Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Wednesday, 27 Nov 1957

Vol. 48 No. 10

Bás Aire Talmhaíochta: Rún Comhbhróin.

Mar is eol do Sheanadóirí, ó bhí an Seanad ina shuí go deiridh, fuair an Seanadóir Seán Ó Maoláin, an tAire Talmhaíochta, bás. Ba duine é an Seanadóir a thuill cliú agus cáil mhor. Thuill sé iad de thoradh a stuama agus a chalmachta mar shaighdiúin sa gcogadh a troideadh ar son saoirse na tíre. Thuill sé iad ar an stuaim a bhain leis mar Theachta Dála agus mar bhall den Rialtas. Thuill sé iad ara dhílseacht do chúis teanga agus saoithiúlachta a thíre— agus fós ar an bhféile, ar an gcarthanacht, ar an gcáirdeas agus ar an gcneastacht a roinn go buan leis ó nádúr.

Bhí ríméad ar an uile dhuine againn ocht mí ó shin nuair tháining an scéala amach go raibh beartaithe ag an Taoiseach Seán Ó Maoláin a cheapadh ina Sheanadóir agus ina Aire Talmhaíochta. Ba bhall oirdhearc den Seanad é agus ba Sár-Aire é. Bhí fhios againn, ó thús, go mba taca mór dúinn sa Tigh seo é go mórmhór de bhárr na spéise móire a bhí aige i ngnóthaí parlaiminte agus de bhárr an chleachta mhóir a bhí aige mar Theachta Dála, mar Rúnaí Parlaiminte agus mar Aire, ar aireachtaí éagsúla Stáit.

Níor gheall Dia, áfach, go mbéadh cabhair a intinne géire aibidhe againn ar feadh i bhfad. Is mór é ár gcailliúint sinne anseo sa Seanad, is mór é cailliúint an Rialtais agus is mór é cailliúint na tíre fré chéile é a bheith imithe uainn. Is mór é bris a mhná céile agus bris a chlainne agus ní maith linne a mbris. Solas na bhflathas go raibh aige.

Iarrfaidh mé ar Chléireach an tSeanaid teachtaireacht chombhróin a chur chuig Muintir Uí Mhaoláin agus chuig an Rialtas.

D'eirigh na Seandóirí.

Barr
Roinn