Tá córam againn idir Teachtaí agus Seanadóirí. Leanfaimid ar aghaidh leis an cruinniú tábhachtach seo. Is that agreed? Agreed. Tá leithscéalta faighte againn ós na Teachtaí John Cregan, Michael P. Kitt, Olivia Mitchell agus Jack Wall. Táimid chun an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a phlé leis na hionadaithe éagsúla atá os ár gcomhair. Cuirim fáilte roimh comhaltaí an chomhchoiste, ionadaithe na heagrais agus iad siúd atá ag féachaint ar na himeachtaí seo beo ar TG4. Tá mé cinnte go bhfuil a lán le rá acu. Tá Pádraig Mac Fhearghusa, uachtarán, Julian de Spáinn, ard-rúnaí, agus Síne Nic an Ailí, anseo ó Chonradh na Gaeilge. Tá Esther Göbl Uí Nualláin, cathaoirleach, agus Feargal Ó Cuilinn, stiúrthóir, anseo ó Chomhluadar. Tá Pól Ó Gallchóir, ardstiúrthóir, agus Pádhraic Ó Ciardha, leas-ceannasaí, anseo ó TG4. Tá Liam Ó Maolmhichíl, cathaoirleach, Eoghan Mac Cormaic, leas-chathaoirleach, agus Ferdie Mac an Fhailigh, príomhfheidhmeannach, anseo ó Fhoras na Gaeilge. Tá Janet Muller, príomhfheidhmeannach, agus Pádraig Mac Fhearraigh, ball choiste, anseo ó POBAL. Tá Pádraig Mac Criostail, stiúrthóir, P.T. Mac Ruairí, agus Kevin de Barra anseo ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Faoi dheireadh, tá Donncha Ó hÉallaithe as Contae na Gaillimhe anseo mar saineolaí agus gníomhaíoch ar son na Gaeilge.
Sula dtosaímid ba mhaith liom bhur n-aird a dhíriú ar an bpointe seo, go bhfuil pribhléid iomlán ag comhaltaí an choiste, ach níl an phribhléid sin ag na finnéithe a labhrann os comhair an choiste. Caithfidh mé é sin a rá. Is seisiún an-thábhachtach den chomhchoiste é seo. Mar is eol díobh, tá taighde ar bun ag an Rialtas le tamall anois chun straitéis 20 bliain don Ghaeilge a chur le chéile. D'oibrigh meitheal oibre Rialtais agus saineolaithe go dian agus d'fhoilsigh siad dréachtstraitéis i mí na Samhna 2009. Sílim go bhfuil moladh tuillte ag an Rialtas agus ag an Aire as ucht an deis seo a thabhairt don chomhchoiste an straitéis a phlé agus tuairimí a fháil ó eagrais a bhfuil baint acu leis an teanga. Is í aidhm an seisiún seo ná tuairimí a fháil ó ionadaithe pobal na Gaeilge maidir leis na rudaí atá leagtha amach sa straitéis. B'fhéidir go gcloisfimid freisin mar gheall ar rudaí nach bhfuil sa straitéis. Os rud é go mbeidh tábhacht mór ag an straitéis don Ghaeilge, is ceart agus is cóir go mbeadh deis ag an gcomhchoiste a dtuairimí a nochtú. Beimid ag éisteacht go cúramach le gach rud a deirtear linn inniu. Cé go bhfuil an straitéis go maith, tuigimid go gcaithfimid a chinntiú go gcuirfí i bhfeidhm í. Cuirfimid suim ar leith sa mhéid a bheidh le rá ag na finnéithe faoi sin.
Faoi mar atá mínithe agam, tá rialacháin áirithe ag baint le gach seisiún den chomhchoiste. Iarraim oraibh iad a chomhlíonadh. Tá an t-amchlár dian go leor. Dá bhrí sin iarraim ar comhaltaí agus cuairteoirí bheith gearr gonta ina chuid cainte. Beidh orm súil ghéar a choinneáil ar an gclog ionas go gheobhaidh gach dream cothrom na féinne agus go gcríochnóidh an seisiún seo ag 4.30 i.n. Beidh seacht nóiméad ag gach cainteoir sula rachfaimid díreach ar aghaidh go dtí an chéad chainteoir eile. Gabhaim buíochas le TG4 as ucht na himeachtaí seo a chraoladh beo agus deis a thabhairt don phobal ar fud na tíre agus an domhain an díospóireacht seo a leanúint. Is cuid tábhachtach don daonlathas é seo. Molaim TG4 as a sheirbhís phoiblí. Cuirfidh mé tús leis an seisiún. Beidh deis ag gach eagras cur i láthair gearr — seacht nóiméad — a dhéanamh. Beidh seisiún ceist agus freagra againn ina dhiaidh sin. Glaoim ar P.T. Mac Ruairí ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge chun an díospóireacht a thosú.