B'fhearr liom féin gan labhairt ar an gceist seo anseo anocht. Ní hé nach bhfuil spéis agam inti ach tá labhartha agam ar an gceist chomh minic go measaim gur mithid dom seans a thabhairt do dhaoine eile labhairt uirthi. Tá rud nó dhó is gá a rá i dtaobh na tairiscinte atá os ár gcomhair agus faoi chuid de na pointí a luadh le linn na díospóireachta.
Níl ciall ar bith leis an tairiscint mar atá sí ar an bpáipéar. Ní abraim tada faoi na leasuithe atá molta ag an Seanadóir Sheehy Skeffington. Ní mheasaim, sa chaoi a bhfuil an scéal, go bhfuil mórán brí iontu. Iarrann an tairiscint:
"That Seanad Éireann requests the Government to initiate proposals for legislation in the Dáil or in the Seanad to provide that all elected parliamentary representatives of the people of the six occupied counties of Ireland will be given a right of audience in the Dáil or in the Seanad...."
Is dóigh liom nach ciallmhar an rud é an tairiscint seo a thabhairt isteach sa tSeanad beag ná mór, agus go háirithe tar éis chomh mion agus chomh beacht agus chomh cruinn agus a pléadh a leithéid chéanna de rún thíos sa Dáil agus go raibh an Dáil chomh láidir ar aon-intinn gan glacadh leis an tairiscint. Má cuirtear tús le dlí a dhéanamh sa tSeanad má tugtar Bille isteach sa tSeanad agus má ritheann an Seanad é cén mhaith má bhíonn a fhios againn roimhré go bhfuil an Dáil ina choinne? Ní féidir linn dlí a dhéanamh gan údarás na Dála chuige. Tá a fhios againn ón vótáil a bhí sa Dáil go bhfuil an Dáil go láidir i gcoinne a leithéid seo de rud a dhéanamh, agus ní fheicim, beag nó mór, ciall leis an rún seo a thabhairt isteach mar atá. Is dóigh liom nach mbeadh an Seanad ach ag déanamh amadáin de féin, nach mbeadh ann ach amadántacht don tSeanad, dá dtéadh se ar aghaidh agus glacadh leis an tairiscint sa chaoi a bhfuil sí luaite anseo.
Maidir leis an gcuid eile den scéal, an méid atá le rá agam, níl aon bhaint ró-mhór aige go díreach le brí an rúin; mar dá ndéanainn an ceart, tar éis a mhíniú nach bhfuil maith ar bith ann an rún a rith anseo, ba chóir suí síos. D'fheilfeadh dom, tar éis an mhéid adúradh anseo tráthnóna, freagra a thabhairt ar rud nó dhó. Is féidir ceist seo deighilt na tíre a roinnt ina dá chuid. Tá, ar an gcéad dul síos, an taobh morálta, taobh na heitice, ar an scéal; agus tá taobh na náisiúntachta, is é sin le rá, an éagóir atá déanta an tír a dheighilt sa chaoi a bhfuil sí deighilte. An bhfuil ceart ag aon duine a rá go ndearnadh, faillí ar an taobh sin den cheist a choinneáil os comhair mhuintir na hÉireann agus a choinneáil os comhair mhuintir an domhain fré chéile? Má abrann duine nach leor labhairt ar an rud, maith go leor; Céard tá na daoine atá i bhfábhar an rúin seo a dhéanamh ach caint? Sílim go bhféadfainn a rá go bhfuil fianaise agam go ndearna an chaint a rinneadh go dtí seo a lán maitheasa. Níl aon ócáid dá bhfuair an Iar-Thaoiseach, An Teachta de Valéra, an seans nár thrácht sé air. Mhínigh sé é go soiléir agus go beacht, mar atá sé i ndan a dhéanamh. Tá fhios ag muintir na hÉireann faoin gceist seo agus tá a fhios ag muintir an domhain an chaoi a bhfuil an scéal. Mhínigh sé, agus mhínigh sé go maith, i dtaobh móráltacht an scéil. Is maith liom a rá go bhfuilim sásta gur thaispeán an Taoiseach an tráthnóna cheana, nuair a bhí sé ag caint ins an Dáil, go bhfuil an dearcadh céanna aige ar an scéal agus atá ag an Iar-Thaoiseach. Tá mé cinnte nach ligfeadh sé uaidh seans ná ócáid dá bhfaighidh sé nach nochtfaidh sé an éagóir atá ann.
