Ar dtús ba mhaith liom mo fíorbhuíochas a ghabháil libh go léir as ucht an díospóireacht ana-bhreá a bhí againn anseo um thráthnóna. Is soiléir ón ndióspóireacht seo go bhfuil fonn ar na Seanadóirí go léir leas na Gaeltachta a chur chun cinn agus a chur chun cinn ar na bealaí is éifeachtaí.
Do thosnaigh an Seanadóir Ó Doláin. Is cuimhin liom é sa Dáil ins na seascadaí—Gaeilgeoir an-mhaith is ea é—agus do thug sé ráiteas anshuimiúl anseo. Do rinne sé tagairt do a lán rudaí tábhachtacha a bhaineann leis an nGaeltacht. Thosnaigh sé leis an iascaireacht. Gach Seanadóir a bhí ag labhairt anseo um tráthnóna, rinne sé tagairt don iascaireacht. I mo ráiteas féin rinne mé tagairt do forbairt acmhainní nadúrtha sa Ghaeltacht agus dúirt mé gurb í an fharraige an acmhainn is fearr agus is tábhachtaí atá againn, ní hamháin sa Ghaeltacht ach ar chósta iarthair na hÉireann.
Tá áthas orm a chur in iúl don Seanad go bhfuil Gaeltarra Éireann ar feadh tamaill anois ag tabhairt aire speisíalta do forbairt acmhainní ón bhfarraige. Tá cúpla tionscail phróiséala éisc bunaithe againne. Tá tosnú déanta ar "feirmeoireacht" oisrí agus rinne an Seanadóir Micheál Ó hUigínn tagairt don forbairt sin. Ba mhaith liomsa, mar Aire, glacadh leis an deis seo chun mo mholadh a thabhairt go poiblí don Rannóg Muireolaíochta i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe, agus go háirithe, mo mholadh agus mo bhuíochas a ghabháil leis an tOllamh Ó Céidigh sa Rannóg sin. Is forbairt an-thábhachtach é feirmeoireacht éisc. Táimid ag tosnú le oisrí ach tá taighde, sé sin "research", ar siúl faoi láthair ar éisc de gach saghas eile, shellfish, agus rudaí mar sin. Sé mo thuairimse go bhfuil scóip an-mhaith ann an forbairt sin a chur chun cinn.
Chuir an Seanadóir Higgins ceist ormsa cé bheidh páirteach sna tionscail sin. Mar a dúras ag an preas agallamh a bhí againn cúpla mí ó shoin ag fógairt an tionscail seo, beidh Gaeltarra Éireann páirteach ann ach déanfaidh Gaeltarra Éireann agus déanfaidh mé féin gach iarracht chun go mbeidh muintir na Gaeltachta féin lán-pháirteach ins an fhorbairt sin. B'fhéidir gur tré chomharchumann an tslí is fearr agus táimid ag tosnú le trialacha i 20 áiteanna ar chósta an Iarthair ó Dhún na nGall go Corcaigh. Tá gá le trialacha a dhéanamh ar dtús. Is "ball game" nua é maidir leis an tionscail iascaireachta. Caithimíd dul chun cinn a dhéanamh ó chéim go céim go mall agus eolas a fháil ó gach céim. Tá staidéar déanta agamsa ar feadh dhá bhliain anois, staidéar leathan maidir leis an feirmeoireacht éisc agus is é mo thuairimse —agus tá sé sin ráite agam go minic go poiblí—nach bhfuil fhios agamsa aon fhorbairt níos tábhachtaí ins an nGaeltacht ná an fhorbairt feirmeoireacht éisc, agus tá súil agam go n-eireoidh go han-mhaith le Gaeltarra Éireann agus le muintir na Gaeltachta. Tá an fhorbairt seo tosnaithe ag Gaeltarra Éireann le cabhair ó Ollscoil na Gaillimhe, ach tá sé bunaithe agus tosnaithe agus beidh sé ag dul chun cinn, agus beidh aidhm amháin againn, sé sin, go mbeidh an fhorbairt seo ar mhaithe le muintir na Gaeltachta.
Rinne an Seanadóir Dolan tagairt do mhuintir na n-oileán. Dúirt sé go raibh na daoine ag fágáil na n-oileán. Inné bhí sé de onóir agus de phribhléid agamsa cuairt a thabhairt ar Oileán Árainn Mhór i gContae Dún na nGall. Bhí lá mór ann. Thaithnigh an lá go híontach liom mar chuaigh mé ann chun oscailt oifigiúil a dhéanamh ar scéim nua uisce agus cuireadh soláthar uisce ar fáil do gach teach ins an hoileán sin, 250 tithe, ach chomh maith leis sin thug sé áthas agus gliondar croí dhom nuair a chonaic mé monarcha nua bunaithe ins an oileán beag sin agus 20 cailíní ag obair ann go lánaimsearach faoi láthair, agus beidh fostaíocht ar fáil do tímpeall is 60 daoine óga in Oileán Árainn Mhór nuair a bheidh an monarcha sin faoi lán-tseol faoi dheireadh na bliana seo.
