Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Thursday, 1 Dec 2022

Vóta 33 - Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán

Táimid ag déileáil le Meastacháin Fhorlíontacha le haghaidh seirbhísí poiblí 2022, Vóta 33, Clár C, don Ghaeltacht. Leanfaidh an seisiún seo ar aghaidh go dtí go bhfuilimid críochnaithe - roimh 2 p.m. Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus roimh na hoifigigh Aodhán Mac Cormaic, stiúrthóir na Gaeilge, agus Joe Healy, príomhoifigeach airgeadais. Is comhalta ex officio den roghchoiste an tAire Stáit agus mar sin cuirfear é san áireamh an chóraim agus ar an liosta vótála. Iarraim ar chomhaltaí agus fhinnéithe a bhfóin phóca a mhúchadh.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an choiste as cuireadh a thabhairt dom teacht os a gcomhair inniu chun labhairt faoi chistíocht na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mar is eol dóibh, tá sé mar chuspóir ag mo Roinn tacú leis an nGaeilge trí chéile agus le húsáid na Gaeilge a chothú mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta.

Is tríd cúram a dhéanamh de chur i bhfeidhm leanúnach an phlean gníomhaíochta don Ghaeilge atá mar thaca d’fhorfheidhmiú an Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge a ndéantar an cuspóir sin a fhíorú. In éindí le bheith freagrach as comhordú a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an phlean gníomhaíochta ar bhonn tras-Rialtais, déanann mo Roinn raon leathan de chláir oibre, scéimeanna, tograí agus tionscnaimh a riar ar bhonn díreach, ar leas na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Comhthreomhar leis an obair sin uile, oibríonn mo Roinn go dlúth i rith an ama le forais eile Stáit, go háirithe Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge, chun tacú leo a gcuid cláir oibre féin a fheidhmiú ar leas foriomlán na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Mar léiriú eile ar thiomantas an Rialtais i dtaca leis an dea-obair uile atá á déanamh sa réimse seo, dhíreoinn aird an choiste ar an gcistíocht méadaithe de €94.2 milliún atá curtha ar fáil don Ghaeilge agus don Ghaeltacht don bhliain seo chugainn i mbuiséad 2023. Is ionann sin agus €8.5 milliún de mhaoiniú breise do chláir Ghaeilge agus Ghaeltachta sa bhliain amach romhainn. Ina theannta sin, tá maoiniú méadaithe á chur ar fáil do TG4, rud a chabhróidh chun an Ghaeilge a dhaingniú mar theanga phobail i gceantair Ghaeltachta, agus chun í a chur á labhairt ar fud na hÉireann trí chéile. Nuair a fhéachtar air sin, léiríonn buiséad 2023 cur chuige tomhaiste agus spriocdhírithe i leith tacú lenár n-earnálacha tábhachtacha sa bhliain atá romhainn.

De thoradh an chiste bhreise do chlár C, beidh €1 milliún de leithdháileadh tosaigh 2023 chun dlús a chur le cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 d’fhonn spriocanna uaillmhianacha an Achta a bhaint amach. Beidh €1.75 milliún de leithdháileadh breise do scéimeanna tacaíochta Gaeilge na Roinne, ag tacú le cur i bhfeidhm an phlean dhigitigh don Ghaeilge agus straitéis do na healaíona teangabhunaithe atá le teacht. Beidh €2.5 milliún de mhaoiniú breise do scéimeanna tacaíochta Gaeltachta na Roinne a úsáidfear do thionscnaimh éagsúla, lena n-áirítear tacaíocht bhreise a sholáthar d’earnáil na gcoláistí samhraidh Gaeilge agus chun bearta cuimsithe sóisialta a bhaineann leis an teanga a leathnú. Beidh €400,000 chun próiseas tástála Theastas Eorpach na Gaeilge, TEG, d’inniúlacht sa Ghaeilge a leathnú, chun freastal ar mhéadú ar an úsáid a bhaintear as TEG mar chuid d’oiliúint fheabhsaithe sa Ghaeilge sa Státseirbhís agus sa tseirbhís phoiblí. Beidh os cionn €300,000 chun scéim intéirneachtaí an Aontais Eorpaigh a leathnú chun cumas i sainranna teangeolaíochta a fheabhsú. Leathnú ar an scéim chun ateangaireacht chomhdhála a chuimsiú ann le cinntiú go gcoimeádfaidh an Ghaeilge a seasamh láidir mar theanga oifigiúil an Aontais. Beidh €1.3 milliún san iomlán de mhaoiniú méadaithe d’Údarás na Gaeltachta agus d’Fhoras na Gaeilge d’obair na n-eagraíochtaí seo a thacaíonn le hearnálacha phobal na Gaeltachta agus na foilsitheoireachta Gaeilge faoi seach. Beidh €0.75 milliún breise don phróiseas reachtúil pleanála teanga.

