Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 23 Jan 1946

Vol. 31 No. 1

Bás Seanadóra.

Is oth liom go mór é bheith le cur in iúl agam don Tigh go bhfuair an Seanadóir Pádraic O Máille bás Dé Sathairn seo ghabh tharainn.

Fear é thug grá dílis dá thír, duine de na scoláirí Gaeilge ab fhearr a bhí againn, duine de scoth na huaisle imithe ar shlí na fírinne. Gheobhfar sna cuntais scríofa ar a ghníomhartha sa troid chun saoirse do bhaint amach dar dtír fianaise dheimhnitheach ar an bpáirt a ghlac sé sna gluaiseachta náisiúnta. Is ar éigin is gá thar tagairt a dhéanamh d'fheabhas Phádhraic Uí Mháille mar scoláire Gaeilge agus, ar aon chuma, tá daoine sa Tigh is fearr atá inniúil ar na cáilíochta san do mheas agus a gcothrom molta do thabhairt dóibh. Is leor a rá gurbh aoibhinn, fiú leo san a bhí taobh beagán eolais ar an nGaeilge, bheith ag éisteacht leis ag labhairt i nGaeilge ar chúrsaí a bhíodh faoi dhíospóireacht sa tSeanad.

Bhí sé d'onóir ag an Seanadóir O Máille bheith ina Leas-Cheann Comhairle ar an Dáil agus ina Leas-Chathaoirleach ar an Seanad agus is maith agus is ionnraic mar a rinne se a ghnó sa dá phost san. Ba fear é a raibh tuairimí daingne aige agus a chuir in iúl go teann iad le linn díos póireachta, ach, ar a shon san, níor chuir sé aon mhúisiam riamh ar éinne. Ní raibh sé ina nádúir múisiam a chur ar dhuine. Fear lách, groídhiúil, tiorthúil do bea é. Ba chara le gach aon duine againn é. Tá sé ráite ina thaobh ná raibh ann námhaid a dhéanamh d'aon duine agus sílim gurb é sin atá le rá againn go léir, is cuma cad é an taobh den Tigh ar a rabhmar i gcaitheamh na haimsire a chaith sé anso linn. Is brón linn a bhás agus níl duine riamh againn ná hairíonn uaidh é.

Go ndéana Dia trócaire ar a anam.

A Chathaoirligh, nuair a bhíos ag sochraid Phádraig Uí Mháille Dé Domhna so caite againn, chonnac cuid mhaith de shean-dream na Gaeilge bailithe timpeall an choirp. Daoine dob ea iad san a thug grá agus taithneamh don Ghaeilg agus dár bhain léi le linn a n-óige féin. Bhí meanma mhuintir na hEireann san uair úd tar éis dul i laige agus i ndearóile ar fad geall leis. Bhí an Seanadóir Ó Máille ar an ngasra beag úd a chuir crann agus tús ar obair na Gaeilge fadó agus nár tháinig laige ná laghdú ar a shuim inti go dtí lá a bháis. D'oibrigh sé mar mhúinteoir is mar thimire Gaeilge. Is beag duine anois a thuigeann an cruatan is an t-anro a bhí ag baint leis an saothar san. Nuair a cuireadh na h-Óglaigh ar bun chlaoigh sé leo is níor staon riamh roimh chath ná contúirt dá dhéine.

Bhí aithne agam ar Phádraig Ó Máille nuair a bhí sé i mbláth a mhaitheasa is a nirt. Fear breá cumasach a raibh guth árd solas-ghlan aige is an teanga Ghaeilge ba bhreátha ba cheolmhaire is ba líofa a chloisfeá in aon áit, fiú amháin i gConamara féin. Má bhí corp mór aige bhí mar a dúraís féin, a Chathaoirligh, croí mór lách istigh ann. Tá cumha orainn a leithéidí a bheith ag imeacht uainn. Ba mhaith linn comhbhrón a déanamh thar ár gceann go léir lena mhnaoi is lena chlainn is lena mhuintir. Guidhmíd solas na bhFlathas is radharc na Trionóide dá anam.

Ba mhaith liom cuidiú leis an méid atá ráite cheana faoi bhás mo sheancharad Pádhraic Ó Máille. Cúis bhróin é do mhuintir na hEireann uilig a bhás. Ba mhór an fear é ar chuile bealach. "Pádhraic Mór" a bheireadh gach duine air, agus ba fear mór é. Bhí croí mór aige. D'fhéadfaí a rá gur chuid de stair na tíre a shaol. Is iontach an méid a rinne sé ar son na Gaeilge agus ar son na tíre. Bhí aithne agamsa air le dachad bliain anuas agus ón gcéad lá go dtí lá a bháis bhí sé ag obair ar son na tíre. Bhí sé cáirdiúil le gach Seanadóir, agus níor chuala mé focal aithiseach ar bith uaidh ariamh i n-aghaidh aon tSeanadóra sa seomra seo. Is mór an chailliúint don tír a bhás agus ba mhaith liom comh-bhrón a dhéanamh lena mhnaoi agus lena chlann.

