Fuarthas scéala ó Roinn an Taoisigh maidir le (a) Micheál Ó Móráin agus Caoimhghín Ó Beoláin d'éirí as oifig, agus Niall Bléine agus Cathal Ó hEochaidh a chur as oifig, mar chomhaltaí den Rialtas, agus (b) Deasún Ó Máille, Diarmaid Ó Cróinín, Riobárd Ó Maoildhia and Gearóid Ó Coileáin a cheapadh chun bheith ina gcomhaltaí den Rialtas.
Fuarthas scéala ón Roinn freisin le Daithí Mac Aindriú, Mícheál Ó Ceit, Liam Mac Cuinneagáin, Seán Ó Fathaigh agus Mícheál Ó Cinnéide a cheapadh mar Rúnaithe Parlaiminte agus maidir le Pádraig Ó Braonáin d'éirí as oifig mar Rúnaí Parlaiminte.
Tá treoracha tugtha agam na litreacha dar thagair mé a leagan amach sa ghnáthshlí i gCín Lae Imeachtaí an tSeanaid. De bharr an fhógra seo cuirfear i gcló iad freisin i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.
Communications have been received from the Department of the Taoiseach in relation to (a) the resignation of Michael Moran and Kevin Boland, and the termination of the appointment of Neil T. Blaney and Charles J. Haughey as members of the Government, and (b) the appointment of Des O'Malley, Jerry Cronin, Robert Molloy and Gerard Collins as members of the Government.
Communications have also been received from the Department in relation to the apointment as Parliamentary Secretaries of David Andrews, Michael Kitt, Liam Cunningham, John Fahey and Michael O'Kennedy and the resignation as Parliamentary Secretary of Paudge Brennan.
I have given directions to have the letters referred to set out in the usual manner in the Journal of the House. Consequent on this announcement they will also be printed in the Official Report of Debates.
Litreacha ó Roinn an Taoisigh ar thagair An Cathaoirleach dóibh:
Letters from the Department of the Taoiseach referred to by An Cathaoirleach.
S. 18368.
4 Bealtaine, 1970.
Cléireach an tSeanaid.
Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an tUachtarán, ag gníomhú dó ar chomhairle an Taoisigh, tar éis glacadh inniu de bhun Airteagail 28.9.3º den Bhunreacht le
Micheál Ó Móráin
(Michael Moran)
d'éirí as oifig mar chomhalta den Rialtas le héifeacht ón 5 Bealtaine, 1970.
N. S. Ó Nualláin,
Rúnaí.
S. 18368.
7 Bealtaine, 1970.
Cléireach an tSeanaid.
Tá orm a chur in iúl duit
(1) go bhfuil an tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis
Deasún Ó Máille
(Des O'Malley)
comhalta de Dháil Éireann, a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, chun bheith ina chomhalta den Rialtas; agus
(2) go bhfuil an Taoiseach, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, inniu tar éis an Roinn Dlí agus Cirt a shannadh don Uasal Ó Máille le héifeacht ón lá inniu.
N. S. Ó Nualláin,
Rúnaí.
S. 18368
7 Bealtaine, 1970.
Cléireach an tSeanaid.
Tá orm a chur in iúl duit go ndearna an tUachtarán inné, ar chomhairle an Taoisigh.
Niall Bléine
(Neil T. Blaney)
Cathal Ó hEochaidh
(Charles J. Haughey)
a chur as oifig mar chomhaltaí den Rialtas le héifeacht ón 7 Bealtaine,
Caoimhghín Ó Beoláin
1970, agus gur ghlac an tUachtarán, ar chomhairle an Taoisigh, le
(Kevin Boland)
d'éirí as oifig mar chomhalta den Rialtas le héifeacht ón 7 Bealtaine, 1970.
N.S. Ó Nualláin,
Rúnaí.
S. 18368.
11 Bealtaine, 1970.
Cléireach an tSeanaid.
Tá orm a chur in iúl duit
(1) go bhfuil an tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis
Diarmaid Ó Cróinín
(Jerry Cronin),
Riobárd Ó Maoildhia
(Robert Molloy)
agus
Gearóid Ó Coileáin
(Gerard Collins),
comhaltaí de Dháil Éireann, a cheapadh an 9 Bealtaine, 1970, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, chun bheith ina gcomhaltaí den Rialtas; agus
(2) go bhfuil an Taoiseach, an 9 Bealtaine, 1970, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dó le halt 4 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis
(a) sannadh na Roinne Tionscail agus Tráchtála do Sheoirse Ó Colla, na Roinne Cosanta do Shéamus Mac Giobúin agus na Roinne Poist agus Telegrafa do Phádraig Ó Leathlobhair a fhorcheannadh; agus
(b) na Ranna Stáit seo a leanas a shannadh do na comhaltaí den Rialtas a luaitear le héifeacht ón 9 Bealtaine, 1970:
an Roinn Leasa Shóisialaigh do Sheosamh Ó Braonáin, an tAire Saothair,
an Roinn Airgeadais do Sheoirse Ó Colla, Aire na Gaeltachta,
an Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh do Shéamus Mac Giobúin,
an Roinn Tionscail agus Tráchtála do Phádraigh Ó Leathlobhair,
an Roinn Cosanta do Dhiarmaid Ó Cróinín,
an Roinn Rialtais Áitiúil do Roibeárd Ó Maoildhia
agus
an Roinn Poist agus Telegrafa do Ghearóid Ó Coileáin.
N. S. Ó Nualláin,
Rúnaí.
S. 18369.
8 Bealtaine 1970
Cléireach an tSeanaid
Tá orm a chur in iúl duit gur ghlac an Rialtas inniú leis an tairiscint éirí as oifig mar Rúnaí Parlaiminte an Aire Rialtais Áitiúil a rinne Pádraig Ó Braonáin, T.D. (Paudge Brennan, T.D.).
N. S. Ó Nualláin,
Rúnaí an Rialtais.
S. 18369.
7 Bealtaine 1970.
Cléireach an tSeanaid.
Tá orm a chur in iúl duit go ndearna an Rialtas an 5ú lá den mhí seo, ar ainmniú an Taoisigh,
Daithí Mac Aindriú, T.D.
(David Andrews, T.D.),
a cheapadh chun oifig Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh agus an Aire Cosanta le héifeacht ón 8 Bealtaine, 1970.
N. S. Ó Nualláin,
Rúnaí an Rialtais.
S. 18369
11 Bealtaine, 1970.
Cléireach an tSeanaid.
Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas, ar ainmniú an Taoisigh, tar éis gach duine faoi leith acu seo a leanas a cheapadh an 8ú lá den mhí seo chun oifig an Rúnaí Parlaiminte a luaitear os coinne a ainm le héifeacht ón 9 Bealtaine, 1970:
Mícheál Ó Ceit, T.D. |
Rúnaí Parlaiminte Aire na Gaeltachta. |
(Michael Kitt, T.D.). |
|
Liam Mac Cuinneagáin, T.D. |
Rúnaí Parlaiminte an Aire Rialtais Áitiúil. |
(Liam Cunningham, T.D.), |
|
Seán Ó Fathaigh, T.D. |
Rúnaí Parlaiminte an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh. |
(John Fahey, T.D.), |
|
agus |
|
Mícheál Ó Cinnéide, T.D. |
Rúnaí Parlaiminte an Aire Oideachais. |
(Michael O'Kennedy, T.D.), |
|
N. S. Ó Nualláin, |
|
Rúnaí an Rialtais. |