Cabhróidh an ciste breise sin le tuilleadh dlús agus treisiú a chur le feidhmiú an phlean gníomhaíochta agus an raon bearta atá leagtha amach ann mar bhonnlíne gníomhaíochtaí. Ag croílár na hoibre amach romhainn, tá agus beidh feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021, a thagann faoi scáth réimse gnímh faoi leith sa phlean sin. Leis an obair a dhéanfar le cúram a dhéanamh d’fheidhmiú an Achta, féachfar chuige go mbeidh seirbhísí feabhsaithe curtha ar fáil do chainteoirí Gaeilge go céimiúil agus deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú do lucht labhartha na Gaeilge.

Maidir le hÚdarás na Gaeltachta, cabhróidh an t-ardú a luaigh mé le cur ar a chumas fiontraíocht a chothú tuilleadh sna réigiúin Ghaeltachta, agus a straitéis cúig bliana a chur i bhfeidhm. Agus muid ag breathnú chun tosaigh, is gá dúinn ar fad a aithint go bhfuil údar suntasach dóchais ann. Cé go raibh dúshláin faoi leith ann le trí bliana anuas, tá dóchas romhainn ag bun na spéire. Mar Aire Stáit atá freagrach as an nGaeltacht, táim ag súil go mór le bheith in ann leanúint orm ag cur lena bhfuil bainte amach ar leas phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge araon.

Níl mé chun fad a chur leis seo. D’oibrigh mé amach ansin go gcaitheann an Stát thart ar €9 milliún chuile uair an chloig. Níl i gceist anseo ach €1.568 milliún, idir chuile shórt. An sin é? Is cuma. Ní dhéanfaidh sé aon difríocht. Tá mé cinnte nach n-aireoidh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe uaidh é. Tá ceist amháin agam. Is údar imní é go bhfuil an oiread de na daoine atá ag glacadh post mar oifigigh phleanála teanga ag fágáil na bpost sin. An bhfuil aon obair ar bun le fáil amach cén fáth an bhfuil sé sin ag tarlú agus céard is féidir a dhéanamh? Ní féidir obair mar sin a dhéanamh mura mbeidh daoine ann go leanúnach.

