Ar dtús, is maith liom an fháilte a chuir an Seanadóir O'Brien roimh an Bhille. Ina óráid thug sé figiúirí a bhí suimiúil dom féin, fiú amháin nuair a luaigh sé an méid daoine a d'fhág na Gaeltachtaí sna blianta atá caite. Sílim gur fiú rud amháin a lua faoi sin: ní hé amháin gur imigh daoine, fir agus mná, ach gurb iad scoth na bhfear agus na mban a d'fhág na Gaeltachtaí, rud a d'fhág an scéal níos measa fós, mar gurb iad na daoine ba laige a fágadh agus rud é sin nár chuidigh leis an nGaeltacht féin nó le spiorad na Gaeltachta, ná leis an ngríosadh a bhí ag teastáil leis na Gaeltachtaí a spreagadh chun rud éigin a dhéanamh ar mhaithe leo féin.
Is fíor a rá chomh maith go raibh meon faoi leith ag na daoine maidir leis an teanga féin de bharr na himirce. Má thógaimid mo Ghaeltacht féin, cuirimid i gcás, Gáeltacht Mhaigh Eo, is dócha gur mó an mheath a tháinig ar an teanga ansin ná in aon Ghaeltacht eile de bharr na himirce, agus is de bharr an mheoin a bhí ag daoine i leith na Gaeilge a tharla an mheath sin. Is é an rud a bhí le cloisteáil ó dhaoine a bhí ag tógáil clainne, "Cén mhaith dúinn an Ghaeilge nuair a chaithfeas muid dul go Sasana nó go hAlbain lenár mbeatha a shaothrú"? Sílim go bhfuil an meon sin caite anois. Ó bunaíodh Gaeltarra i 1965 agus an fhostaíocht atá curtha ar fáil sna Gaeltachtaí de bharr na cabhrach atá tugtha ag gach Rialtas chun na cuspóirí sin a bhaint amach—is é sin lánfhostaíocht a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta—tháinig athrú ar an meon sin agus tá misneach níos fearr acu de bharr rudaí atá ag tarlú i láthair na huaire sna Gaeltachtaí.
Níl dabht ar bith ná gurb é an rud is tábhachtaí, mar adúirt an Seanadóir O'Brien, na daoine a spreagadh le gníomh a dhéanamh ar mhaithe leo féin, agus sílim go dtig liom a rá gurb é sin go díreach an rud atá i gceist sa Bhille seo: údarás a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta féin leis na cuspóirí sin a bhaint amach. Beidh an tromlach acu ar an údarás. Beidh siad in ann mórsheisear a thoghadh agus beidh an tAire ag ainmniú seisir don údarás, agus de bharr go mbeidh an tromlach acu ar an údarás ní raibh rud níos fearr ag muintir na Gaeltachta go dtí seo le rud éigin dearfa a dhéanamh ar a son féin.
Do luaigh an Seanadóir Brugha dhá phointe thábhachtacha maidir leis an mBille agus maidir leis an nGaeltacht, agus arís tá sé ag teacht le cuid den rud adúirt an Seanadóir O'Brien, is é sin, nach hé amháin cothú na teangan ach cothú mhuintir na Gaeltachta féin atá i gceist. Maidir leis an bhfostaíocht, luaigh sé rud a chuireann isteach orm féin; nuair atá fostaíocht á cur ar fáil agus nuair atá monarchana againn, is minic a tharlaíonn sé de bharr bainistíochta nó cúrsaí mar sin, nach í an Ghaeilge a bhíonn á labhairt ag muintir na Gaeltachta ag obair ins na monarchana sin. Táimid ag iarraidh an scéal sin a leigheas; táimid ag iarraidh go mbeadh an Ghaeilge le cloisteáil ins na monarchana. Tá cúrsaí traenála á gcur ar bun anois le cleachtadh a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta iad féin a bheith i mbun cúrsaí mar sin, agus fiú amháin an tráthnóna seo, tá Rúnaí Roinn na Gaeltachta ag bualadh le cuid de phríomh-fheidhmeannaigh Ghaeltarra Eireann ag plé na ceiste seo agus ag iarraidh fáil amach céard é an bealach is fearr le béim a chur ar labhairt na Gaeilge ins na monarchana sin i gcaoi nach mbeidh an fhostaíocht féin ag cur meatha ar Ghaeilge sna Gaeltachtaí. Tuigimid an tábhacht atá leis agus, tá mé cinnte, de bharr an fhiosrúcháin seo agus de bharr an scrúdaithe atá á dhéanamh ar na cúrsaí seo, go mbeidh feabhas ar an scéal agus nach gcluinfidh muid go bhfuil Béarla á labhairt sna monarchana feasta.
