súil faoi cheann coicíse agus go dtiocfaimíd le chéile go ndeánfaimíd deileáil iomlán agus cuimsitheach leis na laigaíochtaí seo.

Rud maith é Acht na dTeangacha Oifigiúla agus thugamar go léir tacaíocht dó. Anois tá sé le cur i bhfeidhm agus ní cuirfear i bhfeidhm é muna bhfuilimid in ann deileála leis na rialacháin seo. Mar sin, níl mórán eile le rá agam ag an bpointe seo ach go mbeidh plé fhada ar gach gné des na rialacháin agus na heasnaimh againn. B'fhéidir nach mbeidh easnamh ar bith. B'fhéidir go bhfuil an tAire ag déanamh ath-machnamh. Tá comharthaí bóithre agus fógraí ag teacht isteach agus logos go hiomlán i nGaeilge. B'fhéidir go mbeidh scéal nua ag an tAire coicís ó inniu. Beidh deis againn é a phlé go mion an lá inniu agus coicís ó inniu.

There was a major debate in my constituency with regard to bilingual signs in Gaeltacht areas. I support the body that wants signs, particularly State signs, to be bilingual. Signs on State buildings throughout the country should be bilingual. I see no problem with this and it should be done. However, the situation with regard to road signs is creating a problem for some. These signs should be bilingual, whether the Irish lettering is bigger on the sign. Will the Minister respond on this issue?

Deputy McGinley referred to recent recrutiment to the Garda Síochána, which created much upset in that it was done with regard to other nationalities but not our own. People should have the opportunity, if they want, to make an application through the Irish langauge and the advertising should be bilingual. I see nothing wrong with that.

I repeat I would like to know the Minister's views on bilingual road signs in Gaeltacht areas. While others may disagree with my views, we know of the row created in Kerry, which did no good for the Irish langauge or the area invovled. At the end of the day, to resolve that problem, I would like to see road signs made bilingual.

Níl na leasuithe seo ach feicthe agam anois. Ní fheicim aon rud go bhfuil stró agam leo ach b'fhearr liom dá mbeadh seans agam staidéar ceart a dhéanamh orthu.

Bhí cruinniú againn roimh ré agus socraíodh cé go mbeidh díospóireacht ginearálta againn inniu agus go tabharfaimid deis don Aire, tar éis deis a bheith ag na comhaltaí go léir ceist a chur, go mbeidh deis againn coicís ón lá inniu dul isteach ins na leasuithe atá molta ag an tAire.

Mo leithscéal toisc a bheith déanach ach bhí mé gafa ar obair an tSeanaid. Is mian liom tréaslú leis an tAire i dtosach mar is cuimhin liom nuair a thánamar anseo an uair dheireanach nuair a bhí na rialacháin á phlé againn do bhí sé soiléir go raibh roinnt tuairimí ag teacht chun tosaigh, ní hamháin ó na baill anseo ach ó na heagrais Gaeilge chomh maith.

Ba chóir a rá gan na heagrais Gaeilge ar an dtalamh do bheadh cailliúnt maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Is iad siúd, is dócha, a chothaíonn an deá-thoil don Ghaeilge, a chuireann seirbhísí ar fáil agus a spreagann daoine chomh maith. Fiú amháin ag féachaint siar ar stair Chonradh na Gaeilge, gan an conradh na blianta fada ó shin, ní dóigh liom go mbeadh an stádas ag an nGaeilge is atá againn anois. Deirfinn an rud céanna faoin obair atá á dhéanamh ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ag na heagrais i gcoitinne atá ag obair as lámha a chéile. Tháinig roinnt cáipéis isteach chugainn ó na heagrais seo agus ba bhreá liom bheith in ann comparáid a dhéanamh idir na rudaí a bhí á rá acu agus na moltaí atá ann maidir leis an ndréacht nua.

Ó thaobh na hoibre atá déanta ag an tAire agus ag an Roinn go dtí seo, nuair a thosaíomar an phlé seo ar reachtaíocht maidir le stádas na Gaeilge sa Stát, bhí roinnt mhaith daoine a bhí amhrasach faoi. An rud a déanadh maidir le Acht na dTeangacha Oigifiúla, sin ceann des na rudaí is stairiúla a tharla ó thaobh aitheantas a thabhairt don Ghaeilge ó chéad bunaíodh an Stáit. Sin an rud a bhí ag teastáil ó na heagrais Gaeilge. Bhí an-áthas orm go raibh an Aire agus an Roinn in ann sin a chur le chéile. Cé b'fhéidir go raibh roinnt cáineadh déanta ar sin i dtosach, ní cloistear an cáineadh céanna anois is a bhí ann i dtosach. Ceann des na cúiseanna leis sin ná an tslí ina láimhseáil an tAire an díospóireacht agus inar thug sé seans agus cead dúinn go léir bheith in ann labhairt faoi na moltaí a bhí ann. Chomh maith leis sin is dócha gur cheap an-chuid daoine nach raibh sé indéanta an stádas don Ghaeilge san Eoraip a aimsiú.