Nuair a bheidh an próiseas pleanála teanga faoi lán seoil, d’fhéadfadh suas le 65 post a bheith cruthaithe de thoradh air. Beidh 33 post sa Ghaeltacht, idir oifigigh phleanála teanga agus oifigigh chúnta. Beidh 19 post lasmuigh de sin, idir na 16 post do bhailte seirbhíse Gaeltachta agus na trí cinn do líonraí Gaeilge. Tá 13 post bhreise cruthaithe chomh maith cheana mar a bhaineann sé leis an gclár tacaíochta atáimid ag maoiniú go lárnach ar leas an phróisis sa réimse teaghlaigh luathbhlianta. Tá deiseanna breise fostaíochta cruthaithe ag mo Roinn de thoradh an chúnaimh ardaithe atá á chur ar fáil againn faoi scéim na gcúntóirí teanga, cur i gcás, agus líon níos airde cúntóirí teanga ag obair ó cheann ceann na Gaeltachta. Maidir leis an scéim sin, tá 113 cúntóir i 303 scoil i mbun oibre, agus iad ag freastal ar tuairim is 6,000 dalta scoile in aghaidh na bliana. Tá siad uile ag cabhrú ní hamháin le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga agus an polasaí don oideachas Gaeltachta ach le deiseanna breise fostaíochta a chruthú ó cheann ceann na Gaeltachta, deiseanna nach mbeadh ann murach an próiseas pleanála teanga agus an infheistíocht atá mo Roinn ag cur ar fáil, a ardaíodh bliain i ndiaidh bliana ó cuireadh tús leis an scéim ocht mbliana ó shin. Tá sé seo uile ag imirt tionchar dearfach ar stádas na Gaeilge agus ar gheilleagar na Gaeltachta i rith an ama, rud nach n-aithnítear go minic. Mar gheall ar nádúr na hoibre, atá bunaithe ar shaolré na bpleananna teanga trí chéile, is conarthaí de théarma oibre ar leith a bhíonn i bhfeidhm maidir leis na n-oifigigh phleanála teanga, rud atá níos coitianta sa lá atá inniu ann ná mar a bhí san am atá thart. Cé go gcothaítear dúshlán faoi leith de thoradh athruithe foirne isteach agus amach as an gcóras pleanála teanga, ní foláir aithint go mbíonn réimse leathan scileanna agus taithí le sonrú ag oifigigh atá fostaithe faoi scáth an phróisis - scileanna agus taithí, go deimhin, a bhíonn forbartha acu trí bheith ag obair ar réimsí eile agus atá siad in ann a chur fónamh ar leas foriomlán an phróisis go ginearálta. Le deiseanna breise ag teacht chun cinn in earnáil na Gaeilge, is gá a aithint go mbeidh daoine de shíor ag fágáil an phróisis ar lámh amháin agus ag teacht isteach ann ar lámh eile, fearacht na dtreochtaí atá le sonrú san fhórsa saothair trí chéile. Bíonn teagmháil leanúnach idir fheidhmeannaigh an údaráis agus na hoifigigh phleanála teanga atá fostaithe ag na ceanneagraíochtaí pleanála teanga atá freagrach as feidhmiú na bpleananna teanga sa limistéar pleanála teanga go háitiúil. Cuirtear tacaíocht, cabhair agus comhairle ar fáil ar bhonn leanúnach agus ó thaobh comhpháirtíocht de, ar mhaithe le tacú le feidhmiú rathúil an phróisis. Mar chuid den chur chuige sin, bíonn plé rialta idir na hoifigigh phleanála teanga agus foireann pleanála teanga an údaráis. Eagraítear ceird oiliúna, seisiúin eolais agus seisiúin mheantóireachta ar bhonn leanúnach le cúnamh airgeadais na Roinne. Scaiptear eolas maidir le samplaí dea-chleachtais agus scéimeanna agus beartais éagsúla a bheidh ábhartha don chúram agus eagraítear imeachtaí agus ócáidí ábhartha de réir mar is gá agus a fheileann mar chuid den chur chuige. Táthar sásta trí chéile go bhfuil an struchtúr pá agus pinsin atá i bhfeidhm leis an bpróiseas i dtiún le macasamhail do phoist eile den chineál chéanna i réimsí eile.

Mar gheall ar C7, níl ach €250,000 breise molta don údarás. Tá sé soiléir go bhfuil an cóimheas idir an t-údarás agus IDA agus Fiontar Éireann, agus an cóimheas idir Foras na Gaeilge agus an Chomhairle Ealaíon imithe in olcas. Cén fáth nach bhfuil ach an méid sin ag dul go dtí an t-údarás? Cad é an stádas an athbhreithnithe ar na toghcháin chuig Údarás na Gaeltachta? An bhfuil aon dáta ag an Roinn don am a bheidh an t-athbhreithniú sin críochnaithe?