Rinne an Seanadóir Brugha tagairt chomh maith do Bhord na Gaeilge. Tá cúram orthu san ar chúrsaí taobh amuigh den Ghaeltacht, níos mó b'fhéidir ná cúrsaí sa nGaeltacht féin, ach tá rud amháin a luaigh sé maidir leis na Gaeltachtaí agus sin go bhfuil deacracht ann maidir le Gaeltachtaí a chaill an Ghaeilge agus atá ar imeall na Gaeltachta—cén chaoi is fearr cuidiú leo sin? Tá sé sin á scrúdú i láthair na huaire chomh maith. Tuigimid go bhfuil sé níos fusa an Ghaeilge a thabhairt ar ais in áiteanna mar sin, áiteanna a bhfuil eolas ar an nGaeilge féin ach nach bhfuil sí á labhairt ró-fhairsing nó ró-mhaith nó ró-láidir ag muintir na gceantar sin.
Bíonn daoine ag rá amanna gur cheart limistéir na Gaeltachta a athrú nó teorainneacha na Gaeltachtaí a athrú agus iad a chúngú, ach níl a fhios agam an bhfuil an moladh sin ró-mhaith nó ar cheart glacadh leis. Tá daoine ar imeall na Gaeltachta a dteastaíonn cuidiú uathu agus b'fhéidir nuair a bhéas Udarás na Gaeltachta curtha i bhfeidhm go mbeidh siad in ann aghaidh a thabhairt ar na ceantair sin agus níos mó misnigh a thabhairt dóibh tuilleadh úsáid a bhaint as an nGaeilge agus í a neartú sna ceantair sin.
Ní raibh mórán le rá ag an Seanadóir Whitaker, ach glacadh leis an mBille agus é a mholadh. Tuigim an fáth nár dhúirt sé ach an méid sin—mar go raibh, cosúil le Seanadóirí eile, páirt mhór aige sna himeachtaí a bhí ar siúl maidir le ceist na Gaeltachta agus staid na Gaeilge leis na blianta anuas.
Luaigh an Seanadóir de Brún cúrsaí pleanála, agus an cáineadh a bhí á dhéanamh ag daoine maidir leis an mBille mar atá sé dréachtaithe i láthair na huaire. Is maith liom gur thagair sé do na pointí sin mar tá sé soiléir sa Bhille féin, agus luaigh an Seanadóir Donnelly an rud céanna, in ált 9 den Bhille, go mbeidh deis ag an údarás nuair a bhéas sé curtha ar bun cumhachtaí breise a iarraidh ar an Aire agus ar an Rialtas. Níl constaic ar bith á cur ar an údarás maidir leis na cúrsaí sin. Mar adúirt mé sa Dáil, i mBille den chineál seo ní féidir chuile shórt a scríobh isteach ann, agus dá mbeimis ag iarraidh gach rud mar sin a chur sa Bhille ní bheimis réidh go ceann a trí nó a ceathair de bhlianta. Thug sinne geallúint go dtabharfaí an Bille isteach taobh istigh de bhliain agus cé nár éirigh linn coinneáil leis an ngeallúint sin, níl muid ró-fhada chun deiridh, agus is maith liom go bhfuil an dul ar aghaidh atá annseo déanta againn agus go mbeidh an t-údarás ann sar i bhfad.
Arís, is ceart go dtuigfeadh daoine, agus muintir na Gaeltachta go mórmhór, mar adúirt an Seanadóir de Brún, go mbeidh na cumhachtaí agus cibé cumhacht a shílfeas an tÚdarás é féin a theastós uaidh san am atá le teacht, go mbeidh cead acu na cumhachtaí sin a iarraidh.
