Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Thursday, 13 Dec 1979

Vol. 93 No. 6

Appointment of Members of Government, Etc.

Tá orm a chur in iúl don Teach freisin go bhfuarthas litir dar dáta 12 Nollaig 1979 ó Rúnaí, Roinn an Taoisigh maidir le comhaltaí den Rialtas a cheapadh, ainmniú an Tánaiste agus sannadh na Ranna Stáit do chomhaltaí den Rialtas.

I have also to inform the House that a letter dated 12 December 1979 was received from the Secretary, Department of the Taoiseach concerning the appointment of Members of the Government, the nomination as Tánaiste and the allocation of Government Departments to Members of the Government.

Leagfar amach cóip den litir seo freisin i gCin Lae an Tí agus clófar í i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.

A copy of this letter will also be set out in the Journal of the House and will be printed in the Official Report of Debates.

Uimhir Thagartha

ROINN AN TAOISIGH

Ref. No. S.21098

Department of the Taoiseach

BAILE ÁTHA CLIATH 2

Dublin 2.

12 Nollaig, 1979.

Cléireach an tSeanaid

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil

(1) An tUachtarán, ar ainmniú an Taoisigh, le comhaontú Dháil Éireann roimh ré, tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh inniu, de bhun Airteagal 13.1.2º den Bhunreacht, mar chomhaltaí den Rialtas agus bheith, i dteannta an Taoisigh, mar Rialtas:—

Seoirse Ó Colla,

Brian Ó Luineacháin,

Pádraig Ó Fachtna,

Deasún Ó Máille,

Gearóid Ó Coileáin,

Mícheál Ó Cinnéide,

Salbhastar Bairéad,

Eoghan Mac Gearailt,

Seán P. Mac Uilliam,

Réamann Mac Searraigh,

Máire Nic Eochagáin Uí Chuinn,

Micheál Ó hUadhaigh,

Pádraig de Paor

agus

Ailbhe Mac Raghnaill;

(2) an Taoiseach tar éis Seoirse Ó Colla a ainmniú inniu, de bhun Airteagal 28.6.1º den Bhunreacht, chun bheith ina Thánaiste; agus

(3) an Taoiseach, i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dó le halt 4 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1946, tar éis na Ranna Stáit seo a leanas a shannadh inniu do na comhaltaí faoi seach den Rialtas a luaitear a n-ainmneacha os coinne ainmneacha na Ranna:—

An Roinn Turasóireachta agus Iompair—Seoirse Ó Colla,

An Roinn Gnóthaí Eachtracha—Brian Ó Luineacháin,

An Roinn Cosanta—Pádraig Ó Fachtna,

An Roinn Tionscail, Tráchtála agus,Fuinnimh—Deasún Ó Máille,

An Roinn Dlí agus Cirt—Gearóid Ó Coileáin,

An Roinn Airgeadais, Roinn na Seirbhíse Poiblí agus an Roinn Pleanála agus

Forbartha Eacnamaíochta—Mícheál Ó Cinnéide,

An Roinn Comhshaoil—Salbhastar Bairéad,

An Roinn Saothair—Eoghan Mac Gearailt,

An Roinn Oideachais—Seán P. Mac Uilliam,

An Roinn Talmhaíochta—Réamann Mac Searraigh,

Roinn na Gaeltachta—Máire Nic Eochagáin Uí Chuinn,

An Roinn Sláinte agus an Roinn Leasa Shóisialaigh—Micheál Ó hUadhaigh,

An Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta—Pádraig de Paor,

agus

An Roinn Poist agus Telegrafa—Ailbhe Mac Raghnaill.

D. Ó SÚILLEABHÁIN,

Rúnaí.

Barr
Roinn