Anois, ní raibh riamh an deá-thoil nó an buncloch chun dul chun cinn a dhéanamh is atá againn i láthair na huaire agus tá súil agam go mbeidh ar ár gcumas taobh istigh den choiste seo na moltaí atá sna rialacháin a phlé. Táim lán cinnte aon mholtaí atá ag teacht ar aghaidh go bhfuil siad ann tar éis comhairle nó comhchomhairle a bheith ag an tAire le daoine go bhfuil suim acu sa Ghaeilge, leis na húdaráis féin, leis na Ranna Stáit agus mar sin de. Tuigimid go léir go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach a bheith sásta go bhfuil an rud atá á mholadh indéanta agus nach bhfuilimid ag teacht ar ais arís tar éis bliana nó dhó agus éadóchas ar dhaoine toisc go raibh moltaí ann nach rabhamar in ann cur i gcrích. Fiú más rud é go bhfuilimid chun teacht ar ais chuig an choiste arís, ceapaim go bhfuil céim an-thábhachtach tógtha leis an gcomhchomhairle a bhí ann go dtí seo, leis an tAcht féin a bheith i bhfeidhm agus gur féidir linn anois an chéad chéim eile a thógaint. Fiú má thógann sé tamaill níos faide chun é a dhéanamh, bheadh sé níos fearr go mbeadh an struchtúr ceart buan ann chun leanúint ar aghaidh leis an obair seo.

Sara a théimid ar aghaidh, le cur in iúl do na comhaltaí maidir leis na moltaí a tháinig isteach, aontaím leis an tSeanadóir Ó Murchú gur cheart go mbeadh páirt lárnach ag na heagraíochtaí Stáit. Tá na moltaí a chur Conradh na Gaeilge agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge istigh sa chomhad. Scaipeadh na tuairimí sin ar na comhaltaí go léir roimh ré agus tá siad sa chomhad inniu.

Tá leasú déanta ar an gcuid deiridh de rialachán 3 ón am a phléadh na dréacht rialacháin leis an gcoiste i 2003. Tá díolúine faoi rialacháin déanta i gcás síneacha lena mbaineann na Rialacháin um Shábháilteacht, Sláinte agus Leasú ag an Obair (Feidhm Ginearálta) 2007. Cén fáth go bhfuil sé sin curtha isteach? Gabhaim comhghairdeachas leis an gCathaoirleach agus go n-éirí leis.

Muna bhfuil duine ar bith eile tá deis ag an tAire freagra a thabhairt ar na ceisteanna. Beimid ag plé na leasuithe coicís ó inniu.

Tá nóta ag an gcoiste a mhíníonn mír ar mhír i ngnáth Gaeilge agus Béarla céard atá sna rialacháin. Chomh maith le sin, tá liosta de na moltaí gur leasuithe iad go bhfuil mé ag glacadh leo agus liosta de na moltaí nach bhfuilimid ag glacadh leo. Rinne mise ath-léamh orthu aréir agus níor thóg sé mórán le cois 20 nóiméad, ní hamháin iad sin a léamh ach dul tríd na rialacháin. Admhaím go rabhadar feicthe cheana agam. Tá súil agam agus sílim go bhfuil siad leagtha amach go soiléir ag na hoifigigh. Mar sin, mír ar mhír tá míniú tá na moltaí ar ghlacadh leo agus na moltaí nár glac muid leo agus cén fáth nár glac muid leo.

Chomh maith leis sin, tá na rialacháin mar atá muid á moladh anois agus na leasuithe atá déanta ón uair dheireanach curtha isteach i ndearg. Táthar in ann an-éasca má tá inneall priontála ag baill san oifig iad sin a phriontáil leis an ndath. Taispeánann sé sin ar bhealach an-éasca ar fad na leasuithe agus cén áit a bhfuil siad sna rialacháin. Ciallaíonn sé sin go mbeadh sé éasca ag daoine oibriú amach céard tá difriúil ón uair dheireanach a raibh muid anseo.

