Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Roghchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Thursday, 8 Feb 2024

Vóta 33 - Turasóireacht, Cultúr, Ealaíon, Gaeltacht, Spórt agus Meán (Athbhreithnithe)

Tá triúr Teachta Dála i láthair: mé fhéin, an tAire Stáit, an Teachta Patrick O'Donovan, agus an Teachta Pádraig Ó Súilleabháin. Níl aon leithscéal faighte againn. Táimid chun déileáil leis na Meastacháin Athbhreithnithe le haghaidh seirbhísí poiblí 2024 ar chlár C - An Ghaeltacht - de Vóta 33 na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Leanfaidh an seisiún seo ar aghaidh go dtí a haon a chlog más gá agus cuirfear ar fionraí é ag an bpointe sin.

Cuirim fáilte roimh an Aire Stáit, Teachta Patrick O'Donovan, a bhfuil cúram na Gaeltachta agus Oifig na nOibreacha Poiblí air, chomh maith le hoifigigh na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán: Ard-Rúnaí, Feargal Ó Coigligh; Stiúrthóir na Gaeilge na Roinne, an Dr. Aodhán MacCormaic; rúnaí cúnta, Joe Healy; príomhoifigeach, Eoin Ó Droighneáin; agus oifigeach airgeadais, Breda Moynihan. Déanaim comhghairdeas oifigiúil le Feargal Ó Coigligh ar an ardú céime.

Is comhalta ex officio den roghchoiste é an tAire Stáit agus mar gheall ar sin cuirfear san áireamh é don chóram agus don liosta vótála más gá.

Meabhraím do dhaoine a ngutháin shoghluaiste a mhúchadh toisc go gcuireann siad as don chóras craolacháin. Cuirim ar an taifead go bhfuil an tAire Stáit agus a chuid oifigigh ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 4 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus go bhfuil an Teachta Pádraig Ó Súilleabháin linn ar líne ar Microsoft Teams.

Cuirfimid tús lenár mbreithniú ar na Meastacháin Athbhreithnithe do sheirbhísí poiblí 2024 ar chlár C - An Ghaeltacht - de Vóta 33 na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán anois. Iarraim ar an Aire Stáit anois a ráiteas tosaigh a chur faoi bhráid an roghchoiste.

Gabhaim leithscéal le baill an choiste as ucht bheith mall. Bhí mé ag freagairt ceisteanna sa Dáil ar son an OPW.

Tá áthas orm a bheith anseo inniu chun labhairt le coiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge maidir le Meastacháin Athbhreithnithe ar chlár C - an Ghaeltacht. Is €100.6 milliún atá i leithdháileadh 2024 don Ghaeltacht. Is ionann sin agus méadú 9% ar mhaoiniú 2023 agus leagann sé béim ar thiomantas an Rialtais úsáid na teanga a neartú sna ceantair Ghaeltachta, chomh maith lena húsáid laethúil a mhéadú ar fud na hÉireann, agus leanúint le tacaíocht a sholáthar do phobail agus do thionscadail Ghaeilge.

Laistigh den leithdháileadh foriomlán seo, tá maoiniú iomlán de €36.7 milliún d’Údarás na Gaeltachta in 2024, rud a cheadóidh don údarás leanúint ar aghaidh ag tacú lena chliant-chuideachtaí agus le tacaíochtaí pobail agus teanga ag teacht leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Cuireadh €18.7 milliún ar fáil do chomhoibriú trasteorann a thacóidh le hobair an Fhorais Teanga chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud an oileáin, agus le hobair Ghníomhaireacht na hUltaise chun teanga agus cultúr na hUltaise a fhorbairt. Tá leithdháileadh méadaithe de €13.2 milliún ar fáil do scéimeanna tacaíochta Gaeilge mo Roinne in 2024; méadú €1.5 milliún ó 2023. Cuimsíonn sé seo infheistíocht chun tacú le forálacha na straitéise do na healaíona teangabhunaithe. Fuair scéimeanna tacaíochta Gaeltachta na Roinne maoiniú breise freisin agus úsáidfear é seo le haghaidh roinnt tionscnaimh a bhrú ar aghaidh. Mar shampla, tá tacaíocht bhreise á chur ar fáil do dhaoine óga ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste chun freastal ar chúrsaí coláistí samhraidh Gaeltachta.

