Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seanad Éireann díospóireacht -
Thursday, 16 Nov 1989

Vol. 123 No. 5

Ábhar ar an Athló. - Seirbhís Iompar Scoile.

Bhí cineál faitís orm ar feadh noiméid nach bhfeicfinn an tAire Stáit ar chor ar bith, agus tá áthas orm go bhfuil sí i láthair anois. An cheist atá dá plé agamsa agus atá orduithe agam anseo, b'fhéidir go bhfuil sí i bhfad ón chineál díospóireachta a bhí ar bun anseo ó mhaidin. Baineann sé go bunúsach le muintir na Gaeltachta agus le daoine atá faoi bhrú uafásach go heacnamúil ar chuile bhealach. Baineann sé le ceist oideachais atá go mór faoí chumarsáid, agus faoi chaint agus faoi chaibidil i chuile ghné den saol poiblí.

An ceantair go bhfuil mé ag cur síos air agus an fáth go bhfuil mé ag ordú na ceiste seo inniu, uimhir a haon mar go bhfuil an ceantar féin scáinnte, bocht, gan tada inti, agus go bhfuil na daoine a bhfuil cónaí orthu ann beagnach uilig ag maireachtáil ar chúnamh an Stáit. Is ceantar é atá gearrtha amach go hiomlán ar imeall na farraige ar leithinis, agus tá na mílte ón scoil dara leibhéal, ón scoil chuimsitheach sa Cheathrú Rua. Agus nuair a cuireadh an mheánscoil nó an scoil chuimsitheach ar bun, gealladh do na daoine seo agus do na ceantracha imeallacha seo, a bhí i bhfad ón láthair oideachais dóibh, go mbeadh deis taistil sásúil acu le go bhféadfadh siad leas a bhaint as an cúrsa oideachais a bhí á leanúint acu. Go deimhin ba é Donncha Ó Máille, go ndéanfaidh Dia trócaire air, an fear a thug isteach an córas saor-thaistil isteach agus go príomhdha, bhí sé i gceist go mbeadh daoine ar nós an mhuintear go bhfuil mise ag caint orthu in ann leas ceart, cóir sásúil a bhaint as an gcóras saor-oideachais.

Mar chuid den chóras sin bhí sé bunúsach go mbeadh taisteal ann agus mar chuid den taisteal a bhí i gceist bhí sé go bunúsach go mbeadh sé saor agus nach mbeadh aon chostas ar thuismitheoirí na scoláirí a bhí le freastal ar na scoileanna cuimsitheacha seo chomh maith le haon scoil eile.

Is iomaí athrú atá tagtha ar an chóras oideachais ón am a fógraíodh é sin, ach go dtí an lá atá inniu ann tá saor oideachas chun na scoile fós mar cuid d'obair bhunreachtáil an Stáit seo. Tuigimíd go léir an gearradh siar atá ar fhoinsí airgeadais an Stáit faoi ghnéithe eagsúla caiteachais an Rialtais agus tuigimid go bhfuil orainn uilig inár saol trí chéile, íobairtaí áirithe a dhéanamh le teacht i gcabhair ar an ghearradh siar seo nó an saol eacnamúil mar atá sé faoi láthair. Go deimhin tá sé sin deánta i go leor bealaí, agus tá sé déanta i gceist na scoile freisin; tá sé déanta i gceist gearradh siar ar úsáid deiseannaí scoile ó thaobh oideachais de, múinteoirí agus a bhfuil ann. Tá sé déanta ó thaobh gearradh siar ar úsáid na mbusannaí scoile seo. Ach nuair a thagann sé go dtí an pointe go bhfuil an gearradh siar ann chomh dona sin go bhfuil sé ag goilliúnt go mór ar dhaoine bochta nach bhfuil aon dara rogha nó deis acu a mhalairt de chóras a chur ar fáil, tar éis na gealltanaisí Stáit atá ann dóibh, tá sé thar am go gcaithfeadh an Rialtas rud éigin a dhéanamh faoi agus a gcuid dualgaisí sa mhéid seo a chomhlíonadh.