Chuir an Teachta Ó Sé ceist agus an freagra ná; d'iarr an tÚdarás um Shábháilteacht agus Shláinte orainn é seo a dhéanamh agus go dtuigtear dom sa chuid is mó gur comharthaí sábháilteachta seachas focail atá in úsáid anois toisc go bhfuil go leor daoine sa tír nach bhfuil Béarla ná Gaeilge acu. Bhraith mé mura ngéillfinn dhó go ndéarfadh daoine ó tharla gur iarr an t-údarás orm é a dhéanamh, go raibh mé ag cothú contúirte. Sin an fáth gur géill mé dhó. Is féidir liom machnamh ar sin anois agus teacht ar ais le tuairim an choiste ar sin an chéad lá eile, ach sin an réasúnaíocht a bhí leis.

Mar gheall ar na rudaí atá glactha leo, ardaíodh ceist faoin duine atá imithe as an oifig agus a fhágann teachtaireacht pearsanta ar an bhfón: "I'm out of the office; gone for coffee. I'll be back in an hour." Ní bheadh sé praiticiúil go gcaithfí é sin a dhéanamh i nGaeilge agus Béarla chuile uair, anneoin gur taifead atá ann seachas duine ag caint leat go beo. Táimid ag déanamh eisceacht soiléir dhó sin le nach mbeidh aon míthuiscint go mbeadh aon rud mídleathúil ag baint le teachtaireacht pearsanta a fhágáil ar do fón fhéin a athródh ó lá go lá nó ó seachtain go seachtain. Táimid ag clúdach, clúdach litreach mar stáiseanóireacht. Ceapaim go bhfuil ciall leis sin.

Maidir leis na rudaí nach bhfuil muid ag glacadh leo, bhí cuid des na comhlachtaí ag rá linn faoi na fógraí taifeadta béil nach bhfuil an bog earra ar fáil le teachtaireacht ar nós "Seo an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta. Níl aon duine anseo faoi láthair. Fág do theachtaireacht", nó "Le haghaidh seirbhís trí Gaeilge, brú a haon, agus seirbhís trí Bhéarla, brú a dó" a dheanamh. Ní gá teachtaireachtaí fada a fhágáil ar fóin. Tá an bog earra agus faoiseamh chun é seo a chur isteach le fáil leis na mblianta agus mar sin níor glac muid leis an moladh sin. Ba mhaith liom tuairim an choiste ar sin.

Mheas roinnt comhlachtaí nár chóir dóibh tús áite a thabhairt don Ghaeilge i bhfógraí béil éigeandála trí chórais fógraí poiblí, mar shampla, i gcás doiteáin. Ní fógra réamh-thaifeadta atá ann i gcás dóiteáin; is fógra beo é a dhéanfadh duine beo. Mar sin ní fhéachfaimid go n-éiríonn an cás sin.

Ó thaobh na stáiseanóireachta dhe bhí roinnt comhlachtaí ag iarraidh an leagan Béarla a chur roimh an Ghaeilge ach ní fhéachfaimid cúis ar bith leis sin ó tharla go bhfuil cead, an sean a stáiseanóireachta a úsáid. Má tá stoc trí bliana de stáiseanóireacht ag comhlachtaí poiblí, tá siad in ann é a úsáid go ritheann siad as. Uaidh sin amach, beidh ar na comhlachtaí poiblí an Ghaeilge a chur i dtosach agus an Béarla a chur ina dhiaidh sin. Ní fhéachfaimid an fhadhb leis. Dúirt cuid de na comhlachtaí faoi na comhaid agus fillteáin go bhfuiltear ag baint go hinmheánach agus go bhfuil rudaí réamh-chlóite acu. Ní fheicim cén fhadhb atá ann le hiad a bheith réamh-chlóite go dátheangach. Tá sé mar sin i go leor stuif sa Roinn seo againne agus ní chothaíonn sé aon fhadhb.

Maidir le céard is comhartha ann agus is cosúil gur tógadh ceist faoi sin, d'fhéadfaimis leabhar a scríobh ar an tsainmhíniú sin agus chothódh sin fadhbanna. Tá tuiscint ginearálta ar chéard is comhartha ann agus creidim gur fearr nach ndéanfar iarracht sainmhíniú a chur ar fáil mar gur mó fadhb a tharraingeodh sé ná a réiteodh sé. Bheadh comharthaí inmheánacha ag cuid de na heagraíochtaí, agus bheadh siad ag lorg iad a bheith curtha san áireamh. Céard is comhartha inmheánach agus céard is comhartha gan a bheith inmheánach má thagann cuairteoirí isteach sna foirgneamh seo? Is costas imeallach atá i gceist anseo agus ní fheicim an fhadhb. Maidir le dul i gcomhairle le daoine atá faoi mhíchumas, ní thuigtear dúinn cén caoi a bhféadfadh fógra dátheangach cur as do dhaoine faoi mhíchumas. Ár ndóigh, d'fhéadfadh comhartha aonteangach cur as do dhuine nach raibh compórdach sa Ghaeilge. Ní fheicim aon issue ansin. Nílim ach ag míniú céard a rinne mé. Táim ag ceapadh gurb é sin bun áit na bpointe sin.