Bhí mé ag plé na ceiste seo maidir leis na daoine atá ag fágáil na n-oileán leis an sagart paróiste ann, agus bhí áthas ormsa a chloisint go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine ins na h-oileáin sin. Tá a fhios agam go bhfuil laghdú in Oileán Tóraí, in Oileán Inis Bó Finne thart ar chósta Dhún na nGall. Tá muidne ag iarraidh aire speisialta a thabhairt do mhuintir na n-oileán. Tá fadhbanna ar leith acu. Tá siad amach ón mórthír. Níl ach báid bheaga oscailte acu chun an turas a dhéanamh ón oileán go dtí an mhórthir. Anois tá aerstráice agus aerseirbhís idir Ghaillimh agus Inis Mór agus Inis Meáin, agus tá an aerpháirc beagnach réidh in Inis Thiar. Cabhraíonn aerseirbhísí go mór chun leas mhuintir na n-oileán a chur chun cinn. Is féidir tionscleoirí a mhealladh isteach chun tionscail a bhunú sna h-oileáin nuair a bhíonn cúrsaí iompair agus cumarsáide sásúil. Bhí an t-ádh linn chomh maith agus bhí an-áthas ormsa coicís ó shoin cuairt a thabhairt ar oileán Inis Mór Árainn agus an monarcha is nua-aimsearaí sa tír seo a oscailt go hoifigiúil ann, Seoda Astra, ag déanamh seoda. Tá tímpeall 30 daoine óga fostaithe ann faoi láthair agus nuair a bheidh an tionscal sin ar Inis Mór Árainn faoi lántseol beidh fostaíocht ar fáil do seachtó nó ochtó daoine óga. Sin dhá oileán, oileán Árainn Mhór, Dún na nGall, agus, Oileán Inis Mór.
Chomh maith leis sin, tá an leictreachas dhá chur isteach anois i ngach teach in oileán Inis Mór agus an t-uisce chomh maith. Is fuirist a rá. "Caithimíd fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na n-oileán," ach tá sé an-deacair tionscal a bhunú amuigh sna hoileáin bheaga sin ach tá árd mholadh tuillte ag Gaeltarra as ucht gur éirigh leo i rith na bliana seo caite tionscail an-mhaith a bhunú i dhá oileán. Ní bheidh mise sásta go dtí go mbeidh fostaíocht agus caighdeán maith maireachtála ar fáil do mhuintir na n-oileán Ghaeltachta ó Oileán Toraí go Oileán Cléire thart ar Chontae Chorcaí. Tá sin tuillte acu. Na háiseanna nua-aimseartha atá ar fáil do mhuintir na hÉireann sa mórthír ba chóir go mbeadh siad sin ar fáil do mhuintir na n-oileán chomh maith.
Tá iarracht dhá dhéanamh againn chun leas mhuintir na n-oileán a chur chun cinn. Rinne an Seanadóir Dolan agus na Seanadóirí eile tagairt don tábhacht a bhaineann le tionscail bheaga. I mo ráiteas thug mé cúntas ar an dul chun cinn atá dhá dhéanamh chun tionscail bheaga a bhunú. Níl aon dabht agamsa anois ach gurab iad na tionscail bheaga atá bunaithe ag muintir na Gaeltachta féin—daoine a bhfuil scileanna ar leith acu—is oiriúnaí do na ceantair Gaeltachta. Tá Gaeltarra Éireann agus mo Roinn féin agus mé féin mar Aire ag tabhairt tús áite do leathnú agus bunú tionscail mar sin. Tá méadú an-mhór ar fad, buíochas mór le Dia, ar líon na tionscail bheaga atá bunaithe i rith na bliana seo caite agus is sna tionscail bheaga a tháinig an méadú fostaíochta atá tagaithe sa Ghaeltacht.
Tar éis sin, tá suim ar leith agamsa i gcomharchumainn, i gluaiseacht na comharaíochta. Tá fonn mór ormsa go mbeadh comharchumann láidir i ngach paróiste ar fud na Gaeltachta. Faoi láthair tá timpeall 26 comharchumainn gníomhach ar fud na Gaeltachta. Tá cuid acu an-mhaith agus cuid acu lag, ach tá obair faoi lámha ag gach ceann acu. Tá comhar-chumann an-mhaith ar fad i gceantar Chorca Dhuibhne, sé sin, Comharchumann. Chorca Dhuibhne. Tá obair iontach faoi lámha acu chun leas muintir na háite a chur chun cinn. Bhí sé de onóir agam coicís ó shoin cuairt a thabhairt ann chun tionscail gairneoireachta a oscailt go hoifigiúil. Tá dhá acra faoi ghloine. Tá Gaeltarra Éireann co-páirteach le Comharchumann Chorca Dhuibhne.
