Tairgim:
Go dtugann Seanad Éireann dá aire Tuarascáil Bhliantúil Ghaeltarra Éireann don bhliain 1969.
Mar is eol don Seanad, bunaíodh Gaeltarra Éireann de bhrí an Achta um Thionscail na Gaeltachta, 1957. Sí an éifeacht a bhí ag an Acht úd ná na tionscail tuaithe a bhí á stiúradh roimhe sin ag Roinn na Gaeltachta do chur faoi chúram cuideachtan Stáit faoi leith, agus ina theannta sin do cuireadh an dualgas ar Ghaeltarra Éireann tionsclú na gceantracha Gaeltachta do chur chun chinn. Is ar Ghaeltarra Éireann a bhí tionscal agus fostaíocht sa Ghaeltacht ag brath as sin amach.
Níorbh é sin an t-aon dualgas amháin, áfach, a cuireadh ar an gcuideachta nua. San alt chéanna den Acht, i bhfó-alt a 2, fógraítear freisin gurb "é dualgas an Bhoird cabhrú le caomhaint agus leathnú na Gaeilge mar ghnáth-urlabhra sa Ghaeltacht"; de réir mar adeir an tAcht, tá an dá dhualgas sin cothrom lena chéile ó thaobh tábhachta de. Bronnann fó-alt a 3 ar an mBord "na cumhachta go léir is gá chun na gcríoch a sonraítear i bhfó-alt a 1 agus a 2 den alt" sin. Is ionann sin agus a rá go bhfuil ní amháin an dualgas reachtúil ach an chumhacht reachtúil ag Gaeltarra Éireann gníomhú chomh h-éifeachtúil agus is féidir chun an Ghaeilge a choinneáil beo ins na h-áiteacha ina bhfuil sí fós mar ghnáth-theanga na ndaoine.
Is furasta Act Parlaiminte do rith, ach níl sé chomh h-éasca sin cuspóirí an Achta a chur i gcrích; agus tá sé sách soiléir faoi seo nach bhfuil slánú na Gaeltachta ar chumas Ghaeltarra Éireann amháin. Admhaím go bhfuil feabhas mór tagtha ar áiteacha áirithe ó thaobh fostaíochta de, agus tá moladh mór ag dul do Ghaeltarra Éireann dá bharr. Dá ainneoin sin, ó 1957 i leith tá meath millteach tagtha ar a lán ceantracha atá in ainm a bheith ina gceantracha Ghaeltachta, ní maidir leis an bhforbairt eacnamaíoch —sé sin maidir le dualgas amháin den dá dhualgas a cuireadh ar Gaeltarra Éireann—ach maidir le beatha na teanga agus beatha an chultúir a ghabhas léi. Níor thárla sin de dheasca na h-imirce amháin, ach toisc go bhfuil daoine ag éirí as a gclanna a thógáil le Gaeilge agus nach bhfuil cuid acu féin sásta a thuilleadh Gaeilge a labhairt. Is ionann sin agus a rá go bhfuil an rud céanna ag tarlachtaint ins na ceantracha sin agus a thárla ar fud na hÉireann uile le dhá nó trí céad bliain anuas.
Ní ag cáineadh Ghaeltarra Éireann atá mé, agus níor mhaith liom locht a fháil ar an méid oibre fiúntaí atá á déanamh aige—bheadh an scéal seacht n-uair níos measa murach é—ach creidim, ar an gcéad dul síos, nách leor na cumhachta atá ag an gcuideachta chun a cuid cuspóirí reachtúla a bhaint amach, agus nach leor a bhfuil á dhéanamh ag eagraíochtaí eile Stáit chun cabhrú léi.
Tá cupla rudaí ar mhaith liom tagairt faoi leith a dhéanamh dóibh mar go bhfuil siad ag cur as go mór don obair. Tá mé cinnte gurab eol don Aire iad, agus tá a fhios agam go maith go bhfuil sé féin ar an bheagán atá buartha go fírinneach maidir le staid na Gaeltachta; ach mar sin féin, ní haon dochar é béim a leagan ar an ghéar-chás ina bhfuil sí mar gur orainne anseo san Oireachtas atá slánú na Gaeltachta ag brath. Tá sé ceart go leor a rá, mar adeir mórán, go gcaithfidh muintir na Gaeltachta seasamh ar a mbonnaí féin agus teacht ar réiteach a gcuid deachrachtaí as a stuaim fhéin; ach ní móide go n-éireoidh leo é sin a dhéanamh mura bhfaighe siad an chabhair ón Stát atá riachtanach.