Beidh baill an choiste ar an eolas faoin ngeallúntas i gclár an Rialtais mar a bhaineann sé le hathbhreithniú a dhéanamh ar an bpróiseas reatha le roghnúchán agus toghchán bhoird Údarás na Gaeltachta. Tá an t-athbhreithniú sin, a rinneadh go neamhspleách, nach mór críochnaithe anois agus tá dréacht den taighde a rinneadh mar chuid de faighte le gairid agus feidhmeannaigh mo Roinne ag breathnú air. Mar chuid den athbhreithniú, tugadh faoi chomhairliúchán poiblí faoin ábhar a eagrú ón 16 Feabhra 2022 go lár mhí Mhárta. Fuarthas 23 aighneacht mar thoradh ar an bpróiseas sin agus cuirfear os comhair an phobail iad go ríghairid. Tá sé le sonrú sna hacmhainní sin go bhfuil go leor i bhfabhar filleadh ar thoghcháin.

Is é an aidhm atá ag an athbhreithniú ná na moltaí a dhéanamh maidir le hionadaíocht dhaonlathach ar an mbord a láidriú chomh maith le moltaí a dhéanamh maidir leis an líon comhaltaí, cothromaíocht inscne agus na scileanna ar leith a theastaíonn chun tacú leis an eagraíocht a dhualgais a chomhlíonadh, lena n-airítear ach gan a bheith teoranta díobh seo a leanas: fiontraíocht agus fostaíocht, forbairt phobal, forbairt gheilleagair agus Gaeltachta, pleanáil teanga agus turasóireacht cultúrtha.

Idir an dá linn is gá do mo Roinn aire a thabhairt do na socraithe gearrthéarmacha a bheidh faoi bhord nua a cheapadh faoi na socraithe atá i bhfeidhm faoi láthair a bheith i gceist. Tagann deireadh le tréimhse an bhoird atá ann faoi láthair ar an 5 Eanáir 2023. Tá tús curtha ag mo Roinn dá réir leis an bpróiseas chun comhlachtaí a cheapadh chun go mbeidh an bord nua faoin gcur chuige reatha mar a leagtar amach in Acht na Gaeltachta 2012. Chuige sin, tá mo Roinn i mbun oibre leis an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun comórtas poiblí a eagrú trína dtabharfar deis don phobal iarratais a dhéanamh le bheith san áireamh chun críoch a chur le ceapacháin ar an mbord nua. Chomh maith leis sin tá ainmniúcháin ó na húdaráis áitiúla á lorg don bhord eile. Sa chomhthéacs sin, seachas saolré cúig bliana, beidh tréimhse nach faide na dhá bhliain, 2023 agus 2024, i gceist, mar a bhaineann sé le saolré an chéad bhord eile. Tríd an gcur chuige féachfar chuige go mbeidh bord nua in ann teacht i bhfeidhm go ceann tréimhse fad is atá obair ar bun le reachtaíocht nua. Féadfar próiseas nua roghnúcháin agus toghcháin a thabhairt le chéile.

Táimid ag dul tríd an athbhreithniú neamhspleách anois agus beimid ag dul os comhair an Rialtais chun struchtúr nua a dhéanamh. Beidh mé in ann níos mó a rá roimh an Nollaig, nuair a bheidh an próiseas seo sa Roinn críochnaithe. Maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin phoiblí agus an t-athbhreithniú táimid ag dul tríd an bpróiseas anois. Tá an t-athbhreithniú déanta agus táimid ag dul tríd anois.

Beimid críochnaithe tar éis coicíse mar sin an mbeidh sé ar ais ag-----

Tá súil agam go mbeidh an próiseas isteach sa Roinn críochnaithe roimh an Nollaig agus beidh mé in ann an t-eolas agus an struchtúr nua a chur amach chun é a phlé roimh an Nollaig. Sin é an phlean. Táimid ag dul tríd anois agus beidh mé in ann níos mó a rá nuair a bheidh sé críochnaithe. Tá na figiúirí a táimid ag iarraidh a aontú inniu bunaithe ar an méid daoine atá fostaithe in Údarás na Gaeltachta agus an méid a theastaíonn chun freastail ar an gcomhaontú pá náisiúnta. Tá na figiúirí atá luaite leordhóthanach chun é sin a dhéanamh.