Molaim an Teachta Dála a chuir in luí ar an Aire Oideachais, i gcás eile, droim ar ais a thabhairt ar shocrú a bhí déanta, agus an bus a cheadú arís. Molaim an Teachta Dála ar éirigh leis é sin a dhéanamh. Tá súil agam go mbeidh na Teachtaí Dála in iarthar na Gaillimhe, áit arb as don Aire Stáit féin atá i láthair anseo, in ann a leithéid chéanna a dhéanamh, sa chás seo. Is dona an scéal é go gcaithfidh scoláirí óga, idir dhá bhliain déag agus ceithre bliana déag, éirí ar maidin ag a seacht a chlog, dhá mhíle a shiúl chuig ionad bhusa, taisteal ar an mbus go dtí an Ceathrú Rua, fanacht amuigh sa bhfuacht trí cheathrú uaire go n-osclófar an scoil agus fanacht ar na sráideanna um thráthnóna ar feadh uair a chloig tar éis dúnadh na scoile. Ní bhaineann siad an baile amach go dtí a sé a chlog um thráthnóna. Aon uair déag a chaitheann na gasúir seo as an mbaile.

Sin é an saor-chóras taistil atá ar fáil faoi láthair. Ná déan dearmad go dtagann an-chuid de na páistí seo ó theaghlaigh atá ag brath go hiomlán ar airgead Stáit. Is beag béile a bhíonn acu ag dul amach ar maidin, ná arís i rith an lae. Nuair a bhaineann siad baile amach tar éis an lae fhada, ní hamháin ná bíonn fonn ite orthu ach ní bhíonn fonn staidéir orthu, ach oiread. Níl sé ar a gcumas a dhá nó a trí uair a chloig eile a chaitheamh ar cheachtanna baile. Más amhlaidh a chaitear leis na boicht sa chóras oideachais, thiar i gConamara, ó thaobh shaor-oideachais agus saor-thaistil ón Stáit, ní mór dúinn náire a bheith orainn mar Stáit agus ní mór dúinn deireadh a chur leis an gcur i gcéill atá ag gabháil leis an gcóras oideachais. B'fhearr go mór do na gasúir sin fanacht sa mbaile nó ag an scoil náisiúnta, agus dul le ceard nuair a bhíonn siad a trí nó a ceithre bliana déag, in áit a bheith ag freastal ar scoil den dara leibhéal gan dada ina mbolg acu.

Tá litir anseo agam ón bpríomh oifigeach feidhmiúcháin den VEC agus is eisean ionadaí an Aire agus na Roinne sa chás seo. Do scríobh an bpríomh oifigeach seo chuig an Roinn Oideachais ag míniú an cháis agus ag moladh go hathsuífí an bus. Bhí freagra cinnte le bheith againn ina thaobh coicís ó shin, ach níor tháinig sé go fóill. Tá súil agam go bhfuil an freagra ag an Aire Stáit anseo inniu dúinn ar an gceist seo. Ní féidir a bheith ag súil go mbeidh an córas atá ann inmharthainne.

Níl na gasúir seo, ná a dtuismitheoirí, ná a múinteoirí ag lorg dada sa bhreis ar a raibh acu an samhradh seo caite. Más gá dhá bhus 'chuile mhaidin le 175 scoláire a iompar ó thóin Litir Mhealláin chuig an scoil chuimsitheach sa Cheathrú Rua, conas is féidir an uimhir chéanna scoláirí a thabhairt abhaile um thráthnóna agus gan ach bus amháin ar fáil? Céard a thárla don tarna bhus? Conas is féidir leis an Roinn Oideachais a leithéid de chleas a imirt ar ghasúir nuair d'éirigh réiteach a fháil thar oíche in oirthear an chontae ar a leithéid chéanna d'fhadhb nach raibh a leath chomh dona. Nuair a bheas freagra na ceiste sin agamsa, ag muintir Litir Mhealláin, ag muintir na n-oileán agus ag údarás na scoile beidh tuairim éigin againn faoina bhfuil ar bun ag an Roinn Oideachais. Níl an cás seo ceart nó morálta. Conas is féidir linn a bheith ag súil go dtiocfadh na gasúir sin ar aghaidh go dtí oideachas ag an tríú leibhéal nuair nach féidir leo aitheantas a fháil ar an dá leibhéal eile?