Tá fhios ag an gcoiste cheana nuair a thug muid isteach an rud faoi na tuarascálacha bliantúla go raibh go leor gearáin ann faoi chostas agus impleachtaí do seo. Mhair sé tamaill agus ansin thuig chuile dhuine go bhféadfaí é a dhéanamh taobh istigh den bhuiséad a bhí acu agus gur iomaí bealach le hairgead a shábháil, mar shampla, tuarascálacha níos fearr agus níos giorra. Is dóigh liomsa gur crá croí an lae inniu iad tuarascálacha ró fhada agus rudaí a fhoilsiú ar an t-idirlíon.

Maidir le fógraíocht, dá gcuirfinn san áireamh iomlán na fógraíochta a dhéanann an Stát agus na comhlachtaí faoin a chúram, bheadh an-suim airgid ann. Má chaitheann an Stát cúpla céad milliúin ar fhógraíocht, n'fheadar céard a chaitheann sé idir na 600 comhlachtaí. Dá dtabharfaí isteach rial go gcaithfí chuile fhógra a chuirtear i mBéarla a chur i nGaeilge freisin, bheifí ag rá go rabhamar ag cur na hoiread seo céadta milliúin eile leis an gcostas agus bheadh field day ann.

Tá ceist go mór i mo chloigeann, ba mhaith liom teacht ar ais ag an gcoiste seo faoi, más mian leis. Má tá fógraíocht le déanamh i nGaeilge, an cheart é a dhéanamh sa gcaoi is gur mar a chéile é a chur san Irish Times, Irish Independent, Mirror, Star nó cibé páipéar Béarla agus é a chur sna páipéir Gaeilge, nó an cheart dúinn breathnú ar bhealach go bhfaigheadh na meáin Gaeilge cuid d’ioncam fógraíochta an Stáit thar mar a fhaigheann siad i láthair na huaire? Mar shampla, dá dtarraingeodh an Stát siar ó fhógraíocht a dhéanamh ar RTE agus na páipéir laethúla, is dóigh liomsa nach mairfidís i bhfad mar bheidís thíos go maith ó thaobh ioncam de. Go dtí seo go ginearálta, ní fhaigheann Foinse, nó TG4 an sciar céanna de chaiteachas fhógraíochta an Stáit nó fiú céatadán suntasach de sin i nGaeilge agus atá ar fáil i mBéarla. Dá bhfaigheadh ár ndóigh, d’fhéadfadh na páipéir agus an stáisiún teilifíse sin a bheith i bhfad níos fearr.

Nílim á rá subsidy, ach tá fóirdheontas de chineál á thabhairt ag an Stát do na meáin Béarla. An cheist atá agamsa i mo chloigeann ná an cheart é sin a thógáil san áireamh agus na rialacháin a scríobh sa chaoi is go mbeadh roghanna ag daoine ionas go bhfeadfaidís an dlí a chomhlíonadh ar níos mó ná bealach amháin, go mbeadh bun rialacha ann déanta sa chaoi is go gcothromódh sé, beagánín an tseans a bheadh ag na meáin Gaeilge dul in iomáiochta leis na meáin Béarla ó thaobh fograíochta an Stáit de, is ceist é. Ba mhaith liom da mbeadh an coiste toillteanach teacht ar ais anseo agus b'fhéidir plé cáipéis a chur faoi mo mbráid leis an gceist seo a phlé, féachaint an bhfuil níos mó i gceist anseo ná díreach fógraí a chur in áit agus an bhfuil ceist níos leithne ann ó thaobh maoiniú a chur bealach na meáin atá ag foilsiú trí Ghaeilge, trí roghanna a thabhairt. Ní fhéadfainn treoir a thabhairt go gcaithfí an fógra a chur in x, y, z ár ndóigh, ach tá bealaí go bhféadfaí é a dhéanamh.

Maidir le comharthaí bóthair níl feidhm agam ann ó thaobh dlí dhe de bharr gur lámhleabhar a úsáidtear go ginearálta do chomharthaí bóthair ar fud na tíre. Dá mbeadh, ní bheadh cuid den gibiris le feiceáil ar fud na tíre nach Gaeilge ná Béarla é, ach sin scéal eile. Tá freagracht sa mhéid seo agam as comharthaí bóthair do logainmneacha Gaeltachta, mar is faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a tháinig an rud isteach go mbeadh comharthaí bóthair ar a bhfuil logainmneacha Gaeltachta i nGaeilge amháin, is cuma cén áit a bheidh siad. Creidim gurb é sin an scéal is mó a cuireadh as ruacht agus nár bhreathnaigh éinne go fuar-chúiseach air, nó fíor-bheagán go fuar-chúiseach air, le fada an lá. Creidim nár bhreathnaigh mórán de na daoine a rinne gearán faoin mír sin san Acht ar an status quo agus chomh seafóideach agus a bhí sé.