Mar bhuille scoir, chuir mé leithdháileadh breise €500,000 ar fáil chun tacú le feidhmiú iomlán Achtanna na dTeangacha Oifigiúla agus tá áthas orm go bhfuarthas maoiniú breise d’earnáil na Gaeltachta agus na Gaeilge i mbliana. Tacóidh sé go mór lenár bhféiniúlacht chultúrtha, agus leis an bpobal a oibríonn chomh dian sin lena chinntiú gur fada buan é. Treisíonn leithdháileadh 2024 tiomantas an Rialtais an ghné lárnach seo d’fhéiniúlacht na hÉireann a chumhdach agus a chosaint, í a fhorbairt do lucht labhartha níos leithne, agus feasacht agus tuiscint ar an nGaeilge, ar na pobail agus ar an saibhreas atá sa teanga a mhéadú.

Mo leithscéal arís ach beidh gá ag na hoifigigh dul go cruinniú eile timpeall a haon a chlog. Gabhaim buíochas le baill an choiste.

Níl fadhb ar bith le sin. Níl ach mise anseo chun ceisteanna a chur, de réir cosúlachta, mura dtagann baill eile isteach. Rinneamar iarracht cinnte a dhéanamh de go raibh an deis ag an Aire Stáit teacht os comhair an choiste toisc gur gá dúinn déileáil leis seo chomh tapaigh agus is féidir. Bhí seisiún againn díreach roimh an Nollaig faoi na Meastacháin Athbhreithnithe agus ardaíodh roinnt de na ceisteanna faoi na Meastacháin i mbliana ag an staid sin mar sin níor chóir go mbeadh aon mhoill orainn.

Tá roinnt ceisteanna agam dár ndóigh. I slí amháin, ní bhaineann an chéad ceann leis an Aire Stáit mar déanann sé dáileadh ar an airgead a fhaigheann sé. Baineann an cheist níos mó leis an Aire sinsearach. Is léir ó na huimhreacha sa nóta a chuireadh ar fáil don choiste cé chomh beag is atá an caiteachas ar an nGaeilge. As an 100% atá ar fáil don Roinn ina iomláine, ní fhaigheann an Ghaeilge ach 8% i gcomparáid le 31% do na healaíon. Tuigim nach an tAire Stáit a dhéanann an cinneadh cad ar a mbeidh an t-airgead á chaitheamh.

Ar an bpointe sin, le linn an tréimhse seo ó 2019 go dáta, tháinig méadú de timpeall 70% ar an liúntas Gaeilge agus Gaeltachta ó €60 milliún go dtí €100 milliún sa bhliain. Mar sin, tá an-ardú ar an allúntas ó 2019.

Sea, ach tháinig méadú thar chuimse, mar shampla, ar allúntas na Comhairle Ealaíona agus an chaiteachas ar an ealaíon sa tréimhse céanna. Mar sin, níor tháinig méadú ar an gcéatadán sa Roinn ina iomláine sa tréimhse sin.

Tuigim an pointe ach is féidir é a chur i gcomparáid leis an méadú i gcúrsaí spóirt áit a bhí ardú 60%. Maidir le cúrsaí turasóireachta freisin, ní raibh ach beagnach 35% d'ardú anseo i leith an ama sin. Swings and roundabouts.

Ach má dhíreoimid isteach ar an gComhairle Ealaíon agus caiteachas ealaíona a chur i gcomparáid le caiteachas ar an nGaeilge, tá an coibhneas sin ag éirí níos mó bliain ina dhiaidh. Mar a dúirt mé, níl mé ag-----

Tá an tAire Stáit ag déileáil leis an méid a thugtar dó agus tá sé go maith go bhfuil méadú tagtha ach tá gá le hardú níos mó.