Luaigh sé an míshástacht a bhí air maidir leis an gcaoi a bhfuil an deontas £10 á íoc sna Gaeltachtaí agus gurb aisteach an rud é gur féidir le duine amháin as muirín an £10 a thuilleamh agus go bhfágtar amach an chuid eile den chlann. Le bheith fírinneach faoi, deirim gurb aisteach é sin. Ní rud é a tharlaíonn de ghnáth. Má tá an mhuirín uilig i dteideal an deontas a fháil fáigheann siad é agus is fíor-annamh a tharlaíonn sé go bhfaigheann duine amháin an deontas agus go bhfágtar amach an chuid eile den mhuirín. Déarfainn, corr-uair, go mb'fhéidir go dtarlaíonn sé leis an mhuintir eile a spreagadh i gcaoi go mbeadh iarracht níos fearr á dhéanamh acu leis an nGaeilge a thabhairt chun cinn.
Luaigh sé an gá atá le teicneoirí a oiliúint le freastal ar chúrsaí sna Gaeltachtaí. Sílim go bhfuil an-dul chun cinn á dhéanamh sna cúrsaí sin, go mór mhór ó bunaíodh cúrsaí AnCO i nGaeltacht Ghaoith Dóbhair. Táimid in ann anois freastal níos fearr a thabhairt do phobal na Gaeltachta leanúint le cúrsaí Ghaeltachta, cúrsaí a chuideochas leo nuair a rachaidh siad i mbun oibre ina gceantair fhéin.
Luaigh cuid mhaith Seanadóirí Radio na Gaeltachta. Ar ndóigh, caithfimid a bheith fírinneach agus a rá go bhfuil an-obair ar fad déanta ag Radio na Gaeltachta ó cuireadh ar bun é. Ní amháin gur thug sé muintir na Gaeltachta agus na nGaeltachtaí ar fad le chéile, ach thug sé léargas níos fearr don phobal uilig, agus don saol mór ar an traidisiún atá againn i gceol, amhránaíocht, scéalaíocht agus seanchas na hÉireann, rud nach raibh deis ag muintir na hÉireann a chloisteáil ar an Radio nó ar Theilifís Éireann. Fuair siad an deis sin ó Radio na Gaeltachta. Ní amháin go bhfuair muintir na Gaeltachta an deis éisteacht le Radio na Gaeltachta ach fuair muintir na hÉireann an deis sin. Caithfimid tréaslú le chuile dhuine a raibh páirt acu i mbunú Radio na Gaeltachta agus do na daoine atá ina bhun i láthair na huaire as ucht na hoibre atá ar siúl acu.
Nuair a bhí cuid de na Seanadóirí eile ag caint ar Radio na Gaeltachta, luaigh siad gur cheart go leathnóidh sé amach agus go mbeadh níos mó ama tugtha do chláracha i lár an lae. Luaigh an Seanadóir Cranitch é sin, agus aontaím leis. Bíonn gach tosú lag, mar a deir sé, agus cé nach ceart é sin, b'fhéidir, a rá i dtaobh Radio na Gaeltachta, mar sin féin tá tús curtha le huair a chloig no uair go leith, a chur ar fáil i lár an lae, agus beimid ag súil go leanfaidh sé sin agus go mbeidh deis ag chuile dhuine níos mó ama a chaitheamh ag éisteacht le Radio na Gaeltachta.
Dúirt an Seanadóir Cranitch gurb í an Ghaeilge an tseoid is luachmhaire dár n-oidhreacht. Ní fhéadfainn é a chur i mbealach chomh deas sin, ach caithfimid uile teacht leis an méid sin. Cé gur labhair an Seanadóir MacGabhann den chuid is mó i mBéarla, bhí rudaí anshuimiúil le rá aige. Níl mé ag cáineadh juine ar bith a labhair as Béarla—tá mé buíoch do chuile dhuine a labhair, is cuma i mBéarla nó i nGaeilge, agus ba mhaith liom tréaslú leis an mbeirt Sheanadóir a labhair inniu, an Seanadóir Donnelly agus an Seanadóir Cassidy. Dúirt siad nach raibh Gaeilge ar a dtoil acu, ach ón méid a chuala mise uathu bhí Gaeilge bhínn bhlasta acu. Is é an t-aiféala is mó atá orainn ná nach bhfuil daoine sásta an méid Gaeilge atá acu a úsáid. Dá bhrí sin níl a gcuid Ghaeilge le chloisteáil.