Molaim an Teachta Ring as ucht na ceiste seo a thógáil agus targaim leis go mór gurb é seo an fóram, an cheist seo a phlé go fuar-chúiseach, go hanailíseach agus go réasúnta. B'fhéidir teacht, ar an gcéad dul síos ar an réasúnaíocht atá taobh thiar den cinneadh a rinneamar in Acht na dTeangacha Oifigiúla agus déileáil leis an gceist atá ardaithe, sé sin, gur léir domsa anois nach raibh Acht nó nach raibh an t-ordú a rinneadh i 1970 curtha i bhfeidhm i nGaeltachtaí áirithe. Dá mba rud é go raibh sé, d'fheicfí go raibh an tsean-réimis mhíloighciúil. Fágfaimid é sin do lá eile, ach cinnte má iarrtar orm teacht agus an ghné sin a phlé, déanfaidh mé é sin go fonnmhar. Cuirfimid ár gcás agus na roghanna mar a chonaiceamar iad faoi bhráid an choiste agus beimid sásta éisteacht go cruinn lena bhfuil le rá ag an gcoiste seo, faoi cén bealach ina cheart dúinn dul.

Tá freagracht iontach glactha ag an Dáil agus an Seanad in achtú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Molaim na Teachtaí agus na Seanadóirí ar fad a ghlac páirt san obair. Tá gach iarracht déanta agam an t-am seo. Rinne mé an chéad uair é. Tá daoine ag rá go ndeachaigh mé thar fóir leis an t-am seo, le go mbeadh an dul i gcomhairle chomh forleathan agus is féidir le gach aon dream lena mbaineann sé seo leo, sula síneoinn na rialacháin. Tá mé ag cuireadh dhá bhliain anois ar an mbóthair leo seo agus tá sé i gceist agam na rialacháin a shíneáil sara dtógfaimid saoire an tsamhraidh tar éis an cruinniú ar 2 Iúil.

Scríobhamar ag níos mó ná 600 comhlacht agus eagraíocht Stáit go sonrach mar gur mhol an Seanadóir Ó Tuathail go ndeanfaí é sin agus chuir sé ceist an ndearnadh é. Ainneoin roimhe sin go raibh muid tar éis dul i gcomhairle le na máthar Ranna Stáit agus shílfeá go mba cheart dóibh siúd dul i gcomhairle lena gcuid eagraíochta fhéin nó labhairt ar a son, ghlac mé leis an rud ón tSeanadóir Ó Tuathail go mb'fhéidir go raibh seans ann nach raibh siad uilig tar éis é sin a dhéanamh, tar éis go mba cheart dóibh é sin a dhéanamh agus labhairt ar a son nuair a bhí é seo á phlé ag an Rialtas. Scríobhamar ag níos mó ná 600 comhlacht poiblí agus níor tháinig ar ais chugainn ach tuairim is scór. Glacaim leis, agus caithfimid tar éis dhá bhliain de seo, gurb é an fáth nár tháinig an tuairim is 580 ar ais chugainn ná nach raibh aon rud le rá faoi na rialacha.

Sílim ar mhaithe le seasamh an Oireachtais, má ghlacfaimid leis na rialacháin seo nuair a bheidh an plé thart agus má thagann eagraíochtaí Stáit nó dreamanna eile ag rá nach ndeachamar i gcomhairle, go bhfuil sé tábhachtach go seasfaimid ar fad le chéile á rá má pléadh riamh rialacháin a rinne Aire go mion is go fadáileach, gurb iad seo na rialacháin is faide agus is fadálaí a pléadh agus gurb é seo an córas is iomláine riamh a ndeachfar ann, ag tabhairt seans do chuile comhlacht poiblí a dtuairim a chur in iúl. Fágfaidh mé ag an gcoiste anois é.

Go raibh maith agat, a Aire. Tá go leor ráite ag an tAire ansin agus thug sé freagra ar na ceisteanna a d'ardaíodh. Gach rud atá ráite anseo inniu ag an tAire, agus tá go leor ráite aige, agus na ceisteanna a cuireadh, beidh siad sin ar an idirlíon taobh istigh de chúpla lá. Molaim go mór an leagan amach anseo ós rud é go bhfuil sé breá soiléir go bhfuil na leasuithe go léir i ndearg agus tá sé éasca iad a léamh. Beidh deis againn dul tríd na leasuithe éagsúla coicís ón lá inniu.