Maidir le roinnt de na rudaí atá luaite ag an Aire Stáit agus ag an Roinn, caithfimid cinnte a dhéanamh de go bhfuil dóthain airgid ann dóibh. Glacaim leis go bhfuil ciste ar leith curtha ar leataobh má tá toghchán Údaráis na Gaeltachta ar siúl. Ar an bpointe sin, cathain a mbeidh an reachtaíocht againn? An féidir linn a rá leis an bpobal nach mbeidh an toghchán ar siúl i mbliana?

Táim ag obair leis an Roinn agus leis an Aire sinsearach. I ndiaidh sin, beidh cruinniú agam leis an Taoiseach. Ceann de na pointí atá le plé ag an gcruinniú sin ná toghchán Údaráis na Gaeltachta. Mar a dúirt mé roimh an Nollaig, táim dóchasach - cé go mbeidh sé deacair – go mbeimid in ann an toghchán a chur sa tsiúil do mhuintir na Gaeltachta ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus toghcháin na hEorpa. Sa Roinn, táimid ag obair leis an Aire, an Teachta Martin, agus leis an Rialtas. Beidh ar an Roinn dul ar ais go dtí an Rialtas go luath le cinn Billí nua agus i ndiaidh sin, tá súil agam a bheith os comhair na Dála nó os comhar an tSeanaid chun an Bille a phlé leis na Seanadóirí agus na Teachtaí Dála. Tá mé dóchasach go mbeidh an toghchán ar an lá céanna leis na toghcháin eile. Is gealltanas é sin ón Rialtas agus tá sé ar chlár an Rialtais.

Táimid ag tnúth leis agus mar a dúramar sa choiste roimhe, más féidir linn aon rud a dhéanamh chun é seo a luathú ionas gur féidir leis tarlú i mbliana-----

Ar an bpointe sin, beidh mé ag cur ceist ar bhaill an choiste cabhair a thabhairt dom maidir leis an mBille. Nuair a bheidh an Rialtas agus an reachtaíocht críochnaithe, beidh ar an gcoiste obair go dian liomsa agus leis an Roinn le go mbeadh an toghchán ar siúl ar an 7 Meitheamh. Beidh orainn go léir obair le chéile ar an ábhar sin.

Okay. Déanfaimid ár ndícheall. Ní bheidh moill á chur againne air-----

Go raibh maith agat.

----- agus labhair mé le roinnt de na Teachtaí eile agus tá daoine ag tnúth leis an mBille. A luaithe is a fheicimid é, a luaithe a bheidh sé rite.

Má bhíonn seans ann do na hoifigigh bheith ag obair le baill an choiste go neamhfhoirmiúil ar an mBille, beimid in ann é sin a dhéanamh freisin.

Cosúil le Billí eile, nuair atá an Bille réidh, is féidir linn dul i gcomhairle le baill an choiste go neamhoifigiúil agus dul tríd ionas nach mbeidh muidne ag cur aon mhoill air dul tríd an bpróisis reachtaíochta.

Mo bhuíochas don Chathaoirleach ar an ábhar sin.

Tá roinnt ceisteanna eile. Ar ndóigh, tá an Comhthionól ó Thuaidh ar ais ag obair arís agus tá áthas orainn ar fad faoi sin. Ach cuireann sé sin ualach breise air ach ar an Roinn chomh maith chun cinnte a dhéanamh de go mbíonn cruinniú trasteorann chomh gasta agus is féidir agus go mbeidh sé ag déileáil le ceist an bhuiséid atá ag Foras na Gaeilge. B’fhéidir go mbeadh seans ann go mbeadh airgead breise anuas ar cad atá ar fáil sa Mheastacháin seo chun cuidiú leo a n-aighne a dhéanamh suas maidir le hairgead breise a chaitheamh ar Fhoras na Gaeilge agus ar Ghníomhaireacht na hUltaise más gá.

