Tairgim:—
Go ndéanfar d'éagmais Buan-Orduithe 6 agus 7 a chomhlíonadh ar an gcoinníoll go ndéanfar na fógraí a fhorordaítear leis na Buan-Orduithe sin, maille le modhnuithe iomchuí, a fhoilsiú, an 30ú lá d'Aibreán, 1959, nó roimhe sin agus go dtabharfar cruthúnas do Scrúdóir na mBillí Príobháideacha go ndearnadh an foilsiú sin.
Cuireadh agus d'aontaíodh an cheist.