Tá na figiúirí a thug an tAire maidir leis na gcomhlachtaí poiblí thar a bheith tábhachtach. Más rud é go raibh rud diúltach le rá acu mar shampla, is cinnte go mbeadh siad ag scríobh. Cruthaíonn sé sin an rud a dúirt mé tamaill ó shin, nach bhfuil aon cháineadh a bhí ann i dtosach thart timpeall, nó chomh bríomhar anois. Ceann des na cúiseanna leis sin ná go bhfuil comhchomhairle déanta ag an tAire agus an Roinn leis na gcomhlachtaí. Níl a fhios agam cad iad na freagraí a thug na 20 comhlacht a scríobh thar nais ach ceapaim go bhfuil sé tábhachtach smaoineamh, go bhfuil beagnach gach comhlacht poiblí sa tír anois ag glacadh leis an tAcht faoi mar atá. Is cuimhin liom an rud a dúirt an tAire faoin díospóireacht a bhí againn an lá úd anseo agus na pointí a bhí ag an tSeanadóir Ó Tuathail. B'fhiú anois bheith in ann a rá leis an tSeanadóir Ó Tuathaill cad é an freagra nó easpa freagra a tháinig thar nais.

Na moltaí ar ghlacadh leo agus na moltaí a diúltaíodh dhó, sin compendium den aiscothú a fuaireamar ón 20 comhlacht poiblí. Sin le rá, chuile comhlacht a scríobh ar ais againn, b'fhéidir gur scríobh péire nó trí cinn faoin rud céanna. Sé an rud iad a táim á moladh go nglacfar leo nó go ndiúltófar dóibh toisc gach moladh a rinne siad, san áireamh ansin. Sin an méid a tháinig ar ais, na rudaí atá luaite ansin.

An bhfuil duine ar bith eile?

An 580 nár tháinig ar ais, cheapfá go mbeadh an béasaí acu teacht ar ais go dtí an Roinn agus a rá go raibh siad lán sásta nó rud éigin. An cheist eile ná an easpa suime, ós rud é nár tháinig siad ar ais chuig an Aire.

Mar a fuair mé amach leis an tAcht teanga an chéad uair, tá nós ag daoine nuair a thagann páipéar acu neamh aird a thabhairt, ag rá gur amach anseo a tharlóidh sé seo, agus ansin nuair a tharlaíonn sé, a rá nár dúradh leo. Céard eile is féidir linn a dhéanamh? An gcaithfear cuairt pearsanta a thabhairt orthu? Ní fios dúinn. Cuireadh ceist ar na Ranna i dtosach agus ba cheart dóibh siúd é a rá leis na gcomhlachtaí faoin a gcúram. Anois táimid tar éis dul ceann ar cheann leis na gcomhlachtaí agus seans a thabhairt dóibh. Ní minic a thagtar ag an tOireachtas le rialacháin a phlé. Cheapfaí faoin am seo gurb é seo uair na cinniúna ach táim ag súil ar a laghad ar bith go mbeidh baill den choiste seo, agus Baill an Oireachtais i gcoitinne, ar an eolas nach as dorchadas na hoíche a tháinig na rialacháin seo. Nuair a thosaíonn an cáineadh ag eagraíochtaí Stáit áirithe, táim ag súil go seasfaidh siad leis an gcóras a raibh lámh an-mór ag an gcoiste seo ann, mar tá go leor de seo déanta ar mholadh an Seanadóir Ó Tuathail, agus go ndearfaidh siad go raibh an córas iomlán oscailte, féaráilte agus deis tabhartha ag chuile dhuine.

Nuair a scríobh an tAire chuig na comhlachtaí, an é a shínigh na litreacha nó oifigeach sa Roinn?

Deaglán Ó Briain, an príomh oifigeach agam le mo thaobh, a shínigh na litreacha.

Ceapaim nach bhfuil moladh ag dul go dtí an 580 comhlacht sin nár tháinig ar ais agus rud éigin a rá leis an Roinn.

Gabh mo leithscéal as ucht nach raibh mé anseo ag an tús. Bhí díospóireacht ó thaobh Conradh Liospóin sa Seanad.

Tar éis léamh tríd na rialacháin a bhí ansin cheana féin, agus mar atá fhios ag an tAire ní bhfuair mé deis féachaint ar na leasuithe atá déanta aige féin, molaim an Aire as ucht an t-am atá glactha aige le déileáil leis seo agus gur rinneadh comhairleoireacht leis na grúpaí éagsúla. Muna tháinig siad ar ais, cad é a thuig leis an tAire a dhéanamh? D'fheadfaimis dul ar aghaidh arís agus arís eile agus bheimis anseo i 2016 b'fhéidir le cuid acu teacht ar ais.