Tá roinnt ceisteanna agam. Go dáiríre nílimid ach ag plé le hairgead beag anseo agus ní bheadh aon duine ag cur ina choinne ach leis sin níl sé léirithe in aon chás go díreach cá bhfuil an t-airgead ag dul. Tá sé luaite ag clár tacaíochta pobal Gaeltachta agus Gaeilge go bhfuil €250,000 ag dul mar shampla. Cá bhfuil an €250,000 sin nó cad é an briseadh síos dó? Tá sé sin fíor faoi gach uile cheann acu. Sórt glanadh suas deireadh na bliana atá i gceist anseo ach sa chur chuige a rinne an tAire Stáit ag an tús bhí sé ag caint faoi cháinaisnéis 2023 agus ag tabhairt le fios cad atá le teacht. Nílimid chun déileáil le 2023 anseo.

Is féidir liom ach nílimid chun é sin a dhéanamh mar sin caithimid deis a fháil am éigin déileáil leis na Meastacháin don bhliain seo chugainn i gceart agus an briseadh síos a dhéanamh. Ní air an Aire Stáit an t-ualach ar fad. Impím go poiblí arís ar an Aire, an Teachta Catherine Martin, teacht os comhair an choiste mar sise an tAire a dhéanann an cinneadh maidir leis an sciar den bhuiséad a chaitear ar an nGaeilge. Chomh maith leis sin, tá an coiste seo, ní an coiste eile, freagrach as na meáin Ghaeilge. Sin an riail atá ann. Níl an tAire tar éis teacht os ár gcomhair, in ainneoin cúig nó sé cuireadh ag an staid seo chun déileáil le TG4, Raidió RíRá nó a leithéid. Iarraim ar an Aire Stáit impí uirthi teacht agus an scéal maith a scaoileadh anseo faoi TG4. Níl fadhb ar bith agam leis sin ach sa deireadh thiar thall tá na baill tar éis na ceiste seo a ardú cúpla uair.

Tá ceisteanna eile agam ach nílimid ach ag déileáil le glanadh suas deireadh na bliana. Ach is ceisteanna iad gur chóir féachaint orthu. Mar shampla, ardaíodh ceist faoi Fhoras na Gaeilge liom - b'fhéidir don Fhoras féin é - gur eagras Stáit é ach go bhfuil pá agus rátaí pá míchearta á n-úsáid i bhForas na Gaeilge. Ar bhreathnaigh an Roinn air sin riamh? An ghá don Roinn iarraidh ar Fhoras na Gaeilge déileáil leis sin agus ansin airgead breise a chur ar fáil, más ghá, chun daoine a chur ar an ráta pá ceart nó a chur ag an staid cheart den chóid? Is ceist cuibheasach casta é ó thaobh rátaí pá agus a leithéid é ach tá a fhios agam ó dhaoine a d'ardaigh an cheist liom go bhfuil fadhb ann agus gur fadhb leanúnach é. B'fhéidir go bhfuil sé cosúil leis an tslí a chaitheann RTÉ leo siúd atá ag obair i Raidió na Gaeltachta, áit ina bhfuil an fhoireann ar phá difriúil ná mar atá acu siúd a bhfuil ag obair in RTÉ, in ainneoin go bhfuil siad ar an teideal céanna go minic.

