Tá orm a chur in iúl don Teach go bhfuarthas litir dar dáta 11 Samhain 1981 ó Leas-Rúnaí an Rialtais maidir le Airí Stáit a éirí as oifig agus a cheapadh.
Clófar an litir i gCinn Lae an Tí agus i dTuairisc Oifigiúil na nDíospóireachtaí.
I have to inform the House that a letter dated 11 November 1981 has been received from the Deputy Secretary to the Government regarding the resignation and appointment of Ministers of State.
The letter will be printed in the Journal of the House and in the Official Report of the Debates.
11 Samhain, 1981.
Cléireach an tSeanaid
Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil an Rialtas inniu tar éis
(1) glacadh le tairiscintí
Gearóid Ó Stráinse, T.D.
(Gerald L'Estrange, T.D.),
d'éirí as oifig mar Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh agus ag an Roinn Cosanta,
Domnaill Ó Criod, T.D.
(Donal Creed, T.D.),
d'éirí as oifig mar Aire Stáit ag an Roinn Sláinte agus
Fearghas Ó Briain, T.D.
(Fergus O'Brien, T.D.),
d'éirí as oifig mar Aire Stáit ag an Roinn Comhshaoil; agus
(2) ar ainmniú an Taoisigh agus i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 1 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977, arna leasú ag alt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1980, tar éis
Gearóid Ó Stráinse, T.D.
(Gerald L'Estrange, T.D.),
a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Sláinte (agus freagracht speisialta air maidir le sláinte),
Domnaill Ó Criod, T.D.
(Donal Creed, T.D.),
a cheapadh mar Aire Stáit ag an Roinn Comhshaoil (agus freagracht speisialta air maidir le tithíocht) agus
Fearghas Ó Briain, T.D.
(Fergus O'Brien, T.D.),
a cheapadh mar Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh agus ag an Roinn Cosanta (agus freagracht speisialta air mar Príomh-Aoire Rialtais).
J. Dowd,
Leas-Rúnaí an Rialtais.