Gach éinne a rinne pé ar bith machnamh nó staidéar ar ghéar-chás na Gaeltachta, tá siad uile ar aon intinn gurab é an rud is mó is cúis le meath na Gaeltachta ná easpa muiníne. Ach conas d'fhéadfadh muinín astu féin a bheith ag muintir na Gaeltachta nuair a thugann siad faoi deara a laghad meas atá ag muintir coitianta na tíre orthu agus ar an saol Gaelach atá acu? Fiú amháin i gcathair na Gaillimhe—atá in ainm bheith ina "phríomh-chathair" don Ghaeltacht—is beag meas atá ag na daoine ar mhuintir Chonamara nach bhfuil sách "cultúrtha" dóibh. Chuala mé fhéin freastalaí i nGaillimh, duine as an Iodáil, ar éigin a bhí oiread agus trí abairtí Béarla ar eolas aige, agus é ag magadh faoi freastalaí eile maidir le é bheith as Conamara. Dá laghad am a bhí caite ag an Iodáileach i nGaillimh, bhí an méid seo ar eolas aige, gur áit iargúlta neamh-chultúrtha í Conamara agus gur díol magaidh muintir na háite sin i measc muintir bhaile mhór na Gaillimhe.
Sin é an rud is mó a ghoilleas ar muintir na Gaeltachta, cibé Conamara nó Ciarraí nó Tír Chonaill nó Iorras Mhaigheo atá i gceist, agus a mhilleas an spiorad agus an misneach iontu, agus sin an rud is mó atá ina bhac agus ina chonstaic sa mbealach ag Gaeltarra Éireann. Ní bheadh na carraigreacha ná an easpa talún ná an easpa tradisiúin tionsclaíochta ina gconstaic do-sháraithe, ach ní féidir an teanga ná an saol Gaelach a shábháil mura gcuirimid deireadh leis an droch-mheas agus leis an fonóid atá ag goilliúint ar an dream go bhfuilimid ag síor-phraetseáil futhu mar dhea gurab iad is tobar don chultúr Éireannach. Go bhfóiridh Dia ar ár gcultúr má ligimid dá thobar bheith ina dhíol magaidh agus ina ábhar tarcaisne ag an saol amuigh.
Ní hé an Stát is lú is ciontach leis an scéal a bheith mar atá; agus ar an gcéad dul síos ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do roinnt rudaí a bhaineann le hobair Ghaeltarra Éireann. Nílim ag fáil locht ar bith ar dhuine ar bith, mar is féidir liom a shamhlú a dheacra atá sé dualgaisí na cuideachtan a chomhlíonadh, ach mar sin féin ba cheart na rudaí sin a bheith ar eolas ag an bpobal i gcoitinn.
Sé an gearán is minicí a chloisim faoi Ghaeltarra Éireann agus faoi na monarchana a bhfuil baint aige leo, go bhfuil bainisteoirí fostaithe iontu nach bhfuil Gaeilge acu, sin nó má tá an Ghaeilge féin acu, nach bhfuil siad sásta í labhairt thar an lom-riachtanas, nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt acu sa bhaile, agus nach bhfuil cuid acu sásta fiú amháin cónaí san áit, ach go nglanann siad leo go Gaillimh nó go dtí baile mór eile an túisce a bhíonn obair an lae thart. Cén sort sompla é seo dosna hoibrithe atá á stiúradh acu?
Admhaím go bhfuil fadhb mhór sa méid seo; tá bainisteoirí de cháilíochtaí speisialta de dhíth ar Ghaeltarra Éireann. Níl a leithéid le fáil i gceantar Gaeltachta, mar sin níl an dara rogha ag an gcuideachta ach iad a lorg lasmuigh. Ina theannta sin, ní féidir a bheith ag súil, i gcás bainisteora a tógadh le Béarla, go n-iompóidh sé ar an Ghaeilge ar fad agus go n-iompóidh a chlann in éineacht leis—sin go díreach an dearcadh mí-réalaíoch a rinne an oiread sin dochair do chúis na teanga ar fud na tíre le caoga bliana anuas. Thairis sin, bheadh sé do-dhéanta agus mí-cheart saghas smacht cultúrtha a choinneáil ar na bainisteorí sin ionas go gcuirfí iachall orthu fanacht laistiar de Ghaillimh agus gan ach an Ghaeilge a labhairt ina dteaghlaigh féin.
