Labhair na cainteoirí a ghabh romham mar gheall ar ársacht agus uaisleacht cultúr Bhaile Atha Cliath. Beidh mise ag caint faoi ghné áirithe ar chóir dúinn mar pholaiteoirí, spéis speisialta a bheith againn inti. Ba é seo an scannal polaitíochta ba mhó a tharla i nGaeltacht Chonamara le linn an gheimhridh seo caite. Mar is eol don Aire Stáit, bíonn cead ag daoine athruithe a dhéanamh ar Chlár na dToghthóirí, mar is cuí, gach bliain idir lár mí na Nollag agus lár mí Eanáir. Tig le daoine ainmneacha nua a chur ar an gclár nó ainmneacha a bhaint, de réir mar is cóir. An t-oifigeach comhaireamh nóan t-oifigeach toghcháin atá i gceannas air seo.
I mbliana, tharla rud an-aisteach, scannalach i gConamara. Baineadh cearta votála de dhaoine faoi leith i nganfhios dóibh féin. Chuir mé síos an gnó seo sa chaoi is go bhféachfaí chuige nach dtárlódh sé arís. Mar is eol dúinn, cuirtear in iúl don chomhairle chontae é nuair is cóir ainm a bhaint de Chlár na dToghthóirí ar chúis bháis nó imirce as an áit. Ní gá, fiú amháin, an píosa páipéir lena gcuirtear é seo in iúl a shíneáil. Tá sé chomh furasta sin faoi láthair, iarracht a dhéanamh ar ainm a bhaint den chlár. Tá Carna suite ar imeall Ghaeltacht Chonamara agus tá aithne ag gach duine ann ar a chomharsana; ní hionann Carna agus cathair Bhaile Átha Cliath nó bailte eile faoin dtír. Sa cheantar beag tuaithe seo, fágadh suas le 250 duine amach as Chlár na dToghthóirí. Baineadh ainmneacha áitritheoirí i mbailte fearainn iomlána den chlár.
Ní dearmad clódóireachta a tharla anseo nuair a bhí liosta na n-ainmneacha á chur le chéile. Fuair an chomhairle contae liosta de 250 ainmneacha a bhí le baint den chlár. Tá sé scannalach go bhféadfadh saoránach amháin ainm saoránaigh eile a bhaint de Chlár na dToghthóirí, trí é a scríobh ar phíosa páipéir agus éa shíneadh isteach chuig an chomhairle chontae, agus saoránach a fhágáil gan vóta dá bharr.
Tá cosaint éigin againn sna cúirteanna athbhreithnithe agus is maith ann iad. Murach iad, bheadh 250 duine gan vóta i dtoghcháin áitiúla na bliana seo. Conas a bhféadfaí líon mór ainmneacha de dhaoine atá le feiceáil beo ina gceantar beag féin agus a bhfuil aithne ag daoine eile orthu, a bhaint den chlár? Bhí múinteoirí scoile agus daoine eile a bhfuil a saol caite acu san áit sin, i gceist. Iarraim ar an Aire a chinntiú nach dtárlóidh sé arís agus cosaintí a ainmniú a chuirfidh ar ár suaimhneas sinn nach dtárlóidh sé arís. Ba mhaith liom go n-inseodh sé dúinn cé rinne an ghíomh seo. Tá daoine fostaithe ag an gcomhairle chontae chun seiceáil a dhéanamh ar an gclár ionas go mbeadh sé ceart agus fírinneach. Ní thuigim conas nach bhfaca an duine a chuaigh tríd an liosta go raibh an oiread sin ainmneacha fágtha ar lár, nó conas nár cheistigh an chomhairle chontae é sula d'fhógair siad "delete" i leith leathanaigh ar a raibh 250 ainm de mhuintir cheantair amháin nach bhfuil mór go leor le séipéal dá chuid féin a bheith aige. Agus é sin uilig ráite agus déanta bhí siad in ann teacht go dtí an pointe go bhféadfaí an díspeagadh, an rud scannalach sin a dhéanamh, ainmneacha a bhaint. Cén fáth nár cuireadh ceist riamh ar an gcomhairle chontae, ar oifigigh na comhairle contae nó ar an bhfear a bhí a breathnú? Níor chuir duine ar bith riamh an cheist cén fáth gur tharla sé seo.
Nuair a bhí na liostaí ag an gcomhairle chontae ní thiocfadh duine ar bith amach chun a fháil amach chun a shástachta féin céard a tharla. Bhí boscaí áirithe, mar is eol dúinn, ó thaobh toghchánaíochta de, abair i scoil áirithe, nó i halla i gceantair, agus bhí boscaí áirithe sa cheantar thart ar Charna agus i gCill Chiaráin i gContae na Gaillimhe, agus bhí 85 faoin gcéad bainte den liosta. Is uafásach an smaoineamh é go mbeadh an Stát, an Roinn Comhshaoil, an chomhairle chontae agus chuile dhuine eile a bhí ag plé leis, bainteach le scéal mar sin. B'éigean don fhear a bhíi gceannas air seo nuair a bhí an chúirt achomhairc ann fios a chur ar an té a bhí fostaithe ag an gcomhairle chontae agus fiafraíodh de cén fáth gur baineadh 250 ainm den liosta. Cuireadh ceist ar chláraitheoir an chontae agus ar fheidhmeannach de chuid na comhairle contae. Ní raibh aon eolas acu. Ní raibh siad in ann a mhíniú ach amháin gur thug an fear a bhí i gceannas ar ainmneacha a bhailiú cineál barúla faoi chaint a bhí ag dul thart. "Ba dhaoine iad seo", a dúirt sé, "nár vótáil sa toghchán roimhe sin agus, mar gheall air sin bhí siad ag léiriú nach raibh aon suim acu i gcúrsaí toghchánaíochta agus nár chóir, mar sin, go bhfágfaí a n-ainmneacha ar an liosta".