Ba mhaith liom an deis a thaipeadh mo chomhghairdeas a chur in iúl don aire nua sa Tuaisceart atá ag obair leis an nGaeilge. Tá súil agam go n-éireoidh léi. Beidh litir ag dul ó mo Roinn go dtí an aire seo go luath agus tá súil agam go mbeidh an seans ann cruinniú a eagrú léi. Bhí mé i mBéal Feirste coicís ó shin agus bhuail mé leis na daoine le suim i gcúrsaí na hUltaise. I ndiaidh sin, bhí mé i gContae Doire. Tá a fhios agam go raibh an Cathaoirleach agus baill eile an choiste ann. Níl aon amhras ach go bhfuil an-chuid deiseanna don Roinn agus don Rialtas a bheith ag obair go luath leis an rialtas nua sa Tuaisceart agus ár ndícheall a dhéanamh ar son na Gaeilge, ag obair le Foras na Gaeilge sa Tuaisceart agus sa Deisceart.

Go raibh maith ag an Aire Stáit. Tá roinnt ábhair eile. Glacaim leis ó na Meastacháin nach bhfuil i gceist scéim labhartha Gaeilge nua a bheith ar siúl i mbliana agus go bhfuil an Roinn ag obair ar cheann, mar a dúirt an Aire Stáit cheana, a thiocfaidh amach anseo.

Táimid ag obair ar scéim nua agus tá súil agam go mbeidh mé in ann fógairt a dhéanamh i gceann tamaillín ar scéimeanna a chabhróidh leis na cúrsaí sin. Phléamar an t-ábhar sin nuair a bhí mé os comhair an choiste roimh an Nollaig agus is cinnte go bhfuil sé an-tábhachtach domsa agus don Roinn go mbeimid in ann an chabhair a thabhairt do na daoine lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht agus iad ag déanamh a ndícheall chun na gasúir ach go háirithe a thógáil trí mheán na Gaeilge. Tá mé dóchasach go mbeidh mé in ann fógairt a dhéanamh ar na scéimeanna sin go luath.

Beimid ag tnúth leis sin chomh maith. An cheist a bhí mé teasaí faoi anuraidh ná an easpa ardú caipitil a bhí ann d’Údarás na Gaeltachta. Feicim go bhfuil ardú ann i mbliana. Glacaim leis go mbeidh gá le breis airgid nó breis cuidithe d’Údarás na Gaeltachta má tá sé ag díriú ar thithíocht agus suíomhanna a chur ar fáil chun go mbeadh eastáit tithíochta á thógáil i gceantair Gaeltachta. Tá scéim phíolótach tosnaithe ag an údarás – nó atá ar tí tosnú – chun cuidiú leo siúd atá ag iarraidh lonnú sa Ghaeltacht mar leannán nó mar chlann amach anseo.

Aontaím leis an gCathaoirleach. Is scéal an-dearfach é scéal Údarás na Gaeltachta faoi láthair. Tá suas le 9,000 duine fostaithe i gcliant-chomhlachtaí an údaráis. Leis na hoifigigh ón Roinn, bhuail mé leis an Aire caiteachais phoiblí, an Teachta Donohoe, an tseachtain seo caite, leis na scéim caipitil ó 2024 go 2027 agus an NDP a phlé. Tá cruinnithe ar bun faoi láthair le hoifigigh na Roinne agus le hoifigigh an Aire maidir leis an ábhar sin. Tar éis an chruinniú a lua mé níos luaithe, beidh mé ag dul chuig an Taoiseach chun rudaí cosúil leis sin - toghchán agus cúrsaí caipiteal Údaráis na Gaeltachta - a phlé leis. Tá a fhios agam go bhfuil an-suim ag an Taoiseach sna cúrsaí sin. Deá-scéala ar an iomlán atá ann faoi Údarás na Gaeltachta.