Más féidir in aon chor, má táimid chun déileáil le Meastacháin - ní díreach don choiste seo é seo - ba chóir níos mó briseadh síos a bheith ann amach anseo in aon eolas a chuirtear faoinár mbráid ionas gur féidir linn mionscrúdú ceart a dhéanamh ar na Meastacháin, fiú agus iad chomh bheag leis seo. Tuigimid ón méid eolais a fuair muid agus ón méid eolais atá an Coimisinéir Teanga ag fáil, anuas ar a bhí molta go dtí seo d'Údarás na Gaeltachta, go bhfuil Údarás na Gaeltachta ar C6 agus ag fáil €306,000. Tagraím do na cinn eile agus do na scéimeanna tacaíocht Gaeltachta mar shampla, tá €200,000 ann. An bhfuil gach uile cheann de na scéimeanna ann chun sciar de sin a fháil nó an cinn áirithe atá i gceist nó an cinn sa bhreis ar cad a bhí ann ó thús na bliana atá i gceist? Ansin tá pleanáil teanga agus tá píosa an-bheag i gceist ansin. Luaigh na Teachtaí eile an fhadhb atá ann ó thaobh pleanála teanga agus sin.

B'fhéidir gur chóir dúinn smaoineamh ar conas is féidir linn tacaíochtaí breise a thabhairt ionas nach bhfuil daoine ag obair sa ghort ina n-aonair. B'fhéidir go gcuideoidh sé sin le roinnt dóibh siúd atá tar éis an chuid sin den earnáil Ghaeilge a fhágáil agus a bhogadh ar aghaidh, don chuid is mó, go dtí poist eile ó thaobh na Gaeilge de. Is maith an rud é go bhfuil siad fós ann ach nuair a théann oibrí mar sin ar strae nó má théann siad go poist eile, cailltear an t-eolas agus móiminteam atá bailithe acu. Caithfear, go minic, tosnú arís ón mbun suas toisc go bhfuil gá le hearcaíocht agus ní tharlaíonn sé sin thar oíche. Tá buairt ar roinnt faoin oiread sin díobh siúd atá ag obair i scéimeanna teanga atá ag bogadh ar aghaidh go dtí poist eile.

Tiocfaidh mé ar ais go dtí an roghchoiste maidir leis an gceist ar Fhoras na Gaeilge agus na rudaí a dúirt an Cathaoirleach maidir le cúrsaí pá. Tá na Meastacháin Fhorlíontacha seo dírithe ar fhostaithe Stáit chun an comhaontú pá náisiúnta a thabhairt don fhoireann. Maidir leis an gCoimisinéir Teanga, léiríonn leithdháileadh bhuiséad na bliana 2022 de €187milliún méadú suntasach de 22.5%. Faoin am seo, tá 93.75% den bhuiséad íoctha amach ag an Roinn.

Maidir le cúrsaí meán agus na rudaí a bhí á rá ag an gCathaoirleach, tá a fhios agam go bhfuil an coiste ag iarraidh an tAire sinsearach, an Teachta Martin, a thabhairt os comhair an chomhchoiste ar feadh píosa, mar go bhfuil comhaltaí an tSeanaid ar an gcomhchoiste nach bhfuil ar an roghchoiste, agus go bhfuil ceisteanna acu siúd don Aire freisin. Tá an tAire Stáit freagrach as Gaeilge agus as an nGaeltacht, mar is eol don Chathaoirleach, ach tuigim go bhfuil an coiste i dteagmháil leis an Aire féin. B'fhéidir go mbeidh seans ag an gcoiste-------

Amach anseo.

------an cruinniú sin a fháil.