Ar an taobh eile dhe, nach é an réiteach is fearr ar an gceist seo iarraidh ar Ghaeltarra Éireann dhul ag lorg fear agus bean óga fiúntacha istigh sa Ghaeltacht féin agus iad a chur á dtraenáil i gcúrsaí teicniúla agus i gcúrsaí bainistíochta agus i gcúrsaí tionscail? Cad faoi go bhfuil AnCO ann-an Chomhairle Oiliúna, ar tháirseach Chonamara? Cad faoi go bhfuil IMI, Institiúd Bainistíochta na hÉireann, ann? Nach bhféadfadh an dá eagraíocht sin, atá ag fáil tacaíochta ón Stát, nó ceachtar acu, cúrsaí faoi leith do chur ar bun, ionas gur ar a mhuintir féin a bhéas an Ghaeltacht ag brath feasta maidir le bainistíocht tionscail agus ar dhaoine a bheadh sásta fanacht sa bhaile agus a gclanna a thógáil le Gaeilge mar a tógadh iad féin, rud nach gcuirfeadh aon stró orthu? Tá ceist seo na bainistíochta ar na fadhbanna is mó a loiteas muinín agus misneach na n-oibrithe—de réir mar a chloisim—agus ba mhór againn é dá bhféadfadh an tAire a rálinn conas mar atá sé fhéin ag súil leis an fhadhb seo a réiteach.
Tá ceist eile ann atá gar go leor do cheist na bainistíochta. Is í ceist na hurlabhra teicniúla í. Deirtear liom go bhfuil gá le caighdeánú iomlán na dtéarmaí teicneolaíochta, mar go mbíonn focla éagsúla ar an rud céanna á n-úsáid go minic, rud is cúis le go n-iompaíonn na bainisteoirí agus na hoibrithe ar an Bhéarla ceal tuisceana a chéile. Deirtear liom go bhfuil dhá nó trí foclóirí á n-úsáid in áiteacha éagsúla in áit an t-aon fhoclóir teicniúil amháin a bheith ann. B'fhéidir go bhfeadfadh an tAire féachaint isteach sa cheist seo chomh maith. Ní fheadar arbh fhearr an scéal a chur faoi bhráid Rannóg an Aistriúcháin a rinne oiread sin sár-oibre leis na blianta; ní dóigh liom gur ualach mór breise dóibh é teacht i gcabhair ar Ghaeltarra Éireann, más fíor an méid atá á chloisint agam faoin cheist.
Tá a fhios agam nach obair lae amháin í glún bainisteoirí a thraenáil, agus go dtí go mbeidh córas traenála do dhaoine as an Gaeltacht ag AnCO nó ag IMI nó ag pé dream ar bith eile, b'fhéidir gur chóir do Ghaeltarra Éireann foireann a sheoladh sall go Sasana nó fiú go dtí na Stáit Aontaithe ag lorg daoine as an Ghaeltacht atá i mbun postannaí bainistíochta thall, féachaint an bhféadfaí iad a mhealladh anall. Tá a fhios agam gur annamh a thiocfaí ar a leithéid, agus gur annamhí fós an duine a bheadh toilteanach filleadh go hÉirinn, ach ba cheart iarracht a dhéanamh chuige. Go dtí go bhfeiceann muintir na Gaeltachta daoine dá muintir féin agus postannaí móra acu sa bhaile, ní bheidh réiteach ar an bhfadhb seo. Séard a chiallaíonn bainisteoirí ón taobh amuigh a thabhairt isteach sa Ghaeltacht ná an ceantar a dí-Ghaelú in ionad a mhalairt.
Dubhairt mé i dtosach báire go mbronnann an tAcht an "chumhacht" ar Gaeltarra Éireann pé rud is gá a dhéanamh chun cuspóirí an Achta a chur i gcrích. Ach tá rudaí ag cur isteach ar na cuspóirí sin go bhfuil a réiteach thar a chumas ag Gaeltarra Éireann, agus ba mhaith liom achar beag a chatheamh ar cur síos orthu.
Ar an gcéad dul síos, ní faoi chúram Ghaeltarra Éireann atá an córas pleanála agus an rialtas áitiúil ins na ceantracha in a bhfuil an chuideachta ag gníomhú, agus de réir mar a chloisim, bíonn muintir na comharsanachta an-mhí-shásta leis an slí ina rialaítear contaethe áirithe ó thaobh pleanála agus ó thaobh seirbhísí éagsúla a sholáthar. Níl an scéal mar an gcéanna i ngach áit. Ní mar an gcéanna a ghníomhaíonn gach uile Chomhairle Chontae, ach, in áiteacha, lochtaíonn na daoine an Chomhairle Chontae toisc gan aird a thabhairt ar na daoine atá ina gcónaí ann lena mbeo, agus toisc gan cúram ar bith a bheith orthu ach an chuairteoireacht agus cuairteoirí iasachta a mhealladh isteach.