Más mian linn lán-fhostaíocht a bhaint amach sna seachtóidí, caithimid gach iarracht a dhéanamh chun tionsclóirí a mhealladh chuig an Ghaeltacht. Ach ar an gcéad dul síos caithimid cabhrú le muintir na Gaeltachta féin chun tionscail a bhunú, agus ar an dara céim cabhrú le comharchumainn nó eagrais áitiúla chun tionscail agus forbairt a dhéanamh chomh maith. Tar éis sin tá fonn mór ormsa go mbunófaí comhlachtaí Éireannacha, comhlachtaí a bhfuil tionscail acu anseo i mBaile Átha Cliath nó b'fhéidir i Luimneach, Portláirge, Aerphort na Sionainne nó aon áit eile, tionscail bheaga nó branch plant ins an Ghaeltacht. Tá an-áthas ormsa go bhfuil cúpla comhlachtaí mar sin tar éis dul go dtí an Ghaeltacht agus tionscail a bhunú ann.
Tharla sé sin ag ceantar Béal an Mhuirthead agus ceantar Iorrais. Tá dhá thionscal nua ann anois, ceann amháin is ea brainse de chomhlacht mhór i gCaisleán an Bharraigh, Travenol Laboratories. Tá timpeall 50 nó 60 daoine fostaithe acu anois i mBéal an Mhuirthead mar tá branch plant ann. Chomh maith leis sin tá comhlachtaí Éireannacha eile tar éis plant a bhunú i mBéal an Mhuirthead. Tá mise ag iarraidh tionsclóirí Éireannaigh sa bhaile agus thar lear a mhealladh ar ais go dtí an Gaeltacht agus tionscal a bhunú ann. Bhí mé trí lá sa Bhreatain cúpla seachtain ó shin. Bhí coinnithe agam i Manchester, Birmingham agus i Londain le tionsclóirí agus lucht gnó a rugadh agus a tógadh sa Ghaeltacht agus go bhfuil monarcha acu nó gnó de shaghas éigin acu sa Bhreatain anois. Bhí an turas sin ana-shuimiúl ar fad agus bhí ana-áthas ormsa go raibh suim i leith ag na daoine sin sa Ghaeltacht. Bhuail mé le fear i Manchester a rugadh agus a tógadh i nGaeltacht Mhuigheo. Tá gnó an-mhór aige sa Bhreatain. D'éirigh go han-mhaith leis ar feadh 20 bliain ó d'imigh sé ó Mhuigheo go dtí an Bhreatain. Is fear an-mhór é ó thaobh gnó agus tionslaíocht. Tháinig sé ar ais go Baile Átha Cliath coicís ó shin. Tháinig sé chun cainte liom agus chuir sé in iúl dom go raibh sé beartaithe aige teacht ar ais go Ghaeltacht Mhuigheo agus tionscal a bhunú ann. Is mar sin is féidir linne na tionscail atá oiriúnach don Ghaeltacht a bhunú ann, ar an chéad dul síos do mhuintir na Gaeltachta.
Dhein an Seanadóir Uí Eachthéirn tagairt do Bhantracht na Tuatha agus do obair lámha. Tá an-áthas ormsa a chur in iúl dí go bhfuil teangmháil pearsanta an-mhaith agam le Bantracht na Tuatha ar feadh na blianta sul ar tháinig mé isteach mar Teachta Dála. Bhí teangmháil agam le Bantracht na Tuatha nuair a bhí mé ag obair le Muintir na Tíre agus le Macra na Feirme. Bhí an-áthas orm le déanaí ball de Bhantracht na Tuatha a cheapadh mar stiúrthóir ar Bhord na Gaeilge. Tá suim ar leith agam in obair lámha nó ceard oibre agus tá coiste bunaithe againne sa Ghaeltacht.