Cén fáth, mar sin, nach bhfuil cúrsaí anois, díreach mar a bhí siad roimh laethanta saoire an tsamhraidh? Bhíodh dhá bhus ann maidin agus tráthnóna ach níl anois againn ach bus amháin um thráthnóna. Níl á éileamh ag muintir an cheantair ach go bhfillfeadh na gasúir ag am réasúnta thart faoi cheathrú tar éis a ceathair, in ionad a sé a chlog. Caithfear réiteach a fháil ar an gceist seo, má tá búnus nó ciall ar bith le saor-oideachas. Ní lá fás é, más é tuairim na Roinne Oideachais é go bhfuil a gcearta á fháil ag na gasúir seo i gcomórtas le gasúir eile na tíre. Tá súil agam go dtabharfaidh an tAire aird ar an gceist, go háirithe os é ionadaí an cheantair sin, agus go n-eireoidh chomh maith leis is a d'eirigh leis an dTeachta ó oirthear na Gaillimhe. Tá súil agam mar sin go mbeidh an bus a bhí acu anuraidh ar fáil acu anois díreach.

I dtús báire, ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an Teachta O Foighil as ucht a bheith tofa ina Sheanadóir. Nuair a bhí mé i mo mhacléinn sa Spidéal le Gael-Linn, agus eisean ina phríomh oide ar an scoil, níor cheap mé riamh go mbeinn, lá amháin, ag freagairt ceisteanna uaidh sa Seanad. Gabhaim buíochas leis as ucht a bhfuil ráite aige ach tá teorainní leis an méid airgid atá againn chun an córas a chur ar fáil.

Is é an chéad rud ba mhaith liom a rá sa chás seo ná go bhfuil seirbhís shásúil iompair á cur ar fáil do na micléinn atá i gceist. Aontáim leis an Seanadóir go bhféadfaidh sé a bheith níos fearr ach tá an tseirbhís seo sásúil faoi réir théarmaí na scéime agus í gcomparáid leis an gcineál seirbhíse atá ar fáil ar fud na tíre trí chéile. Nílim a rá go bhfuil seirbhís ó dhoras go doras ar fáil — nó fiú amháin go bhfuil sí chomh maith agus ba mhian liom í a bheith ach airgead gan srian a bheith agam chuige. Ach táim sásta go bhfuil an tseirbhis seo ar chomhchéim leis an tseirbhís ghinearálta agus go bhfreagraíonn sé do bhun-aidhmeanna an scéim iompar scoile.

An rud a chaithfear a choinneáil i gcuimhne ná gur scéim bhunúsach i seo, scéim atá ag freastal go príomhdha orthu siúd a rachadh sé rite leo freastal rialta a dhéanamh ar scoil dá uireasa. Fiú amháin agus an scéal seo amhlaidh, tá costas antrom ar fad ag baint leis an scéim. Le blianta beaga anuas tá go leor ráite annseo faoi chostais na scéime seo. Beidh fhios agaibh féin go bhfuil iarrachtaí déanta agus á ndéanamh i gcónaí ag an Rialtas seo na costais a bhaineann leis an scéim a mhaolú agus san am céanna caighdeán na seirbhíse a choinneáil sásúil.

Beidh fhios agaibh freisin go riarann Bus Éireann an scéim mar ghníomhaire don Roinn Oideachais. Iadsan atá freagrach mar sin as pleanáil na mbealaí bus, agus tá dualgas orthu an phleanáil seo a dhéanamh sa chaoi go seachnófaí costais iomarcacha.

Is breá liom mar sin go bhfuil an cheist seo árdaithe ag an Seanadóir, mar tugann sé seo deis dom a mhíniú cé chomh costasach is a d'fhéadfadh na seirbhisí seo a bheith, murach go bhfuil srian á choinneáil ar chostais, trí sheirbhísí áitiúla a bhreithniú go rialta agus a ath-eagrú ó am go ham más gá.