An méid sin ráite, léiríodh cúpla imní go háirithe ag Conradh na Gaeilge agus ní fios an rabhadar i dteagmháil leis an tAire. Léireoidh me imní de mo chuid fhéin freisin. Sílim go raibh an rud a dúradh faoi fógraíochta iontach suimiúil agus bheifí báúil dá dtiocfadh an tAire ar ais le páipéar sa tslí is go bhféadfaimis déileáil le fógraíocht sa dóigh is go mbeadh grúpaí ar nós TG4, agus na páipéir eile Gaeilge ábalta buntáiste a bhaint amach as fógraíocht atá ag teacht ón Stát. Tuigtear dom gur ghlac an comhchoiste seo le moladh roimhe seo mar gheall ar maoiniú do ó Ranna Stáit. Mar sin bheadh sé iontach suimiúil dá mbeadh páipéar ag teacht ón Roinn agus d’fhéadfadh an coiste seo, sin a phlé.

Ó thaobh fógraíochta de agus ó thaobh na comharthaí atá thuas cheana fhéin nár tháinig faoi rialacha ar bith — seo iad na fógraí atá i mBéarla — níl gá iad a bheith dátheangach go dtí 2026. An bhfuil sé sin athruithe anois nó an bhfuiltear ag fanacht leis an teorainn ama sin? Sin 18 bliain ó seo.

Ó thaobh a bheith i mbun oibre le comhlachtaí atá taobh amuigh den Stát agus má fhéachfaimid ar dhaoine i mBéal Feirste agus i nDoire agus a leithéidí, tá exemption istigh sna rialacháin seo nach gá stáiseanóireacht dhátheangach a úsáid nó taifeadta béil a dhéanamh más é daoine ó thaobh amuigh den Stát a bheidh ag cur glaoch isteach. Sílim féin má fhéachtar ar an méid atá ag tarlú sna Sé-Contaetha agus ag iarraidh Acht na dteanga a thabhairt isteach sna Sé-Contaetha, dá mbeadh daoine as Béal Feirste ag cur scairte isteach ar oifigí phoiblí anseo, ba cheart go mbeadh sé dátheangach. Tá daoine ag labhairt na Gaeilge ar fud na cruinne. Dá bhrí sin ní cheart go mbeadh exemption ansin dóibh agus go háirithe ó thaobh na stáiseanóireachta freisin.

Ó thaobh na bóithre de, dúradh nach bheifí ábalta déileáil leis sin toisc cúrsaí sábháilteachta. Bheinn ag iarraidh a fháil amach, an bhfuil dóigh thart ar sin. An féidir linn é sin a phlé arís? B'fhéidir nach gá é a chur isteach sna rialacháin ag an bpointe seo. Ach go háirithe ó thaobh na fógraíochta agus na comharthaí atá thuas ansin cheana fhéin, ba mhaith liom a fháil amach an é 2026 an treoir ama atáthar ag tabhairt do dhaoine.

Maidir le síneacha tráchta, de réir mo chomhairle dlí, de bharr gur lámhleabhar atá i gceist seachas rialacháin, is ceist é sin don Roinn Iompair agus ní féidir liom rialacháin a dhéanamh ina dtaobh. Mura féidir, ní féidir. Mar sin is leis an Roinn Iompair a chaithfidh an coiste ceist na gcomharthaí bóthair a phlé. Tá eisceacht dár ndóigh, mar tá sé in Acht na dTeangacha Oifigiúla, go gcaithfidh comhartha bóthair le logainm Gaeltachta air atá curtha suas ag údarás áitiúil sa Ghaeltacht bheith i nGaeilge amháin. Taobh amuigh de sin ní feidhm domsa é. Ní hé nach rud é a cheart déileáil leis, ach táthar ag caint leis an Roinn mícheart. Is ceist teicniúil é sin.

Maidir leis an dara pointe a bhí ag Conradh na Gaeilge, tiocfaidh mé ar ais chuig ceist na fógraíochta. D'iarr an conradh ceist faoi lógóanna. B'fhéidir gurb é an sampla is fearr den fhadhb ná lógo an VHI. Is "ASS" a bheadh ann i nGaeilge. B'fhéidir gur mar sin a cheapann daoine atá siad. Má bhreathnaítear ar an cheann atá ag Dublin Bus, is cineál caisleán é ach má bhreathnaítear go géar air, tá "d" bealach amháin agus "b" bealach eile agus sin an caoi a rinneadar an lógó. Dár liomsa más lógó Gaeilge é is lógó Gaeilge é, más lógó Béarla é is lógó Béarla é, níl aon fhoclaíocht air.