Chomh fada agus is eol dom, tá an t-Athair Séamus MacDyer mar chathaoirleach ar an choiste sin agus tá an coiste sin ar feadh sé mhí nó mar sin ag déanamh staidéar faoi leith ar thionscail ceard oibre, sé sin, craftwork no obair láimhe, a chur chun cinn. Tá ceard-oibritheoirí ag obair ar fud na Gaeltachta agus tá scéim faoi leith ag Gaeltarra Éireann chun cabhrú le daoine mar sin a bhfuil scileanna acu nó a bhfuil ceard éigin acu chun tionscal a bhunú. Aontáim go háirithe leis an Seanadóir Russell as ucht an méid a dúirt sé maidir le tionscail ag déanamh earraí a bheadh oiriúnach don Ghaeltacht nó identified léi. Tá gearghá leis sin go háirithe ins an ceard oibre. Rinne an Seanadóir Dolan tagairt chomh maith don rud céanna. Dúirt sé go bfhéadfaí earraí a dhéanamh cois teallaigh. Sin é príomh aidhm Bantracht na Tuatha agus tá an-obair déanta acu, agus molaim iad as ucht na hoibre sin.
Rinne cúpla Seanadóirí tagairt don tionscal turasóireachta—the tourist industry—agus do na hóstáin sa Ghaeltacht. Beidh mise macánta ag an bpointe seo: tá sé nó seacht óstáin Ghaeltachta ina bhfuil Gaeltarra Éireann páirteach iontu, agus ba mhaith liom a rá nach bhfuil fonn ar bith ormsa óstáin amháin eile den saghas sin a bhunú sa Ghaeltacht. Do dhiúltaigh mé iarratais ó chúpla daoine le déanaí agus dúirt mé leo gurb é mo thuairimse nach bhfuil óstáin den tsaghas sin oiriúnach do na ceantair Gaeltachta ar chor ar bith. Tá gá le áiseanna áitiúla, family-type guest houses, agus rudaí mar sin, nó chalets agus self-catering accommodation. Sin é an saghas cóiríocht atá oiriúnach don lá at inniu ann. Agus an cuid is mó de na cuirteoirí atá ag teacht go dtí an tír seo, ní amháin go dtí an Ghaeltacht ach go dtí an tír in aon áit, is cóiríocht den tsaghas sin atá ag teastáil uathu. Tá mise, mar Aire na Gaeltachta, mo Roinnse agus Gaeltarra Éireann, sásta anois go mba chóir dúinne cabhair faoi leith a thabhairt do daoine ar mhian leo tithe no chalets no cóiríocht den saghas sin a chur ar fáil do chuairteoirí.
Rinne an Seanadóir O'Toole tagairt don réigiúnachas, mar a thug sé air. Thug sé ráiteas go maith faoi cheist forbairt an iarthair, ní hamháin sa Ghaeltacht ach an iarthair go hiomlán agus go mba chóir go mbeadh eagras faoi leith ann chun forbairt an iarthair go hiomlán a chur chun cinn. Ní féidir liomsa mar Aire na Gaeltachta freagra a thabhairt ar an cheist sin ach tá cás an-mhaith déanta aige agus is féidir liom a rá chomh maith go bhfuil an Rialtais ag féachaint ar an fhadhb sin faoi láthair agus ar feadh tamaill. Aontáim go bhfuil na deacrachtaí céanna sna contaethe Gaeltachta ag na daoine atá taobh amuigh dena limistéir Gaeltachta agus atá taobh istigh maidir le cúrsaí eacnamaíochta agus sóisialacha. Aréir ar 11 a chlog bhí mé in Ard Reatha i gContae Dhún na nGall agus do chaith mé uair go leith ag plé na ceiste céanna le coiste forbartha Ard Reatha, Contae Dhún na nGall. Tá fadhb ann. Tá coiste an-mhaith ann, ach tá Baile Ard Reatha taobh amuigh den Ghaeltacht agus tá an chuid eile den pharóiste taobh istigh den Ghaeltacht. Bhí an coiste paróiste ag iarraidh scéim forbartha a leagan amach don pharóiste go léir. Bhí ormsa a rá leo: "Tá pleananna agaibh don bhaile seo; tá sé taobh amuigh den Ghaeltacht agus ní féidir liom cabhrú libh." Tá siad ag dul i gcomhairle le Bord Fáilte agus leis an IDA chun cabhair a fháil. I mBangor Iorras i Contae Mhuigheo, tá an fhadhb céanna. Tá an baile taobh amuigh den Ghaeltacht agus tá an chuid eile den paróiste taobh istigh dí. San lá atá inniu ann ní féidir linn plan sásiúl forbartha a leagann amach do chuid de pharóiste nó píosa paróiste nó bits and pieces d'aon áit. Bhí an fhadhb céanna againne i nGaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge. Bhí leath den pharóiste sin mar Ghaeltacht oifigiúil ar feadh i bhfad. Bhí an chuid eile, an sean pharóiste, taobh amuigh den Ghaeltacht. Thug mé cuairt ann dhá bhliain ó shin agus do bhuail mé le muintir na háite. Tar éis lá a chaitheamh ann bhí mé sásta go raibh cás an-mhaith ann chun an paróiste go léir a tharaingt isteach sa Ghaeltacht. Thug mé moltaí don Rialtas agus rinne an Rialtas an t-ordú. Cad a thárla?