Tá ceist ginearálta eile agam. Ní dhéanann an tAire Stáit déileáil leis seo. Go bhfios dom, tá a lán tailte ag Údarás na Gaeltachta ach má leantar ag tógáil orthu, beidh gá le tuilleadh. An bhfuil aon straitéis ann amach anseo cuidiú leis an údarás teacht ar shuíomhanna eile? Níl roinnt de na suíomhanna oiriúnach do-----

Ar an gcéad dul síos, is ceist í sin, ar chúrsaí talún agus ar na suíomhanna a bhaineann leis an údarás, don bhord. Ach táim ag lorg seans le suí síos le baill an bhoird agus ábhar cosúil leis sin agus na hábhair eile a phléamar sa choiste roimh an Nollaig a phlé leo i gcruinniú chomh luath agus is féidir. B’fhéidir go mbeidh seans ag an údarás teacht os comhair an choiste agus na ceisteanna sin a phlé leis na Seanadóirí, leis na Teachtaí Dála, agus leis an gCathaoirleach freisin.

Tá dhá cheist gairid eile agam. An chéad cheist ná maidir le áras Chonradh na Gaeilge. An bhfuil airgead sa bhuiséid seo chun cuidiú leis?

An é seo ar Shráid Fhearchair?

Tá sé ar Shráid Fhearchair.

Tá an buiséid ann agus tá an-dul chun cinn déanta ag an Roinn, ag an gConradh agus freisin leis an OPW maidir leis sin.

Beidh ar an OPW an próiseas a leagan amach ach tá mé sásta go leor go bhfuil an-chuid dul chun cinn déanta agus tá mé ag tnúth leis an uair nuair a bheidh an foirgneamh ar Shráid Fhearchair críochnaithe.

An mbeidh an buiséad ag teacht ón mbuiséad Gaeilge nó ón OPW?

Beidh sé ag teacht ó bhuiséad na Gaeilge. Beidh an OPW ag déanamh na hoibre ach beidh an Roinn Gaeltachta ag cur an airgid ar fáil.

Beidh tógálaí éigin ag déanamh na hoibre, ní an OPW. Ní dhéanann sé aon rud mar sin a thuilleadh.

Marriage of convenience.

Tá ceist amháin bhreise agam. D’fhoilsigh muid tuairisc mhór ar chúrsaí foilsitheoireachta agus leabhar agus ceann de na gnéithe a bhí inti ná conas gur féidir linn cuidiú le daoine óga níos mó leabhair Ghaeilge a léamh. Tá a fhios agam go bhfuil scéimeanna difriúla ann. Níl go leor airgid ag roinnt acu chun leabhar Ghaeilge a bhronnadh ar daltaí. An bhfuil aon phota ar leith gur féidir teacht air nó an bhfuil aon phlean é sin a dhéanamh?

B’fhéidir go mbeadh na huimhreacha ag Aodhán MacCormaic ach tá a fhios againn cé chomh tábhachtach is atá cúrsaí foilsitheoireachta. An luach atá air ná níos mó ná €180,000. Nuair a bhí mé i nGaillimh roimh an Nollaig, chonaic mé cé chomh tábhachtach is atá sé. Tá clann óg agam. Bhí an-suim ag mo ghasúir sna leabhair nuair a tháinig mé abhaile ó Ghaillimh agus na leabhair Ghaeilge agam. Tuigim, mar thuismitheoir agus mar Theachta Dála, cé chomh tábhachtach is atá cúrsaí foilsitheoireachta agus táimid ag déanamh an-chuid oibre le Foras na Gaeilge ar an ábhar sin. Cuireann an Roinn maoiniú ar fáil d’Fhoras na Gaeilge dár luach €300,000 d’infheistíocht i 2023. Cuireadh an maoiniú seo i dtreo costais a bhaineann leis an obair bun fhoilsitheoireachta, forbairt acmhainní reatha, maraon le feasacht agus poiblíocht a dhéanamh ar an tionscadal.