Perhaps, Sir, I might be permitted to add my tribute to those already paid to the memory of Pádraic Ó Máille. He was one of the most loyal friends one could have. In many activities, I knew him for a long period, outside this House altogether, and I always regarded him as a man of very high principles, devoted to the things in which he believed, and not afraid to make sacrifices where sacrifices were called for in defence of his beliefs. One of the things that can be said of him is that he was, above everything else, a great Irishman—not perhaps a great Party man; I would rather think that intellectually he belonged to a period in which none was for Party and all were for the State. Those were the principles upon which those who knew him expected him to act, and those were the principles upon which he acted in his public life. His death is a great loss to the Irish people, but it is particularly a great loss to his family. I am sure that, when we pay tribute to him here to-day, we have in mind that he has left behind him a family and a large number of close friends who will miss him greatly. It will be some consolation to them to know that in their great bereavement they have the deep sympathy of everybody who speaks with any authority in this country.

Mura bhfuil sé i gcoinne rialacha agus nósanna an tSeanaid ar ócáideacha den tsórt seo, ba mhaith liom cead a bheith agam an cumha agus an brón atá orm fhéin agus ar a lán eile, taobh istigh den tSeanad agus taobh amuigh dhe, a chur in iúl, agus a iarraidh é chur in iúl dá mhuintir, ar bhás an tsár-Ghaeil, Pádhraic Ó Máille.

Óna óige amach, chaith Pádhraic Ó Máille a shaol, a dhúthracht, agus a mhaoin i seirbhís agus ar mhaithe le hEirinn. I rith a shaoil thug se deá-shompla, ins gach bealach, d'Eireannaigh. An uair ba ghá é, bhí sé réidh ullamh a anam fhéin a thabhairt ar son a thíre.

Ar ndóigh, an áit a rugadh agus a tóigeadh é, ní fhéadfadh sé gan brí agus spioraid na saoirse a fhoghlaim agus a thuigsint ann. Comharthaí agus caomhnóirí na saoirse is ea na Cnoic, na Beanna, agus na gleannta fairsinge fiáine. Nach sa dúthaigh céanna nar fhoghloim Pádhraic Ó Máille brí na saoirse a fuair an Piarsach féin an léargas áluinn fearúil ar na prinnsablaí saoirseachta a nochtaigh sé chomh hábalta, cróga sin i rith a shaoil—agus go fiú sa bhás féin.

Ba ghálanta an Gaeilgeoir é Pádhraic Ó Máille. Sinne, anseo sa tSeanad, tá's againn chomh cumasach agus a bhí sé mar oráideoir Gaeilge agus tá's againn an tsír-dhílseacht a bhí ina chroí aige don teanga. Tá cara mór caillte ag a cúis siúd chomh maith.

D'fhág Pádraic Ó Máille oighreacht uasal ag ógánaigh fír agus mná na hEireann. Má's leo fios a bheith acu ceard a chiallaíos dílseacht dá dtír agus má's leo bheith ina gclainn dílis d'Eirinn, cuiridís eolas ar shaol Phádhraic Uí Mháille agus leanaidís a lorg.

Ag teacht isteach dom chualas an Seanadóir Ó Deághdha ag déanamh tagairte do ghné áirithe de charachtar agus béasa Phádhraic—agus ba mhaith an cuimhneamh aige é.

Ba duine é Pádhraic a bhí de shíor ar lorg na fírinne. Agus an uair a thuig sé í, ní raibh, i measc Gael, duine ba treise dá fuagairt agus dá cosaint. Bhí sé cineálta foighdeach, ach fearúil, leo seo nach raibh sé ar aon intinn leo. Má rinne sé fhéin dearmaid nó má bhí dearmad á dhéanamh aige, sé bhí scioptha mánla á admháil sin agus á cheartú an uair a d'aithin sé an dearmad bheith ann. Shuíodh sé lem ais anseo. Aireóidh mé ar iarraidh uaim é. Tá duine uasal imithe agus is bochtaide an Seanad é imeacht. Tá cara dílis agus cosantóir cumasach caillte ar Eirinn.

D'eirigh na Seanadoiri in a suidheachain.

Cuirfead cóbhrón an tSeanaid in iúl do bhainchéile agus do mhuintir an tSeanadóra.

Barr
Roinn