Ba mhaith liom caint faoin dara gné atá ar an soéal. Is gné áitiúil í. Baineann sé le Stormont, baineann sé leis an éagóir atá dá dhéanamh acu ar an aicme náisiúnach sa dúthaigh sin. Céard is féidir a dhéanamh ina thaobh sin, dá dtiocfadh duine anseo as na Sé Contaethe ag insint dúinn faoi? Tá páipéirí na tíre ar fáil acu le gach eolas a chur ar fáil i dtaobh imeachtaí na dúthaí, más mian leo é. Thugamar an seans do dhuine as na Sé Contaethe teacht isteach anseo—thoghamar é—le go bhféadfadh sé sin insint dúinn, dá mba mhian leis, an chaoi an bhfuil an scéal ansin. An ndéanfadh ochtar nó deichniúr an obair níos fearr ná mar a dhéanfadh sé sin, an taobh sin den scéal a insint dúinn agus céard tá á dhéanamh ar ár muintir sinne thuas ansin? Is é an rud atá á dhéanamh againn an cheist d'fhógairt ar aon ócáid anseo in Éirinn nó i gcéin. Tamall ó shoin, nuair nach raibh an tIar-Thaoiseach i gcumhacht, thug sé air féin turas ar fud an domhain, a dhéanamh, ní mar phléisiúr dó féin a rinne sé é ach go mb'fhacthas dó go raibh deis aige, go mba cheart dul amach agus ní amháin ár muintir sinne a shnaidhmiú le chéile ar mhaithe leis an gceist seo ach eolas a chur ar fáil i ngach áit dá ndeacha sé i dtaobh na héagóra.
Ba mhaith liom a rá a shásta atá mé leis an óráid a rinne an tAire. Sílim go mba deacair an freagra a thug sé a shárú. Sílim go raibh sé anréasúntach sa dearcadh a bhí aige air, nuair adúirt sé go raibh sé dícéillí—mar adúirt mé féin—againne dul ag plé le tairiscint den tsórt seo. Nuair a fuair sé deis le gairid i Sasana, níor scaoil sé thairis gan a insint don chomhluadar a bhí bailithe ann cé mar bhí an scéal.
Tá a fhios agam féin, le blianta ag imeacht go dtí na cruinnithe den Aontas Eadar-Phairliminte an obair atá déanta ag Teachtaí agus ag Seanadóirí le scéal deighilt na tíre a choinneáil os comhair na náisiún. Níor scaoileamar ócáid amháin thart— pé acu bhí ceart againn faoi na rialacha nó nach raibh—gan scéal deighilt na tíre a chur abhaile ar na cruinnithe sin. Bhí daoine ann as gach réigiún den domhan—geal, buí agus dubh— agus sílim gur féidir liom a rá go bhfuil toradh maith ar an obair. Má chiallaíonn sé aon rud, is dóigh liom go bhféadfainn a rá nach bhfuil daoine dá dtéann suas ar an ardán ag labhairt ag comhdhála na náisiún ar aon cheist, is mó a gcuirtear fáilte rompu ná na Teachtaí as Éirinn.
Ní mheasaim go bhfuil aon ní atá pléite ag an gcomhdháil sin is mó a gcuirtear ceisteanna ina thaobh ná scéal seo deighilt na hÉireann. Ní anseo sa tSeanad nó sa Dáil a theastaíos óráideacha uainne. Teastaíonn uainne an scéal a chur abhaile ar mhuintir an domhain. Teastaíonn uainn an t-atmosféar a chur ar fáil a mbeidh sé deacair ag an dream atá dílis do Shasana coinneáil as, agus a gcaithfidh siad áird a thabhairt air.
