Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Thursday, 15 Apr 2021

Gnó an Roghchoiste

Tionóladh an cruinniú seo chun ár mbreithniú a dhéanamh ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2019. Leanfaidh an seisiún seo ar aghaidh go dtí 2.30 p.m. Cuirfear ar fionraí é ag an am sin agus tiocfaimid le chéile arís i gcomhair an dara seisiún, más gá, ag 3.30 p.m. Leanfaidh an seisiún sin ar aghaidh go dtí 5.30 p.m.

Cuirim fáilte roimh Phríomh-Aoire an Rialtais agus an tAire Stáit atá freagrach as an nGaeltacht, spórt agus cosaint, an Teachta Chambers, agus a oifigigh, Aodhán Mac Cormaic agus Micheál Ó Conaire. Is comhalta ex officio den roghchoiste é an tAire agus, mar sin, cuirfear san áireamh é i gcomhair an chóraim agus an liosta vótála.

Is mian liom meabhrú do dhaoine go gcaithfidh siad cloí leis an scaradh sóisialta agus cinntiú go bhfuil an fón póca múchta nó i mód ciúin.

Barr
Roinn