Athraíonn cuid de na grúpaí seo a gcuid lógónna ó am go h-am. B'fhéidir go mbeadh sé indéanta rialacháin a dhreachtadh chun déanamh cinnte de, nuair atá siad ag athrú lógó go gcaithfear é a bheith dátheangach ar a laghad.

Sílim fhéin gur fearr siúl i dtosach agus rith ansin. Má d'fhoghlaim muid rud amháin as an tAcht teanga, níl a ndóthain ann riamh nuair atá sé ag an gcoiste agus tá an iomarca ann nuair a dhéantar an cinneadh. Má chreidfimid faoi cheann sé mhí nó bliana nach bhfuil dóthain sa mhéid atá déanta sna rialacháin seo, is féidir rialacháin breise a dhéanamh. An fhadhb atá ann ná go bhfuil sé i bhfad níos deacra dul an bealach eile. Mar sin, an chomhairle a bheadh agam ná, éisteacht leis an gceist sin faoi láthair. Éisteófar leis an gceist sin arís an chéad lá eile tar éis machnaimh. Creidim fhéin go bhfuil 90% anseo agus go minic ag iarraidh an 100%, scriostar an 90%.

Maidir le 2(26), baineann sé sin le comharthaíocht atá thuas i nGaeilge agus i mBéarla cheana fhéin ach go bhfuil an Ghaeilge níos lú ná an Béarla nó gan a bheith chomh feiceálach leis an mBéarla nó ar bhealach teicniúil gan a bheith ag teacht leis na rialacháin nua. Tá siad i nGaeilge agus i mBéarla. Má tá an comhartha i mBéarla amháin, táim ag ceaptha gur 2013 atá i gceist. Bhí mé fhéin á léamh athuair aréir agus glacaim leis go bhfuil sé beagánín casta, an caoi ina bhfuil sé scríofa. Deireann sé 2026 agus tá tagairt aige do 7(2)(b) agus (c). Caithfear dul ar ais ag fo-rial 7(2)(b) agus (c) agus feicfear cad atáthar á rá.

Má ghlaonn duine isteach ó thaobh amuigh den Stát, beidh an rud dátheangach ar aon bhealach. Mar sin, má chuirtear glaoch ar an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó Thuaiceart Éireann nó ó Timbuctoo, beidh sé i nGaeilge. Dá mbeadh Bord Bia ag déanamh ruda ag seastán bia thall i Tóiceo mar shampla, ní bheadh aon ghá Gaeilge a úsáid. Is taobh amuigh den Stát atá i gceist. Sin an fáth atá leis sin. Aon duine atá ag glaoch isteach go dtí an Stáit, beidh an rud dátheangach, mar sé an rud céanna a bheidh i gceist leis an duine ag glaoch ó thaobh istigh den Stát.

Sara tháinig an Seanadóir isteach, bhí sé socruithe againn teacht ar ais anseo ag 3.45 p.m. coicís ón lá inniu, 2 Iúil, ionas go mbeimid ábalta leath huair a chloig a chur i leataobh chun dhul tríd na leasaithe agus idir an dá linn beidh deis againn go léir na leasaithe a léamh. Cheap mé go raibh sé tábhachtach inniu go bhfuaireamar deis plé ginearálta a bheith againn maidir le na rialacháin sin. Dá bhrí sin, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don Aire agus oifigigh na Ranna atá anseo leis, as ucht teacht anseo inniu chun léargas a thabhairt dúinn maidir leis na rialacha.

Chomh maith leis sin, ba mhaith mo bhuíochas a chur in iúl dóibh siúd atá ag plé leis an taistriúchán ó Ghaeilge go Béarla nó ó Bhéarla go Gaeilge. Tá sé tábhachtach don choiste seo go mbeadh córas aistriúcháin againn agus gabhaim buíochas dóibh siúd atá i mbun an córas aistriúcháin seo.

Anois múna bhfuil aon ghnó eile, tá an cruinniú ar athló go dtí 3.45 p.m. ar 2 Iúil agus beidh an tAire, an Teachta Ó Cuiv, ar ais linn. Geallaim dó go mbeimid réidh taobh istigh de leath uair nó mar sin ós rud é go bhfuil clár oibre socraithe roimh ré don lá sin.

Gabhaim buíochas leat fhéin, a Chathaoirligh, agus má tá aon cheist idir an dá linn nó aon shoiléiriú ag teastáil ó dhaoine, beidh oifigigh na Ranna níos mó ná sásta an soiléiriú sin a chur ar fáil roimh an choiste mar chaithfimid é seo a chríochnú an chéad lá eile.

Tá an cruinniú ar athló. Go raibh maith agaibh.

The joint committee adjourned at 5.35 p.m. sine die.
Barr
Roinn