Is ar an ábhar sin adeirtear go bhfuil cosc glan ar aon tithe do thógáil taobh na farraige d'aon bhóthar i gContae na Gaillimhe agus i gContae Chiarraí, agus go bhfuil a lán bóithre i gConamara gan deisiú ná cóiriú seachas an bóthar mór cois fharraige. Fós, is ar éigin má tá seirbhísí eile mar séarachas le fáil ag an té nach bhfuil a theach suite i gceann des na sráid-bhailte; ach is dócha gur mar sin atá an scéal in a lán áiteacha nach Gaeltacht iad ar fud na tire. Na bóithre a bheith chomh dona san is mó is cúis ghearáin: tá páipéar beag anseo agam adeir maidir le Comhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil "bóithríní portaigh in oirthear na Gaillimhe níos fearr ná na bóithre idir an Tulach agus an Cheathrú Rua nó idir Scríb agus Carna", agus nár chaith an Chomhairle céanna ach ocht míle púnt ar bóithre Gaeltachta anuraidh.
Sé an toradh atá ar an bpolasaí pleanála ná praghas an-ard ar fad á éileamh ar thalamh go bhfuil cead pleanála ag gabháil léi, praghas atá do-íoctha don ghnáth-duine ar mhaith leis teach dá chuid fhéin a thógáil: chuala mé go mbíonn míle púnt ar an acra á iarraidh, sin é míle púnt sula leagann tú cloch ar aon chloch eile. Ní raibh Gaeltarra Éireann féin, in ainneoin a bhfuil de "chumhacht" aige, in ann dul thar an gcosc pleanála sin. De réir mar a insíodh dom, dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe ceadú dhó aon tithe a thógáil ins na Forbacha taobh leis an gceann-cheathrún nua. Mar gheall ar sin tá cailíní ó Chonamara, atá ag obair ins na Forbacha do Ghaeltarra Éireann, ag cur fúthu i lóistín istigh i mbaile mhór na Gaillimhe. Ní neartú na Gaeltachta, ach a mhalairt, is toradh leis an scéal a bheith amhlaidh.
Níl mé ag moladh go mba cheart ligint do mhuirtir na Gaeltachta áilleacht na háite a mhilleadh tréna rogha foirgneamh a thógáil pé ar bith áit is mian leo. Mar sin fhéin is é is déigh le muintir na háite, pé fíor é nó a mhalairt, go bhfuil siad fágtha ar leataobh ag an gcóras rialtais áitiúil, nach cás don Chomhairle Chontae ná do dhream rialtais ar bith eile ach an chuairteoireacht, agus gurab é is mó a chiallaíonn Conamara nó Uíbh Eachach do lucht rialtais ná láthair spoirt is saoire do dhaoine saibhre ón taobh amuigh. Ar an ábhar sin tá an tuairim ag fás i measc na ndaoine anois gur chóir údarás áitiúil faoi leith don Ghaeltacht a chur ar bun.
Tá a fhios agam go ndearna an tAire tagairt don cheist seo tamall beag ó shin nuair a dubhairt sé go rabh sé ag dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil féachaint céard d'fhéadfaí a dhéanamh chun féin-rialtas áitiúil a sholáthar don Ghaeltacht. Tá an Ghaeltacht ag dul i laige in aghaidh an lae, agus bhí an tAire sách macánta chun é sin a admháil, murab ionann agus a lán eile; agus má feictear dó gur ceart údarás áitiúil ar leith do bhunú, d'fhonn rudaí a dhéanamh atá thar chumas Ghaeltarra Éireann, agus nach bhfuil na heagraíochtaí eile Stáit toilteanach a dhéanamh—ainneoin a bhfuil molta ag an bPáipéar Bán mór chlú úd a eisíodh cúpla bliain ó shoin—ba cheart dó brú ar aghaidh leis an gcóras nua gan mhoill ar bith. Gheobhfaidh sé gach cabhair agus tacaíocht ó Fhine Gael is féidir linn a thabhairt dó.