Bhí an Seanadóir MacGabhann ag caint ar an toghchán, agus ní raibh sé sásta nach mbeidh muintir Thír Chonaill in ann ach beirt ionadaí a thoghadh. Caithfimid cothrom na féinne a thabhairt do chuile Ghaeltacht, agus sílim go mbeidh muintir Thír Chonaill níos fearr as le beirt ná mar a bhéas muintir na Gaillimhe, muintir Mhaigh Eo agus muintir na Mí le triúr. Chuir muid chuile rud san áireamh agus caithfidh daoine glacadh leis go ndearna—mar ár ndícheall na Gaeltachtaí ar fad a shásamh.
Rinne an Seanadóir Mulcahy tagairt do chuid mhaith rudaí. Bhí sé ag caint ar na heagrais a tháinig le chéile maidir le cúrsaí na Gaeilge agus na Gaeltachta. Rinne na daoine sin an-obair—thug siad tuiscint agus léargas níos fearr dúinn ar céard ba chóir a dhéanamh agus cé hiad na scéimeanna a mba cheart tabhairt futhu maidir le ceist na Gaeilge agus ceist na Gaeltachta ar fad. Dúirt sé gur ceart seiminéar ar leith a chur ar fáil ag na daoine a bhí i mbun "Gníomh don Ghaeltacht", agus a leithéid a chur ar fáil don aos óg leis an scéal a mhíniú ina iomlán. Da mba rud é go bhféadfaí a leithéid a dhéanamh, bhéadh sé inmholta, ach sílim nach mbeadh sé ró fhurasta rud mar sin a reachtáil. B'fhéidir go mbeadh an Seanadóir agus mé féin in ann labhairt le chéile faoi, am éigin, chun an rud a phlé go mion, le fáil amach go díreach céard iad na tuairimí atá ag an Seanadóir ina thaobh sin.
Thug an Seanadóir céanna moladh mór do Ghaeltarra Éireann. Tuigimid uilig na deacrachtaí atá ag Gaeltarra Éireann. Mar a luaigh an Seanadóir Cassidy, tá siad ag iarraigh tionscail a chur ar bun in áiteanna atá iargcúlta, áiteanna a bhfuil a lán deacrachtaí ag baint leo, mar chúrsaí bóthar, teileafón agus eile. Tá siad seo tábhachtach do thionsclaí ar bith a bhéas ag bunú sna Gaeltachtaí. Glacaim go bhfuil obair an-mhaith déanta ag Gaeltarra, ach tá an deacracht ann, agus tá mise ag éisteacht leis i ngach Gaeltacht atá á siúil agam, nach bhfuil muinín ag muintir na Gaeltachta as Gaeltarra féin. Níl a fhios agam cén chaoi a tharlaíonn sé sin, cén fáth go bhfuil an scéal mar sin. Cuirimid i gcás na monarcana i nGaoth Dóbhair, nó ar fud Chonamara, go mór mhór sna Gaeltachtaí móra: tá drochmheas ar Ghaeltarra. Mar adeirim níl a fhios agam cén bunús atá leis. Tá sé ag cur as dom. B'fhéidir go ndéanfaidh an tÚdarás athrú ar an scéal, go gcuirfidh sé ar ais an mhuinín agus an misneach ceart i muintir na Gaeltachta agus go gcuirfidh sé spreagadh níos fearr iontu le tabhairt faoí chúrsaí ar mhaithe leo féin. B'fhéidir gurb é an meon atá ag muintir na Gaeltachta go bhfuil siad ag súil le hiomarca ó Ghaeltarra, agus gur cheart dóibh níos mó a dhéanamh. Ba mhaith leo a fháil amach go cruinn céard tá ar siúl ag Gaeltarra.
Luaigh an Seanadóir Mulcahy chomh maith gur ceart cláracha ar theilifís a leagadh amach agus iad a bheith ar fáil anois do mhuintir na Gaeltachta mar atá Radio na Gaeltachta i láthair na huaire. Níl mé ro-chinnte an féidir cúrsaí mar sin a chur ar aghaidh. B'fhéidir os rud é go bhfuil an dara stáisiún anois againn, RTE 2, go mbeimíd in ann cúrsaí mar sin a chur ar fáil. Cuirfidh mé os comhair Údarás Theilifíse RTE é go bhfeicfimíd céard is féidir linn a dhéanamh.