Bhí muintir an pharóiste go léir mar an gcéanna. Tá comhar-chumann nua tosnaithe ann anois. Tá ionad phobail nua oscailte. Tá ionad phobail nua eile ar an dtaobh eile den pharóiste á thógáil faoi láthair, agus tá monarchan nua tógtha againn ann. Is iontach sprid na ndaoine sa pharóiste sin a fheiscint. Niór thainig siad chugam-sa ag lorg gach rud ó mo lámha. Dúirt siad: "Is mian linn ionad pobail a thógáil, a Aire. An féidir leatsa cabhrú linn? Táimid sásta ár lámha a chur in ár bpócaí féin agus airgead a chaitheamh". Sin é an saghas sprid. Tá fadhb an-mhór, agus baineann na samplaí seo go léir leis na bpointí a rinne an Seanadóir O'Toole. an Seanadóir Higgins agus Seanadóirí eile faoi fhorbairt réigiúnach. Tá an Rialtas ag féachaint ar an scéal faoí láthair. Dúirt an Seanadóir Higgins nach bhfuil polasaí réigiúnach ag an Rialtas. Tá an Rialtas ag féachaint go géar ar an scéal agus tuigimíd na fadhbanna atá ann agus go deimhin tuigim féin mar Aire na Gaeltachta ón eolas atá faighte agam ar feadh dhá bhliain go leith anois go bhfuil géarghá le polasaí réigiúnach, go háirithe do pholasaí forleathan d'Iarthar na hÉireann.
Dúirt an Seanadóir Dolan chomh maith go mba chóir hallaí maithe a bheith ar fud na Gaeltachta. D'féadfadh gur ionaid phobail a bhí i gceist ag an Seanadóir. Tá scéim ag mo Roinnse chun ionaid phobail a thógáil agus tá trí nó ceithre cinn tógtha le déanaí. Tá ionaid phobail an-dheas ag Gaeltacht Ráth Cairn taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath agus ceann eile oscailte i nGaeltacht na Mí i mBaile Gib. Tá ionad phobail an-dheas ag Gaeltacht na Fanaide. Bhíos ann ar a 3 a chlog ar maidin ag dúnadh na féile bhliantúla. Tá ionad phobail an-deas ann agus tá cabhair agus cúnamh le fáil ó mo Roinnse chun áiseanna mar sin a chur ar fáil.
Níl aon pharóiste faoin dtuaith— agus tá an chuid is mó de na paróistí Gaeltachta faoin dtuaith—nach bhfuil géarghá le ionaid phobail ann. Muna mbíonn áiseanna mar sin le fáil cad a thárlaíonn? Téann muinntir na háite, na daoine óga, go dtí Leitir Ceanainn agus go Luimneach nó Corcaigh nó Tráighlí nó áit eile, agus is é mo thuairimse mar Aire go bhfuil géarghá le ionaid phobail i ngach paróiste ar fud na Gaeltachta, agus tá mé ag iarraidh daoine áitiúla agus na heagrais áitiúla ann a mhealladh chun tabhairt faoin obair sin.
Thug an Seanadóir O'Brien a lán staitisticí a chruthaíonn go bhfuil an scéal go dona agus bhí sé go dona ar feadh i bhfad le 50 bliain. Tá laghdú gach bliain beagnach ar líon na ndaoine sa Ghaeltacht. Lua sé titim 1,000 i n-aghaidh na bliana i líon daoine sa Ghaeltacht. Níl ach 60,000 daoine anois sna ceantair Gaeltachta, agus má leanann an scéal mar sin, i gceann 60 bliain ní bheidh éinne sa Ghaeltacht, agus níl aon mhaitheas i dtaighde maidir leis an teanga nó an cultúr má ligimid an titim sin leanúint. Sin í an fhírinne agus sin mar a fheicimse é. B'fhéidir nach bhfuil an ceart agam ach ní féidir liomsa aon rud eile a rá.
Mar a fheicmse é sé mar Aire na Gaeltachta sé an príomh dualgas atá agam ná stop a chur leis an titim sin. an taoide imirce a chasadh agus ní féidir linne é sin a dhéanamh ach le fostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Níl aon mhaitheas a bheith ag caint faoin teanga; gan obair ní fhanfaidh na daoine óga in aon cheantar; muna mbíonn daoine ann ní bheidh an Ghaeltacht ann, agus gan Ghaeltacht ní bheidh teanga ná cultúr againn. Caithimíd tosnú leis an bhfostaíocht, fostaíocht de gach saghas, agus go háirithe forbairt agus fostaíocht a bheidh bunaithe ar na h-acmhainní nádúrta, an fhairrge, an talamh, gairneoireachta, saibhreas mianraí, agus gach rud mar sin. Caithimíd na h-acmhainní go léir a úsáid agus a fhorbairt.