Caithfimid chur ina luí ar dhaoine thuas nach bhfuil muid sásta leis an gcos-ar-easair atá á dhéanamh ar an aicme náisiúnta thuas ansin. Is dóigh liom idir an dá cheist—an cheist mhorálta, an cheist mhór náisiúnta, agus an cheist mhór áitiúil gurab í an cheist áitiúil an ceann is túisce a mba cheart dúinn féin a shocrú, is é sin le rá, go gcuirfimid ina luí ar na daoine sin thuas, cé acu fada nó gearr a bheas Pairlimint acu—go mbeidh siad béasach, múinte, go gcuirfidh siad rialacha daonfhlaitheasacha i bhfeidhm agus iad ag déileáil lenár muintir sinne thuas annsin.
Tá a fhios agam, pé ar bith caoi a bhfuil éirithe le daoine é a dhéanamh, go bhfuil an tuairim imithe i gcionn ar a lán daoine nach ceist pholaitíochta í ceist seo deighilt na tíre, nach ceist náisiúnta í ach gur cheist chreidimh í. Feileann sé go maith do dhaoine áirithe an scéal a scaipeadh gur cursaí creidimh is údar leis an deighilt, go bhfuil faitíos ar an aicme Phrotastúnach thuas nach bhfaighdís cothrom i gcúrsaí creidimh dá mbeidís faoin Rialtas anseo. Is dóigh liom gur gá dúinn a theagasc go foirleathan ina thaobh nach ceist creidimh í beag nó mór. Ar aon abhar, tá fianaise thréan, láidir, údarásach ón aicme Phrotastúnach sna Sé Contaethe Fichead nach gá aon imní a bheith ar an muintir thuas i dtaobh cúrsaí den tsórt sin. Sílim féin, b'fhéidir go dtógfadh sé am, an teagasc sin a scaipeadh i measc na ndaoine sin thuas.
Sílim go mb'fhiú dúinn—mar adúradh sa Dáil agus mar adúirt an tAire anseo tráthnóna—féachaint le teangmháil chultúra, teangmháil trádála, teangmháil sóisialach agus teangmháil gheilleagrach a chothú idir muid fhéin agus an mhuintir thuas mar bhealach chun an réitithe. Tá daoine in aimhreas an mbeadh aon mhaith ann. Tá mé cinnte go bhfuil daoine sna Sé Contaethe a mba fuath leo go socrófaí scéal na Sé Contaethe. Tá mé cinnte go bhfuil daoine sna Sé Contaethe—ní mheasaim gur dream anlíonmhar iad ach is fíor é—agus dhíolfaidís na Sé Contaethe leis an Diabhal sul a n-aontóidís le haontú na tíre, ach is dream beag iad. Ní hiad formhór na muintire sin iad, agus is dóigh liom, ach an t-eolas a bheith acu i gceart go mbeidis réasunach. Sin é mo thuairim féin, ach dá mbeitheá ann, b'fhéidir go mbeadh a mhalairt a thuairim agat. Creid é nó ná creid, bhí mé tráth de mo shaol ag obair i mBéal Feirste. Tá a fhios agam aigne na bProtastún. Tuigim chomh deas séimh agus bhídis an chuid is mó den bhliain. Tá a fhios agam an t-athrú aigne a thagadh orthu agus muid ag druidim le dáta áirithe sa mbliain. Ina dhiaidh sin is uile, bhí an-chion agam orthu agus nílim in éadóchas faoi na daoine sin nach dtiocfaidis linn ach an scéal a mhíniú dóibh i gceart. Tá litreacha ó dhaoine den dream buí i measc na litreacha a fuaireas ó am go ham. Tá ceann agam ó Phrotastún, ó lucht gnótha, ar ghnéithe oibre; agus tá a fhios agam, ó na litreacha atá agam, go bhfuil an ceann ón bProtastún ar an gceann is fearr liom de na litreacha atá i mo sheilbh. Tá a fhios agam chomh séimh agus a bhíos siad nuair a chuirim leabhra chucu i dtaobh na coda seo den tír, leabhra faoi stair na hÉireann. Na litreacha deasa a scríobh siad agus iad ag gabháil bhuíochais liom agus ag insean an méid spéise a bhí acu ins na rudaí sin. Tá a fhios agam chomh deas agus a bhí siad aon uair a bhíodar i mo theach i nGaillimh agus iad ar saoire agus iad ag teacht ar cuairt chugam. Níl a fhios ag muintir na Sé gContaethe, nó a lán acu, go bhféadfaidis a rialtas féin a bheith acu, dá mba mhian leo seo agus dá dtiubhraidís a gcéad dílseacht do mhuintir na hÉireann agus a gcéad dílseacht d'Éirinn.
