Is é príomhchuspóir an Bhille seo ná feidhm reachtúil a thabhairt do mhéaduithe a rinneadh ar rátaí na ndeontas faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) ón mbliain 1972 i leith. Is iad seo a leanas na gnáth-uasdheontais atá i bhfeidhm faoi láthair:—£2,000 chun teach a thógáil; £750 chun teach a fheabhsú; £360 do chóras uisce; £300 do chóras séarachais; £600 do sheomra folctha le huisce te; £170 chun córas uisce nó séarachais a fheabhsú; £810 chun trí sheomra do chuairteoirí a chur le teach, agus; £600 chun sealla saoire a thógáil.
Is le tithe nua arna dtosú i ndiaidh 26 Bealtaine 1977 a bhaineann an £2,000 agus baineann na deontais eile le hoibreacha arna dtosú i ndiaidh 31 Deireadh Fómhair 1977. Is méaduithe móra iad uile ar na deontais a bhí i bhfeidhm cheana agus tá siad ar fáil d'iarratasóirí cáilithe gan aird ar an teacht isteach a bhíonn acu. D'oibreacha lena mbaineann na deontais sin tá deireadh le deontais fhorlíontacha ó chomhairlí contae. Tá deontais níos mó fós ar fáil do mhuintir na n-oileán Gaeltachta amach ón gcósta: 50 fén gcéad breise anuas ar na deontais atá luaite agam in alt 8 den Bhille.
Tá forálacha sa Bhille seo freisin do dheontais a bhí i bhfeidhm cheana ó 1 Meitheamh 1972 agus 1 Eanáir 1973 ar aghaidh. Ní miste a lua go raibh an Coiste um Chuntais Phoiblí ag gearán nuair nár tugadh isteach na forálacha ina leith i bhfad nios luaithe. Tá dúil agam go mbeidh gach uile dhuine sásta leis an mBille cuimsitheach atá anois againn.
D'fhonn deacrachtaí faoi mar a bhí i gceist ag an gCoiste um Chuntais Phoiblí a sheachaint feasta, tá prionsabal úr amháin in alt 9 den Bhille seo: is é sin go bhféadfaidh Aire na Gaeltachta, le toiliú an Aire Airgeadais, "méid aon deontais is iníoctha faoi na hAchtanna a athrú ó am go ham le rialacháin." Ar ndóigh, beidh aon rialacháin a dhéanfar le leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas sa ghnáthshlí.
Chomh maith leis na forálacha a bhaineann le méid na ndeontas, b'fhéidir nár mhiste tagairt ghairid a dhéanamh do thrí alt eile: cuirfidh alt 5 ar ár gcumas deontas a thabhairt chun foirgneamh a oiriúnú mar bhrú; faoi alt 6 beimid in ann—taobh istigh de sheacht mbliana ó íocadh deontas—deontas eile a thabhairt chun cúlchoire nó gléas eile a dhófaidh crua-bhreosla a chur isteach d'fhonn uisce te a sholáthar; agus féachfaidh alt 7 chuige go bhféadfar iasacht a thabhairt le haghaidh sealla saoire ar chóimhéad leis an deontas—mar atá i bhfeidhm ó thús—gan méid na hiasachta nua a shonrú gach uair a dhéanfar leasú ar an deontas.
Ón mbliain 1929 i leith tá Achtanna speisialta i bhfeidhm ar mhaithe le cúrsaí tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Bhí géarghá leis an Acht bunaidh a ritheadh sa bhliain 1929 i ngeall ar an drochbhail a bhí ar thithíocht sna ceantair Ghaeltachta an t-am úd. Le himeacht ama, ar ndóigh, tháinig an-fheabhas ar thithe sa Ghaeltacht le cabhair na ndeontas speisialta i gcaoi gur beag ceantar tuaithe eile sa tír anois ina bhfuil tithe níos fearr le feiceáil. Cabhair chun tithe nua a thógáil nó seantithe a fheabhsú a bhí le fáil i dtús báire faoi na hAchtanna ach cuireadh leis an raon deontas ó thráth go chéile—mar is léir ón liosta atá tugtha agam cheana.
Tá an obair thithíochta ag dul ar aghaidh i gcónaí. Dá chomhartha sin cuireadh críoch le breis agus 2,000 teach nua le cúnamh faoi na hAchtanna ó thús na seachtóidí agus íocadh deontais ar mhaithe le hoibreacha feabhsúcháin, seomraí breise, seomraí folctha, saoráidí sláintiochta i dtimpeall 10,000 cás eile. Ó tharla gur i mBéarla a ritheadh an tAcht bunaidh leathchéad bliain ó shin is i mBéarla atá an Bille seo le rith freisin. Mar áis do Sheanadóirí sa díospóireacht seo, áfach, tá leagan Gaeilge den Bhille curtha timpeall chomh maith. Is ar mhaithe le muintir na Gaeltachta agus le leas na Gaeilge atá cabhair bhreise le fáil faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Is deimhin liom go dtuigeann Seanadóirí ar gach taobh den Teach an gá atá leis an gcabhair bhreise sin. Ta dúil agam, dá bhrí sin, go nglacfar go fonnmhar leis an mBille atá á mholadh anois agam don Seanad.
Ní miste a lua go mbeidh mionleasú amháin le moladh ar Chéim an Choiste: níl i gceist ach míniú ar "Acht 1953" a chur isteach sa chéad alt. Is amhlaidh a cuireadh alt 6 isteach sa Bhille trí leasú ar Chéim an Choiste sa Dáil agus luaitear Acht 1953 ann. Níor tugadh faoi deara ag an am, áfach, nach raibh tagairt don Acht sin in alt 1—rud a bheidh le leigheas sular rithfear an Bille.