Má fhéachaimid ar chúinsí an cháis seo, feicimid an cur chuige atá i gceist. Suas go dtí deireadh na scoilbhliana seo caite, bhí ceithre bhus — bus poiblí san áireamh — ag freastal ar scoil chuimsitheach na Ceathrú Rua. Mar chuid den ath-breithniú ar sheirbhísí sa cheantar a deineadh i rith an tsamhraidh tháinig sé i gceist go bhféadfaí freastal sásúil a dhéanamh ar an scoil trí bhus poiblí eile a úsáid (a bhí lonnaithe thar oíche ag Tír an Fhia) agus nach mbeadh gá a thuilleadh le ceann amháin de na busanna speisialta. Faoin socrú seo bhí gá áfach le go ndéanfadh ceann amháin de na busanna speisialta turas dúbalta agus dá bharr sin bhí gá le ath-eagrú ar na cláracha ama.

Mar thoradh ar na socruithe seo uilig, tá moill ar na micléinn, moill nach raibh ann go dtí seo, go háirithe i gcás na macléinn ón dTrá Bháin agus ó Leitir Mealláinn. Agus, ar ndóigh, d'fhéadfainn a rá gur chuir an Comhairleoir, Nioclás Ó Conchubhair, an ceist seo orm cúpla seachtain ó shin. Tá seisean mí-shásta freisin leis an chóras atá ar súil anois. Ach arís caithfidh mé a mheabhrú dhíbh go bhfuil an tseirbhís nua ar chomhchéim le seirbhísí den chineál céanna ar fud an cheantair agus ar fud an tíre. Glacaim leis, ar ndóigh, gur nadúrtha é go mbeadh díoma ar thuismitheoirí má fheictear dóibh go bhfuil ísliú tagaithe i gcaighdeán seirbhíse áirithe. Ach mar a dúirt mé níos luaithe caithfidh mise a chinntiú go bhfuil na seirbhísí ar chaighdeán sásúil faoi réir théarmá na scéime. Táim sásta go bhfuil sé seo amhlaidh sa chás seo. Agus seirbhísí nua á gcur ar fáil i gcónaí ní fhéadfá costais na scéime a choinneáill ar leibhéal reasúnta murach go ndéanfá ath-bhreithniú agus ath-eagrú rialta ar na seirbhísí áitiúla go léir.

I ndeireadh na dála sé atá á iarraidh anseo ná bus a chur ar ais in úsáid sa cheantar seo sa chaoi nach mbeadh ar dhream macléinn ceathracha nóiméad nó mar sin a chaitheamh ar láithreán na scoile tráthnóna, toisc go bhfuil turas dúbalta i gceist. Tá sé coitianta go leor ar fud na tíre turasanna dúbalta a bheith i bhfeidhm agus tá glacadh coitianta leis na moilleanna a ghabhann leo.

Bheadh sé an-chostasach — b'fhéidir suas le £50 sa ló — bus a chur ar ais ar an mbealach seo agus thairis sin ní bheadh lán-úsáid á bhaint as an mbus sin nó as an tseirbhís phoiblí atá ann faoi láthair.

Tá sé ráite freisin i dtaca leis an gcás seo go bhfuil plódú ar bhusanna áirithe. Tá deimhniú faighte agam ó Bhus Éireann nach bhfuil a leithéid amhlaidh.

Tuigim go maith go gcuireann sé as do na tuismitheóirí agus do na micléinn go bhfuil an tseirbhís a bhí acu go dtí le déanaí caillte acu, ach tá súil agam go dtuigfear — agus táim féin sásta faoi sin — nach bhfuil aon éagóir déanta annseo.

Breathnóidh mé arís ar an scéal agus déanfaidh mé scrúdú air de bharr an méid atá ráite ag an Seanadóir, go háirithe faoi na hamanntaí go bhfuil daoine ag fágáil an bhaile, a seacht a chlog ar maidin agus nach mbíonn siad ar ais sa mbaile go dtí a sé a chlog tráthnóna. Scrúdóidh mé an cás sin agus rachaidh mé chun cainte leis an Seanadóir nuair a bheidh an scrúdú déanta.

The Seanad adjourned at 5 p.m. until 2.30 p.m. on Wednesday, 22 November 1989.

Barr
Roinn