Rinne mé tagairt don obair atá faoi lámha maidir leis an iascaireacht, an monarcha nua próiseáil éisc atá i nAlt an Chorráin, sé sin, Burtonport. Tá job íontach déanta ann maidir leis an gcé. Tá dhá tionscail próiseála éisc ann faoi láthair agus ceann de na comhlachtaí atá i nAlt an Chorráin tá sé beartaithe acu tionscal nua iascaireachta a bhunú san cheantar sin, ceanntar na Rossaine, an chéad tionscal stán-phacála éisc, sé sin, a fish canning plant. Mar a thuigimse an scéal, níl aon tionscal nó monarcha den tsaghas sin sa tír seo. Beidh tie-up idir an comhlacht beag sin i Burtonport agus comhlacht mór thar lear agus Gaeltarra Éireann. Cosnóidh an monarcha sin £600,000 ach is fiú é mar beidh fostaíocht ar fáil. Beidh na h-ábhair nádúrtha den cheantar sin dhá phróiseáil ann. Ní dhearna aon Seanadóir mórán tagairt do na hacmhainn nádúrtha eile atá sa Ghaeltacht, sé sin, an talamh. Tá obair an-tábhachtach ar siúl faoi láthair, go háirithe i gceantar Iorrais i gContae Mhuigh Eó, maidir le forbairt talún. Tá comhlacht bunaithe ann ar feadh bliana aois ina bhfuil Gaeltarra Éireann páirteach le Comharchumann Iorrais chun talamh a fheabhsú agus a fhorbairt agus chun cabhrú le feirmeoirí na háite. Chomh maith leis sin tá dul chun cinn an-mhaith déanta i dtaobh feirmeoireacht caorigh, sé sin, sheep farming. Tá sin an-tábhachtach ins na ceantair Ghaeltachta. Tá an chéad aonad reamharaithe uan sa tír seo bunaithe i gceantar Acaill le dhá bhliain anuas. Tá ceann eile anois i gceantar Dúithche Sheoigeach i Mám i gConamara agus ceann an-mhór ar fad i Lios Póil i gceantar Chorca Dhuibhne. Sin é an saghas forbartha agus fostaíocht atá oiriúnach don Ghaeltacht, an saghas forbartha agus an saghas fostaíochta a chuirfidh an fhostaíocht is oiriúnaí ar fáil do mhuintir na Gaeltachta.
Rinne Seanadóir éigin tagairt don chomórtas forbartha pobail, a community development competition. As a matter of courtesy to Senator Martin, whose contribution I greatly appreciate, I feel I might appropriately comment on some of the points he made under the heading of the "comórtas forbartha pobail". This is an inter-parish, inter-community, development competition. It was initiated a year ago by Gaeltarra Éireann with a view to encouraging Gaeltacht communities in the different parishes to do precisely what the Senator has been advocating a while ago; to encourage them to do things for themselves, to generate local enthusiasm, local initiative, local enterprise. A very attractive competition has been designed, and very substantial prize money has been put up by Gaeltarra Éireann. As an experiment Gaeltarra invited the leading business, commercial and banking companies in this country to contribute to the prize money. As I said in my speech, I am very pleased indeed. The response has been most satisfactory. Over £40,000 has been subscribed by these people, and I am very pleased to say that the Irish Transport and General Workers' Union are involved. The first results of this competition will be announced in October.
What we are trying to do is to encourage local communities to cooperate and to do what the late Canon Hayes preached 40 years ago. The parish communities come together and it is wonderful—Senator Martin, I am sure, will be very pleased when I tell him this—how manifest it is now throughout the Gaeltacht. I have been fascinated, and day after day I am greatly surprised at what a local community, given the right leadership, inspired with the right ideal, can achieve for the benefit of their own people and their own area. I am very confident that the Comórtas Forbartha Pobail will help in a very big way to promote greater interest in community development and particularly that it will encourage local communities to do what Comhar-chumann Chorca Dhuibhne have done in Kerry and what Fr. McDyer and many others like him are doing in different parts of the Gaeltacht.