Níl a fhios agam cé chomh fíor, bréagach is atá an ráiteas sin ach más é sin an fáth a tugadh don fhear a bhí i gceannas ar an gcineál sin oibre, is scannalach an rud é agus tá iontas orm nach raibh fiosrú poiblí ar bun ag an Roinn Chomhshaoil lena fháil amach cé rinne é seo agus cén fáth go ndearnadh é. Níl smid ná focal as an gcomhairle chontae ná ón Roinn Comhshaoil faoi. Níor tharla rud ar bith riamh lena chinntiú nach dtarlódh sé seo arís. Tá bailte beaga ar nós Charna, Ard Mór, Ard Thiar, Maoinis, Cill Chiaráin agus Ros Muc, agus is beag duine atá fágtha sna ceantair sin de dheasca chúrsaí imirce agus go leor cúiseanna eile. Níl mé ag caint faoi dhaoine a fuair bás — agus tá súil agam nach n-abróidh an tAire, agus éag freagairt na ceiste seo, go bhfuil rialacha ann, agus má bhíonn duine básaithe nó imithe as an áit go mbainfear den liosta é. Tuigimid uilig é sin. Níl mé ag caint faoi sin, beag ná mór. Tá mé díreach ag cur ceiste ar an Aire, cén chaoi ar tharla sé go bhféadfaí 250 ainm a bhaint de chlár liosta na dtoghthóirí agus nach raibh an Roinn Comhshaoil ag dul a dhéanamh tada faoi.
Is é an rud a dúradh liom féin, bhuel, tá rialacha ann le cosaint a thabhairt do na daoine sin. Cá raibh an chosaint ag an 250 duine seo ach amháin sa chúirt achomhairc, agus murach go raibh daoine ann a bhí airdeallach agus a chonaic an scannal seo agus a d'ardaigh an cheist seo ag an gcruinniú sin, bheadh na daoine sin uilig inniu gan vóta. Níl mé ag caint faoi dhaoine a bhí bainte den liosta de bharr na ngnáth chúiseanna a luaigh mé agus níl mé ag iarraidh go mbeadh aon chaint faoi sin nuair a bheidh an tAire ag freagairt. Ach tá mé ag caint faoi rud amháin agus tá súil agam go dtabharfaidh an tAire freagra air, cén chaoi gur féidir le 250 ainm a bhaint i gceantar beag tuaithe amháin, bíodh sé sa Ghaeltacht. nó sa Ghalltacht nó áit ar bith eile. Tá a fhios agam dá dtarlódh a leithéid i gContae Uí bhFáilí nó i gContae Laoise, go chuirfí sin in iúl don Aire ar an toirt agus bheadh rud éigin déanta aige lena chinntiú nach dtarlódh sé arís.
Tharla sé seo; ní finnscéal é. Ba mhaith liom a fhiafraí den Aire, cén bealach a leigheasfaidh sé an scéal seo. Níl aon mhaith a rá liomsa nó le daoine eile go mbeidh siad níos cúramaí agus níos géire an bhliain seo chugainn agus déanfaimid a chinntiú nach dtarlóidh sé arís.
Is cuma cé chomh cúramach is atá duine, fad is tá riail ann go bhféadfadh duine ar bith ainm duine a scríobh ar phíosa páipéir: "is mian liom an fear seo a bhaint", "is mian liom an duine seo a chur air", nó "is mian liom an bhean seo a bhaint mar tá sí imithe as an áit nó tá sí caillte", gan aon ainm a chur leis agus go nglacfar leis sin agus cuirfear ansin ar an liosta é le hathbhreithniú a dhéanamh air. Ba chóir go mbeadh bealach níos éifeachtaí, go mbeadh slándáil níos fearr i bhfeidhm lena chinntiú go bhfuil cearta ag saoránaigh agus is cuma cérb as don saoránach céanna, cé chomh saibhir is atá sé, nó cé chomh bocht is atá sé, ba chóir go mbeadh an chosaint dhlíthiúil sin ann. Tá a fhios againn uilig an méid troda agus achrainn agus príosúntachta a d'fhulaing ár sinsear romhainn le go mbeadh cearta vótála ann. Seo muid anois beagnach san fhichiú haois agus tá bealach fós ann le go bhféadfadh duine éigin, go mailíseach, ní trí thimpiste, an oiread sin dochair a dhéanamh do chearta an tsaoránaigh. Tá súil agam, de bharr na cainte seo anocht go bhfuil an tAire in ann a gheallúint domsa nach dtarlóidh rud mar sin arís go deo agus go mbeidh sé in ann a rá liomsa cad iad na céimeanna atá tógtha aige lena chinntiú nach dtarlóidh sé seo arís.