Tá sé sin go maith agus tá i bhfad Éireann níos mó ag teastáil chun cuidiú leis sin. Tá ceist eile agam atá sórt gaolta le sin. Is é seo an áit a thagann an dual mandate chun cinn uaireanta, nuair atáimid ag déileáil le hábhar amháin agus ábhar eile. Ní thagann COGG, an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, faoi chúram an Aire Stáit ach déanann sé a lán oibre ó thaobh leabhair Ghaeilge a sholáthar do scoileanna agus ábhair a sholáthar do mhúinteoirí. I gcásanna eile áfach, titeann an t-ualach ar an Aire Stáit cuidiú leis an Roinn Oideachais nó preabadh a thabhairt dó roinnt rudaí a dhéanamh. Is fiú féachaint ar na scéimeanna atá ag an Roinn Oideachais agus b’fhéidir iarraidh ar an Aire, an Teachta Foley, cuidiú a thabhairt nuair atá ganntanais sna scéimeanna atá dírithe ar mhúinteoirí, ar na leabhair, agus spéis a chur i léamh leabhar. Má thagann sé ón scoil, léifidh na daltaí lasmuigh agus beidh buntáistí ann dúinn ar fad.

Níl aon amhras faoi na buntáistí. B’fhéidir go mbeadh seans ag an gcoiste seo na hábhair a phlé leis an Aire nó leis an Roinn Oideachais. Mar thuismitheoir, tuigim cé chomh deacair is atá sé an Ghaeilge a mhúnadh do na gasúir sa bhaile ach tá na leabhair sin an-tábhachtach mar déantar sár-iarracht cabhrú leis na tuismitheoirí an Ghaeilge a mhúineadh go neamh-fhoirmiúil sa bhaile.

Níl mé chun a thuilleadh moille a chur ar an Aire Stáit muna bhfuil aon cheist eile. Ní fheicim lámh in airde. É sin ráite, is féidir linn déileáil le seo. Go hoifigiúil, is gá dom cúpla rud a rá.

De réir Bhuan-Ordaithe 215A, tá sé de dhualgas ag an roghchoiste seo tuarascáil a ullmhú mar chuid dá mbreithniú ar na Meastacháin a bhí idir lámha againn inniu agus go leagfar an breithniú seo faoi bhráid Dáil Éireann taobh istigh de 14 lá. Is chuige sin a iarrann an Roghchoiste um Formhaoirsiú Buiséid agus rúnaíocht na gcoistí ar gach roghchoiste de chuid na Dála go bhfuil cúram na Meastachán aige agus a bhfuil athbhreithniú ar na Meastacháin Athbhreithnithe déanta aige tuarascáil ghairid ar an bpróiseas a bhaineann leis agus a tuairimí ar an bpróiseas sin a ullmhú agus a leagan faoi bhráid Dháil Éireann. Molaim go smaoineodh gach comhalta den roghchoiste ar an ábhar seo agus go seolfadh siad a gcuid tuairimí agus moltaí ar aghaidh chuig cléireach an choiste. Má fhaightear dóthain tuairimí, beimid in ann tuarascáil a ullmhú. Nuair a chuireann an cléireach dréacht-tuarascáil le chéile ar an mbreithniú seo, iarrfar ar chomhaltaí an roghchoiste í a chomhaontú i seisiún príobháideach agus go leagfar í faoi bhráid Dáil Éireann roimh an 25 Feabhra.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit, an Teachta O’Donovan, chomh maith le hoifigigh na Roinne as an gcúnamh a thug siad dúinn - dom ar aon chaoi - inniu. Cuireann sé sin críoch lenár ngnó. Aontaítear go gcuirfear na tuarascála sin le chéile agus go gcuirfimid an cruinniú ar athló. Tá an cruinniú seo críochnaithe. Go raibh míle maith agaibh.

Barr
Roinn