Thug an Seanadóir Yeats ráiteas gairid. Bhí sé an-mhaith. Chuir sé cúpla ceisteanna go háirithe faoi Údaras na Gaeltachta. Is mar seo atá an scéal. Sé Údarás na Gaeltachta údarás nua. Níl aon údarás mar sin ní hé amháin sa tír seo ach in aon áit sa Mhór Roinn—sé sin, údarás nó eagrais ina mbeidh muintir na Gaeltachta lán-pháirteach ann. Bhí fonn mór ormsa go mbeadh an túdarás nua bunaithe ar an tslí is fearr is féidir linn é a bhunú. Do dheineamar staidéar fada agus tá cúpla tuarascáil ar fáil, go háirithe an tuarascál Gníomh don Ghaeltacht. Ó ceapadh mar Aire mé chaith mé a lán ama ag plé na ceiste sin le muintir na Gaeltachta agus mar adúras faoin lán-fostaíocht sa Ghaeltacht agus forbairt na n-oileán, is furist é sin a rá, is fuirist é a phlé ach ní fuirist é a chur i bhfeidhm.
Ar feadh i bhfad tá a lán daoine ag caint agus ag scríobh faoi Údarás na Gaeltachta. Fuair mé na céadta tuairimí, na céadta moltaí agus cuid mhaith tuarascála faoin Údarás nua, ach tá difríocht mór idir an scéal atá sna tuarascála agus sna leabhra agus ins na litreacha chuig na páipéirí agus na tuairimí atá ag muintir na Gaeltachta i Tír Chonaill, Contae Mhuigheo, Corca Dhuibhne agus sna hoileáin. Nuair a bhí mise i gContae Dhún na nGall thug mé cuairt ar deich bparóistí.
Chaith mé cheithre uair i nGaeltacht lár Tír Chonaill. Ní dúirt duine amháin focal liomsa faoi Údarás na Gaeltachta; na fadhbanna a bhí dhá phlé acu liom ná fostaíocht, fadhbanna oideachais, fadhbanna forbartha agus rudaí mar sin, agus cé go bhfuil moill ann, níl aon deifir ar mhuintir na Gaeltachta faoin údarás seo. Tá siad sásta fanacht go dtí go mbeimíd go léir sásta go bhfuil eagras ceart againne. Níl aon mhaitheas bheith ag cur Bille isteach tríd an Oireachtas anseo muna mbíonn muintir na Gaeltachta, ó Dún na nGall go Corcaí, sásta leis an mBille sin. Beidh argóint, beidh trioblóid ach níl aon mhaitheas ann. Beidh polaitíocht ag teacht isteach ann agus mharódh rudaí mar sin an dul chun cinn agus an sprid atá ann anois.
Tá cuid mhaith obair déanta againn air. Bhí Bille réidh agamsa sé mhí ó shoin. Ní raibh mé sásta leis. Bhí an dara dréacht réidh agam. Ní raibh mé sásta leis. Tá an tríú dréacht réidh anois le cur ós comhair an Rialtais. Táim réasúnta sásta leis ach tá sé ar intinn agam dul i gcomhairle arís le muintir na Gaeltachta. Beidh an túdarás ar mhaithe le muintir na Gaeltachta agus tá fonn mór ormsa gach iarracht a dhéanamh chun go mbeidh muintir na Gaeltachta sásta leis an údarás nua.
Tá na ceantracha Gaeltachta scaipithe ar imeall na tíre agus ins na hoileáin chomh maith. Caithimíd a bheith an-chúramach ar fad. Is fuirist blueprint a leagan amach agus é a fhoilsiú agus tuarascáil a fhoilsiú anseo, ach beidh an túdarás sin sásúil do mhuintir na Gaeltachta. Ach mar sin féin, aontaím go bhfuil géarghá le Údarás na Gaeltachta. Caithimid cumhachtaí níos leithne ar fad a thabhairt don eagras sin. Chomh maith leis sin, caithfidh muintir na Gaeltachta a bheith páirteach san eagras sin. Sin iad an dá choinníol: lán-chumhacht agus lán-páirtíocht ag muintir na Gaeltachta san eagras sin.
Chuaigh mise i gcomhairle le eagraisí ar fud na Gaeltachta, leis na mílte daoine ar fud na Gaeltachta, agus tá tuairimí éagsúla acu. Níl siad go léir aontaithe maidir leis an saghas údaráis nó an saghas eagrais a bheadh ann, ach ceapaim anois go bhfuil an freagra agam agus táim cinnte agus dóchas agam go mbeidh mé ag cur an Bille don údarás nua ós comhair na Dála ta éis sos an tsamhraidh.
Dhein an Seanadóir Yeats agus an Seanadóir Uí Eachthéirn tagairt don mhoill atá ar tuarascáil Gaeltarra Éireann. Ní féidir liomsa freagra sásúil a thabhairt don cheist sin ach is ag an bpointe seo ar gach bliain atá cuid mhaith de na tuarascáil bliantiúla ag teacht amach óna comhlachtaí Stáit. Tá deacrachtaí ag baint le heagraisí cosúil le Gaeltarra Éireann ina bhfuil scaireanna acu ina lán comhlachtaí eile. Caithfidh siad annual report a fháil ó gach subsidiary company agus rudaí mar sin. Aontaím nach bhfuil an scéal sásúil agus beidh mé i gcomhairle le Gaeltarra maidir leis an fhadhb seo agus iarrfaidh mé orthu iarracht níos fearr a dhéanamh as seo amach chun an tuarascál bliantiúil a chur ar fáil ag am réasúnta.