Maidir le cuireadh a thabhairt dóibh a theacht anseo, tugadh an cuireadh cheana go poiblí. Rinne an Seanadóir Crosbie rud a bhí ceart a dhéanamh tagairt don Chuman Eadar-Phairliminteach. Thugamar cuireadh do mhuintir Shasana teacht freisin agus an scéal seo a phlé linn an uair sin. Tá a fhios agam go raibh chuid mhór den toscaireacht ón mBreatain Mhóir ar an tuairim go mba cheart sin a dhéanamh. Níl a fhios agam ach b'fhéidir go mba cheart dúinn bheith foighdeach agus an t-am ceart a thogha chuige, agus go dtiocfadh linn an cheist a phlé go caoin cairdiúil, idir an dá chuid den tír.
Níl ach aon rud amháin eile le rá agam agus baineann sé sin leis an gcuid deiridh den tairiscint, mar ar mhol sé an mhalairt nó an "alternative." Ba cheart dom tagairt a dhéanamh dó:
"...or alternatively requests the Government to submit this question for the decision of the Irish people—
"the Irish people," féach—by means of a plebiscite."
Támaid lán-tsásta é sin a dhéanamh. Ní gá aon reifreann a bheith againn sa taobh seo den tír. Tá a fhios againn aigne an stáit seo. Is é an rud a theastaíos uainn go mbeadh reifreann ann don tír fré chéile. Níl an chumhacht againn an reifreann sin a chur i bhfeidhm sna Sé Contaethe. Cén mhaith reifreann a dhéanamh maidir le daoine a bhfuil fios a n-aigne faoin scéal agat cheana féin? Ba cosúil é le geall a chur as capall a raibh tú cinnte go mbuaidhfeadh sé.
Tá gnéithe eile ar an gceist ba mhaith liom a phlé. Tá trí nó ceathair de rudaí ar mhaith liom iad do rá ach ní dóigh liom go ndéanfadh sé aon mhaith iad do rá go poiblí. Tá rud le déanamh againn, ach b'fhearr suí síos, muid fhéin agus muintir na Sé gContaethe go háirithe, agus machtnamh a dhéanamh orthu agus pleananna a oibriú amach. B'fhearr na rudaí sin a rá i gcomhairle phríobháideach ná iad a rá go poiblí anseo. Cibé ar bith, is dóigh liomsa go mbeadh sé fíoramaideach don tSeanad an tairiscint seo, mar atá sé ar an bpáipéar, a rith.
Taobh amuigh de sin, rinneadh a lán argóintí anseo inniu. Níl mé á rá nach raibh na daoine a rinne na hargóintí dá ríre ach ní duine mise a chreideas go bhfuil dream áirithe sa tír, a luadhadh sa díospóireacht inniú ar an aicme is mó a bhfuil grá acu don tír. "The most patriotic section of the people of the country" a tugadh orthu. Tá mé cinnte go bhfuil siad antír-ghrádhach, ach ní dóigh liom go bhfuil níos mó grá acu don tír ná atá ag an gcuid sin againne atá i gcoinne na tairiscinte seo. Ar an ábhar sin, táimse i gcoinne na tairiscinte.