Is é an cuspóir atá romham leis an mBille seo ná tuilleadh cúnaimh a thabhairt do Ghaeilgeoirí sa Ghaeltacht chun go mbeidh ar a gcumas cóiríocht bhreise a chur ar fáil do chuairteoirí. Baineann forálacha uile an Bhille leis na ceantair atá, nó a bheidh, sonraithe mar limistéir Ghaeltachta le hordú de chuid an Rialtais faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956.
Is eol don Seanad gur mór an tábhacht eacnamaíoch atá ag baint le tionscal na cuartaíochta ó thaobh na Gaeltachta de. Le fada anuas tá daoine ag dul chun na Gaeltachta d'fhonn saoire a chaitheamh ann nó d'fhonn feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus ní beag le rá é an tionchar a bhíonn ag na cuairteoirí sin ar shaol eacnamaíoch na ndaoine sa Ghaeltacht a mbíonn ar a gcumas cóiríocht oiriúnach a chur ar fáil. Ar ndóigh, chuidigh na gnáthdheontais atá ar fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht)—idir thógáil, feabhsú agus sláintíocht—leis an gcóiríocht sin a fhairsingiú agus a fheabhsú. Sa bhliain 1953 ceapadh deontais ar leith faoi na hAchtanna chun méaduithe speisialta le haghaidh cuairteoirí a chur le tithe cónaithe, agus tá na méaduithe sin curtha le 314 de thithe ó shin agus á gcur le 115 eile faoi láthair. Sa bhliain 1959 ceapadh deontais chun seallaí saoire a thógáil ach ní fhéadfadh an duine aonair ach deontas amháin acu sin a fháil; 42 shealla saoire atá tógtha ag iarratasóirí aonaracha agus tá 30 eile á dtógáil.
Ag féachaint don mhéadú mór atá tagtha le cúig nó sé de bhlianta anuas ar líon na ndaoine a bhíonn ag dul chun na Gaeltachta, tá i gceist agam sa Bhille seo tuilleadh tithe cónaithe agus seallaí saoire a thabhairt faoi réim na ndeontas atá ar fáil cheana faoi na hAchtanna, is iad sin na deontais a bhaineann le tithe cónaithe— tógáil, feabhsú, sláintíocht agus méadú speisialta—agus na deontais a bhaineann le tógáil seallaí saoire. Tá cur síos ar na deontais sin uile ar leathanaigh 11 go 14 de Leabhrán Eolais na Roinne agus níl aon athrú á dhéanamh ar mhéid na ndeontas éagsúil—níl ach cúpla bliain ó méadaíodh cheana iad.
I láthair na huaire níl cumhacht ann na deontais le haghaidh tithe cónaithe a thabhairt ach amháin i gcás tithe a mbíonn cónaí ar na hiarratasóirí féin iontu: tá i gceist anois na deontais sin a chur ar fáil feasta do dhaoine oiriúnacha le haghaidh tithe eile chomh maith. Ina theannta sin tá i gceist an deontas tógála a thugtar le haghaidh sealla saoire amháin a thabhairt feasta le haghaidh an dara agus an tríú sealla.
B'fhéidir gur fearrde a thuigfidh na Seanadóirí a bhfuil beartaithe agam má dhéanaim tagairt do na hailt ar leith atá sa Bhille. Ós i mBéarla a ritheadh Acht na bliana 1929 atá á leasú arís anois, ní raibh aon dul as agam ach an Bille seo a chur ar fáil i mBéarla.
Baineann alt 1 le léiriú agus tabharfar faoi deara go gciallaíonn "Acht 1929" an tAcht sin faoi mar a leasaíodh ó shin i leith é. Tá leasuithe a rinneadh sa bhliain 1959 san áireamh in ailt 2, 3 agus 4 den Bhille.
Má tharlaíonn go sonróidh an Rialtas, mar limistéar Gaeltachta, aon cheantar nach luaitear in Acht 1929, is cóir go dtiocfaidh an ceantar sin faoi réim Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun críocha tithíochta i gcoitinne. Féachfaidh alt 2 den Bhille chuige sin.
Leathnaíonn alt 3 raon na ndeontas le haghaidh tithe cónaithe agus tá dhá chuid ann, cuid a bhaineann le tógáil tithe nua agus cuid a bhaineann le feabhsú, sláintíocht agus méaduithe speisialta. Mar áis dhréachtaithe déanann an chéad chuid athachtú ar fhoráil atá ann cheana agus ina dhiaidh sin cuireann sí ar chumas iarratasóra deontas tógála a fháil nuair nach teach in ionad a thí chónaithe féin an ceann nua. Sa tslí sin féadfaidh duine a bhfuil teach maith aige deontas a fháil chun teach nua a thógáil d'fhonn cóiríocht a chur ar fáil do chuairteoirí nó, más fearr leis é, beidh deis aige féin dul isteach sa teach nua agus an ceann a bhí aige cheana a fhágáil le haghaidh na gcuairteoirí más teach fóirsteanach é. Déanann an dara cuid d'alt 3 raon na ndeontas a bhaineann le feabhsú, le sláintíocht agus le méadú speisialta a leathnú go teach eile ar leis an iarratasóir é ach nach ann a chónaíonn sé; faoin bhforáil seo beifear in ann tithe a chur in oiriúint do chuairteoirí in ionad iad a fhágáil folamh nó a ligean i léig.
Tá alt 4 ina dhá chuid fosta agus socraíonn an chéad chuid gur féidir trí cinn de dheontais tógála sealla saoire a thabhairt d'iarratasóir cáilithe feasta in áit aon cheann amháin mar a bhí go dtí seo. Déanann an dara cuid aisghairm ar fhorálacha, nach mbeidh ag teastáil a thuilleadh, i dtaobh iasachtaí don dara agus don tríú sealla—na seallaí sin nach raibh deontas ar fáil dóibh roimhe seo: tá foráil ann cheana chun iasacht a cheadú cibé uair a thugtar deontas agus bainfidh sí feasta le gach sealla de na trí cinn.
Níl in alt 5 ach na gnáthfhorálacha a bhaineann le gearrtheideal agus comhlua.
Is ar mhaithe le Gaeilgeoirí na Gaeltachta a ceapadh an Bille seo agus tá súil agam go mbeidh an Seanad sásta leis.