Dúirt an Seanadóir Yeats go raibh athrú polasaí ag Gaeltarra Éireann le roinnt blianta. Rinne sé tagairt go háirithe do chomhthionscail agus dúirt sé go raibh dainséar ann maidir leis an teanga. Nílim ró-chinnte cad a bhí i gceist aige nó ar intinn aige. B'fhéidir gurab é atá i gceist aige go mbeidh daoine ag teacht isteach ag obair sna comhthionscail sin ón nGalltacht, nó b'fhéidir daoine ó thíortha eile, agus go bhfuil dainséar ann. Aontaím go bhfuil fadhb ann. Aontaím go bhfuil fadhb sna chomhthionscail agus sna tionscail mhóra, agus dhá bhliain ó shin chuir mo Roinnse scéim nua scoláireachtaí ar fáil sna choláistí réigiúnacha chun cúrsa staidéar gnó a dhéanamh. Tá an scéim céanna ag Gaeltarra Éireann.
Tugaimid scoláireachtaí do dhaoine óga ar mhian leo cúrsa staidéir gnó a dhéanamh sna coláistí réigiúnach más mian leo fanacht sa Ghaeltacht agus obair mar bainisteoir nó ar fhoireann bainistíochta tionscail Gaeltachta a fháil. Tá an cúrsa críochnaithe ag an gcéad dream agus táimíd ansásta leo. Caithimíd a bheith an-chúramach maidir leis an teanga sna tionscail mhóra, aontaím, agus caithimíd na háiseanna oideachais a chur ar fáil do daoine óga sa Ghaeltacht ar mhian leo obair a fháil mar bainisteoirí agus mar sin. Ó thaobh an oideachais de, cé nach mbaineann cúrsaí oideachais leis an mBille seo, mar sin féin baineann sé go hindíreach agus rinne cúpla Seanadóirí tagairt do chursaí oideachais.
Níl an scéal sásúil ar chor ar bith sa Ghaeltacht maidir le cúrsaí oideachais, go háirithe maidir le cúrsaí oideachais dara leibhéal nó meánoideachais, nó iar-bunoideachas mar a tugtar air, agus táimíd ag iarraidh an fhadhb seo a réiteach. I rith na bliana seo caite tá an tAire Oideachais tar éis cúrsaí árd-oideachais a cheadú i gceantar Cor na Móna i gConamara; le déanaí i gcheantar Indreabhán agus mí ó shin in oileán Inis Mór Árainn. Tuigimíd go bhfuil fadhbanna ann agus go bhfuil daoine ag imeacht ós na bunscoileanna sa Ghaeltacht go dtí na meánscoileanna agus na ceard scoileanna sa Ghalltacht. Tuigeann an tAire Oideachais an scéal agus tá fonn mór air cabhrú chun na fadhbanna sin a réiteach.
Rinne an Seanadóir Higgins tagairt do a lán rudaí. Tá freagraí tugtha agam do chuid dóibh. Bhí suim ar leith aige sa tionscail iascaireachta. Aontaím go hiomlán nach bhfuil an scéal sásúil. Níl mise sásta leis an méid atá déanta againne. Aithním go bhfuil scóp mór ann fós chun acmhainní nádúrtha na farraige a chur chun cinn. Tá imní mór ormsa faoi rudaí adúirt Seanadóir amháin agus caithfidh mé é fhreagairt go poiblí. Is oth liom a rá, agus bhí imní mór ormsa faoí, nach dtuigim cén fáth gur rinne an Seanadóir ráiteas mar sin. Dúirt sí nach raibh mé macánta. Chuir sí mí-mhacántas im' leith mar Aire. Dúirt sí gur lua mé seacht dtionscail mar thionscail, seacht dtionscail a bhí ann sul ar tháinig an Rialtas seo i bhfeidhm. Níor lua sí na tionscail sin. Níl a fhios agamsa cá bhfuil siad ach is féidir liomsa a rá go bhfuil gach tionscail atá luaite ins an ráiteas seo ann, ach is cuimhin liom duine éigin i ndíospóireacht eile ag déanamh tagairt do chúpla tionscail i gConamara. B'fhéidir gurab iad na tionscail sin atá i gceist ag an Seanadóir. Ní féidir liomsa freagra sásúil a thabhairt mar níl fhios agamsa cad iad na seacht dtionscail a lua an Seanadóir.