Tá rud amháin eile ar mhaith liom a lua nach bhfuil leigheas le fáil air ó Ghaeltarra Éireann. Is rud é atá ar siúl leis na blianta fada, i bhfad sar ar bunaíodh Gaeltarra Éireann; rud a rinne an Geinearál Risteard Ó Maolchatha gearán faoi go minic agus é ina cheannaire ar Fhine Gael: sin é, go mbíonn feidhmeannaigh Stáit ar nós Gardaí Síochána, cigirí agus oifigigh de gach chineál atá ar fíor-bheagán Gaeilge, sin nó gan Gaeilge ar bith, á gcur isteach i gceantar Gaeltachta sa chaoi is gur fusa dóibh agus do mhuintir na háite pé gnó oifigiúil atá i gceist a dhéanamh tré Bhéarla. Is féidir le Seanadóirí shamhlú dóibh fhéin cé mar a mhothóidís dá mbeidís fhéin ina gcónaí sa gCeathrú Rua nó i nGaoth Dobhair, agus oifigigh Stáit á gcur chucu gan Gaeilge ar bith—agus sin indiaidh an uile praetseála agus an uile chur-i-gcéill ó lucht polaitíochta i ngeall ar "Tobar ár gcultúr" do bheith sa nGaeltacht, mar adubhairt mé cheana.
Nárbh é seo an cruthú a b'fhearr a d'fhéadfaí a fháil go raibh an Stát féin ag magadh faoin teanga agus á maslú: nach raibh tairbhe ar bith le baint as bheith dílis don teanga, an túisce post maith do bheith bainte amach agat; agus go raibh na postannaí móra maithe ag lucht an Bhéarla i gcónaí díreach mar a bhí riamh in aimsir na Sasanach? An bhfuil aon chosúlacht ann go n-éireoidh le Gaeltarra Éireann a dhualgas reachtúil a chomhlíonadh maidir le caomhnú na teanga, fad atá an bac seo á chur ina bhealach ag an Stát féin-gan trácht ar a bhfuil fós gan déanamh chor ar bith ag an Stát, cuir i gcás seirbhís lán-Ghaelach radio do chur ar bun, agus cuid mhaith rudaí eile.
Mar sin, tá súil agam go bhféachfaidh an tAire chuige, sa mhéid is féidir leis, nach ngníomhóidh aon feidhmeannach Stáit nó feidhmeannach údaráis áitiúil i gceantar Gaeltachta seachas duine a bhéas ábalta agus toilteanach a chuid gnó a dhéanamh tré Ghaeilge. Chomh fada siar le 1925, bhunaigh rialtas Chumann na nGaedheal Coimisiún na Gaeltachta. Do mhol an Coimisiún úd, cúig bhliain is dachad ó shin, obair an rialtais sa nGaeltacht a dhéanamh tré Ghaeilge amháin; agus rinne an Coimisiún tagairt don tábhacht a bhaineann le cur in iúl dona daoine go raibh meas fírinneach ag an Rialtas ar an Ghaeilge.
Is gruama an caitheamh aimsire é moltaí an tsean-Choimisiúin úd do léamh agus iad a chur i gcomparáid leis an méid atá déanta agus an méid ar rinneadh faillí ann. Sé an rud atá tábhachtach thar gach rud eile ná dearcadh na ndaoine. Chuaigh an Ghaeilge ar gcúl ar feadh na gcéadta bliain faoi réim Shasana mar gur cheap na daoine nárbh é a leas chlof le teanga a sinsear ach a mhalairt. Is oth liom a rá nach bhfeicim aon athrú mór ar an scéal ó bhain muid an tsaoirse amach. Ach is náireach an rúd é go mbíonn an Stát seo againne ag gníomhu, ar bhealaí áirithe, díreach chomh tréan in aghaidh na Gaeilge agus ag déanamh dochair di, agus a ghníomhaigh na Sasanaigh ariamh. Easpa dúthrachta ar an taobh amháin, agus polasaí mí-réasúnta agus neamh-réalaíoch ar an taobh eile atá ciontach leis sin; ach mar adubhairt mé ar dtús, tá an tAire ar an bheagán daoine nach bhféadfaí easpa dúthrachta a chur ina leith. Más féidir leis féachaint chuige na fadhbanna agus na constaic teicniúla, soisialta agus riaracháin atá ag cur isteach ar obair Ghaeltarra Éireann a chealú, ní muidne i bhFine Gael a bheas ar gcúl ag cabhrú leis chomh tréan agus is féidir linn.