Bhí ceist ag an gCathaoirleach an tseachtain seo caite maidir le fuinneamh agus an allúntas seo agus beidh mé in ann rud éigin a rá faoi sin anois. Tá €1 milliún breise faighte agam i gclár C den Vóta le cúpla seachtain anuas ar mhaithe le scéim tacaíochta fuinnimh d'eagrais phobail agus dheonacha in earnáil na Gaeilge, na Gaeltachta, agus na hUltaise a bhunú. Is d'eagrais atá maoinithe ag an Roinn, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise í nach bhfuil cuimsithe faoi aon scéim tacaíochta eile amháin a bheidh an scéim seo. Beidh ar na hiarratasóirí a dhearbhú nach bhfuil iarratais á ndéanamh i leith tacaíochtaí de chuid an Stáit maidir leis na costais chéanna. Féadfar tacaíocht a thabhairt i gcomhair costais leictreachais, solais agus teasa a bhaineann le foirgnimh atá i seilbh an eagrais do ghníomhaíochtaí pobail agus deonacha, is é sin gníomhaíochtaí neamhthráchtála agus neamhthrádála. Dírítear ar bhreosla soladach amháin, móin nó guail le haghaidh tacaíochta. Bainfear an tacaíocht le costais incháilithe atá le híoc le linn 2022 amháin. Beidh ar na hiarratasóirí fianaise a sholáthar, mar thacaíocht ar an iarratas a choinneáil agus a chur ar fáil, dá n-iarrfaí a leithéid, mar chuid d'iniúchadh amach anseo.

Caithfear an t-airgead a tharraingt ó chiste na Roinne roimh dheireadh 2022. Ní fhéadfar tacaíocht a thabhairt d'eagras nach bhfuil foirgnimh áitribh acu ná i leith foirgneamh atá in úsáid go heisiatach do chuspóirí príobháideacha, do ghnó, nó i leith foirgneamh a bhfuil úsáid theoranta acu, nó dóibh siúd a bhfuil ballraíocht do phobail réigiúnacha acu, nó atá in úsáid go heisiatach do chuspóirí reiligiúnacha.

Tá sé i gceist scéimeanna na Roinne a fhógairt gan mhoill agus beidh oifig na Roinne ag caint le hÚdarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus le Gníomhaireacht na hUltaise maidir lena gcuid scéimeanna féin a chur ar bun chomh maith.

An ar iarratais atá é seo dírithe?

Seolfaimid na nótaí chuig an roghchoiste faoi seo.

Beimid in ann a dhéanamh cinnte den scéal ansin.

Beidh iarratais á déanamh don Roinn.

Is iarratas na n-eagras seo atá i gceist agus ní tharlóidh sé seo go huathoibríoch. Níl gach uile scéim ar fáil agus caithfidh an t-eagras iarratas a dhéanamh. I gcás grúpaí a bhfuil foirgnimh acu, a bhfuil teas lárnach nó mar sin ag teacht ó chúrsaí ola, an bhfuil siad sin clúdaithe chomh maith?

Tiocfaimid ar ais go dtí an roghchoiste chun gach eolas faoin scéim seo a chomhroinnt leis.

Déan é sin, le toil ár n-aíonna. Glacaim, cosúil leis na scéimeanna i Ranna eile, go mbíonn ar dhuine an t-iarratas a dhéanamh roimh dheireadh na bliana. Tá spás ag an duine mar sin. Is féidir linne an deis a thabhairt agus poiblíocht a dhéanamh chun a mholadh do na grúpaí sin cur isteach orthu seo. De ghnáth, bíonn a fhios acu sula mbíonn a fhios ag an Aire Stáit féin, b'fhéidir, go bhfuil an tacaíocht sin ar fáil.

Is iad siúd na ceisteanna a bhí agamsa. Is gá dom a rá go hoifigiúil go bhfuil an roghchoiste tar éis breithniú a dhéanamh ar na Meastacháin, go bhfuilimid críochnaithe leo, agus scríobhfaimid litir thuig Cléireach na Dála chun a chur in iúl dó go bhfuil an breithniú sin déanta orthu.

Tá aontaithe againn, cosúil lena lán coistí eile, scríobh chuig an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán ag lorg níos mó eolais ar bhealaí difriúla seo a leanas. Beidh litir ag teacht chuig an Roinn dá réir amárach ag lorg córais níos fearr chun go mbeimid in ann díriú isteach ar na Meastacháin, ar na Meastacháin Athbhreithnithe, agus ar a leithéid, le linn na bliana atá romhainn.

Barr
Roinn